Jump to content

Gníomhartha na n-Aspol

From Wikisource
225939Gníomhartha na n-AspolPeadar Ua Laoghaire
[ Title page ]

Gníomhartha na n‑Aspol.




an t‑Athair Peadar Ua Laoghaire
Canonach, S.P.

d’aistirigh iad ó Laidin na Vulgáta;

agus do bhreithnigh

an t‑Athair Gearóid Ó Nualláin, M.A.,
iad i gcomparáid leis an nGréigis agus
leis na h‑aistrighthibh ar a bhfuil deighmheas
na h‑Eagailse.



Táid nótaí agus tagartha leó.




Brún agus Ó Nualláin, Teor.
I mBaile Átha Cliath :: I mBéal Feirste
I gCorcaigh :: I bPortláirge

[ Publisher's statements ]









Nihil Obstat:

Giraldus O’Nolan,

Censor Theol. Deput.


Imprimi potest:

Eduardus,

Archiep. Dublinen.,

Hiberniae primas.



Dublini, die 8 Dec. 1921,

Festo Immac. Concept.








Fógarthar gach ceart ar cosnamh.











[ 289 ]

Gníomhartha na n‑Aspol

“Gníomhartha na n‑Aspol” an ainim atá ar an leabhar so ó thusach aimsire na h‑Eagailse, ach ní ceart a mheas, as san, gur seanachas é ar an obair a dhein na h‑Aspoil. Do sgaireadh na h‑Aspoil ar fuaid tíortha an domhain agus bhí an obair a dhein­eadar go fada fánach sgaipithe ó chéile. ní’l sa leabhar so ach tuairisg ghearr ar conus a tusnuígh­eadh ar an Eaglais do chur ar bun. Tá cuid de shean­móiniú Peadair naomhtha curtha síos sa dá chaib­idiol déag atá ar tusach. Is é Lúcás Soisgéal­aidhe do sgríobh é, agus is i nGréigis do sgríobh sé é. Tus­nuígheann an seanchas atá ann ag deas­gabháil Chríost ár dTigh­earna agus stadann sé tímpall na bliana trí fichid a trí, .i. is tuairirg ghearr ar an Eaglais é ar feadh deich mbliana fichid.




Caibidiol I.

Deasgabháil Chríost. Maitias dá thoghadh i n‑inead Iúdáis.


1Do dheineas an chéad chainnt, a Theo­philuis, ar na neithibh go léir a thusnuigh Íosa ar dhéanamh agus ar theagasg, 2Go dtí an lá nar deas­gabháladh é tar éis a aitheanta thabhairt do sna h‑Aspolaibh a thoigh sé, tríd an Spioraid Naomh.

3Agus tar éis é féin a thais­beáint beó dhóibh i ndiaidh a pháise, le mórán dearbh­uithe, i gcaith­eamh dachad lá, ’ghá thabhairt féin le feisgint dóibh agus ag labhairt leó ar rígheacht Dé.


4Agus d’ith sé bia ’n‑a dteannta [1]agus d’órduigh sé dhóibh gan imtheacht a’ Ierúsalem ach fanmhaint le geall­mhaint an Athar, an gheall­mhaint, (ar seisean) [2]a chlois­eabhair ó m’ béal-sa: 5Gur dhein Eóin baiste le h‑uisge ach go ndéanfar sibhse do bhaiste leis an Spioraid Naomh laistigh de bheagán laethanta. 6Agus [ 290 ]an méid a bhí i bhfochair a chéile dhíobh do chuir­eadar ceist chuige agus dubhradar: A Thigearna, an sa n‑aimsir seo a thabhar­fair an rígheacht thar n‑ais d’Israél? 7Ach dubhairt sé leó: Ní h‑agaibhse atá fios d’fhághail ar na h‑aimsiribh ’ná ar na tráth­anaibh a chimeád an t‑Athair fé n‑a chómhacht féin. 8[3]Ach glacfaidh sibh neart an Spioraid Naoimh ag túir­liocan ionaibh, [4]agus beidh sibh i nbhúr lucht fiadh­naise dhómhsa i n‑Ierúsalem agus i n‑Iudéa go léir agus i Samaría, agus go h‑imeall an domhain ar fad.

9Agus nuair a bhí an chainnt sin ráidhte aige do tógadh suas é os cómhair a súl agus do ghlac sgamall as a radharc é. 10Agus an fhaid a bhíodar ag féachaint air agus é ag imtheacht suas ar neamh, féach, bhí beirt fhear ’n‑a seasamh ’n‑a n‑aice agus éadach geal ortha, 11Agus dubhradar: A fheara Ghaili­liacha, cad ab áil libh i nbhúr seasamh ag féachaint suas chun neimhe? Íosa so atá tógtha suas ar neamh uaibh, tiocfaidh sé ar ar gcuma gcéadna, fé mar a chonac­abhair ag dul suas ar neamh é.

12Ansan do thánadar thar n‑ais go Iérúsalem ó’n gcnuc ar a dtugtar Olibhet, cnoc atá i ngior­racht siubhal lae sabbóide do Ierúsalem. 13Agus nuair a thánadar isteach chuadar suas go dtí an seómra uach­tárach mar a raibh Peadar agus Eóin ag fanmhaint, agus Séamus agus Aindrias, Pilib agus Tomás, Barto­lomaeus agus Maitiú, Séamus Alphéis agus Símón Sélotés agus Iúdás mac Séamuis. 14Bhíodar san go léir ag lean­mhaint do thoil a chéile i n-úrnuigh­the mar aon leis na mnáibh agus le Muire Máthair Íosa agus le n‑a bhráith­ribh.

15Ins na laethibh sin d’eirigh Peadar ameasg na mbráithre agus dubhairt sé, (agus bhí tímpall le céad agus fiche duine cruin­nighthe ann): 16A fheara, a bhráithre, ní foláir cómh­líonadh an Scrip­tiúra do thargair an Spioraid Naomh tré béal Dáibhid [5]i dtaobh Iúdáis, an fear a threór­uigh an muinntir a ghaibh Íosa, 17an fear a h‑áirimh­eadh orainne agus go raibh páirt aige sa t‑seirbhís [ 291 ]seo. [6]18Do fuair an fear san talamh le tuarasdal a dhroch-ghnímh, agus do crochadh é agus do sgoilt air ’n‑a lár agus do thuit na h‑inní go léir amach as. 19Agus tháinig fios an nídh sin d’a bhfuil de dhaoine i n‑Ierúsalem, i dtreó gur tugadh ar an bpáirc sin, ’n‑a dteangain sin, “Haceldama,” ’sé sin, páirc na fola. 20Agus tá sgríobh­tha i leabhar na Salm: [7]“Deinteair fásach d’á n‑áit cómh­nuighthe, agus ná bíodh duine a dhéan­faidh cómh­nuighe ann,” agus, [8]“Tugtar a chathaoir easboig do dhuine eile.” 21Ní foláir d’á bhrígh sin, as na fearaibh seo atá i gcómh­luadar linne i gcaith­eamh na h‑aimsire go léir ’na raibh an Tighearna Íosa isteach agus amach i n‑ár measg, 22Ag tusnú ó’n mbaiste a dhein Eóin go dtí an lá do tógadh suas uainn é, duine acu san do bheith i n’fhínné ar a ais­eirighe i n‑aon­fheacht linne.

23Ansan do shocar­uighdar ar bheirt, ar Ióseph ar a dtugtí Barrabas agus go mba shloinne dhó Iústus, agus ar Mhaitias. 24Agus dhein­eadar úrnuigh­the agus dubhradar: Déinse, a Thigh­earna, ó’s agat atá fios croidhe gach duine, a thais­beáint cia’cu de’n bheirt seo is rogha leat, 25Chun go nglacfadh sé an t‑inead seirbhíse agus aspol­achta so do chaill Iúdás, ionus go raghadh sé i n’ áit féin. 26Ansan do chuir­eadar ar chrann­aibh dóibh é, agus do thuit an crann ar Maitias agus do h‑áirimeadh é i dteannta an aoinne-déag Aspol.


Caibidiol II.

An Spioraid Naomh dá ghlacadh ag na deisgio­bulaibh. An tseanmóin a thug Peadar uaidh do’n phobul. Cráibh­theacht na ndaoine do ghlac an creideamh ar dtúis.

1Agus nuair a críoch­nuigheadh laethanta na Cíngcíse bhiodar go léir i n‑aon­fheacht i n‑aon áit amháin, 2Agus tháinig go h‑obann fuaim ó neamh mar bheadh fuaim gaoithe móire ag teacht agus do líon sé ar fad an tigh ’na rabhdar ’n‑a suidhe. 3Agus do tais­beánadh dóibh mar bheadh teang­thacha teine agus iad deighilte, agus [ 292 ]do shuidh sé ar gach duine acu, [9]4Agus do líonadh iad go léir de’n Spioraid Naomh agus chromadar ar labhairt i dteang­thachaibh iolardha, fé mar a thug an Spioraid Naomh dóibh labhairt.

5Agus bhí ’n‑a gcómh­nuidhe i n‑Ierúsalem Iúdaigh, daoine diadha as gach náisiún fé’n spéir. 6Agus nuair a leath an sgéal san do chruin­nigh na daoine agus bhí mearathal aigne ortha, mar d’airigh gach duine acu a theanga féin acu-san dá labhairt. 7Agus bhí uathbhás ortha go léir agus iad ag déanamh iongna, agus deiridís: Féach, nách Gaili­liaigh iad san go léir atá ag cainnt? 8Agus conus a thárla gur airigh gach duine againne a theanga dhúchais féin ionar tógadh é? 9Pártaigh agus Médaigh agus Elamítigh, agus lucht cómh­nuighthe Mheso­potámia, Iúdaéa agus Chapa­dócia, Pontuis agus Ásia, 10Phrigia agus Pamphilia, na h‑Éigipte agus n‑a gcríoch san Libia atá tímpall ar Chiréné, agus daoine iasachta ó’n Róimh, 11Iúdaígh leis agus prosei­lítigh, Créi­teacha agus Arabaigh; d’airigh­eamáir iad ag labhairt i n‑ár dteang­thachaibh féin ar oibrea­chaibh iongan­tacha Dé. 12Agus bhí uathbhás ortha go léir agus iad ag déanamh iongna agus deiridís le n‑a chéile: Cad é seo mar obair? 13Agus bhí tuille acu ag déanamh magaidh agus deiridís: Lán d’fhíon nua atáid siad san.

14Ansan d’eirigh Peadar ’n‑a sheasamh, agus an t‑aoinne déag taoíbh leis, agus d’árduigh sé a ghlór agus do labhair sé leó: A fheara Iúdacha agus sibhse go léir, a lucht comh­nuighthe Ierúsalem, bíodh ’fhios agaibh an méid seo, agus glacaidh i nbhúr gcluas­aibh mo chainnt! 15Mar ní h‑ar meisge atáid siad so, mar is dóigh libhse, óir ní’l tagaithe ach an trímhadh tráth de’n lá. 16Ach sidé an nídh a dubhradh ó bhéal an fháidh [10]Ióél: 17"Agus tiocfaidh ins na laethibh déanacha, adeir an Tighearna, doirtfead as mo Spioraid ar gach feóil, agus déanfaid bhúr gclann mhac agus bhúr gclann inghean targair­eacht, agus cídhfid bhúr bhfir óga aislingí, agus déanfar [ 293 ]taibh­rithe d’bhúr seanóir­íbh. 18Agus doirtfead amach as mo Spioraid, ins na laethibh sin, ar mo bhuach­ailíbh agus ar mo chail­íníbh, agus déanfaid siad targair­eacht; 19Agus ar an dtalamh thíos, fuil agus teine agus gal deataigh. 20Iompófar an ghrian ’n‑a doir­cheacht agus an ghealach ’n‑a fuil, roimh theacht do lá an Tighearna, an lá mór, sofheicse. [11]21Agus iseadh bheidh, an uile dhuine do ghlaodh­faidh ar ainim an Tighearna saorfar é.” 22A fheara Israéil, éistidh leis na bréith­ribh seo. Íosa Nasareit, duine a shoill­sigh Dia i nbhúr measg-sa leis na cómhach­taibh, agus leis na h‑iongnaíbh agus leis na soluídíbh a dhein Dia tríd i nbhúr lár, mar is eól daoibh féin. 23Do tugadh an duine sin a’ comhairle chinnte agus a’ roimh­eólus Dé, agus do dheinea­bhairse é chéasadh chun báis le lámhaibh na gcuirp­theach.[* 1] 24Ach do thóg Dia é tar éis dubrón ifrinn do chur ar neamhnídh, de brígh nár bh’féidir go gcimeádfí eisean fé n‑a chumas.[* 2] 25Óir deir Dáibhid ’n‑a thaobh: [12]Do chínn roim ré an Tighearna am fhiadh­naise do ghnáth, óir tá sé ar mo dheis, ionus ná corrófí me. 26Uime seo do ghlac mo chroidhe áthas agus dhein mo theanga gáir­deachus, agus ’n‑a theannta san gheobh­aidh mo chuid feóla suaimh­neas i ndóchas. 27De bhrígh ná fágfair m’anam i n‑ifreann agus ná léigfir do t’Aon Naomtha truailiú a dh’fheisgint. 28Thugais eólus dom ar bhóith­ribh na beatha agus líonfair me lád d’áthas le d’ghnúis.” 29A fheara, a bhráithre, ní misde [ 294 ]labhairt go dána libh i dtaobh an phátri­áirc Dáibhid, [13]go bhfuil sé marbh, curtha, agus go bhfuil a uaigh i n‑ár measg go dtí an lá atá indiu ann. 30Fáidh ab eadh é agus bhí ’fhios aige [14]gur dhearbh­uigh Dia dhó go suidh­feadh aon de shíol a árann ’n‑a chathaoir, 31Agus do chonnaic sé roim ré ais­éirighe Chríost agus do labhair sé air, [15]nár fágadh i n‑ifreann é agus ná feacaidh a chuid feóla truailiú. 32Do thóg Dia suas airís an t‑Íosa so, agus is fínnithe sinne go léir air sin. 33Do tógadh suas é, d’á bhrígh sin, ar deasláimh Dé agus do réir mar a fuair sé ó’n Athair an gheall­amhaint i dtaobh an Spioraid Naoimh, do dhoirt sé amach é seo, agus chionn sibhse é agus airí­gheann sibh é. 34Óir níor chuaidh Dáibhid suas ar neamh; ach deir sé féin: [16]“Dubhairt an Tighearna le m’Thigh­earna: Suidh ar mo dheis, 35Go gcuiread do namhaid mar thaca fé d’chosaibh.” 36Bíodh a fhios dá bhrígh sin, go dearbhtha ag gach teaghlach i n‑Israél, Íosa so a dheinea­bhairse a thárnáil ar chrois, gur dhein Dia Tighearna dhe agus Críost.

37Nuair airigh­eadar an méid sin tháinig aith­reachas ortha agus dubhradar le Peadar agus leis na h‑aspoil eile: A fheara, a bhráithre, cad tá le déanamh againn? 38Agus dubhairt Peadar leó: Déinidh, ar seisean, aithríghe, agus glacadh gach duine agaibh baiste i n‑ainim Íosa Críost, ionus go maithfí bhúr bpeacaí dhaoibh, agus ansan glacfaidh sibh tabhar­thas an Spioraid Naoimh. 39Óir is daoibhse agus d’bhúr sliocht an gheall­amhaint, agus do sna daoine go léir atá i gcéin, pé air go nglaodh­faidh ár d‑Tighearna Dia. 40Agus le mórán eile focail bhí sé ag deimhniú’ dhóibh agus ag tathant ortha, agus deireadh sé: Ciméad­aidh sibh féin saor ó’n sliocht aimh­leasta so. 41Ansan, an mhuinntir a ghlac a chómhrádh do baisteadh iad, agus do glacadh an lá san tímpall trí mhíle duine.

42Agus bhíodar seasamh­ach do theagasg na n‑Aspol, agus i gcumann an [* 3]aráin do bhrise, agus ins na h‑úrnuigh­the. 43Agus do cuireadh eagla ar an uile dhuine; agus do [ 295 ]deineadh mórán eile mír­bhúiltí agus soluídí tré sna h‑Aspoil i n‑Ierúsalem, agus bhí eagla mór ar na daoine go léir. 44Agus gach ar chreid bhíodar i bhfochair a chéile agus nach nídh coitchian acu. 45Do dhíol­aidís amach a sealbhas agus a maoin agus do rainnidís é ar an mbuidhin go léir fé mar a bhíodh gádh ag aoinne leis. 46Agus d’fhanaidís do thoil a chéile sa teampul gach lá, agus ag brise aráin ó thigh go tigh, do chaith­idís a gcuid bídh i n‑áthas agus i [* 4]n‑aoine croidhe, 47Agus iad ag moladh Dé agus báidh ag na daoine go léir leó. Agus bhí an Tighearna, i n‑aghaidh an lae, ag méadú na buidhne a bhí le sábháil.


Caibidiol III.

An mhír­bhúilt a deineadh ar an bhfear a bhí bacach, tré n‑ar h‑iompuígh­eadh a lán.

1Agus bhí Peadar agus Eóin ag dul suas sa teampul chun úrnuigh­the an naomhadh tráth. 2Agus bhí duine áirithe a bhí ’n‑a mairtí­neach ó bhroinn a mháthar, agus bítear ’gha iompar. Do curtí gach lá é ag geata an teampuil, ag an ngeata ar a dtugtí an geata Áluinn, ionus go n‑iarrfadh sé déirc ar an muinntir a bheadh ag dul isteach sa teampul. 3Chonnaic sé Peadar agus Eóin agus iad chun dul isteach agus d’iarr sé ortha déirc a thabhairt dó. 4D’fhéach Peadar air, ámhthach, mar aon le h‑Eóin, agus dubhairt sé leis: Féach orainn. 5D’fhéach seisean ortha ag súil go bhfaghadh sé rud éigin uatha. 6Dubhairt Peadar: Ní’l airgead agam ná ór, ach an nídh atá agam bheirim duit é. I n‑ainim Íosa Críost Nasareit eirig agus siubh­luigh; 7Agus do rug sé ar láimh dheis air agus thóg sé suas é, agus do chruadar a throigh­the agus a bhuinn láith­reach. 8Agus bhí sé ag léimrig agus as seasamh agus ag siubhal, agus chuaidh sé i n‑aon­fheacht leo isteach sa teampul agus é ag siubhal agus ag léimrig agus ag moladh Dé. 9Agus chonnaic na daoine go léir é ag siubhal agus ag moladh Dé. 10Agus d’aith­[ 296 ]níghdar é, gur b’é an fear é a bhíodh ’n‑a shuidhe ag geata áluinn an teampuil ag lorg na déarca, agus bíodar lán d’iongna agus d’alltacht i dtaobh ar thárla dhó. 11Agus bhí greim aige ’á chimeád ar Pheadar agus ar Eóin, agus chonnaic na daoine é agus bailigh­dar tímpall ar an mbeirt ag an bpóirse ar a dtugtar Póirse Shalomóin, agus uathbhás ortha.

12Agus do chonnaic Peadar iad agus d’fhreagair sé an pobul: A fheara Israéil, cad ab aíl libh ag déanamh iongna dhe seo, ná ag féachaint orainne chómh maith agus dá mba le n‑ár neart féin nú le n‑ár gcómhacht féin a chuir­fimís an duine seo ag siubhal? 13Dia Ábraham agus Dia Isaac agus Dia Iácóib, Dia ár sínsear, a thug glóire d’á Mhac Íosa, an té a dhein­eabhairse a bhrath agus do shéanadh i láthair Phíláit, agus eisean ag tabhairt saor­bhreithe air. 14[17]Do shéan­abhair an t‑Aon Naomhtha fíoraonta agus d’iarr­abhair an marbh­thóir a thabhairt daoibh, 15Agus chuir­eabhair chun báis úghdar na beatha; ach do thóg Dia ó sna mairbh é, agus is fínnithe sinne ar an nídh sin. 16Agus de bharr creidimh i n’ainim sin, an duine seo a chíonn sibh agus d’aithnígh­eann sibh, do neartuigh a ainim é, agus thug an creideamh a thagann uaidh an slánú críoch­nuighthe sin atá os cómhair bhúr súl go léir.

17Ach anois, a bhraithre, tá ’fhios agam gur tré aineólus a dhein­eabhair é, ar nós bhúr n‑uachtarán. 18Agus do chómhlíon Dia an nídh a thargair sé tré bhéalaibh na bhfáidh go léir, go ndéanfadh a Chríost fulang. 19Déinidh aithríghe dá bhrígh sin, agus iom­puighidh, ionus go mbuailfí amach bhúr bpeacaí, i dtreó, 20nuair a thioc­faidh na tráthana faoisimh a’ láthair an Tighearna, go gcuirfidh sé uaidh an t‑é sin a craobh­sgaoileadh daoibh, Íosa Críost, 21An t‑é ’nar dual na flathais ’ghá ghlacadh go dtí teacht na dtráth ’na gcurfar gach nídh ’n‑a riocht féin airís, mar a labhair Dia tré bhéal a fháidh naomhtha ó tusach an tsaoghail. 22Óir dubhairt Maois: [18]Tógfaidh an Tighearna, bhúr nDia, fáidh chúghaibh, duine d’bhúr mbráith­ribh féin mar mise, éistfidh sibh leis ins gach nídh, [ 297 ]pé rud a labhar­faidh sé libh. 23Agus beidh so, gach aon duine ná h‑éistfidh leis an bhfáidh sin ídeofar as an bpobul é. 24Agus na fáidhe go léir a labhair, ó Shamuél anuas, do thargair­eadar na laethanta san. 25Is sibhse clann na bhfáidh agus clann na connartha a dhein Dia le n‑ár n‑aithrea­chaibh nuair a dubhairt sé le h‑Ábraham: [19]“Agus ad shíolsa iseadh do beannófar clanna an domhain go léir.” 26Chúgh­aibhse ar dtúis, chun sibh a bheannú, iseadh chuir Dia a Mhac, nuair a thóg sé suas é, ionus go n‑iompó­chadh gach duine é féin ó n‑a dhroch-bhear­taibh.


Caibidiol IV.

Gabháil Pheadair agus Eóin. A seasamh­acht. An Eaglais dá méadú.

1Agus an fhaid a bhíodar ag cainnt leis na daoine tháinig na sagairt agus oificeach an teampuil agus na Saddui­cínigh, 2Agus doilghíos ortha toisg iad a bheith ag teagasg an phobuil agus ag craobh­sgaoile na h‑ais­eiríghe ó sna mairbh i n‑Íosa. 3Agus chuir­eadar a lámha ortha agus chuir­eadar i bpríosún iad go maidin lár n‑a mháiréach, óir bhí sé n‑a thráth­nóna an uair sin. 4Ach do chreid a lán de sna daoine a bhí ag éisteacht leis an gcainnt agus b’é uimhir na bhfear ná chúig mhíle.

5Agus do thára ar maidin lár n‑a mháireach gur chruin­nigh a n‑uachtar­áin agus a seanóirí agus a sgríbh­neóirí i n‑Ierúsalem, 6Agus Annas an t‑árd­shagart, agus Caiphas, agus Eóin, agus Alec­sandar, agus gach ar bhain le treibh ns sagart. 7Agus chuir­eadar iad-san i láthair agus cheistigh­dar iad: Cad í an chómacht nú an ainim le n‑ar dheinea­bhairse an nídh seo? 8Ansan do líonadh Peadar leis an Spioraid Naomh agus dubhairt sé leo: A uachtar­ána an phobuil agus a sheanóiri, éistidh liom: 9Ó táimídne indiu d’ár gceistiú i dtaobh, na maitheasa a deineadh do’n mhairtín­each so, conus do leigh­seadh é. 10Bíodh ’fhios agaibh go léir, agus ag pobul Israéil go [ 298 ]léir, gur i n‑ainim ár dTigh­earna Íosa Críost ó Nasaret, an t‑é a chuir­eabhairse chun báis, agus a thóg Dia ó sna mairbh, gur i n’ainim sin atá an duine sin ’n‑a sheasamh os bhúr gcómhair ’n‑a shláinte. [20]11Is í seo an chloch úd a fuair diúltadh uaibhse, sa tsaoir­seacht, agus gur deineadh cloch chínn chúinne dhi, Agus ní’l slánú i n‑aoinne eile. 12Óir níor tugadh do dhaoine ainim eile fá neamh le ’na gcaithfar sinn a shábháil.

13Ansan, nuair a chonnac­adar Peadar agus Eóin agus iad chómh seasamh­ach, agus nuair a fuaradar gur dhaoine iad a bhí gan tabhairt suas, gan foghluim, bhí iongna ortha; agus d’aithnígh­dar iad, go mbídís i bhfochair Íosa; 14Agus nuair a chonnac­adar ’na sheasamh ’n‑a n‑aice an fear a leigh­seadh, ní raibh focal le rádh acu ’n‑a gcoinnibh. 15Dubhradar leó dul amach, lasmuigh de’n chómh­airle, agus dhein­eadar cainnt eatartha féin, 16Agus dubhradar: Cad a dhéanfam leis na daoine seo? Tá mírbhúilt shoiléir déanta tríotha, agus a fhios agá bhfuil de dhaoine i n‑Ierúsalem, agus ní féidir dúinn é shéanadh. 17Ach i dtreó ná leathfadh sé níos mó ameasg na ndaoine bagraimís pionós ortha má labhraid siad a thuille le h‑aon duine ar an ainim sin. 18Do ghlaodh­adar chúcha iad agus thugadar foláramh dóibh gan cainnt ’ná teagasg a dhéanamh i n‑aon chor i n‑ainim Íosa. 19Ansan do fhreagair Peadar agus Eóin agus dubhradar: Breith­nighidh féin cia’cu is ceart i láthair Dé, rud a dhéanamh oraibhse ’nú rud a dhéanamh ar Dhia. 20Óir ní féidir dúinn gan ar nídh a chonnac­amair agus a chlois­eamair a dh’innsint. 21Ach do bhagradar-san pionós ortha agus chuir­eadar chun siubhail iad, óir ní raibh fhios acu conus a dhéan­faidís díoltas ortha, mar gheall ar na daoine, mar bhí na daoine go léir ag moladh ar ruda a thárla, sa méid a deineadh. 22Mar, an duine gur deineadh an mhír­bhúilt sláinte sin dó, bhí sé os cionn dachad blian.

23Agus nuair a cuireadh chun siubhail iad thánadar chun a ndaoine féin agus d’innseadar dóibh gach a ndubhairt uachtar­áin na sagart agus na seanóirí leó. 24Agus nuair [ 299 ]a chlois­eadar-san d’árduigh­dar a nguth chun Dé agus dubhradar: A Thigh­earna, is tu a dhein neamh agus talamh agus muir agus gach nídh d’á bhfuil ionta, 25Is tu a dubhairt, sa Spioraid Naomh, tré bhéal ár n‑athar do sheirbhísigh Dáibhid: [21]“Cad fá an fhearg mhór ar na geintibh agus na pobuil ag beartú neithe baoithe? 26Ríghthe an demhain ag cur cos i dtalamh agus na priúnsaí ag teacht i gceann a chéile i n‑aghaidh an Tighearna agus i n‑aghaidh a Chríost?” 27Óir do tháinig i gceann a chéile, go fíor, sa chathair seo, i n‑aghaidh do Mhic naomhtha Íosa ar ar chuiris onga, Héród agus Pontius Pílát, agus na geinte agus pobul Israéil, 28Agus dhein­eadar an nídh a cinneadh ó d’láimh asus ó d’chómh­airle féin a déanamh. 29Agus anois, a Thigh­earna, féach ar an mbagairt seo acu ’á dhéanamh, agus tabhair do d’sheir­bhísigh do bhriathar a labhairt go seasamh­ach, 30Le d’láimh a shíne amach ag déanamh leigheas agus mír­bhúiltí agus iongnaí tré ainim do Mhic naomhtha Íosa.

31Agus nuair a bhí an ghuídhe déanta acu do chrith an áit ’na rabhdar cruinnigh­the agus do líonadh leis an Spioraid Naomh iad go léir agus do labhradar briathar Dé le seasamh­acht aigne.


32Agus bhí ag an sluagh a chreid, aon chroidhe amháin agus aon aigne amháin, agus ní dheireadh aoinne go mba leis féin aon nídh a bhíodh ’n‑a sheilbh ach bhí gach nídh cómh­choitchian acu. 33Agus dhein na h‑Aspoil fiadh­naise ar aiseiríghe Chríost, ár dTigh­earna, le cómhacht mór, agus bhí grásta mór ortha go léir, 34Agus níraibh aoinne ortha a bhí i ngátar. Mar, an mhuinntir ’n-a raibh talamh nú tighthe acu, do dhíol­aidís iad agus tugaidís isteach an méid a gheibhdís ortha, 35Agus chuiridís ag cosaibh na n‑Aspol é. Agus ansan do rainntí é fé mar a bhíodh gádh ag gach duine leis.

36Agus Ióseph, an t‑é ar a dtugadh na h‑Aspuil Barnabas, (focal a mínígh­thar i gcéill Mac Sóláis,) Lebhí­teach a rugadh i gCuprus. 37Bhí talamh aige agus dhíol sé an talamh agus thug sé leis an luach agus chuir sé ag cosaibh na n‑Aspol é.

[ 300 ]


Caibidiol V.

Breith Dé ar Ananías agus ar Shaphíra. Na h‑Aspoil dá gcur i bpríosún.

1Ach do dhíol fear dár bh’ainim Ananías agus a bhean, Saphíra, feirm thailimh. 2Agus, go fiosach d’á mhnaoí, do cheil sé cuid d’fhiach­aibh an tailimh agus chuir sé cuid de’n airgead ag cosaibh na n‑Aspol. 3Dubhairt Peadar, ámhthach: A Ananíais, cad uime gur sprioc Sátan do chroidhe chun bréige a dh’innsint do’n Spioraid Naomh agus cuid d’fhiach­aibh an tailimh a cheilt? 4Nár leat féin é an fhaid a bhí sé agat? agus nuair a dhíolais é ná raibh sé ar do [* 5]chumas féin? Cad chuige dhuit an nídh seo do cheapadh ad chroidhe? Ní do dhaoinibh atá bréag innste agat ach do Dhia. 5Nuair airigh Ananías na focail sin do thuit sé agus fuair fé bás. Agus táinig eagla mór ar a raibh ag éisteacht leif an nídh sin. 6Agus d’eírigh na fir óga agus thógadar é agus do rugadar amach é agus do chuir­eadar é.

7Agus do thárla, i gceann tímpall trí h‑uaire ’chloig, go dtáinig an bhean isteach agus gan a fhios aici cad a bhí tuitithe amach. 8Agus dubhairt Peadar léi: Innis dom, a bhean, an ar a leithéid seo dh’fhiacha do dhíol­abhair an fheirm? 9Agus dubhairt sisi: Is air. Dubhairt Peadar léi: Cad a bhain daoibh gur dhein­eabhair fromhadh ar Spioraid an Tighearna? Siniad ag an ndorus cosa na ndaoine atá tar éis t’fhir a chur, agus béarfaid siad tusa amach. 10Agus do thuit sí láith­reach agá chosaibh agus fuair sí bás. Agus tháinig na fir óga isteach agus fuaradar go raibh sí marbh agus do rugadar amach í agus do chuir­eadar í, i n‑aice a fir. 11Agus tháinig eagla mór ar an eaglais go léir agus ar gach aoinne a dh’airigh na neithe sin.


12Agus bhí mír­bhúiltí agus iongnaí móra d’á ndéanamh ameasg na ndaoine tré lámhaib na n‑Aspol. Agus bhídís go léir, do thoil a chéile, i bpóirse Shalomóin. 13Agus níor leómhaidh aoinne de’n chuid eile dul i bpáirt [ 301 ]leó, ach do thug an pobul onóir dóibh. 14Agus bhí na daoine a chreid sa Tighearna, fir agus mná, ag dul i n‑iomad­amhlacht go mór, 15I dtreó gur amach ar na sráidibh, ar thocht­aibh agus ar shúsaíbh, a curtí na daoine breóite, ionus, nuair a bheadh Peadar ag teacht, dá mba ná déanfadh ach a sgáil tuitim ar dhuine acu go léighisfí ó n‑a mbreói­teacht iad. 16Agus bhíodh slóighte ag teacht go Ierúsalem as na cathra­chaibh sa chómharsa­nacht agus daoine breóite acu ’á thabhairt leó, agus daoine a bhíodh dá gcrádh ag deamh­naibh, agus do leithistí iad go léir.

17Ansan, d’eirigh an t‑árd­shagart agus gach a raibh i n’fhochair (b’iad san aicme na Saddu­cíneach), agus iad lán de thnúth, 18Agus chuir­eadar a lámha ar na h‑Aspoil agus chuir­eadar sa phríosún puibi­lídhe iad. 19Ach d’osgail aingeal an Tighearna dóirse an phríosúin sa n‑oidhche agus do leig sé amach iad agus dubhairt sé: 20Im­thighidh, agus seasaigh­idh, agus labhraidh sa teampul, leis na daoine, bréithre uile na beatha so. 21Agus nuair airíghdar an chainnt sin chuadar isteach sa teampul go moch ar maidin agus bhíodar ag teagasg.

Agus ansan tháinig an t‑árd­shagart agus na daoine a bhí i n’fhochair agus chruinnígh­dar cómhairle, agus seanóirí clainne Israéil go léir, agus chuir­eadar fios ortha chun an phríosúin, go dtabharfí chúcha iad. 22Agus tháinig na teach­tairí agus d’osgladar an charcair agus ní bhfuar­adar ann iad, agus thánadar thar n‑ais agus d’innseadar san, 23Agus dubhradar: Fuaramair an charcair dúnta go cruinn agus an lucht coimeádta ’n‑a seasamh ag na dóirsibh, ach nuair a dh’osgal­amair an chaircair ní bhfuar­amair aoinne istigh. 24Nuair airigh oificeach an teampuil agus uachtar­áin na sagart an chainnt sin bhí iongna ortha cad a bhí imighthe ar na príosún­aigh. 25Le n‑a linn sin tháinig duine agus dubhairt sé leó: Féach, na fir úd a chuir­eabhair sa charcair táid siad n‑a seasamh sa teampul ag teagasg na ndaoine. 26Ansan d’imthigh an t‑oificeach agus na fir a bhí aige agus thug sé leis iad gan [* 6]éigean, óir bhí eagla na [ 302 ]ndaoine ortha, go ngeobhthí do chloch­aibh ionta. 27Agus nuair a thugadar leó iad chuir­eadar ’n‑a seasamh i láthair na cómhairle iad agus do cheistigh uachtarán na sagart iad, 28Agus dubhairt sé: D’órduigh­mair daoibh le h‑ordú daingean gan teagasg a dhéanamh sa n‑ainim sin agus féach tá Ierúsalem líonta agaibh le nbhúr dteagasg, agus ní foláir libh fuil an duine sin do tharac anuas orainne. 29Agus d’fhreagair Peadar agus na h‑Aspoil agus dubhradar: Is cirte rud a dhéanamh ar Dhia ’ná ar dhaoinibh. 30Do thóg Dia ár sinnsear ós n‑a mairbh Íosa, an t‑é a chuir­eabhairse chun báis, ghá chrochadh ar an gcrann. 31Do thóg Dia suas le n‑a láimh dheis é ’n‑a Phriúnsa agus ’n‑a Shlánuigh­theoir chun go dtabhar­fadh sé aithríghe agus maitheamh­nachas peacaí d’Israél. 32Agus is fínnithe sinne ar na focalaibh sin, agus an Spioraid Naomh, a thug Dia do sna daoine atá úmhal dó.

33Nuair airighdar san an chainnt sin bhíodar sgólta, agus mheasadar iad a chur chun báis. 34Ach d’eirigh, sa chómh­airle, duine de sna Fairisí­nigh dár bh’ainim Gamaliél, dochtúir dlíghe a bhí creideamh­nach ameasg na ndaoine go léir, agus d’órduigh sé na fir do chur amach thar dorus ar feadh tamail bhig, 35Agus dubhairt sé leó-san: A fheara Israéil, tugaidh aire dhaoibh féin i dtaobh na ndaoine sin agus cad a dhéan­faidh sibh leó. 36D’eirigh, sa n‑aimsir a chuaidh thorainn, Teodas, agus dubhairt sé gur dhuine mór é féin, agus d’aontuigh tímpal cúig chéad dhuine leis. Ach do marbhuigh­eadh é, agus an mhuinntir a chreid ann do sgaipeadh iad agus chuadar ar neamhnídh. 37I ndiaidh an fhir sin d’eirigh Iúdás Gaili­líach, i laethibh an chómh­airimh, agus tharraig sé na daoine ’n‑a dhiaidh, ach do fuair sé sin bás, leis, agus do sgaipeadh a chual­lacht go léir. 38Deirim libh anois, d’á bhrígh sin, éirighidh de sna daoine seo agus sgaoilidh leó, óir, má’s ó dhaoine an íntinn seo agus an gnó so, raghaidh sé ar neamhnídh, 39Ach má’s ó Dhia é ní féidir daoibh é chur ar neamhnídh, agus ba bhaoghal go mbeadh sibh ag iomaidh te Dia féin. Dhein­eadar rud air.

40Ansan do ghlaodh­adar isteach na h‑Aspoil agus do [ 303 ]sgiúrsál­adar iad agus dubhradar leó gan labhairt i n‑aon chor i n‑ainim Íosa. Ansan do chuir­eadar chun siubhail iad. 41Ach d’imthigh­dar san a’ radharc na cómhairle agus áthas ortha toisg gur tuigeadh gur bh’ fhiú iad tarcuisne thabhairt dóibh le fulang mar gheall ar ainim Íosa. 42Agus níor stadadar i gcaith­eamh an lae go léir ach ag teagasg na ndaoine agus ag craobh­sgaoile Íosa Críost, sa teampul agus ó thigh go tigh.


Caibidiol VI.

An mórsheisear deochon dá n‑oirdniú. Díoghras Stiopháin.

1Agus ins na laethibh sin, nuair a bhí uimhir na ndeis­giobul ag dul i méid, d’eirigh ceisniomh do sna Gréagaigh i n‑aghaidh na n‑Eabhrach, ’ghá rádh go dtugtí faillighe ’n‑a mbaintreach­aibh féin sa bhfrithál­amh laeth­amhail.[* 7] 2Ansan do ghlaoidh an dáréag na deis­giobuil go léir i gceann a chéile agus dubhradar: Ní cuíbhe dhúinne briathar Dé d’fhágaint agus frithál­amh bórd a dhéanamh. 3Cuard­aighidh, d’á bhrígh sin, a bhráithre, ar bhúr measg féin, mór­sheisear d’fhearaibh creideamh­nacha, agus iad lán de’n Spioraid Naomh agus d’eagna, go gcuiream i mbun na h‑oibre seo iad. 4Agus beimíd féin coit­chianta ag déanamh úrnuigh­the agus ag frithál­amh an bhréithir. 5Agus do thaithn an chainnt leis an bpobul go léir. Agus do thogadar Stiophán, fear a bhí lán de chreid­eamh agus de’n Spioraid Naomh; agus Pilib, agus Prochor, agus Nicánór, agus Tímón, agus Parmenas, agus Nicolás, fear a tháinig chúcha ó Antioch. 6Thugadar na fir sin i láthair na n‑Aspol, agus dhein na h‑Aspoil úrnuigh­the dhóibh agus chuir­eadar a lámha ortha.

7Agus bhí briathar an Tighearna ag fás agus uimhir na ndeis­giobul ag dul i líon­mhaire go mór i n‑Ierúsalem, agus bhí cuallacht mhór de sna sagairt féin tar éis géille do’n chreid­eamh.

[ 304 ]8Agus bhí Stiophán lán de ghrásta agus de neart agus é ag déanamh mír­bhúiltí agus soluídí móra ameasg na ndaoine. 9Ansan d’eirigh daoine áirithe as an sinagóig ar a dtugtar sinagóg na Libertí­neach agus na gCuré­néach agus na n‑Alecsan­dríneach agus na ndaoine a tháinig ó Chilicia agus ó Ásia, agus bhíodar ag aragóint le Stiophán. 10Agus ní rabhdar ábalta ar seasamh i n‑aghaidh na h‑eagna agus i n‑aghaidh na spioraide le n‑a labhradh sé. 11Ansan chuir­eadar suas daoine áirithe chun teacht agus a rádh gur airíghdar féin focail mhasluigh­theacha uaidh i n‑aghaidh Mhaoise agus i n‑aghaidh Dé. 12Do ghríos­adar ar ah gcuma san ar pobul agus na seanóirí agus na sgríbh­neóirí agus do ritheadar i gceann a chéile agus do rugadar air agus do thugadar i láthair na cómhairle é. 13Agus chuir­eadar suas fínnithe bréagacha chun a rádh: Ní stadann an duine sin ach ag labhairt cainnt­eana masluigh­theacha i n‑aghaidh na h‑áite naomhtha agus i n‑aghaidh na dlíghe. 14Óir d’airigh­mair é ’ghá rádh so: Déanfaidh Íosa so Nasareit léir­sgrios ar an áit seo agus cuirfidh sé atharú ar na nósa a thug Maois dúinn. 15Agus bí lucht na cómhairle ag féachaint go dlúth air agus chonnac­adar go raibh a ghnúis mar a bheadh gnúis aingil.


Caibidiol VII.

Cainnt Stiopháin os cómhair na cómhairle; a mhartra.

1Ansan dubhairt uachtarán na sagart: An bhfuil so amhlaidh? 2Dubhairt seisean: A fheara, a bhráithre agus a aith­reacha, éistidh liom! Do thais­beáin Dia na glóire é féin d’ár n‑athair Ábraham nuair a bhí sé i Meso­potámia sar ar chómh­nuigh sé i gCaran, 3Agus dubhairt sé leis: [22]“Imthigh as do thír agus ó d’ghaol­taibh agus tar isteach sa tír a thais­beánfad duit.” 4Ansan d’fhág sé tír na gCaldaé­ach agus chómh­nuigh sé i gCaran. Agus nuair a fuair a athair bás d’aistirigh sé é chun na tíre seo ’na bhfuiltí-se anois i nbhur gcómh­nuighe. 5Agus níor [ 305 ]thug sé seilbh oigh­reachta dhó ann, oiread agus ciscéim troíghe, ach do gheall sé go dtabhar­fadh sé seilbh na h‑aite dhó féin agus d’á shliocht ’n‑a dhiaidh, agus gan mac aige. 6Ach dubhairt Dia leis: [23]Go mbeadh a shliocht ’n‑a gcómh­nuighe i ndúthaigh iasachta agus go gcurfí fé dhaor-smacht iad agus go dtabharfí droch­úsáid dóibh ar feadh cheithre chéad blian. 7Agus an náisiún agá mbeid siad fé dhaoirse, tabhar­fadsa breith ortha, adubhairt an Tighearna, agus ’n‑a dhiaidh san tiocfaid siad amach agus beid siad ag déanamh seirbhíse dhómhsa sa n‑áit so. [24]8Agus thug sé dhó connradh an tímpall­ghearradh, [25]agus mar sin de ghein sé Isaac agus do dhein sé an tímpall­ghearradh air an t‑ochtmhadh lá, agus [26]Isáac Iácób, agus [27]Iácób an dáréag pátriárc.

9Agus tháinig formad ag na pátriárc­aibh do Ióseph agus [28]dhíoladar é isteach sa n‑Éigipt. Agus bhí Dia leis, 10Agus d’fhuasgail sé é as gach guais d’á dtáinig air, [29]agus thug sé fábhar agus eagna dhó i súilibh Faraó rí na h‑Éigipte, agus do dhein sé uachtarán dé ar an Éigipt agus ar a theagh­lach féin go léir. 11Ansan do tháinig an gorta ar an Éigipt a fad agus ar Chanaan, agus cruadhtan mór, agus ní raibh bia le fághail ag ár n‑aithrea­chaibh. [30]12Agus nuair a dh’airigh Iácób arbhar a bheith le fághail sa n-Éigipt chuir sé ár n‑aith­reacha ann ar dtúis. [31]13Agus an tarna turus d’aithin a dhrithár­acha Ióseph agus do nochtadh a chine do Faraó. 14Ansan do chuir Ióseph fios a Iácób, a athair, agus ar a ghaol­taibh go léir, chúig dhuine dhéag a’s trí fichid. [32]15Agus chuaidh Iácób síos sa n‑Éigipt, agus [33]fuair sé bás, é féin agus ár n‑aith­reacha. 16Agus do tugadh go Sichem iad agus do cuireadh iad sa n‑uaigh [34]a chean­naigh Ábraham ar airgead ó mhacaibh Hemór, mac Shichem.

17Ach nuair a bhí ag teacht am na geal­lamhna a gheall [ 306 ]Dia d’Abraham bhí an t‑sliocht tar éis dul i [35]líon­mhaire sa n‑Éigipt, 18Go dtí gur éirigh rí eile sa n-Éigipt ná raibh aithne aige ar Ióseph. 19Dhein sé sin feall ar ár gcine agus chuir sé cruadhtan ar ár n‑aithrea­chaibh, go gcaith­idís a gclann óg do chur uatha amach i dtreó ná mairfidís. [36]20Sa n‑am san ifeadh do rugadh Maois, agus dob ionmhuin le Dia é, agus do h‑oileadh ar feadh trí mhí é i dtigh a athar. 21Ansan do cuireadh amach é, agus do thóg inghean Faraó é aguf dhein sí é dh’oit­eamhaint ’n‑a mhac aici féin. 22Agus do múineadh do Mhaois gach raghas eagna d’á raibh ag muinntir na h‑Éigipte agus bhí sé cómh­achtach ’n‑a bhréith­ribh agus ’n‑a ghníomh­arthaibh. 23Nuair a bhí sé dachad blian d’aois tháinig machtnamh i n’ aigne dhó go raghadh sé ag féachaint a bhráithre, clann Israéil. [37]24Agus chonnaic sé éagcóir ’á dhéanamh ar dhuine acu agus do chosain sé é, agus dhein sé díoltas ar son an t‑é gur deineadh an éagcóir air, mar do bhuail sé an t‑Éigipt­each. 25Agus do mheas sé go dtuig­feadh a bhráithre go dtabhar­fadh Dia tré n‑a láimh féin, fuasgailt dóibh, ach níor thuig­eadar. [38]26Lár n‑a mháireach a bhí chúghainn tháinig sé ortha agus iad ag troid, agus dhein sé caradas agus síoth­cháin eatartha, agus dubhairt sé: A fheara, is bráithre sibh; cad chuige dhaoibh a chéile ghortú? 27Ach an fear a bhí ag déanamh na h‑éagcóra ar a chómh­arsain do dhiúl­tuigh sé dhó agus dubhairt sé: Cé cheap tusa ad’ phriúnsa agus ad’ bhreith­eamh os ár gcionn? 28An me mharbhú a cheapann tú mar a mharbh­uighis an t‑Éigipt­each indé? Nuair airigh Maois an focal san do theith sé agus bhí sé ’n‑a dheór­uidhe i dtír Mhadian, agus bhí beirt mhac aige sa tír sin.

30Agus tar éis dachad blian do [39]thais­beáin aingeal é féin dó i bhfásach cnuic Sína, i lasair theine, i dtor. 31Agus nuair a chonnaic Maois an nídh sin do tháinig iongna air, agus bhí sé ag teacht i n’aice, ’ghá bhreith­niú agus do labhair guth an Tighearna leis, agus dubhairt: 32Is mise Dia t’atharach Dia Ábrahaim, agus Dia Isáac agus Dia Iácóib. Agus tháinig crith­eagla ar Mhaois agus níor leómhaigh sé féachaint air. 33Agus [ 307 ]dubhairt an Tighearna leis: Bain do bhróga de t’ chosaibh mar is talamh naomhtha an áit ’na bhfuilir ad sheasamh. 34Ag féachaint dom is léir dom an cruadhtan ’na bhfuil mo phobul atá sa n‑Éigipt, agus do chloiseas a ngéarghol agus thánag anuas chun iad a d’fhuas­gailt. Agus tarsa anois go gcuiread sa n‑Éigipt thu.

35An Maois sin d’ár diúl­tuígheadh nuair a dubhradh leis: Cé cheap thusa ad phriúnsa agus ad bhreith­eamh? do chuir Dia uaidh é ’n‑a phriúnsa agus i n’fhuasgal­tóir, tré láimh an aingil a tais­beánadh dó sa tor. [40]36Thug sé sin leis amach iad, agus é ag déanamh mír­bhúiltí agus soluídí i dtír na n‑Éigipte agus sa Mhuir Ruaidh agus sa bhfásach ar feadh dachad blian. 37Isé an Maois sin adubhairt le clainn Israéil: [41]Tógfaidh Dia chúghaibh fáidh d’bhúr mbráith­ribh, mar mise; éistfidh sibh leis sin. [42]38Sidé a bhí sa n‑eaglais sa n‑uaigneas i bhfochair an aingil, di labhair leis ar chnuc Sína agus le n‑ár n‑aithrea­chaibh; do ghlac bréithre na beatha le tabhairt dúinn. 39Agus ní dhéanfadh ár n‑aithrea­cha rud air, ach do dhiúl­tuighdar dó agus d’iompuigh­dar a gcroidhe ar an Éigipt, agus dúbhradar le h‑Aaron: [43]40Dein dúinn déite a bheidh ag gluais­eacht rómhainn; óir an Maois seo a thug amach a h‑Éigipt sinn ní fhead­ramais cad ’tá imighthe air. 41Agus dhein­eadar gamh ain ins na laethibh sin, agus dhein­eadar ídhbirt chun an íomháigh, agus dhein­eadar gáir­deachas a h‑obair a lámh féin. 42Agus d’iompuigh Dia agus do leig sé dhóibh beith ag déanamh seirbhíse do shluagh neimhe, mar atá sgríobh­tha i leabhar na bhfáid: [44]Ar dhein­eabhair ofráil agus ídhbirt dómhsa sa bhfásach i gcaith­eamh dachad blian a theagh­lach Israéil? 43Agus do ghlac­abhair taber­nacul Mholoch agus réalt bhúr ndé Rempham, íomh­ághtha a dhein­eabhair le nbhúr lámhaibh féin chun iad d’adhradh. Agus aistir­eóchad sibh thar Bhabilóin.

44Bhí taber­nacul na fiadh­naise ag ár n‑aithrea­chaibh sa bhfásach, fé mar a cheap Dia dhóibh nuair a [45]labhair sé le Maois, go ndéanfadh sé é do réir an mhac­samhla a chonnaic sé. 45Agus do thóg ár n‑aith­reacha, agus Iésus [ 308 ]é agus thugadar leó é isteach sa tis a tír bhi ag na geinte, agus dhibir Dia iad san ó aghaidh ár n‑aithreach, go dtí laethe Dháibhid, 46Agus fuair sé sin fábhar i láthair Dé, agus d’iarr sé go bhfaghadh sé taber­nacul do Dhia Iácóib. 47Ach is é Salomón a chuir suas tigh dó. 48Ach ní h‑i ndéantús lámh a chómh­nuigheann an dúileamh, mar adeir an fáidh:[* 8] 49[46]Is é neamh mo chathaoír ríoghdha, agus an talamh taca mo chos. Cad é an tigh a dhéan­faidh sibh dom, adeir an Tighearna, nú cá bhfuil áit mo shuaimh­nis? 50Nách iad mo lámha féin a dhein iad go léir?

51A lucht na muinéal stuacach agus na g‑croidhthe agus na gcluas gan tímpall­ghearradh, táthaoí coit­chianta ag cur i n‑aghaidh an Spioraid Naoimh: Mar a bhí bhúr n‑aith­reacha, sin mar atáthaoí-se. 52Cia’cu de sna fáidhibh nár dhein bhúr n‑aith­reacha géar­leanmhaint air? Agus chuir­eadar chun báis na daoine a thargair dóibh teacht an Fhior-Aoin seo a dhein­eabhair-se féin anois do bhrath agus do chur chun báis. 53Do ghlac­abhair an dlígh ó fhrithál­amh na n‑aingeal agus níor choiméad­abhair an dlígh.


54Nuair airíghdar an chainnt sin do gheárr sí an croidhe acu agus bhíodar ag díosgán a bhfiacal chuige. 55Ach bhí sé lán de’n Spioraid Naomh agus d’fhéach sé suas ins na flathais agus chonnaic sé glóire Dé agus Íosa ’n‑a sheasamh ar dheas­láimh Dé, agus dubhairt sé: Féach chím na flathais ar osgailt agus Mac an Duine ’n‑a sheasamh ar deasláimh Dé. 56Ansan do chuir­eadar liú árd asta agus do chuir­eadar a lámha ar a gcluas­aibh agus do rithadar i n‑aon­fheacht chuige, 57Agus do chomáin­eadar amach as an gcathair é agus ghabhdar do sna clochaibh ann, agus chuir na fínnithe a mbrait ag cosaibh fir óig [ 309 ]ar a dtugtí Saul. 58Agus ghabhdar do sna clochaibh i Stiophán agus é ag glaodhach ar Dhia, agus: A Tighearna Íosa, glac chughat m’anam! adeireadh sé. 59Ansan do leig sé é féin ar a ghlúinibh agus dubhairt sé, do ghuth árd: A Thigh­earna ná cuir an peaca so i leith na ndaoine seo! Agus nuair a bhí an méid sin ráidhte aige do thuit a chodla air sa Tighearna.

Agus bhí Saul toil­teanach chun a bháis.


Caibidiol VIII.

Na Samari­tánaigh dá n‑iompódh ag Pilib chun an chreidimh agus an coill­teánach da bhaist­eadh aige.

1Ansan do deineadh, ins na laethibh[47] sin íde ana-dhian ar an eaglais a bhí i nIerú­salem agus do sgaipeadh na daoine go léir tré chríoch­aibh Iúdaéa agus Shamaría, ach amháin na h‑Aspoil. 2Agus thug daoine diadha aire do Stiophán agus chaoin­eadar é go mór. 3Ach bhí léir-sgrios ag Saul ’á dhéanamh ar an eaglais, é ag dul isteach ins na tighthibh agus fir agus mná aige ’á tharrac amach agus é ’ghá gcur i mbraigh­dineas.


4Ach an mhuinntir a sgaipeadh do ghluais­eadar rómpa ag craobh­sgaoile bréithre Dé. 5Agus chuaidh Pilib síos go cathair Samaría agus bhí sé ag craobh­sgaoile Chríost dóibh sin. 6Agus thug na daoine aire do chainnt Philib agus d’éisteadar leis do thoil a chéile, mar chonnac­adar na mír­bhúiltí a bhí aige ’á dhéanamh. 7Mar bhí a lán acu ’na raibh spioraidí truaill­ighthe ionta agus go n‑imthígh­dís asta ag éigheamh go h‑árd. 8Agus a lán a bhí míllte agus a bhí bacach do leighis­eadh iad.

9D’á bhrígh sin bhí áthas mór sa chathair sin. Ach bhí fear áirithe d’ár bh’ ainim Símón agus bhí sé ’n‑a dhraoi sa chathair roimhe sin agus é ag mealladh muinntire Shamaría, ’ghá rádh gur dhuine mór éigin é, 10Agus thugadh na daoine go léir, beag agus mór, cluas dó, agus deiridís: Cómhacht Dé é seo, an chómhacht ar a dtugtar mór­[ 310 ]chómhacht. 11Agus d’éistidís leis, mar bhíodar meallta le n‑a chuid draoidh­eachta aige ar feadh abhfad. 12Ach nuair a chreid­eadar Pilib agus é ag craobh­sgaoile i dtaobh rígh­eachta Dé, do baisteadh iad, idir fhearaibh agus mná, i n‑ainim Íosa Críost. 13Ansan do chreid Símón féin agus do baisteadh é, agus d’fhan sé i bhfochair Philib. Agus nuair a chíodh sé na mír­bhúiltí d’á ndéanamh, agus na cómhachta thar na beartaibh, bhíodh iongna agus alttacht air.

14Ansan d’airigh na h‑Aspoil a bhí i n‑Ierúsalem go raibh Samaría tar éís bréithir Dé do ghlacadh agus cuireadar Peadar agus Eóin ag triall ortha. 15Agus nuair a thánadar dhein­eadar guidhe ar a son, go nglac­faidís an Spioraid Naomh. 16Óir ní raibh tagaithe aige fós i n‑aoinne acu; ní rabhdar ach baistithe i n‑ainim an Tighearna Íosa. 17Ansan do chuir­eadar a lámha ortha agus do ghlacadar an Spioraid Naomh.[* 9]

18Nuair a chonnaic Símón, ámh, an Spioraid d’á thabhairt tré dhul fé láimh na n‑Aspol do tharraig sé airgead dóibh, 19Agus dubhairt sé: tugaidh dómhsa an cómhacht san, i dtreo, an t‑é go gcuirfead mo lámh air go nglac­faidh sé an Spioraid Naomh. Dubhairt Peadar leis, ámh: 20Íde ar do chuid airgid agus ort féin, óir do mheasais gur féidir tabhar­thas Dé d’fhághail ar airgead. 21Ní’l páirt ná baint agatsa leis an ngnó so, mar ní díreach do chroidhe i láthair Dé. 22Déin aithríghe, d’á bhrígh sin, sa n‑olc so atá déanta agat, agus iarr ar Dhia, féachaint an maithfí dhuit an smuíneamh so a tháinig ad chroidhe. 23Óir chím go bhfuilir i ndomblas seirbh­thin agus fé chuibh­reach an uilc. 24Agus d’fhreagair Símón agus dubhairt: Cuiridh-se bhúr nguidhe chun an Tighearna ar [ 311 ]mo shon ionus ná tiocfadh orm aon nídh de sna neithibh sin atá ráidhte agaibh.

25Agus thánadar-san thar n‑ais go Ierúsalem tar éis briathar an Tighearna do dhearbh­adh agus do labhairt, agus dhein­eadar craobh­sgaoile tré n‑a lán de chríoch­aibh na Samari­tánach.

26Ansan do labhair aingeal an Tighearna le Pilib agus dubhairt sé: Eirigh agus imthigh ó dheas chun na h‑áite ’na bhfuil an bóthar ó Ierúsalem go Gása; is fásach an áit. 27D’eirigh sé agus d’imthigh sé. Agus féach, bhí fear ó Étiópia, coillteán­ach cómh­achtach le banríghin Étiópia, le Candacé, fear a bhí os cionn a saidh­bhris go léir aici, agus bhí sé tar éis teacht go Ierúsalem chun Dia d’adhradh; 28Agus bhí sé ag dul thar n‑ais agus é ’n‑a shuidhe ’n‑a charbad, agus Isáias fáidh aige d’á léighe. 29Agus dubhairt an Spioraid le Pilib: Imthigh anonn agus cuir thu féin i n‑aice an charbaid sin. 30Tháinig Pilib i n’aice agus d’airigh sé é ag léighe Isáias fáidh, agus dubhairt sé: An dóigh leat a’ dtuigeann tú an nídh atá agat d’á léighe? 31Dubhairt seisean: Agus conus is féidir dom é thuisgint mura dtais­beánaidh duine éigin dom é? Agus d’iarr sé ar Philib dul suas agus suidhe i n’aice. 32Agus sidé an áit de’n sgrip­tiúir a bhí aige dá léighe: [48]Do seóladh chun a mharbhtha é mar a seólfí caora; agus, ar nós an uain a bhéadh gan guth i láthair a bhearbóra, níor osgail sé a bhéal. 33I n‑úmhluigh­eacht do tógadh uaidh a bhreith­eamhantas. Cé neósfaidh a ghein­ealach? Óir tógfar a bheatha de’n dtalamh. 34Agus d’fhreagair an coillteán­ach agus dubhairt sé le Pilib: Ath­chuinghim ort cia air go labhrann an fáidh an chainnt sin? an air féin nú an ar dhuine eile? 35Ansan d’osgail Pilib a bhéal agus thusnuigh sé leis an sgrip­tiúir sin agus do chraobh­sgaoil sé Íosa dhó. 36Agus, ag cur na slíghe dhíobh dóibh thánadar mar a raibh uisge, agus dubhairt an coillteán­ach: Féach an t‑uisge, cad ’tá am chosg air go mbaistfí me? 37Ach dubhairt Pilib: Má chreid­eann tú ód’ chroidhe go h‑iomlán ní misde é. Agus d’fhreagair seisean agus [ 312 ]dubhairt: Creidim gur b’é Mac Dé Íosa Críost.[* 10] 38Agus d’órduigh sé an carbad do stop agus thúirling­eadar araon sa n‑uisge, Pilib agus an coillteán­ach, agus do bhaist sé é. 39Agus nuair a thánadar aníos as an uisge d’fhuadaigh Spioraid an Tighearna Pilib agus ní feacaidh an coillteán­ach a thuille é. Ach d’imthigh sé a bhóthar féin agus áthas air. 40Agus do fuaradh Pilib i n‑Asótos agus ghuais sé tríd an dtríd an craobh­sgaoile an tSoisgéil ins na cathar­achaibh go léir chun go dtáinig se go Caésaréa.


Caibiol IX.

Iompáil Phóil chun an chreidimh, agus a dhíoghras. Énéas d’á leigheas ag Peadar, ⁊ Taibita dá tógaint aige ón mbás.

1Agus tháinig [49]Saul, agus é ag síor-shéide bagartha báis i n‑aghaidh deis­giobul an Tighearna, ag triall ar phriúnsa na sagart, 2Agus d’iarr sé air leit­reacha thabairt dó go Damascus, chun na sinagóg, i dtreó dá bhfaghadh sé aon daoine, fir ’ná mná, de’n tslígh sin, go dtabhar­fadh sé leif iad gabhtha go Ierúsalem.

3[50]Agus ag cur na slíghe dhé dhó do thárla go dtáinig sé i gcómhgar do Dhamascus, agus go h‑obann do las solus ó neamh ’n‑a thímpul. 4Agus thuit sé chun tailimh agus d’airigh sé an guth ghá rádh leis: A Shaul, a Shaul, cad chuige go bhfuilir am géar­leanmhaint? 5Agus dubhairt seisean: Cia h‑é thu, a Tighearna? agus eifean: Mise Íosa ’na bhfuilir­se am ghéar­leanmhaint, is cruaidh ort bheith a’ speach­uíol i n‑aghaidh an phrioc­aire. 6Agus dubhairt seisean agus é ag crith le h-uathbhás: A Thigh[ 313 ]earna, cad is toil leat a dhéan­fainn? 7Agus dubhairt an Tighearna leis: Eirigh agus imthigh isteach sa chathair agus neósfar sa n‑áit sin duit cad tá agat le déanamh. Agus na fir a bhí le n‑a chois bhíodar ’n‑a seasamh agus uathbhás ortha, agus iad ag éisteacht leis an nguth agus ná feacadar aoinne. 8Agus d’éirigh Saul de’n talamh agus d’osgail sé a shúile ach ní fheacaidh sé aon nídh. Agus do rugadar ar láimh air agus do sheoladar isteach i nDamascus é. 9Agus bhí sé ansan trí lá gan radharc, agus níor chaith sé bia ’ná deoch.

10Agus bhí i nDamascus duine de dheisgio­bulaibh an Tighearna agus Ananías ab ainim dó, [51]agus dubhairt an Tighearna leis, i n‑aisling: A Ananiais! Agus dubhairt seisean: Táim anso, A Tighearna! 11Agus dubhairt an Tighearna leis: Eirigh agus imthigh go dtí an tsráid ar a dtugtar an Díreach, agus loirg, i dtigh Iúdáis, fear ó Tharsus gur b’ainim dó Saul; mar, féach, tá sé ag guidhe Dé. 12(Agus chonnaic sé an fear d’ar b’ainim Ananías agus é ag teacht isteach ag triall air agus ag cur a láimhe air chun radhairc a thabhairt dó.) 13Ach d’fhreagair Ananías: A Tighearna, d’airigheas i dtaobh an fhir sin, ó n‑a lán, méid na n‑olc atá déanta aige do d’naoimh i n‑Ierúsalem: 14Agus tá úghdarás anso aige ó uachtar­ánaibh na sagart chun na ndaoine a ghlaodh­ann ar t’ainimse do ghabháil. 15Dubhairt an Tighearna leis: Imthigh ort, óir is árthach toghtha an fear san agamsa chun m’ainime bhreith i láthair geinte agus ríghthe agus clainne Israéil. 16Mar taisbeán­fadsa dhó cad iad na néithe móra atá le fulang aige ar son m’ainime. 17Agus d’imthigh Ananías agus chuaidh sé isteach sa tigh agus chuir sé a lámh air agus dubhairt sé: A Shaul, a bhráthair, an Tighearna Íosa a thais­beáin é féin duit ar an slígh agus tu ag teacht, do chuir sé mise cughat ionus go bhfeicfá agus go líonfí de’n Spioraid Naomh thu. 18Agus láith­reach do thuit mar bheadh gáinní d’á súilibh agus fuair sé a radharc agus d’eirigh fé agus do baisteadh é. 19Agus chaith sé bia agus tháinig neart dó. Agus d’fhan sé raint laethanta i bhfochair na ndeis­giobul a bhí i nDamascus.

[ 314 ]20Agus láith­reach, ins na sinanóg­aibh, bhí sé ag seanmóin i dtaobh Íosa, gur b’ é Mac Dé é. 21Agus bhí uathbhás ar a raibh ag éisteacht leis, agus deiridís: Nách é seo an fear a bhí ag déanamh íde i n‑Ierúsalem ar an muinntir a ghlaodh­adh ar an ainim sin, agus nách é gnó a thug anso é ná chun iad do bhreith leis gabhtha ag triall ar uachtar­ánaibh na sagart? 22Ach bhí Saul ag neartú go mór agus é ag cur na n‑Iúdach ar mearaídhe, a raibh i nDamascus díobh, toisg é bheith ghá dheimhniú gur b’ é sin ar Críost.

23Agus nuair a bhí a lán laethanta caithte dhein na Iúdaígh a bheartú, do thoil a chéile, go marbh­óchaidís é. 24Ach do fuair Saul eólus ar iad a bheith ar a thí. [52]Agus bhí lucht cimeádta acu ar na geataíbh do ló agus d’oidhche, chun go marbh­óchaidís é. 25Ach do thóg na deisgio­buil é sa n‑oidhche agus cuireadar síos de dhruim an fhalla é i gciseán. 26Agus tháinig sé go Ierúsalem agus mheas sé dul leis na deisgio­buil, ach bhí eagla acu go léir roimis agus ní chreid­fidís gur dheis­giobul é. 27Ach do thób Barnabas é agus do rug sé ag triall ar na h‑Aspoil é agus d’innis sé dhóibh conus mar a chonnaic sé an Tighearna ar an slígh agus gur labhair sé leis, agus conus mar a dhein sé obair chalma i n‑ainim Íosa, i nDamascus. 28Agus bhí sé ’n‑a bhfochair, ag gabháil amach agus ag gabháil isteach i n‑Ierúsalem agus obair chalma aige ’á dhéanamh i n‑ainim an Tighearna. 29Do labhradh sé mar an gcéadna leis na geintibh agus bhíodh sé ag díospóir­eacht leis na Gréagaigh; agus bhíodar san a d’iarraidh é chur chun báis. 30Fuair na bráithre an nídh sin amach agus do rugadar go Caesaréa é agus chuir­eadar as san go Tarsus é.


31Agus bhí síoth­cháin ag an eaglais ar fuid Iúdaéa goléir agus rt fuid Ghaililí agus Shamaría, agus bhí sí ag dul ar aghaidh ag gluais­eacht i n‑eagla an Tighearna, agus í dá líonadh le sólás an Spioraid Naoimh. 32Agus do thárla, nuair a bhí Peadar ag tabhairt a chuard sa tímpal ortha, go dtáinig sé chun na naomh a bhí ’n‑a [ 315 ]gcomh­nuíghe i Lidda. 33Agus fuair sé sa n‑áit sin duine d’ár bh’ainim Énéas, a bhí gan lúth a ghéag agus a bhí ar a leabaidh ar feadh ocht mblian. 34Agus dubhairt Peadar leis: A Énéis, tá an Tighearna Íosa Críost ag tabhairt sláinte dhuit. Eirigh agus córuigh do leabaidh! Agus d’eirigh sé láith­reach. 35Agus chonnaic muinntir Lidda go léir é agus muinntir Sharóna, agus d’iom­puighdar chun an Tighearna.

36Agus bhí i n‑Ioppé ban­deisgiobul agus Taibíta ab ainim di, nú, ar mhíniú, Dorcas. Agus bhí a lán deagh-gníomhartha agus a lán déarca aici sin ’á dhéanamh. 37Agus do thárla ins na laethibh sin gur buaileadh breóite í agus go bhfuair sí bás. Agus do níghdar í agus chuir­eadar sa tseómra uachtar­ach í. 38Ach, ó bhí Lidda cómh­garach do Ioppé agus gur airigh na deisgio­buil Peadar a bheith sa n‑áit sin, chuir­eadar beirt fhear chuige ’ghá rádh leis: Ná déin ríghneas gan teacht ag triall orainn. 39Agus d’eirigh Peadar agus tháinig sé leó. Agus nuair a tháinig sé ann do rugadar suas é go dtí an seómra mór, agus bhí na bain­treacha ’n‑a seasamh ’n‑a thímpal agus iad ag sile deór agus iad ag tais­beáint na gcótaí agus na mball éadaigh dó a dheineadh Dorcas dóibh. 40Annsan do chuir Peadar na daoine go léir amach as an seómra agus do leig sé é féin ar a ghlúinibh agus dhein sé úrnuigh­the, agus d’iompuigh sé chun an chuirp agus dubhairt sé: A Thaibíta, eirigh! Agus d’osgail sisi a súile agus chonnaic sí Peadar agus d’eirigh sí aniar. 41Agus thug sé a lámh di agus chuir sé ’n‑a seasamh í. Agus do ghlaoidh sé isteach na naoimh agus na bain­treacha agus thug sé suas dóibh í ’n‑a beathaidh. 42Ansan do h‑innseadh é ar fuaid Ioppé go léir agus do chreid a lán daoine sa Tighearna. 43Agus do thuit amach gur fhan sé mórán laethanta i n‑Ioppé, i dtigh fir gur b’ ainim dó Símón, fear leathair do leasú.

[ 316 ]


Caibidiol X.

Cornélius d’á ghlacadh isteach sa n‑Eaglais. Aisling Peadair.

1Ach bhí i gCaesaréa fear n‑ar b’ ainim dó Cornélius, taoiseach céad ar an mbuidhin airm ar a dtugtar an Eadáil­each, 2Fear diadha n‑a raibh eagla Dé air féin agus ar a theagh­lach, do thugadh mórán déarca uaidh do sna daoine, agus a bhíodh ag guidhe Dé coit­chianta.

3Do chonnaic an fear san, i n‑aisling, go soiléir, tuairim an naomhadh tráth sa lá, aingeal ó Dhia ag teacht chuige isteach, agus dubhairt an t‑aingeal leis: 4A Chor­nélius! Agus dubhairt seisean, agus é ag féachaint air agus eagla mór air: Cad é sin, a Thigh­earna? Agus dubhairt sé leis: Taid t’úr­nuighthe agus do dhéirc imighthe suas, i gcuímhne, i láthair Dé. 5Agus anois cuir fir go Ioppé agus glaoidh chughat Símón, ar a dtugtar Peadar. 6Tá sé ar lóisdín i dtigh Shímóin, fear leas­uighthe leathair, n‑a bhfuil a thigh ar bruach na faraige; neósfaidh sé sin duit cad ’tá le déanamh agat. 7Agus nuair a d’imthigh an t‑aingeal, a bhí ag cainnt leis, do ghlaoidh sé chuige beirt d’á theagh­lach féin agus fear airm n‑a raibh eagla an Tighearna air, daoine a bhí úmhal dó. 8Agus d’innis sé dhóibh gach nídh agus chuir sé go Ioppé iad.

9Amáireach a bhí chúghainn, agus iadsan ag cur na slíghe dhíobh agus ag teacht chun na catharac, tuairim an sémhadh tráth, chuaidh Peadar suas i n‑uachtar an tighe chun úrnuigh­the dhéanamh. 10Ansan tháinig ocras air agus ba mhian leis bia do chaith­eamh. Agus an fhaid a bhíodar ag ollmhú an bhídh dó tháinig támhnéal air. 11Chonnaic sé na flathais ar osgailt agus árthach, mar a bhéadh bairlín ana-mhór agus í d’á leigint anuas, le n‑a cheithre cúinníbh, as na flathais chun an tailimh. 12Agus bhí uirthi an uile saghas ain­mhighthe cheithre gcos, agus piastaí, agus éanlaithe an aéir. 13Agus do labhair guth leis: Eirigh, a Pheadair, agus mairbh agus ith! 14Ach dubhairt Peadar: Nár leigidh Dia go ndéan­fainn san, a Thigh­earna, óir níor itheas riamh bia coitchian ná bia neamh-ghlan. 15Agus do labhair an guth airís leis: An [ 317 ]nídh a ghlan Dia ná tabhairse coitchian air! 16Do deineadh san trí h‑uaire as a chéile agus ansan do tógadh an t‑árthach thar n‑ais isteach ins na flathais.

17Agus an fhaidh a bhí Peadar ’ghá bhreith­niú i n’ aigne cad é an saghas an radharc san a chonnaic sé, féach, bhí na fir a chuir Coir­nélius uaidh ’n‑a seasamh ag an ndorus, ’ghá fhiaf­raighe cá raibh thigh Shimóin. 18Agus do ghlaodh­adar agus d’fhiaf­raighdar an raibh Símón ar a dtugtar Peadar, ar lóisdín sa tigh. 19Bhí Peadar, ámhthach, ag cuímh­neamh ar an aisling agus dubhairt an Spioraid leis: Féach, tá triúr fear ad’ lorg. 20Eirigh, dá bhrígh fin, agus imthigh síos agus gluais leó, óir is mise chuir chúghat iad. 21D’imthigh Peadar síos chun na bhfear agus dubhairt sé: Féach, is mise atá uaibh: Cad chuige go dtána­bhair? 22Agus dubhradar-san: Cornélius, an taoiseach céad, fear atá fíoranta úmhal do dhia agus go bhfuil meas mór ag na Iúdaígh go léir air, fuair sé freagra ó aingeal naomhtha ’ghá rádh leis fios a chur ortsa chun a thíghe agus éisteacht le cainnt uait. 23Do rug sé isteach iad ansan i gcóir na h‑oidhche. Agus d’eirigh sé amáireach a bhí chúghainn agus ghluais sé i n‑aon­fheacht leó, agus chuaidh raint de sna bráith­ribh ó Ioppé le n‑a cois.

24Chuaidh sé isteach i gCaesaréa an lá ’n‑a dhiaidh san, agus bhí Cornélius ag feitheamh leó agus a ghaolta agus a cháirde cruin­nighthe aige. 25Agus do thárla nuair a tháinig sé isteach go dtáinig Cornélius ’n‑a choinnibh agus gur shléacht sé agá chosaibh ghá onórú. 26Ach do thóg Peadar suas é agus dubhairt sé: Eirigh! Duine iseadh mise féin, leis. 27Agus táinig sé isteach sa thigh agus é ag cainnt leis, agus fuair sé an mhórchuid daoine cruin­nighthe istigh.

28Agus dubhairt sé leó: Is eól daoíbhse conus mar is urghráin d’fear Iúdach baint ná comh­luadar a dhéanamh le cine iasachta, ach do thais­beáin Dia dhómhsa gan coitchian ná neamh­ghlan a thabhairt ar aon duine. 29Dá bhrígh sin, cómh luath agus a cuireadh fios orm thánag gan stad. Fiaf­raighim, uime sin, cad chuige gur chuit­eabhair fios orm?

30Agus dubhairt Cornélius: Cheithre lá ó shin, go dtí [ 318 ]an uair seo, bhíos am thigh um an naomhadh tráth agus me ag guidhe, agus féach, do sheasaimh fear ar m’agaidh amach agus éadach geal air agus dubhairt sé: 31A Chor­nélius, tá éistithe le d’ ghuidhe aguf tá cuimhne ar do dhéirc i láthair Dé. 32Cuir fios go Ioppé, dá bhrígh sin, ar Shímón ar a dtugtar Peadar: tá sé ar lóisdín i dtigh Shímóin, an fear leas­uighthe leathair, i n‑aice na faraige. 33Ansan do chuireas fios ortsa láith­reach agus is maith an teacht agatsa é. Agus táimíd go léir anso anois ad láthair chun éisteacht le gach uile nídh a dh’órduigh Dia dhuit.

34Ansan d’osgail Peadar a bhéal agus dubhairt sé: Is léir dom le fírinne ná féachann Dia do [53]phearsain seachas pearsa, 35Ach go bhféach­ann sé do’n t‑é sin, ins gach cine, ’na mbíonn a eagla air agus a dheineann fíor­aontacht.[* 11] 36Do chuir Dia an briathar chun clainne Israéil, ag fógairt síoth­chána tré Íosa Críost, (siné is Tighearna ar gach uile nídh): 37Is eól daoibhse an focal a labhradh ar fuid Iúdaéa go léir, [54]óir do thusnuigh sé ó Ghaililí tar éis an bhaiste a chraobh­sgaoil Eóin: 38Íosa ó Nasaret: chonus mar do ong Dia é leis an Spioraid Naomh agus le cómhacht, agus gur ghluais sé ag déanamh tairbhthe agus ag leigheas na ndaoine a bhí fé annsmacht an diabhail, toisg Dia bheith leis. 39Agus if fínnithe sinne ar gach nídh dár dhein sé i gcrích na nIúdach agus i n‑Ierúsalem, gur cuireadh chun báis é ’dhá chrochadh ar an gcrann. 40Agus do thóg Dia ó’n mbás é an treas lá agus thug sé le feisgint [ 319 ]é, 41Ní do’n phobul go léir, ach d’fhín­nithibh a bhí ceapaithe ag Dia roim ré: dúinne, a chaith bia agus deoch i n’fhochair rar éis eirighthe dhó ós na mairbh. 42Agus d’órduigh sé dhúinn craobh­sgaoile dhéanamh do sna daoine, agus fiadh­naise dhéanamh air gur b’é féin atá ceapaithe ag Dia chun bheith ’n‑a bhreith­eamh ar bheóibh agus ar mharbh­aíbh. [55]43Is air seo a dheinid na fáidhe go léir fiadh­naise, gur i n’ainim-sean atá maitheamh­nachus peacaí le fághail ag gach aoinne a chreid­eann ann.

44An fhaid a bhí Peadar ag rádh na cainnte sin do thúirling an Spioraid Naomh ar a raibh ag éisteacht leis an mbriathar. 45Agus lucht an tímpall­ghearrtha a tháinig i n‑aonfeacht le Peadar, bhí uathbhás ortha a rádh gur tháinig grásta an Spioraid Naoimh ar na geintibh. 46Mar bhíodar ag éisteacht leó ag labhairt na dteang­thacha agus ag móradh Dé. 47Ansan d’fhreagair Peadar: An féidir d’aoinne an t-uisge chimeád uainn sar a mbaistfí na daoine seo atá tar éis an Spioraid Naoímh a ghlacadh chómh maith linn féin? 48Agus d’órduigh sé iad do bhaiste i n‑ainim an Tighearna Íosa Críost. Ansan d’iarradar air fain­mhaint ’n‑a bhfochair raint laethanta.


Caibidiol XI.

Peadar ghá thais­beáint go raibh an ceart aige ’á dhéanamh nuair a bhí sé ag glacadh na ngeinte isteach sa n‑Eaglais. Iompódh a lán i n‑Antioch.

1Agus d’airigh na h‑Aspoil agus na bráithre a bhí i n‑Iúdaéa gur ghlac na geinte, leis, briathar Dé. 2Ansan nuair a chuaidh Peadar suas go Ierúsalem bhí lucht an tímpall­ghearrtha ag aighneas leis, 3Agus deiridís: Cad chuige dhuit dul ameasg daoine gan tímpall­ghearradh ortha agus bia chaith­eamh n‑a bhfochair? 4Agus thusnuigh Peadar agus d’innis sé an sgéal dóibh tríd síos, mar seo.

5Bhíos i gcathair Ioppé ag déanamh urnuigh­the agus [ 320 ]tháinig támhnéal orm agus chonnac aisling, árthach mar bheadh bairlín mhór d’á leigint anuas as na flathais le n‑a cheithre cúinníbh, agus tháinig an bhairlín am’ aice. 6Agus d’fhéachas isteach inti ’ghá breithniú agus chonnac ainim­ighthe cheithre gcos an domhain agus beith­idhigh agus piastaí agus éanlaithe an aéir. 7Ansan d’airígheas guth ’ghá rádh liom: Eirigh, a Pheadair, mairbh agus ith! 8Agus dubhart: Ní dhéanfadh, a Tighearna, óir níor chuaidh bia coitchian ná bia neamh-ghlan am béalfa riamh fós. 9Agus d’fhreagair an guth as na flathais an tarna h‑uair: An nídh a ghlan Dia, ná tabhairse coitchian air! 10Do deineadh an méid sin trí h‑uaire as a chéile agus ansan do tógadh na neithe go léir suas ins na flathais airís. 11Agus le n‑a linn sin siúd ag an dtigh ’na rabhas triúr fear a cuireadh ag triall orm a’ Caesaréa. 12Agus dubhairt an Spioraid Naomh liom dul leó gan cheist orm. Agus chuaidh an seisear bráthar so le m’chois, agus chuamair isteach i dtigh an fhir. 13Ansan d’innis seisean dúinn conus mar a chonnaic sé, ’n‑a thigh féin, aingeal ’n‑a sheasamh, agus go ndubhairt an t‑aingeal leis: Cuir fios go Ioppé ar Shímón ar a dtugtar Peadar, 14Agus labhar­faidh sé leat cainnt a saorfaidh thu féin agus do theaglach go léir. 15Ansan nuair a thus­nuigheas ar chainnt do thúirling an Spioraid Naomh ortha fé mar a thúirling sé orainne i dtusach. 16Agus chuimh­nigheas ar fhocal an Tighearna, mar adubhairt sé: [56]Dhein Eóin baiste le h‑uisge ach baistfar sibhse leis an Spioraid Naomh. 17Dá bhrígh sin, má thug Dia dhóibhsin an grásta céadna a thug sé dhúinne nuair a chreid­eamair sa Tighearna Íosa Críost, cia’r bh’é mise go bhfead­fainn cosg a chur le Dia?

18Nuair airighdar an méid sin d’éisteadar, agus thugadar glóire do Dhia agus dubhradar: Seadh ach tá aithríghe chun na beatha tabhartha ag Dia do sna geintibh féin.


19Agus na daoine úd a sgaipeadh mar gheall ar an dtriob­lóid i dtaobh Stiopháin do shiubh­ladar chómh fada le Phoenicé agus le Cuprus agus le h‑Antioch, [ 321 ]gan an focail do labhairt le h‑aoinne ach le Iúdaígh amháin. 20Ach bhí cuid acu agus Cupri­ánaigh ab eadh iad agus Curé­néacha, agus nuair a chuadas isteach i n‑Antioch bhídís ag cainnt leis na Gréagaigh féin ag tabhairt eóluis ar an dTigh­earna Íosa dhóibh. 21Agus bhí lámh Dé leó agus do h‑iom­puigheadh cuid mhór daoine chun creidimh an Tighearna.

22Ansan do tháinig tuairisg na neith sin chun a gcluas do lucht na h‑eagailse a bhí i n‑Ierúsalem agus chuir­eadar Barnabas go h‑Antioch. 23Tháinig sé agus chonnaic sé an grásta ó Dhia agus bhí áthas mór air agus thug sé cómhairle do sna daoine go léir bheith seas­amhach ’n‑a gcroidhe agus lean­mhaint do’n Tighearna. 24Óir fear fóghanta b’eadh é a bhí lán de’n Spioraid Naomh, agus de chreid­eamh. Agus do tugadh cuid mhór daoine chun an Tighearna.

25Ansan do chuaidh Barnabas go Tarsus ag lorg Saul agus nuair a fuair sé é thug sé leis go h‑Antioch é. 26Agus thugadar bliain iomlán i gcómh­luadar na h‑eagailse ann, agus dhein­eadar pobal mór do theagasg, i dtreó gur i n‑Antioch a tugadh ar dtúis Críost­aidhthe ar na deis­giobuil.

27Agus ins na laethibh sin do tháinig fÁidhí ó Ierúsalem go h‑Antioch. 28Agus d’eirigh duine acu san d’ár bh’ ainim Agabus agus thug sé le tuisgint, ó’n spioraid, go raibh gortha mór le teacht ar an saoghal go léir, agus do tháinig san fé Chlaudius. 29Agus do bheart­uigh na deisgio­buil, gach aoinne do réir a ghustail, cabhair a chur ag triall ar na bráithre a bhí ’n‑a gcómh­nuighe i nIúdaéa. 30Agus dhein­eadar san. Chuir­eadar an chabhair chun na seanóirí le Barnabas agus le Saul.


Caibidiol XII.

Géar­leanmhaint Héróid. Peadar dá fhuas­gailt ag aingeal. Pionós ar Héród.

1Le linn na h‑aimsire céadna do chuir Héród, an rí, a lámha chun uilc a dhéanamh ar chuid de mhuinnrir na h‑eagailse. 2Agus do mhairbh sé Séamus, dritháir Eóin, le claidh­eamh.

[ 322 ]3Ansan, nuair a chonnaic sé gur thaithn an gníomh san leis na Iúdaígh cheap sé Peadar leis do ghabháil. I laethibh an aráin gan giost ab eadh é ámhthach. 4Do ghaibh sé é agus chuir sé i bpríosún é agus chuir sé cheithre ceathrair de lucht airm ’ghá chimeád, chun go dtabhar­fadh sé i láthair an phobuil é tar éis na cásga.

5Ansan bhí Peadar sa phríosún, fé chimeád, ach bhí úrnuigh­the ag dul suas chun Dé ar a shon, gan stad, ó’n eaglais go léir.

6Agus nuair a bhí Héród chun é tabhairt os cómhair na ndaoine, bhí sé an oidhche chéadna san ’n‑a luighe idir bheirt lucht airm, agus é ceangail­te le dhá shlabhra, agus bhí lucht cimeádta lasmuich de’n dorus ag cimeád an phríosúin. 7Agus féach, do sheasaimh aingeal ó’n d‑Tighearna i n‑aice leis, aguf do las solus sa tseómra, agus do bhuail an t‑aingeal sa chliathán é agus dúisigh sé é, aguf dubhairt sé: Eirigh d’urchar! 8Agus do thuit na slabhraí d’á lámhaibh. Agus dubhairt an t‑aingeal leis: Cuir umat do chrios agus do bhróga. Agus do dhein. Agus dubairt sé leis: Cuir umat do bhrat agus lean me. 9Agus bhí sé ’ghá lean­mhaint amach, agus ní raibh ’fios aige gur bh’fhíor gur b’aingeal a bhí ’ghá dhéanamh; ach is amhlaidh a cheap sé gur bh’ailting a bhí aige dá fheisgint. 10Agus cuadar thar an gcéad lucht faire agus thar an tarna lucht faire, agus thánadar chun an gheata iarainn, an geata chun na catharach, agus d’osgail an geata uaidh féin dóibh. Chuadar amach agus shiúbh­luigheadar aon tsráid amháin, agus ansan d’imthigh an t‑aingeal go h‑obann uaidh.

11Ansan do tháinig Peadar chuige féin agus dubhairt sé: Tá fhios agam anois og fíor gur b’é an Tighearna do chuir a aingeal chugham ’am fhuas­gailt a’ láimh Héróid agus ó gach nídh ’na bhfuil an pobul Iúdach ag súil leis. 12Ansan, as a mhacht­namh, tháinig sé chun tighe Mháire, máthair Eóin ar a dtugtí Marcus, aguf bhí mórán daoine cruin­nighthe ann agus iad ag déanamh úrnuigh­the. 13Bhuail sé cómhla an doruis. Tháinig amach, ’ghá fhreag­airt, cailín ’nar bh’ainim di Rodé. 14Agus d’aithin sí guth Pheadair, agus le méid an áthais a bhí uirthi níor osgail sí an dorus ach do rith sí isteach agus [ 323 ]d’innis sí go raibh Peadar ag an ndorus. 15Dubhradar-san léi: Ar buile ataoí. Ach dubhairt sisi gur bh’fhíor é. Agus dubhradar-san: Isé a aingeal atá ann. 16Ach do lean Peadar ag bualadh. Ansan nuair osgaladar agus chonnac­adar é bhí uathbhás ortha. 17Ach do bhagair sé le n‑a láimh ortha éisteacht, agus d’innis sé dhóibh conus a thug Dia amach as an bpríosún é, agus dubhairt sé: Innis na neithe sin do Shéamus agus do sna bráith­ribh! Agus chuaidh sé amach agus d’imthigh sé go h‑áit eile.

18Nuair a tháinig an lá bhí céimigh­rádh[* 12] nár bheag imeasg na saigh­diúirí i dtaobh cad a bhí imighthe ar Pheadar. 19Agus nuair a dh’iarr Héród é agus ná raibh sé le fághail chuir sé ceistiú ar an lucht cimeádta agus d’órduigh sé iad do chur chun báis, agus d’imthigh sé síos ó Iúdaea go Caesaréa agus d’fhan sé ann.

20Agus bhí fearg air chun muinntire Tuíre agus chun muinntire Shídón. Thánadar-san ámhthach, do thoil a chéile, ag triall air, agus dhein­eadar muinn­tearthas le Blastus, fear seómra an rí, agus d’iarradar síoth­cháin, toisg a dtír féin a bheith d’á chothú ó’n rí. 21Ansan, lá a bhí ceapaithe chuige, bhí Héród ’n‑a shuidhe sa tsuidhe breithe agus éadach ríoghdha uime agus dhein sé óráid dóibh. 22Agus deireadh na daoine, ’ghá moladh: Ní guthana ó dhuine iad ach guthana ó dhia éigin. 23Ansan, láith­reach bonn, do bhuail aingeal an Tighearna é, toisg nár thug sé an onóir do Dhia, agus dhein bró phiastaí dhé agus iad ’á dh’ithe, agus fuair sé bás.

24Agus d’fhás briathar an Tighearna agus do méad­uigheadh é.

Agus tháinig Barnabas agus Saul thar n‑ais ó Ierúsalem [57]nuair a bhí a bhfri­thálamh déanta acu, agus thugadar leó Eóin ar a dtugtí Marcus.

[ 324 ]


Caibidiol XIII.

Saul agus Barnabas d’á gcur amach ag an Spioraid Naomh. Sean­móiniú acu ’a dhéanamh i gCuprus agus i n‑Antioch Phisidia.

1Ach bhí sa n‑eaglais, a bhí i n‑Antioch fáidhí agus teag asgóirí, ar a raibh Barnabas agus Símón, ar a dtugtí Símón Dubh, agus Lúcius an Curénach agus Manachen, cómh­dhalta Héróid an tetrarc, agus Saul. 2Agus bhíodar ag déanamh gnótha an Tíghearna agus ag déanamh trosgaidh agus dubhairt an Spioraid Naomh leó: Deigh­lighidh chugham Saul agus Barnabas chun na h‑oibre d’á bhfuilid glacaithe agam. 3Ansan do dhein­eadar trosgadh agus úr­nuighthe agus chuir­eadar a lámha ortha-san agus chuir­eadar chun siúbhail iad.

4Agus fé sheóladh an Spioraid Naoimh chuadar-san go Seleúcia, agus as san, ar faraige, go Cuprus. 5Agus nuair a thánadar go Salamis bhíodar ag craobh-sgaoile bréithir Dé i sinagóg­aibh na n‑Iúdach. 6Agus bhí Eóin acu sa tseirbhís, leis. Agus nuair a bhí an t‑oileán go léir siúbhalta acu chómh fada le Paphos, fuaradar draoi áirithe, fáidh fallsa. Iúdach gur bh’ainim dó Bar-Iésus. 7Agus bhí sé i bhfochair an phró­chonsuil, Sergius Paulus, fear ciallmhar. Chuir sé sin fios ar Bharnabas agus ar Shaul mar ba mhian leis briathar Dé do chloisint. 8Ach bhí Elimas, an draoi, (óir is mar sin a mínigh­thear a ainim) ag cur ’n‑a gcoinnibh, a d’iarraidh an phró­chonsuil d’iompáil ó’n gcreid­eamh. 9Ach bhí Saul, (tá Pól mar ainm air leis), lán de’n Spioraid Naomh, agus d’fhéach sé air. 10Agus dubhairt sé: Ó a fhir atá lán de gach feall agus de gach éitheach, a mhic an diabhail a namhaid gach cirt, ná stadfair de shligh­thibh díreacha an Tighearna do chur bun os cionn? 11Ach féach siné lámh an Tighearna anois ort, agus beidh tú ad dhall, agus ní fheicfir ar ghrian, go ceann tamaill. Agus le n‑a linn sin do thuit sgamall air agus doir­cheacht, agus bhí sé ag cuardach ’n‑a thímpall féachaint an bhfaghadh sé duine thabhar­fadh a lámh dó. 12Ansan nuair a chonnaic an pró­chonsul an nídh sin do dhein sé iongna de theagasg an Tighearna agus do chreid sé.

[ 325 ]13Agus chuaidh Pól agus a mhuinntir, ar luing, ó Phaphos go Pergé i bPam­philia. [58]Ach d’imthigh Eóin uatha agus d’fhill sé go Ierúsalem. 14Ach do chuaidh an chuid eile ar aghaidh tré Pergé agus thanadar go h‑Antioch i bPisidia agus chuadar isteach sa tsinagóig lá na sabbóide agus shuidh­eadar ann. 15Agus nuair a bhí leigheadh na dlíghe agus na bhfáidh déanta chuir uachtarám na sinagóige teach­taireacht chúcha ’ghá rádh: A fheara, a bhráithre, má tá agaibh aon chainnt teagaisg do’n phobul abraidh í.

16Ansan d’eirigh Pól agus bhagair sé ciúnas le n‑a láimh agus dubhairt sé:

A fheara de shliocht Israéil, agus sibhse go bhfuil eagla Dé oraibh éistidh liom! 17Do thoigh Dia an tsleachta so Israéil ár n‑aith­reacha agus d’árduigh sé an pobul nuair a bhíodar ’n‑a gcómh­nuighe [59]i dtalamh na h‑Éigipte agus thug se amach as an áit sin iad le [60]láimh chómh­achtach. 18[61]Agus chuir sé suas le n‑a mbéasaibh ar feadh dachad blian sa bhfásach. 19Agus d’ídigh sé seacht gcineacha i dtalamh Chanaan agus [62]do rainn sé ortha-san a gcuid tailimh á chur ar chrann­aibh. 20[63]Agus ’n‑a dhiaidh san, tímpall cheithre chéad agus caogad blian, thug sé bhreith­eamhain dóibh, go dtí Samuél fáidh. 21Ansan [64]d’iarradar rí agus thug Dia dhóibh Saul mac Chis, fear de threibh Bheniamín, ar feadh dachad blian. 22[65]Ansan do chuir sé an fear san i leith taoibh agus thóg sé suas chúcha Dáibhid ’n‑a rí, agus thug sé teisti­méireacht air nuair a dubhairt sé: [66]Tá Dáibhid mac Iesse fághalta agam, fear do réir mo chroidhe féin, fear a cómhlíon­faidh gach nídh is toil liom. 23A’ síol an fhir sin, [67]do réir na geal­lamhna, tá Slánuigh­theóir tabhartha ag Dia d’Israél, ’sé sin Íosa. 24[68]Agus roime n‑a theacht san do chraobh­sgaoil Eóin baiste chun aithríghe do phobul Israéil go léir. 25Agus nuair a bhí Eóin ag cómh­líonadh a chuarda dubairt sé: [69]Ní mise an t‑é [ 326 ]is dóigh libh is mé, ach féach tá ag teacht am dhiaidh an t‑é nách fiú me bróga a chos do sgaoile.

26A fheara, a bhráithre, a shliocht sleachta Ábrahaim, agus an méid agaibh ar a bhfuil eagla Dé, is ag triall oraibhse do cuireadh briathar an tslán­uighthe seo! 27Óir níor aithin muinntir Ierúsalem é, agus níor aithin uaisle Ierúsalem é, ná guthana na bhfáidh, bíodh go léightear iad gach sabbóid, agus thugadar breith air agus chómh­líonadar guthana na bhfáidh. 28Agus bíodh ná fuaradar aon choir ann [70]d’iarradar ar Phílát go leogfí dhóibh é chur chun báis. 29Agus nuair a bhí gach nídh d’á raibh sgríobh­tha ’n‑a thaobh cómh­líonta acu thógadar anuas de’n adhmad é agus chuir­eadar i leacht é. 30[71]Ach do thóg Dia ós na mairbh é an treas lá, 31agus bhí sé d’á fheiscint ar feadh mórán laethanta ag an muinntir a táinig le n‑a chois ó Ghaililí go Ierúsalem, agus atá go dtí anois ’n‑a bhfín­nithe dhó i láthair daoine. 32Agus táimíd ’á chur i n‑iúil daoibhse cad í an gheal­lamhaint a tugadh d’ár n‑aithrea­chaibh, 33Agus conus mar atá an gheal­lamhaint sin cómh­líonta ag Dia d’ár sliocht, mar gur aith­bheódhaigh sé Íosa, do réir mar atá sgríobh­tha sa tarna sailm: [72]Is tusa mo mhac, do gheineas-sa thu an lá so. 34Ach i dtaobh a tógáilt ós na mairbh gan casadh aige airís ar chlaoch­lódh, dubhairt sé mar seo: [73]Tabharfad daoibh na neithe naomhtha dílse is le Dáibhid. 35Agus is uime sin a deir sé i n‑áit eile mar an gcéadna: [74]Ní chead­óchair do t’ Aon Naomhtha claoch­lódh a d’fheiscint. 36Óir, nuair a bhí a ghnó déanta ag Dáibhid, do réir thoile Dé, ’n‑a ghein­ealach féin, do [75]chodail sé agus do cuireadh i dteannta a aith­reacha é, agus chonnaic sé claoch­lódh. 37Ach an t‑é a thóg Dia ós na mairbh ní fheacaidh sé claoch­lódh.

38Bíodh a fhios agaibh, dá bhrígh sin, a fheara a bhráithre, gur tríd sin a fhógar­thar daoibhse maitheamh­nachas peacaí, agus (fuasgailt) ós na neithe ná féadfadh fíor­aontacht a thabhairt daoibh i ndlighe Mhaoise. 39Sa [ 327 ]duine seo gheibh­eann gach aoinne, a chreid­eann, fíoraon­tacht. 40Seachnaid, d’á bhrígh sin, sar a’ dtiocfadh oraibh an rud adeirtear ins na fáidhibh: 41[76]Féachaidh, a lucht an neamh­shuime, agus deinidh iongna, agus éagaidh, óir tá obair agamsa d’á oibiriú i nbhúr laethibh­se, obair ná creidfidh sibhse, má ínnseann aoinne dhaoibh é.

42Agus nuair a bhíodar ag imtheacht amach d’iarradar ortha an chainnt sin do labhairt leó sa tsabbóid a bhí chughainn. 43Agus nuair a dísgaoil­eadh an tsinagóg, do lean a lán de sna Iúdaígh, agus de sna daoine iasachta bhí diadha, Pól agus Barnabas, agus do chabhruigh­eadar-san leó agus chómhair­lígheadar dóibh lean­mhaint i ngrásta Dé.

44An tsabbóid a bhí chughainn tháinig an chathair go léir, nách mór, chun éisteacht le briathar Dé. 45Ansan nuair a chonnaic na Iúdaígh na sluaighte do líonadar d’fhormad agus bhíodar ag bréagnú na cainnte a deireadh Pól, go dia­mhasluigh­theach. 46Ansan dubhairt Pól agus Barnabas, go dána: Is libhse nár bhfoláir dúinn briathar Dé do labhairt ar dtúis; ach ó dhiúl­tuigheann sibh dó, agus nách fiú sibh, do réir bhúr mbreithe féin, beatha síoruidhe dh’fhághail, táimídne, féach, ag iompáil chun na ngeinte. 47Óir seo mar a dh’órduigh an Tighearna dhúinn: [77]Chuireas tu mar sholus do sna geintibh, ionuf go mbeitheá ad ádhbhar slán­uighthe go dtí imeall an domhain. 48Nuair airigh na geinte an nídh sin bhí áthas ortha agus bhíodar ag tabhairt glóire do bhriathar Dé, agus do chreid an méid acu a bhí roimh-órduighthe chun na beatha síoruidhe.

49Agus do leathadh briathar an Tighearna tríd an ndúthaigh go léir. 50Ach do shéid na Iúdaígh fé sna mnáibh diadha onóracha agus fé uaislibh na catharach agus mhús­gladar géar­leanmhaint ar Phól agus ar Bharnabas agus chomáin­eadar as an dtír iad. 51[78]Agus dhein­eadar-san ceó a gcos do chrothadh ’n‑a gcoinnibh agus thánadar go h‑Icónium. 52Agus do líonadh na deisgio­buil le sólás agus leis an Spioraid Naomh.

[ 328 ]


Caibidiol XIV.

Pól agus Barnabas ag seanmóiniú i n‑Icónium agus i Listra. Cláir­íneach ’á leigheas. Daoine ghá mheas gur déithe iad. Gabhtar do chloch­aibh ar Phól. Deinid siad sean­móiniú i nDerbé agus i bPergé.

1Agus do thuit amach i n‑Icónium go ndeagh­adar isteach i n‑aon­fheacht i singagóig na nIudach agus gur dhein­eadar cainnt, i dtreó gur chreid sluagh líonmhar de sna Iúdaígh agus de sna Gréagaigh. 2Ach na Iúdaigh a bhí díchreid­eamhach, do ghríos­adar agus do shéid­eadar suas chun feirge aigne na ngeinte i gcoinnibh na mbráithre. 3Ach d’fhanadar mórán aimsire ann ag obair, agus a mainghín as an dTigh­earna, agus é ag déanamh fiadh­naise ar bhriathar a ghrásta, ag cur mírbhúiltí uath­bhásacha d’á ndéanam le n‑a lámhaibh. 4Bhí muinntir na catharach deighilte, ámhthach, cuid acu ag gabháil leif na Iúdaígh agus cuid acu ag gabháil leis na h‑Aspuil. 5Agus d’eirigh fuadar fé sna geintibh agus fé sna Iúdaígh, agus fé sna h‑uach­taráin, chun iad do thar­cuisniú agus gabháil do chloch­aibh ortha, 6Agus thuig­eadar (an nídh sin) agus do theith­eadar go Listra agus go Derbé, dhá chathair i Licaónia, agus go dtí an rír go léir mór-thímpall, agus bhíodar ag craobh-sgaoile an tSoisgéil sa n‑áit sin.

7Agus bhí duine i Listra, n‑a shuídhe, agus é gan lúth a chos ó fhág sé bruinn a mháthar, agus níor shiúbh­luigh sé riamh. 8D’airigh an duine sin Pól ag cainnt. Agus d’fhéach Pól air agus chonnaic sé go raibh aige creideamh chun a shlán­uighthe, 9Agus dubhairt sé do ghuth árd: Eirigh ad seasamh ar do chosaibh! Agus do léim sé ’n‑a seasamh agus shiúbh­luigh sé.

10Agus nuair a chonnaic na daoine cad a bhí déanta ag Pól d’árduigh­eadar a nglór agus dubhradar, as Licaóinis: Táid na déithe, i riocht­aibh daoine, tagaithe anuas chúgainn. 11Agus thugadar Iúpiter ar Bharnabas agus Mercurí ar Phól mar is aige bhí buadh cainnte. 12Agus bhí sagart le Iúpiter lasmuich de’n chathair agus thug sé leis tairbh agus coróin­neacha, ar aghaidh an geata, chun go ndéan­faidh sé déin agus na daoine [ 329 ]ídhbirt. 13Nuair a dh’airigh na h‑Aspuil, Pól agus Barnabas, an nídh sin do raobadar a gcuid éadaigh agus do léimeadar amach imeasg na ndaoine Agus do liúghadar: 14A dhaoine, cad ab áil libh ’á dhéanamh san? Daoine a gheobh­aidh bás, mar sibh féin, iseadh sinne, agus táimíd ’ghá iarraidh oraibh iompáil ó sna neithibh baotha sin ar Dhia atá beó, [79]ó isé chruth­uigh neamh agus talamh agus muir agus gach a bhfuil ionta. 15Ins na h‑aimsiribh atá imighthe do leog sé do sna geintibh go léir gluais­eacht ar a slightibh féin. 16Ach fós níor fhág sé é féin gan cur i n‑úil dóibh, óir thugadh sé tabhar­thaisí ó neamh uaidh, fear­thainn agus tráthana tor­thamhla, agus do líonadh sé ár gcroidhe le bia agus le h‑áthas. 17Agus bíodh gur lábhradar mar sin is ar éigin fhéadadar na daoine do chosg ar ídhbirt a dhéanamh chúcha.

18Ansan, ámhthach, tháinig raint Iúdach agus do mheall adar na daoine agus ghabhadar do chlocaibh i bPól agus tharraig­eadar amach as an gcathair é mar mheasadar go raibh sé marbh. 19Ach bhí na deis­giobuil ’n‑a thímpall agus d’eirigh sé agus tháinig sé isteach sa chathair, agus amáireach a bhí chughainn d’imthigh sé féin agus Barnabas go Derbé.

20Agus dheineadar craobhsgaoile sa chathair sin agus thugadar teagasg d’á lán, agus ansan d’fhill­eadar go Listra agus go h‑Icónium agus go h‑Antioch, 21Ag neartú aigne na ndeis­giobul agus ’á gcómh­airliú chun bheith seas­amhach sa chreid­eamh, mar gur le mórán a dh’fulag nach fuláir dúinn dul isteach i rígheacht Dé. 22Agus do chuir­eadar sagairt fé ghrádh­aibh dóibh ins gach eaglais, agus dhein­eadar úrnuigh­the agus trosgadh, agus ansan thugadar suas do’n Tighearna iad, óir do chreid­eadar ann. 23Agus d’imthígh­eadar treasna na Pisidia agus thánadar go dtí Pamphilia, 24Agus do labhradar briathar an Tighearna i bPergé agus chuadar síos go h‑Attalía,

25[80]Agus chuadar as san go h‑Antioch, a luing, an áit as ar tugadh suas iad do ghrásta Dé chun na h‑oibre [ 330 ]a bhí críoch­nuighthe acu. 26Agus nuair a thánadar ann chruin­nigheadar an eaglais agus d’innseadar na neithe móra a dhein Dia tríotha, agus conus mar a dh’osgail sé dorus an chreidimh do sna geintibh. 27Agus d’fhanadar aimsir nár gheárr i bhfochair na ndeis­giobul.


Caibidiol XV.

Aighneas i dtaobh tímpallghearradh. Cinneadh cómhairle Ierú­saleim agus a leitir.

1Agus tháinig daoine áirithe anuas ó Iúdaéa agus bhíodar ag teagasg na mbráithre: Mura ndéanfar tímpall­ghearradh oraibh (ar siad) do réir dlíghe Mhaoise ní féidir bhúr slánú. 2Chuir Pól agus Barnabas ’n‑a gcoinnibh agus ní go lag é. Ansan do shocar­uigheadar ar Pól agus Barnabas, agus raint daoine ó’n dtaobh eile, do dhul go dtí na h‑Aspuil agus na sagairt a bhí i n‑Ierúsalem, i dtaobh an sgéil. 3Ansan do chuir an eaglais chun siubhail iad san agus thánadar tré Phoenicé agus tré Shamaría agus iad ’ghá innsint conus mar a bhí na geinte ag iompáil, agus chuir­eadar áthas mór ar na bráith­ribh go léir.

4Agus nuair a thánadar go Ierúsalem bhí fáilte rómpa ag an eaglais agus ag na h‑Aspuil agus ag na seanóir­íbh, agus iad ’ghá innsint cad iad na neithe móra a bhí déanta ag Dia tríotha. 5Ach d’eirigh cuid d’aicme na bhFairi­síneach, a bhí tar éis an chreidimh a ghlacadh, agus dubhradar: Ní fuláir tímpall­ghearradh do dhéanamh ortha agus a chur fhiach­aibh ortha dlígh Mhaoise chimeád.

6Ansan do tháinig na h‑Aspuil agus na seanóirí i gceann a chéile chun an sgéil sin a bhreith­niú. 7Do deineadh mórán aighnis. Ansan d’eirigh Peadar agus dubhairt sé leo: [81]A feara, a bhráithre, is eól daoibh conus mar a dhein Dia toghadh eadrainn fadó gur as mo bhéal-sa do chlois­feadh na geinte briathar an [ 331 ]tSoisgéil agus do ghlac­faidís an creideamh. 8Agus Dia a chíonn an croidhe, thug sé fiadh­naise ’n‑a bhfábhar, mar[82] do thug sé an Spioraid Naomh dóibh fé mar a thug se dhúinne é. 9Agus níor dhein sé aon deifrígh­eacht idir sinne agus iadsan, mar do ghlan sé a gcroidhe leis an gcreid­eamh. 10Cad chuige dhaoibh, d’á bhrígh sin, bheith ag tathant ar Dia go gcuir­feadh sé ar mhuinéal­aibh na ndeis­giobul cuing nár fhéad ár n‑aith­reacha ná sinne a dh’iompar? 11Ach creidimíd go saorfar sinne, agus iadsan mar an gcéadna, tré ghrásta ár dTigh­earna Íosa Críost.

12Ansan d’fhan na daoine go léir ciúin agus bhíodar ag éisteacht le Pól agus le Barnabas ’ghá innsint cad iad na mír­bhúiltí uathbhásacha a bhí déanta ag Dia tríotha féin imeasg na ngeinte.

13Agus nuair éisteadar d’fhreagair Séamus agus dubhairt sé: A fheara, a bhráithre, éistidh liom. 14Tá innste ag Símón conus mar a dh’fhéach Dia ar dtúis ar na geintibh chun go dtógfadh sé asta pobul d’á ainim féin. 15Agus tá cainnt na bfáidh ag teacht isteach leis sin, do réir mar atá sgríobh­tha: 16[83]Tar éis na neith sin fillfead agus cuirfead suas airís an taber­nacul so Dháibhid atá ar lár, agus deis­eóchad a bhfuil briste dhe, agus cuirfead ’n‑a sheasamh airís é, 17I dtreó go loirg­eóchaid an chuid eile de sna daoine an Tighearna, agus na geinte go léir, ’na bhfuil m’ainim dá ghlaodh­ach os a gcionn, adeir an Tighearna agus na neithe sin Aige ’á dhéanamh. 18Tá fios a oibre féin ag an dTigh­earna ó thusach an tsaoghail. 19Dá bhrígh sin isé mo bhreith­eamhantas-sa, gan buaireamh a chur ar na daoine atá iom­puighthe chun Dé as na geintibh. 20Ach sgríobh­adh chúcha, iad féin a sheach­aint ar thruail­liú íomhágh­thach, agus ar dhrúis, agus ar feóil thacht­aithe. agus ar fhuil. 21Óir tá ag Maois, ó’n sean-aimsir, i ngach cathair, daoine chun é d’fhógairt ins na sinagóg­aibh, [84]mar a léightear é gach sabbóid.

22Ansan do shocar­uigh na h‑Aspuil agus na seanóirí agus an eaglais go léir air go gcurfí go h‑Antioch, i n‑aon­fheacht le Pól agus le Barnabas, Iúdás ar a [ 332 ]dtugtí Barnabas, agus Sílas, fir thosaigh imeasg na mbráithre, 23Agus go gcurfí an sgríbhinn seo ar a lámhaibh:

Ó sna h‑Aspuil, agus ó sna seanóirí, na bráithre, chun na mbráthar ngein­teach atá i n‑Antióch agus i Siria agus i gCilicia, ag beannúghadh dhóibh. 24Toisg gur airígh­eamair go ndeagh­aidh daoine amach uainne agus gur chuir­eadar buaireamh oraibhse, ag suathadh bhur n‑aigne te neithibh nár órduigh­eamairne, 25Do thánamair i bhfochair a chéile agus do shocar­uígh­eamair ar fhearaibh do thogha agus do chur chúghaibh i n‑aon­fheacht le n‑ár gcáirdibh ionmhuine Barnabas agus Pól, 26Fir a thug a n‑anam ar son ainime ár dTigh­earna Íosa Críost. 27Tá curtha uainn againn, d’á bhrígh sin, Iúdás agus Sílas agus neosfaid siad san daoibh ó bhéal, na neithe céadna. 28Is toil leis an Spioraid Naomh agus linne gan a thuille ualaigh do chur oraibhse ach an méid seo atá riacht­anach .i., 29Ná h‑íosfaidh sibh neithe do h‑ídh­bhreadh d’íomhágh­thibh, ná fuil, ná feóil a tachtadh, agus go staon­faidh sibh ó dhrúis. Má dhéineann sibh an méid sin beidh an sgéal go maith agaibh. Slán libh.[85]

30Ansan do cuireadh iad-san chun siubhail agus chuadar síos go h‑Antioch, agus chruinnígheadar an pobul agus thugadar uatha an sgríbhinn, 31Agus nuair a léigheadh é bhí áthas ortha mar gheall ar an sólás. 32Ach fáidhí ab eadh Iúdás agus Sílas féin agus dhein­eadar mórán cainnte leis na bráith­ribh agus thugadar mórán sólás dóibh agus mórán misnigh. 33Ansan d’fhanadar ann rainnt aimsire agus ’n‑a dhiaidh san do chuir na bráithre chun siubhail iad go síothach ag triall ar an muinntir [ 333 ]a chuir uatha iad. 34Ach do shocar­uigh Sílas ar fhan­mhaint ann agus chuaidh Iúdás i n’aonar thar n‑ais go Ierú salem.


35Agus d’fhan Pól agus Barnabas i n‑Antioch, ag teagasg agus ag craobh­sgaoile bréithir an Tighearna, mar aon le mórán eile daoine. 36Ansan, tar éis rainnt laethanta dubhairt Pól le Barnabas: Iompuigh­mís agus tugaimís cuaird ar na bráithribh, tré sna cath rachaibh go léir ionar chraobh­sgaoileamair briathar an Tighearna, féachaint conas atá an sgéal acu. 37Ach ba mhian le Barnabas Eoin, ar a dtugtí Marcus, do bhreith leis. 38Dubhairt Pól, ámhthach, nár cheart dóibh an duine sin a ghlacadh, (mar gur imthigh sé uatha i bPam­philia [86]agus nár chuaidh sé sa n‑obair leó). 39Agus bhí eas­aontacht ann i dtreó gur sgaradar le n‑a chéile, agus chuaidh Barnabas ar luing go Cuprus agus do rug sé Marcus leis.

40Agus do rug Pól Sílas leis agus ghluais sé chun siúbhait, agus chuir na bráithre fé chomairce ghrásta Dé é. 41Agus shiúbh­luigh sé Siria agus Cilicia, ag cur misnigh ar na h‑eagail­síbh, agus ’ghá rádh leó aitheanta na n‑Aspol agus na seanóirí do chimeád.


Caibidiol XVI.

Tugann Pól cuaird na n‑eagailsí. Glaodhtar é chun sean-móinighthe i Macedonia. Sgiúrsáltar é i bhPhil­ippí.

1Agus tháinig sé go dtí Derbé agus go dtí Listra. Agus féach, bhí sa n‑áit sin deis­giobul dár bh’ ainim Tímoteus, mac do mhnaoi Iúdach n‑a raibh an creideamh aici, agus d’athair ghein­teach. 2Thug na bráithre a bhí i Listra agus i n‑Icónium teisti­méireacht mhaith ar an bhfear san. 3ba mhian le Pól an fear san do dhul leis féin, agus dhein sé tímpall­ghearradh air mar gheall ar na Iúdaígh a bhí ins na h‑áitean­aibh sin. Óir dob eól dóibh go léir gur ghein­teach a athair. 4Agus ag gabháil [ 334 ]tré sna cathar­achaibh dóibh thugadar do sna daoine le cimeád na reachta a bhí déanta ag na h‑Aspuil agus ag na seanóirí a bhí i n‑Ierúsalem. 5Agus mar sin bhí na h‑eagailsí d’á ndaing­iniú sa chreid­eamh agus ag dul i líon­mhaire gach lá.

6Agus nuair a bhíodar ag gabháil tré chrích Phrigia agus Ghalatia do chosg an Spioraid Naomh iad ar bhriathar Dé do labhairt i n‑Ásia. 7Agus nuair a thánadar isteach i Misia chuir­eadar chun dul isteach i mBitinia ach níor leog Spioraid Íosa dhóibh dul ann. 8Ach tar éis gabháil tré Mhisia chuadar síos go Tróas.

9Agus do taisbeánadh aisling do Phól sa n‑oidhche; fear ó Mhace­donia n‑a sheasamh, agus é ’ghá ghuidhe, agus deireadh sé: Tar anall go Macedonia agus cabhruigh linne. 10Agus nuair a chonnaic sé an aisling do cheap­amair láith­reach dul go Macedonia mar bhíomair deimhnigh­theach go raibh glaoidhte ag Dia orainn chun craobh­sgaoile déanamh dóibh.


11Chuamair ar luing, ceann Ar aghaidh ó Tróas go dtánamair go Samotrácé, agus go Neápolis an lá ’n‑a dhiaidh san, 12Agus as san go Philippi, príomh­chathair sa chuid sin de Mhace­donia agus cathair daoine iasachta. Thugamair rainnt laethanta sa chathair sin, i gcómh­airle.

13Agus lá na sabbóide chuamair amach an geata i n‑aice abhan, mar ar samhluigh­eadh úr­nuighthe bheith ar siúbhal, agus do shuidh­eamair ann agus bhíomair ag cainnt le mnáibh a bhí cruinn­ighthe ann. 14Agus bhí bean acu agus Lídia ab ainim di agus bhíodh sí ag díol purpuir i gcathair na dTiatí­rénach, agus bean diadha ab eadh í. D’airigh sí an chainnt agus d’osgail an Tighearna a croidhe chun go n-éistfeadh sí le n‑a raibh ag Pól d’á rádh, 15Agus do baisteadh í féin agus a teaghlach, agus ansan d’iarr sí nídh: Má ’sé bhur meas (ar sise) go bhfuil­imse dílis do’n Tighearna tagaid isteach am thigh agus fanaidh ann. Agus chuir sí fhiach­aibh orainn dul.

16Agus do thárla, agus sinn ag dul chun úrnuighthe, go dtáinig ar an slighe rómhainn cailín n‑a raibh spior[ 335 ]aid phútónach[* 13] inti. Agus do gheibh­eadh sí mórán saidh­bhris do’n mhuinntir go mba leó í, ag tabhairt feasa uaithi. 17Agus do lean sí Pól agus sinne, agus í ag liúirigh agus deireadh sí: Seirbhís­igh do’n árd-Dhia iseadh na fir sin, agus táid siad ag innsint slighe bhúr slánuigh­the dhaoibh. 18Bhí sí ’ghá dhéanamh san ar feadh mórán laethanta. Do ghoill san ar Pól agus d’iompuigh sé agus dubhairt sé leis an spioraid: Deirim leat, i n‑ainim Íosa Críost, imtheacht amach aisti. Agus d’imthigh, an uair chéadna.

19Ansan, nuair a chonnaic an mhuinntir go mba leó í go raibh deire le n‑a súil leis an saidh­bhreas, do rugadar ar Phól agus ar Shílas agus do thugadar leó iad go h‑áit an mhargaid, i láthair na n‑uachtarán. 20Agus chuir­eadar i láthair na ngiúis­tísí iad agus dubhradar: Iúdaígh iseadh na daoine seo, agus táid siad ag cur na catharach tré n‑a chéile orainn. 21Agus tá nós acu dá theagasg nách dleagh­thach dúinne a ghlacadh, mar is Rómhán­aigh sinn. 22Agus do chruin­nigh an pobul ’n‑a gcoinnibh, agus do stracadh a gcuid éadaigh, agus d’órduigh [87]na giúistísi gabháil de shlataibh ortha. 23Agus do buaileadh mórán buillí ortha agus ansan do cuireadh i bpríosún iad, agus dubhradh le fear an phríosúin iad a chimeád go maith. 24Agus nuair a fuair sé sin an t-órdú san do chuir sé sa charcair ba shia isteach iad agus a gcosa daingean i gceap adhmaid.

25I lár na h‑oidhche, ámhthach, bhí Pól agus Sílas ag déanamh úrnuigh­the agus ag moladh Dé, agus bhí na príosún­aigh ag éisteacht leó. 26Agus go h‑obann do tháinig luasgadh talmhan i dtreó go raibh fallaí an phríosúin d’á suathadh go bun. Ansan, siúd na geataí go léir ar osgailt agus na ceangal­acha sgaoilte de sna phríosúnaigh go léir. 27Do dhúisigh fear cimeádta an phríosúin as a chodhla agus nuair a chonnaic sé dóirse an phríosúin ar osgailt cheap sé go raibh na príosún­aigh imighthe agus tharraig sé a chlaidh­eamh as a thruail chun é féin a mharbhadh. 28Do liúigh Pól air, ámhthach, do ghuth [ 336 ]árd agus dubhairt sé: Ná dein aon díobháil duit fhéin; táimíd go léir anso. 29D’iarr sé solus agus chuaidh sé isteach agus chaith sé é féin ag cosaibh Phóil agus Shílais, 30Agus thug sé leis amach iad agus dúbhairt sé: A Thigh­earnaí, cad ’tá le déanamh agam ionus go saorfaí me? 31Agus dubhradar-san: Creid sa Tighearna Íosa agus beidh tú slán, tu féin agus do theagh­lach. 32Agus do labhradar briathar an Tighearna leis féin agus le n‑a raibh ’n‑a theagh­lach. 33Agus thóg sé iad an tráth céadna de’n oidhche agus do nígh sé a gcneadh­acha, agus do baisteadh é féin agus a theagh­lach láith­reach. 34Agus thug sé isteach ’n‑a thigh féin iad agus chuir sé ’n‑a suidhe chun búird iad, agus bhí gáird­eachas air féin agus ar a theagh­lach agus a gcreid­eamh i nDia.

35Agus nuair a tháinig an lá chuir na giúistísí oificeacha, ’ghá rádh: Sgaoilidh uaibh na fir sin. 36D’innis fear cimeádta an phríosúin ar chainnt sin do Phól: Chuir na giúistísí órdú sibh do sgaoile chun siúbhail; anois, dá bhrígh sin téighidh amach agus im­thighidh i síoth­cháin. 37Dubhairt Pól leó, ámhthach: Is fir Rómh­ánacha[* 14] sinn. Do sgiúr sáladh sinn os cómhair an phobuil, gan breith tabhartha orainn, agus do chuireadh i bpríosún sinn. An maith leó anois sinn do dhíbirt uatha a gan fhios? Ní bheidh san mar sin. 38Tagaidís anso, Agus cuiridís féin amach sinn. D’innis na h‑oific­eacha do sna giúistís­íbh an chainnt sin. Tháinig sgannra ortha nuair airíghdar gur bh’ fheara Rómhánacha iad. 39Thánadar agus d’iarradar maitheamh­nachas ortha, agus do rugadar amach iad Agus d’iarradar ortha imtheacht as an gcathair. 40Ach nuair A chuadar-san amach as an bpríosún chuadar isteach i dtigh Lídia, agus chonnac­adar na bráithre agus chuir­eadar sólás ortha. Ansan do ghluais­eadar chun siúbhail.

[ 337 ]


Caibidiol XVII.

Seanmóiniú Phóil do sna Tessalónaigh agus do sna Bereánaigh. A chainnt leis na h‑Aténachaibh.

1Ansan do shiúbhluíghdar Amphipolis agus Apollónia, agus thánadar go Tesaloníca, áit ’na raibh sinagóg leis na Iúdaígh. 2Chuaidh Pól isteach chúcha, mar ba ghnáth leis, agus i gcaith­eamh trí sabbóidí bhí sé ag léiriú dhóibh as an Scrip­tiúir, 3’Ghá osgailt dóibh agus ’ghá chur ’n‑a luighe ortha conus nár bhfoláir do’n Chríost fulag agus eirighe ós na mairbh; agus gur b’é seo an t‑Íosa Críost, atá agamsa d’á fhógairt daoibhse. 4Agus do chreid cuid acu agus ghabhdar le Pól agus le Sílas, agus de sna geintibh a bhi diadha, sluagh ana-mhór, agus rainnt nár shuarach de mhnáibh a bhí uasal.

5Ansan tháinig éad ar na Iúdaigh agus do bhailíghdar as an sluagh rainnt droch-dhaoine agus dhein­eadar achrann agus chuir­eadar an chathair i gcollóid. Ansan thánadar tímpal ar thigh Iásoin agus bhíodar a d’iarraidh go gcurfí amach chun an phobuil iad-san. 6Agus nuair ná fuaradar iad do rugadar Iáson agus cuid de sna bráithre i láthair uachtar­áin na catharach, ’ghá rádh go h‑árd: tháinig anso, leis, an aicme seo atá ag cur na [* 15]catharach tré chéile, 7Agus ghlac Iáson iad: agus táid siad go léir ag gabháil i gcoinnibh dlighe Chaesair, ’ghá rádh go bhfuil rí eile ann, Íosa.

8Agus do ghríosadar na daoine agus na h‑uachtaráin, a bhí ag éisteacht leis na neithibh sin. 9Agus nuair á bhain­eadar sásamh de Iáson agus de’n gcuid eile do leogadar chun siúbhail iad.

10Agus gan mhoill do chuir na bráithre chun siúbhail, san oidhche, Pól agus Sílas, go Beréa. Agus nuair a thánadar ann do chuadar isteach i sinagóig na n‑Iúdach. 11Agus bhíodar so níos uaisle ’ná muinntir Thesaloníca agus do ghlacadar an briathar le lán-díogras, agus bhídís coit­chianta ag cuardach na Scrip­tiúirí féachaint [ 338 ]an mbíodh san amhlaidh.[* 16] 12Agus do chreid a lán acu, agus de sna mnáibh gein­teacha a bhí uasal, agus cuid nár bheag de sna fearaibh. 13Ansan d’airigh na Iúdaigh i dTesa­loníca go raibh Pól ag teagasg bréithir Dé i mBeréa agus thánadar ann ag déanamh toirmisg ag cur thré chéile ar na daoine. 14Ansan, go tapaidh, chuir na bráithre Pól chun na faraige; ach d’fhan Sílas aguf Tímoteus sa n‑áit.


15Agus an mhuinntir a chuaidh le Pól do rugadar go dtí Aténé é, agus thug sé órdú dhóibh le tabhairt do Shílas agus do Thímoteus ’ghá rádh leó teacht ag triall air láith­reach, agus ghluais­eadar.

16An fhaid a bhí Pól i n‑Aténé ag feitheamh leó d’eirigh dásacht aigne istigh ann nuair a chonnaic sé an chathair tabhartha suas ar fad d’adhradh na n‑íodhol. 17Bhíodh sé, dá bhrígh sin, ag díospóir­eacht sa tsinagóig leis na Iúdaígh agus leis na daoine a bhí diadha, agus i n‑áit an mhargaidh gach aon lá, leis na daoine a bhíodh ann. 18Agus bhíodh cuid d’ollamh­naibh na n‑Epicúrach agus na Stóiceach ag cur air, agus deireadh cuid acu: Cad ’tá ó’n bhfear so n‑a bhfuil an chainnt go léir aige? Ansan deireadh tuille acu: Déithe nua atá aige ’á chraobh­sgaoile, is dócha; mar bhí sé ag cainnt leó i dtaobh Íosa agus i dtaobh na h‑aiseiríghe. 19Ansan do rugadar air agus thógadar leó é go dtí an t‑Areopagus, agus dubhradar: An misde dhúinne eolus a dh’fhághail ar an dteagasg nua so atá agatsa ’á thabhairt uait? 20Tá neithe nua agat ’á chur i n‑ár gcluas­aibh. Ba mhaith linn a fhios a bheith againn cad é an saghas neithe iad. 21(Ba ghnáth, ámhthach, leis na h‑Aténigh go léir agus le pé daoine iasachta a bhíodh ann gan suim a chur [ 339 ]i n‑aon rud eile ach bheith ag innsint agus ag cloisint nuacht.)

22Do sheasaimh Pól i lár an Areopaguis agus dubhairt sé: A fheara Aténacha, chím sibhse, ins gach slighe, ana-úmhal do dhéithibh. 23Óir, ag gabhail na slighe agus ag féachaint dom ar bhúr n‑íomhágh­thibh, do fuaras altóir agus bhí sgríobh­tha uirthi “Do’n Dia ná h‑aithnigh­tear.” An nídh sin a dh’onórann sibh gan aithne agaibh air, táimse ’ghá theagasg daoibh. [88]24Dia, a dhein an domhan agus gach a bhfuil ann, ó ’sé Tighearna neimhe agus talmhan é, [89]ní chómh­núigheann sé i dteampall­aibh a deineadh le lámhaibh;[* 17] 25Ná ní deintear dó, le lámhaibh daoine, seirbhís go bhfuil gádh aige leis óir isé féin a thugann do gach duine anam agus anál agus gach uile nídh. 26Agus do chuir sé, ó aon duine amháin, an chine daona go léir ’n‑a gcómh­nuidhe ar uachtar na talmhan, agus do cheap sé gach tréimhse aimsire dhóibh chun cómhnuigh­the ann, agus gach teóra, 27Chun iad a bheith ag lorg Dé, féachaint an bhfeád­faidís teang­abháil leis ná teacht suas leis, bíodh ná fuil sé abhfad ó gach duine againn. 28Óir is ann féin a mhairimíd agus a chorruigh míd agus atáimid, fé mar adeir daoine d’bhur bhfilíbh féin; “Óir is d’á ghein­eamhaint sinn.” D’á bhrígh sin, ó’s de ghein­eamhaint Dé sinn, ní cóir dúinn a mheas go mbeadh Dia cosmhail le h‑ór ’ná le h‑airgead ná le cloich, snoíghe ealadhan agus ceapadh aigne duine. 30Agus anois tá Dia ag leogaint aimsire an ain­bhfiosa san thairis agus ’ghá fhógairt do sna daoine, go ndéanfaidís go léir aithrighe ins gach aon bhall. 31Mar go bhfuil lá ceapaithe aige chun breith­eamhan­tais a thabhairt ar an ndomhan do réir chirt, tríd an bhfear atá ceapaithe aige, ag tabhairt creidimh do gach aon duine, mar gur thóg sé ó sna mairbh é.

32Ach nuair airíghdar an ais­eirighe ó sna mairbh chrom [ 340 ]cuid acu ar mhagadh dhéanamh, agus dubhairt cuid acu: Éistfimíd leat uair éigin eile i dtaobh an sgéil sin. 33Ansan d’imthigh Pól uatha amach. 34Ach do lean fir áirithe é agus chreid­eadar, ar a raibh Díonusios an t‑Areo­pagach, agus bean n‑ar bh’ainim di Damaris, agus tuille leo.


Caibidiol XVIII.

Eaglais Coirint dá cur ar bun ag Pól, agus é ag seanmóiniú i n‑Ephesus, ⁊rl. Apollo do dhul go h‑Ephesus.

1Tar éis an méid sin d’fhág sé cathair Aténé agus tháinig sé go dtí Coirint. 2Agus fuair sé sa n‑áit sin Iúdach n‑ar bh’ainim dó Acuila, fear a rugadh i bPontus agus a bhí tar éis teacht go déanach ó’n Eadáil, agus Priscilla, a bhean (do dheas­gaibh a bheith órd­uighthe ag Claudius do sna Iúdaígh go léir imtheacht ó’n Róimh), agus chuaidh sé ag triall ortha. 3Agus toisg é bheith ar aon cheárd leó d’fhan sé ’n‑a bhfochair ag obair ar an gcéird (agus ag déanamh pailiún ab eadh an cheárd). 4Agus bhíodh sé sa tsinagóig ag pléidh, gach lá sabbóide, ag trácht ar ainim an Tighearna Íosa, agus bhí sé ag tabhairt na nIúdach agus na nGréagach leis.

5Ansan nuair a tháinig Sílas agus Tímoteus chuige ó Mhacedonia do ghéaruigh Pól sa teagasg, gá chur ’n‑a luighe ar na Iúdaígh gur b’é Íosa is Críost ann. 6Ach bhí n‑a Iúdaígh ’ghá bhréagnú go masluigh­theach. Ansan do chroth sé a chuid éadaigh agus dubhairt sé: Bíodh bhúr gcuid fola ar bhúr gceann féin. Táimse glan. Tabharfad aghaidh ar na geintibh feasda. 7Ansan d’fhág sé an áit sin agus tháinig sé go tigh duine dár bh’ainim Títus Iústus, duine a bhí úmhal do Dhia, agus go raibh a thigh ceang­ailte de’n tsinagóig. 8Agus do chreid Crispus, uachtarán na sinagóige, sa Tighearna, agus a theagh­lach go léir, agus do chreid mórán de sna Coir­intigh a bhí ag éisteacht leis agus do baisteadh iad.

9Ansan dubhairt an Tighearna le Pól, i n‑aisling, san [ 341 ]oidhche: Ná bíodh eagal ort, ach labhair agus ná h‑eist,[* 18] 10Óir táimse leat, agus ní leómhfaidh aoinne dochar a dhéanamh duit; mar tá mórán daoine sa chathair seo agamsa.

11Agus d’fhan sé ansan bliain agus sé mhí ag teagasg bréithir Dé ’n‑a measg. 12Ach nuair a bhí Gallió ’n‑a phró­chonsul i n‑Acaía d’eirigh na Iúdaigh, do thoil á chéile i n‑aghaidh Phóil agus thugadar os cómhair an t‑suidhe­bhratha é, 13Agus dubhradar: Tá an fear so ag cur na ndaoine suas chun Dia d’adhradh go h‑aind­leagh­thach. 14Ach nuair a bhí Pól ag tusnú ar a bhéal a bhogadh chun labhartha dubhairt Gallió leis na Iúdaígh: A fheara Iúdacha, dá mba éagcóir é, nú coir chionn­tach ana-olc, ba cheart dom cur suas libh. 15Ach má’s cúrsaí focal é, agus ainim­neacha, agus bhúr ndlighe-se, féachaidh féin chuige: ní h‑áil liomsa bheith am breith­eamh ar na neithibh sin. 16Agus do chomáin sé ó’n suidhe­bhratha iad. 17Agus do rugadar go léir ar Shóstenés uachtarán na sinagóige agus bhíodar ag gabháil air os cómair an tsuidhe­bhratha agus níor chuir Gallió aon tsuim i n‑aon nídh de sna neithibh sin.


18D’fhan Pól mórán laethanta sa n‑áit. Ansan d’fhág sé slán ag na bráith­ribh agus chuaidh sé ar luing go Síria (agus Priscilla agus Acuila i n‑aon­fheacht leis) [90]tar éis a chínn a bhearradh i gCencrea, mar bhí móid aige. 19Agus tháinig sé go dtí Ephesus agus d’fhág sé iad-san ann. Agus chuaidh sé féin isteach sa tsinagóig ag díospóir­eacht leis na Iúdaígh. 20Agus d’iarradar air fanmhaint níos sia ach níor thoiligh sé chuige, 21Ach d’fhág sé slán acu agus dubhairt sé: Tiocfad chúghaibh airís má’s toil le Dia é. Ansan d’imthigh sé ó Ephesus.

22Agus chuaidh sé síos go Caesarea. Ansan chuaidh sé suas[* 19] agus bheann­uigh sé do’n eaglais, agus chuaidh sé síos go h‑Antioch.


23Chaith sé suim aimsire ansan, agus ghluais sé tré [ 342 ]dhúthaíbh Ghalatia agus Phrigia, i ndiaidh chéile, ag cur misnigh ar na deis­giobuil go léir. 24Tháinig, ámh, go h‑Ephesus Iúdach n‑ar bh’ainim dó Apollo, Alecsan­dríneach, fear deagh­labhartha, láidir ins na Scriptiúr­aibh. 25Bhí sé oilte ar shlighe an Tighearna agus do labhair sé le díogras aigne agus do theagaisg sé go dúthrach­tach na neithe a bhaineann le h-Íosa, agus gan ar eólus aige ach baiste Eóin. 26Do chrom an fear san ar labhairt go dána sa tsinagóig. Agus nuair a dh’airigh Priscilla agus Acuila é thugadar leó é agus mhúin­eadar dó níos cruinne slighe an Tighearna. 27Ansan ba mhian leis dul go h‑Acaia agus do sgríbh na bráithre ag triall ar na deis­giobuil ’ghá iarraidh ortha é ghlacadh. Agus nuair a tháinig sé thug sé congnamh mór do’n mhuinntir a bhí tar éis creid­eamhaint. 28Óir do chuir sé ’n‑a luighe go cuthaigh ar na Iúdaígh, go puibilídhe, gur b’é Íosa is Críost ann.


Caibidiol XIX.

An eaglais dá chur ar bun ag Pól i n‑Ephesus. Clampar na ngaibhní ngeal.

1Agus do thárla, le linn Apollo bheith i gCoirint go dtáinig Pól go h‑Ephesus, nuair a bhí na h‑áiteana uachtar­acha siúbhal­tha aige, agus go bhfuair sé rainnt deis­giobul; 2Agus dubhairt se leó: Ar ghlac­bhúir an Spioraid Naomh ó chreidbhúir? Agus dubhradar san leis: Ní h‑eadh ach níor chlois­eamair an Spioraid Naomh a bheith ann i n‑aon chor. 3Agus dubhairt seisean: Má ’seadh cad ann ’nar baisteadh sibh? Agus dubhradar: I mbaiste Eóin. 4Agus dubhairt Pól: [91]Do bhaist Eóin na daoine le baiste aithrighe agus dubhairt sé leó nár bh’fholáir dóibh creid­eamhaint sa’ t‑é a bhí le teacht ’n‑a dhiaidh féin, ’sé sin, i n‑Íosa. 5Nuair a dh’airíghdar an méid sin do baisteadh iad i n‑ainim an Tighearna Íosa. 6Ansan do chuir Pól a lámha ortha [ 343 ]agus do thúirling an Spioraid Naomh ortha agus do labhradar i dteangtha­chaibh agus dhein­eadar targair­eacht. 7Agus tímpal dáréag acu a bhí ann ar fad.

8Agus bhíodh sé ag dul isteach sa tsinagóig agus ag labhairt ann go dána, ar feadh trí mhí, ag díos­póireacht agus ag cur i bhfeidhm i dtaobh rígh­eachta Dé. 9Ach bhí daoine dúra ann ná creid­feadh, ach bhíodh ag tar­cuisniú slighe an Tighearna os cómhair na ndaoine. D’imthigh sé uatha agus do dheighil sé na deis­giobuil uatha, agus bhíodh sé ag argóint gach lá i sgoil fir dár bh’ainim Turannos. 10Do lean san mar sin ar feadh dá bhlian, i dtreó gur airigh gach a raibh i n‑Ásia, idir Iúdach agus Geinteach, briathar an Tighearna. 11Agus do dhein Dia mírbhúiltí éag­samhlacha tré láimh Phóil. 12I dtreó go mbeirtí chun na ndaoine mbreóite, ó n‑a cholainn, ciarsúint agus aprúin, agus go n‑im­thígheadh an bhreóit­eacht díobh, agus go n‑im­thígheadh na deamhain asta.

13Do thárla go raibh cuid de sna Iúdaigh ag imtheacht ó áit go h‑áit agus go rabhdar a d’iarraidh deamhan a chur amach, agus d’agraidís ainim an Tighearna Íosa agus deiridís: Fógraim oraibh Íosa atá ag Pól d’á chraobh­sgaoile. 14Agus bhí Iúdaígh áirithe, mór­sheisear mac a bhí ag Scebha duine d’uachtar­ánaibh na sagart, ’ghá déanamh san. 15Ach d’fhreagair an annsprid iad agus dúbhairt sé: Tá aithne agam ar Íosa agus tá é lus agam ar Phól, ach cia h‑iad sibhse? 16Agus an fear n‑a raibh an annsprid mhall­uighthe ann do léim sé chúcha agus fuair sé an lámh uachtair ar an mbeirt acu agus ghaibh sé ortha i dtreó gur ritheadar as an dtigh sin tárnocht,[* 20] agus iad geárrtha. 17Do h‑innseadh an méid sin d’á raibh d’Iúda­chaibh agus de Gheintibh i n‑Ephesus agus tháinig sgannra ortha go léir, agus do móradh ainim an Tighearna Íosa.

18Agus bhíodh a lán de’n mhuinntir a chreid ag teacht ag déanamh faoisdine agus ag innsint a ngníomh­artha. 19Agus a lán de’n mhuinntir a bhíodh ag déanamh deismir­eachta thugadar na leabhair leó agus do dhóghdar [ 344 ]iad os cómhair na puibil­ídheachta. Agus do measadh fiacha na leabhar, agus do fuaradh gur bh’fiú caogad míle píosa airgid iad. 20Sin mar a bhí briathar Dé ag fás go láidir agus ag dul i ndaingin­eacht.

21Nuair a bhí na neithe sin críoch­nuighthe do bheart­uigh Pól, sa spioraid, gabháil tré Mhace­donia agus tré Acaia agus dul go Ierúsalem, agus dubhairt sé: Tar éis mé bheith sa n‑áit sin ní foláir dom an Róimh a d’fheisgint. 22Ansan chuir sé beirt d’á lucht frithál­mha, Tímoteus agus Erastus, go Macedonia agus d’fhan sé féin ar feadh tamaill san Ásia.

23Agus d’eirigh an uair sin achrann nár shuarach i dtaobh slighe an Tighearna. 24Bhí fear n‑ar bh’ ainim dó Démétrius agus gabha geal ab eadh é, agus bhíodh séag déanamh teampall airgid do Dhiána agus bhíodh fághaltas nár shuarach ag ceárduigh­thibh d’á bhárr. 205Chruin­nigh sé i láthair a chéile iad féin agus an lucht oibre a bhain leó agus dubhairt sé: A fheara, is eól daoibh gur as an gcéird seo a thagann ár gcuid chúgh­ainne. 26Ach chíonn sibh agus airígheann sibh conus mar atá mórán daoine iom­puighthe ag Pól so, le n‑a chómhradh, ní h‑amháin i n‑Ephesus ach ar fuid na h‑Ásia go léir nách mór, ’ghá chur ’n‑a luighe ortha—Ní déithe i n‑aon chor na déithe a deintear le lámhaibh. 27Is baoghal go dtabhar­faidh san droch-ainim d’ár slighe bheatha, agus ná fágfaidh sé aon mheas ar theampull mhór Dhiána, agus ní h‑amháin sin ach go dturnó­chaidh a mórdhacht ar dhul ar neamhnídh, bíodh go n‑adhrann an Ásia go léir agus an domhan go léir í. 28Nuair airíghdar an chainnt sin do lasadar le feirg agus do liúghdar: Is mór í Diána na n‑Ephesi­ánach!

29Do cuireadh an chathair go léir tré n‑a chéile. Do ritheadar i n‑aon­fheacht chun an téátair agus greim acu ar Ghaius agus ar Aristar­chus, Mace­donaigh, com­rádaithe do Phól. 30Cheap Pól dul isteach ameasg na ndaoine. Ní leogfadh na deis­giobuil dó é. 31Agus bhí cuid d’uachtar­ánaibh na h‑Ásia ann, cáirde dhó, agus chuir­eadar teachtair­eacht chuige ’ghá iarraidh air gan dul isteach sa téátar. 32Do liúigh duine an rud so agus duine eile an rud úd. Is amhlaidh a bhí measgán [ 345 ]mearaidhe ar an bpobul agus ní fhéidir an chuid ba mó dhíobh cad a thug ann i n‑aon chor iad. 33Do tharaig­eadar Alec­sander amach as an mbrúth. Do sháigh na Iúdaígh amach é. Do bhagair Alec­sander a lámh ortha a’ d’iarraidh ciúnais chun go mín­eóchadh sé an sgéal do sna daoine. 34Ach nuair a chonnac­adar gur bh’ Iúdach é chuir­eadar go léir aon liú amháin suas: Is mór í Diána na n‑Ephesi­ánach! Agus do leanadar de’n liúgh ar feadh suas le dhá uair a’ chluig.

35Ansan do chuir cléireach na catharach chun suaimhnis an pobal agus dubhairt sé: A fheara Ephesi­ánacha, cá bhfuil an duine beó ná fuil fhios aige go n‑adhrann muinntir na catharach so Ephesus Diána mhór, inghean Iúpiteir? 36D’á bhrígh sin óir nách féidir an méid sin do séanadh is ceart daoibh fanmhaint socair agus gan aon bheart obann a dhéanamh. 37Thugbhúir anso na fir seo agus gan masla tabharthá acu d’bhúr dteampull ’ná d’bhur mbandia. 38Ach má tá ag Démétrius, agus ag na ceár duigh­thibh atá le n‑a chois, cúis i gcoinnibh aoinne, táid na cúirteana ann agus na [* 21]pró­chonsuil: Cuiridís neithe i leith a chéile. 39Má tá aon nídh eile agaibh d’á lorg, socaruigh­tear é i gcómh­thionól a bheidh do réir dlighe. 40Agus is baoghal go gcurfar i n‑ár leith toirmeasg an lae indiu agus gan aoinne cionntach (gur féidir cúntas a tabhairt air) leis an gcruinniú so. Nuair a bhí an méid sin ráidhte aige do chuir sé an pobal chun siúbhail.


Caibidiol XX.

Cuaird Phóil tre Mhacedonia agus tríd an nGréig. Duine aige á thógaint ó’n mbás i dTróás. A chainnt le cléir Ephesuis.

1Ansan, nuair a bhí an toirmeasg imighthe do ghlaoidh Pól chuige na deis­giobuil agus do chómhair­ligh sé iad, agus d’fhág sé slán acu agus do ghluais sé chun dul go Macedonia. 2Agus nuair a bhí na triúcha san siúbhalta aige agus mórán cainnte déanta aige leis na daoine tháinig sé sa Ghréig. 3Bhí sé trí mhí sa n‑áit [ 346 ]sin. Ansan cheap sé dul go Síria ar luing ach bhí na Iúdaigh i gceilg ag faire air agus shoc­aruigh sé ar theacht tré Mhace­donia. 4Agus chuaidh i n‑aon­fheacht leis Sópatér Mac Phirruis, ó Bheréa; agus Aris­tarchus agus Secundus Tessa­lónaigh; agus Gaius ó Dherbé, agus Tímoteus; agus Tuchicus agus Trophimus, beirt Ásiánach. 5Chuadar san rómhainn agus d’fhanadar linn i dTróás.


6Agus do chuamair-ne ar luing ó Philippí, tar éis laethanta an aráin gan giort, agus bhíomair chúig lá ag teacht go Tróás agus d’fhanamair ann seacht lá.

7Ansan, an chéad lá de’n tseachtmhain do thánamair i bhfochair a chéile chun aráin do bhrise, agus bhí Pól ag tabhairt teagaisg dóibh, mar bhí sé le h‑imtheacht ar maidin amáireach a bhí chúghainn, agus do lean sé ar an dteagasg go meadhon oidhche.[* 22] 8Ach bhí lóchrainn ár ndóthin againn sa treómsa mór ’na rabhmair cruinnigh­the. 9Agus bhí buachaill dár bh’ ainim Eútuchus ’n‑a shuidhe ar an bhfinn­eóig, agus thuit sé ’n‑a chodla go sámh an fhaid a bhí Pól ag cainnt. Le truime a chodlata do thuit sé síos ó’n dtrímhadh lochta agus do tógadh suas marbh é. 10Ach do chuaidh Pól síos chuige agus do luigh sé anuas air agus chuir sé a lámha ’n‑a thímpull agus dubhairt sé: Na bíodh ceist oraibh. Tá a anam ann. 11Ansan chuaidh sé suas agus bhris sé arán agus do bhlais, agus dhein sé cainnt ar feadh abhfad, go dtáinig an solus, agus ansan d’imthigh sé. 12Agus do rugadar leó an buachaill, agus é beó, agus níor bheag é a n‑áthas.

13Ansan do chuamair-ne ar an luing agus sheólamair go h‑Assos i dtreó go mbéar­faimís Pól linn ó’n áit [ 347 ]sin, óir sin mar a bhí socair aige, agus go raghadh sé féin ann ar tír. 14Agus tháinig sé chúghainn i n‑Assos agus thógamair chúghainn é agus thánamair go Mitiléné. 15Agus sheól­amair ó’n áit sin agus thánámair, amáireach a bhí chúghainn, ar aghaidh Chíos amach agus an lá n a dhiaidh san do shrois­eamair Sámos, agus an lá ’n‑a dhiaidh san airís do thánamair go Milétus; 16Óir do bhí Pól ceapaithe ar sheóladh thar Ephesus i dtreó ná curfí aon ríghneas air sa n‑Ásia, mar bhí dithineas air chun, dá mb’ fhéidir dó é, lá na Cíngcíse[* 23] thabhairt i n‑Ierúsalem.

17Ach do chuir sé teachtaireacht ó Mhilétus go h‑Ephesus ’ghá rádh le sinn­searaibh na h‑eagailse teacht chuige. 18Thánadar, agus nuair a bhíodar ’n‑a láthair dubhairt sé leó :

Is eól daoibhse conus mar atá an aimsir go léir tabhartha agam i nbhúr bhfochair ó’n gcéad lá a thánag isteach sa n‑Ásia, 19Agus mé ag déanamh seirbhíse Dé le fíor-úmhluigh­eacht, ag sile deór, agus ag fulag na dtriob­lóidí a tháinig orm tré cheilgibh na n‑Iúdach; 20Conus mar nár chimeádas siar aon nídh de sna neithibh a bhí tairbh­theach daoibh, gan iad a theagasg daoibh go puibi­lídhe agus i nbhúr dtigh­thibh, 21Agus mé ag deimhniú aithrighe chun Dé, agus creidimh i n‑ár dTigh­earna Íosa Críost, do Iúdaígh agus do Gheintibh.

22Agus féach táim ag dul go Ierúsalem fé cheangal na spioraide, agus ní fios dom cad ’tá le h‑imtheacht orm ann, 23Ach go bhfuil an Spioraid Naomh ag labhairt liom coit­chianta, ins na cathrach­aibh go léir, ’ghá rádh liom gur slabhraí agus pionóisí atá am chóir i n‑Ierúsalem. 24Ach ní h‑eagal liom aon nídh dhíobh san ná ní measaim gur mó is fiú mo bheatha ’ná mé féin, ach go gcomhlíonfad mo thurus, agus seirbhís an bhréithir, a fuaras ó’n dtigh­earna Íosa, fiadh­nuise dhéanamh ar shoisgéal ghrásta Dé. 25Agus féach anois, is eól dómhsa ná feicfidh sibh mo ghnúis a thuille, sibhse go léir n‑a bhfuil siúbhalta i nbhúr measg agam ag craobh­sgaoile rígheachta Dé.

[ 348 ]26D’á bhrígh sin cuirim a fiadh­nuise oraibhse, sa lá so atá indiu againn, go bhfuilim glan ar chuid fola gach duine. 27Mar níor staonas ó chomh­airle Dé do chur i n‑iúil daoibh go h‑iomlán. 28Tugaidh aire dhaoibh féin agus do’n tréad go léir, ar ar chuir an Spioraid Naomh sibh i n‑bhúr n‑easbog­aibh ag riaghladh eaglaise Dé a cheann­uigh sé le n‑a chuid fola féin. 29Tá ’fhios agamsa go dtioc­faidh isteach i n‑bhúr measg, nuair a bheadsa imighthe, faolchoin chraos­acha, agus ná staonfaid siad ó’n dtréad. 30Agus eireó­chaid, oraibh féin, fir a labhar­faidh neithe tuathal­acha, chun deis­giobul a tharrac n’a ndiaidh. 31D’á bhrígh sin déinidh faire, agus cimeád­aidh i nbhúr gcuimhne conus mar nár stadas ar feadh trí mblian, do ló ná d’oidhche, ach ag cómhair­liú an uile dhuine agaibh agus deóra le m’shúilibh.

32Agus anois tugaim suas do Dhia sibh agus do bhriathar a ghrásta, ó’s ar a chumas atá an obair do chríochnú agus an oigh­reacht a thabhairt daoibh ameasg na naomh go léir. 33Níor shann­tuigheas airgead ná ór ná éadach aon duine, 34Mar is eól daoíbh féin, [92]gurab iad an dá láimh seo sho­láthair gach a raibh riacht­anach dom féin agus do sna daoine atá́ am fhochair. 35Tá gach aon nídh taisbeánta agam daoibh, gur ag obair ar an gcuma san is ceart dúinn fóir­ithint ar na daoine laga, agus cuimh­neamh ar bhriathar an Tighearna Íosa mar go ndubhairt sé féin: Is mó an t‑aoibhneas go mór rud a bhronnadh ná rud a ghlacadh.

36Agus nuair a bhí an méid sin ráidhte aige do leog sé é féin ar a ghlúinibh agus dhein sé guidhe chun Dé ’n‑a dteannta go léir. 37Ansan bhíodar go léir ag gol go fuígheach agus ag cur a lámh tímpal ar mhuinéal Phóil. agus ’ghá phógadh, 38Ag déanamh buartha go mór mar gheall ar an bhfocal adubhairt sé, ná feicfidís a ghnúisa thuille. Agus dhein­eadar é thionn­lacan síos chun na luinge.

[ 349 ]


Caibidiol XXI.

Cuaird Phóil go Ierúsalem. É dhá ghabháil aige sna Iúdaígh sa teampull.

1Agus nuair a thárla go raibh sgartha againn leó agus sinn ag gluais­eacht fé seól,[* 24] thánamair ceann ar aghaidh go Cóos, agus an lá ’n‑a dhiaidh san go Rodos, agus as san go Patara. 2Ansan do fuaramair long a bhí ag dul treasna go Phoenicé, agus chuamair ar bórd agus ghluais­eamair. 3Thánamair i radharc Chuprois agus d’fhágamair ar ár láimh chlé é agus sheól­amair go Síria agus thánamair go Túros; óir is ann a bhí ar an luing a h‑ualach do chur aisti. 4Fuaramair deis­giobuil sa n‑áit sin agus d’fhanamair ann seacht lá. agus bhíodar, tríd an spioraid, ghá rádh le Pól gan dul suas go Ierúsalem. 5Ach nuair a bhí na laethanta caithte do ghluais­eamair agus bhíomair ag imtheacht, agus thánadar go léir, iad féin agus a mná agus a gclann, ghár dtionn­lacan, go geataí na catharach; agus do leogamair sinn féin ar ár nglúinibh ar an dtráigh agus do ghuídh­mair. 6Ansan d’fhágamair slán ag á chéile agus chuamair-ne ar an luing agus chuadar-san abhaile. 7Dhein­eamair-ne ár gcuaird ar uisge ó Thúros síos go Ptolemáis agus bhean­nuighmair do sna bráithribh a bhí ann agus d’fhanamair lá ’n‑a bhfochair. 8Ghluais­eamair an lá ’n‑a dhiaidh agus thánamair go Caesaréa. Chuamair, ansan, go tigh Philib, an soisgéal­aidhe, [93]duine de’n mhór­sheisear, agus d’fhanamair aige.[* 25]

9Bhí aige sin ceathrar inghean, ceathrar maighdean, agus dheinidís targair­eacht. 10Do stadamair ann rainnt laethanta agus tháinig chúghainn ó Iudaéa fáidh n‑ar bh’ainim dó Agabus. 11Nuair a tháinig sé sin chúghainn do thóg sé crios Phóil agus cheangail sé a lámha féin agus [ 350 ]a chosa agus dubhairt sé: Seo mar adeir an Spioraid Naomh, an fear gur leis an crios so, sin mar a cheangal­óchaid na Iúdaígh é i n‑Ierúsalem, agus tabhar­faid siad i lámhaibh na nGeinte é. 12Nuair airigh­mair-ne an méid sin bhíomair féin agus muinntir na h‑áite sin ag tathant air gan dul suas go Ierúsalem. 13Ansan dubhairt Pól ’ár bhfreag­radh: Cad tá agaibh á dhéanamh, ag gol agus ag cur buartha ar mo chroidhe? Táimse ollamh, ní h‑amháin chun ceangail d’fhulag ach fós chun báis d’fhulag, ar son ainime an Tighearna Íosa. 14Ansan, nuair a theip orainn é bhogadh d’éist­eamair, agus dubh­ramair: Toil an Tighearna go ndeintear!

15Agus tar éis na laethanta san d’ollmhuigh­mair sinn féin agus bhíomair ag dul suas go Ierúsalem. 16Agus tháinig i n‑aon­fheacht linn cuid de sna deis­giobuil ó Chaesaréa, agus Cupri­ánach ’n‑a dteannta, duine dár bh’ainim Mnasón, seana-dheis­giobul, n‑a rabhmair chun bheith ar lóisdín aige.


17Thánamair go Ierúsalem agus do ghlac na bráithre sinn go fáilteach. 18Amáireach a bhí chúghainn chuamair féin agus Pól go tigh Shéamuis agus bhí na sínsir go léir cruinn­ighthe ann. 19Bheann­uigh sé dhóibh agus d’innis sé dhóibh, tríd síos, gach a raibh déanta ag Dia, tré n‑a fhri­thálamh féin, ameasg na nGeinte. 20Agus nuair airighdar é thugadar glóire do Dia, agus dubhradar leis: Chíonn tú, a bhráthair, cad iad na mílte de sna Iúdaígh atá tar éis creid­eamhaint, agus tá báidh acu go léir do’n dlighe. 21d’airighdar, ámhthach, go bhfuil­irse ghá chur ’n‑a luighe ar na Iúdaígh atá ameasg na nGeinte nach misde dhóibh imtheacht ó Mhaois, agus ná fuil fhiach­aibh ortha tímpall­ghearradh do dhéanamh ar a gclainn, ná réir na dlíghe do lean­mhaint. 22Cad ’tá le déanamh mar sin? Gan amhras caithfid na daoine cruinniú mar aireóch­aid siad gur thánaís. 23Dein an nídh seo a deirimíd leat dá bhrígh sin: Tá ceathrar fear againn go bhfuil móid ortha. 24Tóg leat iad san agus glantar thú i n‑aon­fheacht leó. Ansan díol-se asta i dtreó go [94]mbeárrfar a gcinn. Ansan chífidh gach aoinne [ 351 ]gur b’éitheach ar airíghdar ad thaobh, agus go bhfuilir féin ag siúbhal ad chos­namhaidhe do’n dlígh.[* 26] 25Ach i dtaobh na nGein­teach a chreid, [95]do sgríobh­mair-ne ghá órdú dhóibh cimeád ó’n rud a h‑ídh­bireadh d’íodh­olaibh, agus ó fhuil, agus ó nídh a tachtadh, agus ó dhrúis. 26Ansan do thóg Pól leis na fir lár n‑a mháireach agus do glanadh é i n‑aon­fheacht leó agus chuaidh sé isteach sa teampull, tar éis laethanta a nglanta d’fhógairt, chun gp ndéanfí ofráil ar son gach duine acu.

27Ach bhí Iúdaígh ó’n Ásia ann agus nuair a bhí na seacht laethanta dhá gcríochnú chonnac­adar sa teampull é agus do ghríos­adar an pobul go léir agus chuir­eadar a lámha air agus do liúgadar: 28Congnamh! a fheara Israéil. Sidé an duine atá ag múine na ndaoine ins gach aon bhall i gcoinnibh an phobuil seo agus i gcoinnibh na dlighe agus i gcoinnibh na h‑áite seo. Thug sé daoine gein­teacha isteach sa teampull agus do sháruigh sé an áit bheann­uighthe seo. 29Óir bhíodar tar éis Trophi­muis ó Ephesus a dh’fheiscint sa chathair ’n‑a theannta agus cheapadar go raibh Pól tar éis é thabhairt isteach sa teampull. 30Agus bhí an chathair go léir ar bhuile. agus do chruinn­igh na daoine. Do rugadar ar Phól agus tharraig­eadar amach as an dteampull é agus do dúnadh na dóirse láith­reach.

31Agus bhí fonn ortha é mharbhadh, ach do h‑innseadh do thribiún an airin Ierúsalem go léir a bhéith tré n‑a chéile. 32Thóg sé sin leis saigh­diúirí agus taois­eacha céad agus do rith sé chúcha síos. Nuair a chonnac­adar an tribiún agus na saigh­diúirí do stadadar de bheith ag bualadh Phóil. 33Ansan do tháinig an tribiún agus thóg sé é agus d’órduigh sé é cheangal le dhá shlabhra agus d’fhiaf­raigh sé cia’r b’é agus cad a bhí déanta aige. 34Ach bhí an tsluagh ag liúirigh, duine ghá rádh so agus duine ghá rádh súd. Agus nuair nár bh’fhéidir [ 352 ]dó deimhin a dh’fhághail mar gheall ar an gcur thré chéile, d’órduigh sé é thabhairt chun an long­phuirt. 35Agus nuair a tháinig sé go dtí an staighre do thárla go raibh na saighdiúirí ghá iompar mar gheall ar dhéine na ndaoine; 36Óir bhí an tsluagh ’n‑a ndiaidh agus iad ag liúirigh: Tóg uainn é.

37Agus le linn é bhreith isteach sa longphort dubhairt Pól leis an dtribiún: An misde dhom beagán cainnte dhéanamh leat? Agus dubhairt seisean: An dtuigeann tú Gréigis? 38Nách tusa an t Éigip­teach úd a dhein an chíréib ins na laethanta roimis seó agus do rug leat isteach sa bhfásach cheithre mhíle de ropairíbh. 39Agus dubhairt Pól leis: Iúdach iseadh mé go deimhin, ó Tharsus i gCilicia. Is cómhnuigh­theach mé go chathair nach suarach. Iarraim ort leogaint dom labhairt leis an bpobul. 40Thug sé cead dó. Ansan do sheasaimh Pól ar an staighre agus bhagair sé a lámh ar an sluagh agus do deineadh ana-chiúnas agus do labhair sé leó sa teangain Eabhra, agus dubhairt sé:


Caibidiol XXII.

Pól ghá innsint do’n phobul conus a h‑iompuigheadh chun an chreidimh é féin. É ’dhul ó sgiúrsáil le n‑a rádh gur bh’fhear Rómhánach é.

1A fheara, a bhráithre agus a aithreacha, éistidh leis an gcúntas atá agam le tabhairt daoibh. 2Nuair airíghdar ag labhairt leó é sa teangain Eabhra chiún­uighdar níba mhó. 3Agus dubhairt sé: Fear Iúdach iseadh mise. I dTarsus Chilicia do rugadh mé, ach sa chathair seo iseadh do tógadh mé, ag cosaibh Ghamaliél, agus do múineadh mé do réir fírinne dlighe ár sínsear, chómh seasamh­ach do’n dlighe sin agus atáthaoi-se go léir indiu. [96]4Agus dheineas géar­lean­mhaint go bás ar an slighe seo, ghá ngabháil, idir fhearaibh agus mnáibh, agus ghá dtabhairt chun lámha agus ghá gcur i mbraigh­dineas. 5Thug uachtarán na sagart, agus na seanóirí, teisti­méireacht dom [ 353 ]air sin; [97]agus fuaras leitir­eacha uatha ag triall ar na bráith­ribh i nDamascus, chun iad a thabhairt liom anso gabhtha go Ierúsalem i dtreó go gcurfí pionós ortha. 6Ach do thárla, agus mé ar an slighe agus ag teacht i gcómhgar do Dhamascus, i lár an lae, gur las am thímpal solus iomarcach ó neamh; 7Agus gur thuiteas chun tailimh agus gur airígheas an guth ghá rádh liom: A Shaul, a Shaul, cad ’n‑a taobh go bhfuilir ag géar­lean­mhaint orm? 8Agus d’fhreag­aras: Cia h‑é thu, a Thigh­earna? Agus dubhairt sé liom: Mise Íosa Nasareit atá agat d’á ghéar­lean­mhaint. 9Agus an muinntir a bhí le m’ chois do chonnac­adar an solus, ach níor airíghdar guth an t‑é a bhí ag cainnt liom.[* 27] 10Agus dubhart: Cad tá agam le déanamh, a Thigh­earna? Agus dubhairt an Tighearna liom: Eirigh agus imthigh isteach go Damascus, agus neósfar duir ansan i dtaobh na neith go léir atá agat le déanamh. 11Ansan, mar gheall ar neart an tsoluis úd, bhíos gan radharc agus do rug mo chomrád­aidhthe ar láimh orm agus thánag go Damascus. 12Agus bhí fear dár bh’ainim Ananías, fear go raibh creid­eamhaint aige, i dtaobh na dlighe, ó n‑a raibh de Iúdach­aibh ’n‑a gcómh­nuíghe sa n‑áit. 13Agus tháinig sé chúgham agus sheasaimh sé am fhiadh­naise agus dubh airt sé liom: A Shaul, a bhráthair. féach suas. Agus d’fhéachas-sa air-sean an uair chéadna. 14Ansan dubhairt sé: Do cheap Dia ár sinnsear thusa roim ré chun go dtuigfá a thoil agus go bhfeicfá an t‑Aon Ceart, agus go n‑aireóchfá guth a bhéil;[* 28] 15Óir beidh tu ad fhínné dhó, i láthair na ndaoine go léir, ar na neithibh a dh’airíghir agus do chonnaicís. 16Anois cad é an ríghneas so ort? Eirigh agus baist­thear thu agus nigh díot do pheacaí le glaodhach ar a ainim. 17Agus nuair a thánag tar n‑ais go Ierúsalem do thárla go rabhas sa teampull ag guidhe agus gur thuit tám-néal aigne [ 354 ]orm. 18Agus go bhfeaca é agus go ndubhairt sé liom: Brostuigh agus imthigh go luath a’ Ierúsalem, óir ní ghlacfaid siad t’fhiadh­nuise ormsa. 19Agus dubhartsa: A Thigh­earna, is eól dóibh [98]go mbínnse ag cur na ndaoine a chreid ionat-sa isteach i bpríosún agus ’ghá mbualadh ins na sinagóg­aibh; 20Agus nuair a bhí fuil Stiopáin t’ fhínné-se, d’á dhortadh [99]bhíos-sa láith­reach, agus bhíos toil­theanach, agus bhíos ag tabhairt aire do bhrataibh na ndaoine a bhí ’ghá mharbhú. 21Agus dubhairt sé liom: Imthigh leat, óir is ag triall ar na geintibh i gcéin a chuirfead-sa thu.

22D’éisteadar leis go dtáinig an focal san. Ansan d’árduigh­dar a nglór agus dubhradar: Cuir ar an saoghal a leithéid sin. 23Ní cóir é bheith beó. Agus bhíodar ag liúirigh agus ag caitheamh a mbalcuisí dhíobh agus ag stealladh na cré sa n‑aer. 24Ansan d’órduigh an tribiún é thabhairt isteach sa longphort agus gabháil de sgiúir­síbh air, agus é phianadh, chun go bhfaghadh sé amach cad é an chúis go rabhdar ag liúirigh mar sin ’n‑a choinibh. 25Do cheangal­adar Pól le téadaibh. Ansan dubhairt sé leis an dtaois­each céad a bhí ’n‑a sheasamh i n’aice: An bhfuil ceaduigh­the dhaoibh gabháil de sgiúir­síbh ar fhear Rómhánach gan é dhaoradh ar dtúis? 26Nuair a dh’airigh an taoiseach céad an focal san chuaidh sé ag triall ar an dtribiún agus d’innis sé dhó é agus dubhairt sé: Cad é seo a mheasann tú a dhéanamh? Fear Rómhánach iseadh an duine sin. 27Ansan do tháinig an tribiún agus dubhairt sé leis: Innis dom an fear Rómhánach tú? Agus dubhairt seisean: Iseadh. 28D’fhreagair an tribiún: Dhíolas-sa mórán airgid as an bpríbhléid sin a dh’fhághail. Agus dubhairt Pól: Do rugad mise amhlaidh. 29D’imthigh uaidh láith­reach na daoine a bhí chun é phianadh. Tháinig eagla ar an dtribiún féin nuair a fuair sé gur bh’fhear Rómhánach é agus go raibh sé tar éis é cheangal.


30Ansan, lár n‑a mháireach an lae sin, ba mhian leis a dh’fhághail amach níos cruinne cad a bhí ag na Iúdaígh, [ 355 ]’á chur ’n‑a leith, agus do sgaoil sé é, agus d’órduigh sé na sagairt agus an chómh­airle do theacht i bhfochair a chéile agus thug sé Pól amach agus chuir sé os a gcómhair é.


Caibidiol XXIII.

Pól i láthair na cómhairle. Deinid na Iúdaígh ceilg chun é mharbhú. Curtar go Caesaréa é.

1D’fhéach Pól ar an gcómh­airle agus dubhairt sé: A fheara, a bhráithre, tá mo ghnó déanta agamsa i ngach deagh-choínsias, i dtaobh Dé, go dtí an lá so indiu againn. 2Ansan dubhairt an t‑árd-sagart, Ananías, leis na daoine a bhí i n’aice é bhualadh sa bhéal. 3Dubhairt Pól leis, ámhthach: Buailfidh Dia thusa, a fhala [* 29]aolta. Tusa ad shuidhe chun breithe thabhairt ormsa do réir na dlighe, agus, i n‑aghaidh na dlighe, a n‑órduígh­eann tú mé bhualadh? Agus dubhairt na daoine a bhí n‑a seasamh i n'Aice: An ag easgainí ar árdsagart Dé ataoi? 5Agus dubhairt Pól: Ní raibh ’fhios agam, a bhráithre, gur bh’é an t‑árd­shagart é. Óir tá sgríobh­tha: [100]Ná tabhair droch-chainnt d’uachtarán do dhaoine.

6Ach bhí ’fhios ag Pól gur de sna Saddú­cínigh cuid acu agus gur de sna Fairi­sínigh an chuid eile, agus dubhairt sé go h‑árd: A bhráithre, [101]Fairi­síneach iseadh mise, mac Fairisínigh. Is mar gheall ar shúil le h‑ais­eirighe na marbh atáim ar mo thriail. 7Nuair a bhí an méid sin ráidhte aige d’éiright toirmeasg idir na Fairi­sínigh agus na Saddú­cínigh agus deineadh dhá chuid de’n bhuidhin. [102]8Óir deir na Saddú­cínigh ná fuil ais­eirighe ann, ná aingeal, ná spioraid. Agus adamh­uíghid na Fairisínigh gach nídh acu. 9Ansan d’éirigh collóid mhór. Do phreab cuid de sna Fairi­sínigh ’n‑a seasamh agus bhíodar ag aighneas agus deiridís: Ní bhfaigh­míd aon olc sa duine feo. Má labhair spioraid leis, nú aingeal, cad é sin d’aoinne eile sin. 10Ansan, nuair a bhí an sgéal ’n‑a bhruidhin chaor­thainn eatartha [ 356 ]bhí eagal ar an dtribiún go stracfaidís as a chéile Pól, agus d’órduigh sé do sna saigh­diúirí dul síos agus é thógaint uatha agus é thabhairt isteach sa longphort.

11A oidhche ’n‑a dhiaidh san do sheasaimh an Tighearna láimh leis agus dubhairt sé: Bhí seasamh­ach! Fé mar atá fiadhn­uise déanta agat ormsa i n‑Ierú­salem caithfir fiadh­nuise dhéanamh orm sa Róimh.

12Ach nuair a tháinig an lá tháinig rainnt de sna Iúdaígh i bhfochair a chéile agus dhearbh­uighdar ná h‑íosfaidís bia agus ná h‑ólfaidís deoch go dtí go mbeadh Pól marbh acu. 13Bhí breis agus dachad duine acu ann a chuir an dearbhú san ortha féin. 14Ansan thánadar ag triall ar uachtarán­aibh na sagart agus ar na seanóir­íbh agus dubhradar: Tá ceangal fé easgaine curtha againne orainn féin gan aon nídh do bhlaise go marbhuigh­míd Pól. 15Anois, d’á bhrígh sin, cuiridh-se agus an chómhair­le sgéala ag triall ar an dtribiún agus abraidh leis é chur chúghaibh, fé mar a bheadh eólus éigin níos cruinne uaibh ’n‑a thaobh. Táimídne ollamh agus sar a sroisidh sé sibhse beidh sé marbh againn.

16Bhí mac deirbhshéar do Pól ag éisteacht leis an uisge-fé-thalamh. Tháinig sé agus chuaidh sé isteach sa longphort agus d’innis sé do Phól an sgéal. 17Ghlaoidh Pól chuige duine de sna taoiseach­aibh céad agus dubhairt sé leis: Beir an buachaill seo ag triall ar an dtribiún; tá nídh aige le h‑innsint dó. 18Thóg seisean leis é ag triall ar an dtribiún agus dubhairt sé: Dubhairt an príosún­ach, Pól, liom an buachaill seo thabhairt chúghat mar go bhfuil rud aige le rádh leat. 19Do rug an tribiún ar láimh air, agus d’imthigh sé i leith taoibh leis agus chuir sé an cheist chuige: Cad é seo atá agat le h‑innsint dom? 20Agus dubhairt seisean: Tá socair ag na Iúdaígh ar a iarraidh ort Pól do chur ag triall ortha amáireach, chun na cómhairle, mar dh’eadh go dteast­uigheann uatha é cheistiú níos géire ar nídh éigin. 21Ach ná creidse iad. Tá breis agus dachad fear acu ag faire i gceilg air agus tá ceangal fé easgaine[* 30] curtha acu ortha féin gan bia dh’ithe ná [ 357 ]deoch a dh’ól go marbh­uíghid siad é, agus táid siad ollamh anois ag feitheamh leis an ngeall­mhaint uait. 22Do chuir an tribiún uaidh an buachaill agus dubhairt sé leis gan a dh’innsint d’aoinne gur thug sé an méid sin eóluis dó féin.

23Ansan do ghlaoidh sé chuige beirt taoiseach céad agus dubhairt sé leó: Oll­mhuighidh dhá chéad saigh­diúir, agus deich­niubhar a’s trí fichid marcach, agus dhá chéad lucht sleagh, ó’n dtrímhadh h‑uair de’n oidhche, chun dul go Caesaraéa; 24Agus oll­muighidh eacjra iompair ar a gcuirfid siad Pól chun é bhreith slán ag triall ar Fhéilics an Gobher­nóir. 25(Mar bhí eagal air go dtógfadh na Iúdaígh ar éigin é agus go marbhóchaidís é, agus ansan go ndéanfi trom­aidheacht air féin, go ndéarfí go raibh airgead le fághail aige as.) 26Agus do sgríbh sé litir agus dubhairt sé inti:

“Claudius Lusias chun an Ghobhernóra ró-uasail, Féilics, sláinte. 27Do rug na Iúdaígh ar an bhfear so agus bhíodar ar tí é chur chun báis. Do fuaras féin amach gur bh’fhear Rómanach é agus thánag ortha le buidhin airm agus thógas uatha é. 28Ansan theas­tuigh uaim ’fhios a bheith agam cad a bhí acu ’á chur ’n‑a leith agus chuireas i láthair a gcómh­airle féin é. 29Fhuaras gur neithe éigin a bhain le n‑a ndlighe féin a bhí acu ’á chur n‑a leith. agus ná raibh aon choir déanta aige do thuill­feadh bás ná braigh­dineas. 30Ansan do h‑innseadh dom go raibh ceilg déanta acu dhó agus chuireas ag triall ortsa é, agus dubhart leó-san pé nídh a bhí acu le cur ’n‑a leith, é chur n‑a leith ad láthair-se. Slán leat.”

31Ansan do thóg na saighdiúirí leó Pól, fé mar a h‑órd­uígheadh dóibh, sa n‑oidhche, go h‑Anti­patris, 32Agus amáireach a bhí chúghainn do leogadar do’n mharc-shluagh dul leis agus thánadar féin thar n‑ais go dtí an longphort. 33Chuadar-san go Caesaréa agus thugadar an litir do’n Ghobh­ernóir agus chuir­eadar Pól ’n‑a láthair. 34Do léig sé an litir. Ansan d’fhiaf­raigh sé cad é an ceanntar n‑ar bh’ as é, agus nuair a fuair sé gur bh’ ó Chilicia é: 35Éistfead leat, ar seisean, nuair [ 358 ]a thioc­faidh an mhuinntir atá ag cur ad leith. Agus d’órduigh sé é chur fé chimeád i gcúirt Héróid.


Caibidiol XXIV.

Pól ’ghá chosaint féin i láthair Féilics, an Gobhernóir. An creideamh dá mhúineadh aige dhó.

1Ansan, i gcionn chúig lá, tháinig uachtarán na sagart, Ananías, anuas agus cuid de sna seanóir­íbh, agus cainn­teóir dár bh’ainim Tertullus, agus chuadar i láthair an ghobher­nóra i gcoinnibh Phóil. 2Do glaodhadh Pól agus chrom Tertullus ar é dhaoradh: 3Admhuigh­míd i gcómh­nuíghe agus ins gach ball, Agus le buidhchas mór, a Fhéilics oirdheirc, méid na síothchána atá againn de d’bharr-sa agus liacht na néith atá d’á seóladh ar leas tréd’ mhór­chiall. 4Ach, ionus ná cuirfinn a thuille ríghnis ort, iarraim ort éisteacht, de d’cheann­sacht, le beagán focal uainn. 5Fuaramair an fear so, i n’annsgian, ag déanamh toismisg ameasg na n‑Iúdach go léir ar fuid an domhain agus ’n‑á cheann ar an aicme annrianta san, na Nasa­rénách. 6Do mheas sé an teampall do shárú agus do rugamair air agus cheap­amair breith a thabhairt air do réir ár ndlighe. 7Ach tháinig Lusias, an tribiún, agus neart slógh aige agus bhain sé as ár lámhaibh é. 8Agus d’órduigh sé an mhuinntir a bhí ag cur ’n‑a leith do theacht ad’ láthair-se, agus féadfair féin a dh’fhághail uaidh, ad bhreith­eamh, eólus ar na neithibh seo go léir atá againne á chur n‑a leith. 9Ansan d’aontuigh na Iúdaígh mar an gcéadna agus dubhradar go raibh san amhlaidh.

10Ansan d’fhreagair Pól, (óir do bhagair an Gobher­nóir chuige labhairt):

Ó’s eól dom go bhfuilir-se ad bhreitheamh ar an náisiún so le fada ’bhlian­taibh is móide sin is fonn liom sásamh a thabhairt am thaobh féin. Is féidir duit a dh’fhághail amach ná fuil ach dhá lá dhéag ó chuas go Ierúsalem chun adhartha dhéanamh, 12Agus ní bhfuar­adar me [ 359 ]ag aighneas le h‑aoinne sa teampull, ’ná ag cruinniú na ndaoine, ins na sinagóg­aibh, 13Ná ar fuid na catharach; agus ní’l ar a gcumas a thais­beáint duit-se gur fíor na neithe atá acu ’á chur am leith. 14Admhuíghim an méid seo dhuit, ámhthach, i dtaobh na slíghe seo ar a dtugaid siad eiric­eacht, sin mar a dheinimse seirbhís do’n Athair agus do m’Dhia, óir creidim gach uile nídh atá sgríobh­tha sa dlighe agus in sna fáidhibh, 15Go bhfuil mo mhain­ighin agam as Dia, fé mar atá acu so féin, go dtioc­faidh ais­eirighe na ndeagh-dhaoine agus na ndroch­dhaoine. 16Táim féin ag déanamh mo dhíchill áir seo, mo choínsias a chimeád glan i gcomh­nuighe chun Dé agus chun daoine. 17Do thánag tar éis mórán blian chun déarca dhéanamh ar mo dhaoine féin agus chun ofrálach a dhéanamh agus chun móid a chómhlíonadh. [103]18Sa n‑obair sin iseadh do fuaradar me am ghlanadh sa teampull, agus ní le sluagh ná le collóid, 19Ach rainnt Iúdach[* 31] ó Ásia,—agus bhí sé ceart iad san a thabhairt anso ad láthair agus leogaint dóibh neithe chur ain leith má bhí aon rud am choinnibh acu. 20Nú abraidís seo féin é, má fuaradar aon chionn­tacht ionam nuair a bhíos am sheasamh i láthair na cómhairle, 21Ach an t‑aon fhocal amháin úd a labhras amach agus me am sheasamh eatartha: [104]Is i dtaobh ais­eirighe na marbh atá breith agaibhse ’á thabhairt ormsa indiu.

22Ansan do chuir Féilics ar cáirde iad, óir do thuig sé go cruinn i dtaobh na slighe sin agus dubhairt sé: Nuair a thioc­faidh Lusias, an tribiún, anuas éistfead libh Agus d’órduigh sé do’n taoiseach céad eisean do chimeád agus suaimh­neas a thabhairt dó agus gan aoinne d’á mhuinntir a chosg ar fhri­thálamh a dhéanamh air.

24Ansan, tar éis suim laethanta, tháinig Féilics agus a bhean, Drúsilla,—Iúdach ab eadh í,—agus ghlaoidh sé chuige Pól agus d’éist sé le tuairisg uaidh ar an gcreid­eamh atá i n‑Íosa Críost. 25Agus bhí sé ag léiriú dhó ar cheart agus ar gheanm­naidheacht, agus ar an mbreith­eamhantas atá le teacht, agus tháinig crith­eagla ar Fhéilics agus dubhairt sé: Imthigh anois, ach nuair a [ 360 ]bheidh caoi agam cuirfead fios ort. 26Sa n‑am gcéadna bhí sé ag brath air go dtabhar­fadh Pól rainnt airgid dó, agus uime sin chuir sé fios go minic air agus dhein sé cainnt leis.

27Ach d’imthig dhá bhliain, agus tháinig Portius Féstus i n‑inead Fhéilics. Agus mar shásamh ar na Iúdaígh d’fhág Féilics Pól sa phríosún.


Caibidiol XXV.

Caesar dhá ghairm ag Pól. Is áil le h‑Agrippa, an Rí, éisteacht leis.

1Trí lá tar éis teacht d’Fhéstus sa cheanntar chuaidh sé suas ó Chaesaréa go Ierúsalem. 2Agus tháinig uachtar­áin na sagart agus uaisle na nIúdach ag triall air i gcoinnibh Póil agus bhíodar a d’iarraidh achain­íghe air, 3A d’iarraidh go mbeadh sé fábh­ramhail dóibh ’n‑a choinnibh, go n‑órdóchadh sé é thabhairt go Ierúsalem, agus bhí ceilg déanta acu chun go marbhóch­aidís é ar an slighe. 4Ach dubhairt Féstus go gciméadfí Pól i gCaesaréa agus go mbeadh sé féin ag dul ann go luath. 5Agus, ar seisean, na daoine ar bhúr measg-sa atá ábalta air, téidís síos i n‑aon­fheacht liom agus má tá coir déanta ag an nduine cuiridís ’n‑a leith í.

6Níor fhan sé ’n‑a measg ach ocht lá nú deich lá ’n‑a dhiaidh san, agus chuaidh sé síos go Caesaréa agus an lá n‑a dhiaidh san do shuidh sé sa tribúnal agus d’órduigh sé Pól a thabhairt ’n‑a láthair. 7Do tugadh, agus do sheasaimh ’n‑a thímpal na daoine tháinig anuas o Íerúsalem, agus chuir­eadar a lán neithe troma ’n‑a leith, ach níor fhéadadar iad a dheimhniú, 8Mar dhein Pól iad do fhreag­airt: Ní’l coir déanta agam i n‑aghaidh dlighe na nIúdach, ná i n‑aghaidh an teampuill, ná i n‑aghaidh Chaesair. 9Ba mhian le Féstus, ámh, comaoine chur ar na Iúdaígh agus dubhairt sé, ag freagairt Phóil: An maith leat dul suas go Ierúsalem agus go dtabharfí breith ort ansan am láthair-se, i dtaobh na neith seo? Annsan dubhairt Pól. 10Táim am sheasamh ag tribiúnal Chaesair. Is [ 361 ]ann is ceart bhreith do bhreith orm. Ní’l coir déanta i n‑aghaidh na nIúdach agam, mar is eól duit-se go dian­mhaith. 11Má tá coir déanta agam, ná aon nídh do thuill­feadh bás, ní’l aon chur i gcoinnibh an bháis agam; ach mura bhfuil aon nídh amhlaidh, de sna neithibh seo atá acu á chur am leith, ní’l ar chumas aon duine mé thabhairt suas dóibh. Gairmim Caesar. 12Ansan do labhair Fértus leis an gcómh­airle, agus d’fhreagair sé: Do ghairmis Caesar; go Caesar a raghair.

13Agus nuair a bhí rainnt laethanta curtha dhíobh acu chuaidh Agrippa, an rí, agus Bernicé, síos go Caesaréa, ag fáiltiú roimh Fhéstus. 14Dhein­eadar ríghneas ann ar feadh mórán laethanta agus d’innis Féstus do’n rí i dtaobh Phóil: Fear, ar seisean, a dh’fhág Féilics anso ’n‑a phríosúnach, 15Agus nuair a bhíos i nIerú­salem tháinig uachtar­áin agus seanóirí na nIúdach chúgham ghá iarraidh orm é dhaoradh chun báis. 16Dubhart leó nách é béas na Rómhánach aon duine dhaoradh chun báis gan lucht a chionn­tuighthe thabhairt os a chómhair agus caoi thabhart dó ar é féin do chosaint agus ar é féin do ghlanadh ar na coirthe. 17Ach do thánadar anso láith­reach, agus amáireach a bhí chúghainn do shuídheas sa tribiúnal agus d’órd­uigheas an fear a thabhairt am láthair. 18Ansan d’eirigh na cionn­tuigh­theóirí ach níor chuir­eadar aon rud ’n‑a leith n‑ar fhéadas aon drochnídh dh’fheisgint ann. 19Ach bhí ceisteana éigin acu ’n‑a choinnibh a bhain le pé deis­mireacht creidim atá acu féin, agus i dtaobh Íosa éigin a fuair bás agus go raibh Pól ’ghá rádh é bheith beó. 20Níor mhaith liom féin aon bhaint a bheith agam le nídh de’n tsórd san agus d’fhiaf­raigheas de ar mhaith leis dul go Ierúsalem chun go dtabharfí breith air ins na neithibh sin, 21Ach do dhein Pól gairm, go gcimeádfí é chun go n‑aireóch­adh Augustus a chúis, agus d’ord­uigheas é chimeád go gcuirfead ag triall ar Chaesar é.

22Ansan dubhairt Agrippa le Féstus: Ba mhaith liom féin, leis. an fear san do chloisint. Cloisfir amáireach é, ar seisean.

23Amáireach a bhí chúghainn tháinig Agrippa agus Bernícé agus léathadh mór futha, agus chuadar isteach sa [ 362 ]halla éist­eachta, iad féin agus na tribiúin agus maithe móra na catharach, agus d’órduigh Féstus Pól a thabhairt ’n‑a láthair. 24Ansan dubhairt Féstus: A rí Agrippa agus a fheara uile atá againn anso, chíonn sibh an duine sin. Nuair a bhíos i nIerú­salem tháinig an pobul Iúdach go léir chúgham ’ghá iarraidh orm agus ’ghá rádh i nguth­anaibh árda nár cheart é bheith beó a thuille. 25Ach níos fhéadas féin a dh’fheisgint go raibh aon rud déanta aige do thuill­feadh bás. Ach do ghairm sé féin Augustus agus tá socair agam ar a chur chuige. 26Ní’l aon nídh cruinn agam, ámh, le sgrí ’n‑a thaobh ag triall ar mo thigh­earna. Uime sin do thugas anso chúghaibh-se é, agus chúghat-sa go mór mór, a rí Agrippa, go gceist­eóchadh sibh é agus go mbeadh rud agam a sgrífinn. 27Óir measaim gur obair mhí-réasúnta cime chur uaim agus gan a dh’innsint cad ’tá ’n‑a choinnibh.


Caibidiol XXVI.

Cúntas ag Pól dhá thabhairt d’ Agrippa ar a bheatha, ar conus a h‑iom­puighead chun an chreidimh é, agus ar an obair a bhí le déanamh aige.

1Ansan dubhairt Agrippa le Pól: Tá cead cainnte ar do shon féin agat. Do shín Pól a lámh agus chrom sé ar a sgéal a dh’innsint.

2Is maith an bhail orm, dar liom, a rí Agrippa, gur ad láthair-se atá orm mé féin a chosaint indiu ar na neithibh seo go léir atá ag na Iúdaígh ’á chur am leith, 3Go mór mór, toisg eolus a bheith agat ar na nósaibh agus ar na ceist­eanaibh atá ameasg na n‑Iúdach. Uime sin iarraim ort éisteacht go foidh­neach liom.

4Tá aithne ag na Iúdaígh go léir ar an saghas beatha chaitheas ó m’óige, óir is ameasg mo náisiúin féin i nIerú­salem a chaitheas í. 5Tá fhios acu, (dá mba mhaith leó é d’innsint i bhfiadh­nuise), gur mhaireas, do réir na h‑aicme is deimhnigh­thíghe i n‑ár gcreid­eamh, am Fairi­síneach. 6Agus tá breith ’á thabhairt orm anois mar gheall ar an mainighin atá agam as an ngeall­amh[ 363 ]aint a thug Dia d’ár n‑aith­reachaibh, 7An gheall­amhaint sin go bhfuil an dá threibh déag againn, atá ann, ag déanamh réir Dé do ló agus d’oidhche, ag brath ar í dh’fhagháil. Isí an mhain­ighin sin atá ag na Iúdaígh ’á chur am leith-se, a rí. 8Cad ’n‑a thaobh nách féidir, dar libhse, a chreid­eamhaint go n‑aith­bheódhann Dia na mairbh?

9Bhí sé buailte isteach am aigne-se féin go raibh ceangail­te orm mórán neithe dhéanamh i gcoinnibh ainime Íosa Nasareit. 10[105]Agus do dheineas, i nIerú­salem. Chuireas mórán daoine naomhtha isteach i bpríosún­aibh. Fuaras úghdarás ó uachtarán­aibh na sagart agus nuair a bhídís (na naoimh) le cur chun báis is mise thugadh an t‑órdú liom chuige. 11Agus ins na sinagóg­aibh go léir bhínn go minic ag cur pionóis ortha, agus chuirinn fhiach­aibh ortha diamhas­ladh déanamh, agus do méaduigh­eadh mo bhuile ’n‑a gcoinnibh i dtreó go mbínn ’ghá ngéar­lean­mhaint isteach ins na catharach­aibh iasachta féin.

12[106]Agus bhíos ag dul go Damascus ar an inntinn sin agus úghdarás agus cead agam ó uachtarán­aibh na sagart, 13Agus, a rí, do chonnac ar an slighe i lár an lae, ag taith­neamh am thímpal agus tímpal ar na daoine a bhí le m’chois, solas as na flathais agus é níos treise ná solus na gréine. 14Agus thuit­eamair go léir chun tailimh, agus d’airigheas-sa an guth ag labhairt liom sa teangain Eabhra: A Shaul, a Shaul, cad chuige dhuit bheith ’am ghéar­lean­mhaint? Is deacair duit bheith ag speach­uíol i n‑aghaidh an phrioc­aire.

15Agus dubhart-sa: Cia h‑é thú, a Thighearna? Agus dubhairt an Tighearna: Mise Íosa atá agat d’á ghéar­lean­mhaint. 16Ach eirigh agus seasaimh ar do chosaibh, óir is chuige thais­beánas mé féin duit chun go ndéan­fainn díot seirbhís­each agus finné ar na neithibh a chonnaic­ís agus ar na neithibh ’na bhfeicfis mé, 17’Gat thabhairt saor ó’n bpobul agus ós na geinte na bhfuilim ’ad chur chúcha anois, 18Chun a súl a d’osgailt dóibh ionus go n‑iompóch­aidís ó’n ndoir­cheacht chun an tsoluis agus ó chómhacht Shátain chun Dé, ionus go bhfaighdís maith[ 364 ]eamh­nachas peacaí agus inead ameasg na naomh tríd an gcreid­eamh atá ionamsa.

19Dá bhrígh sin, a rí Agrippa, níor thugas-sa diúlta do’n radharc ó neamh, 20[107]Ach do chraobh­sgaoileas é, do’n mhuinntir atá i nDamascus ar dtúis, agus i nIerú­salem, agus i gcrích Iudaea ar fad, agus do sna Geintibh, ionus go ndéan­faidís aithríghe agus go n‑iompóch­aidís ar Dhia, ag déanamh dion­gabhála na h‑aithrighe d’oibrea­chaibh. 21Mar gheall air sin iseadh [108]do rug na Iúdaígh orm nuair bhíos sa teampull agus mheasadar mé mharbhú. 22Ach do chabh­ruigh congnamh Dé liom agus táim am sheasamh go dtí an lá indiu, ag déanamh fiadh­nuise do bheag a’s do mhór, gan aon rud do rádh lasmuigh de sna neithibh adubhairt na fáidhe a bhí le teacht agus Maois, 23Go ndéanfadh Críost fulag agus gur b’é an chéad duine é d’eireó­chadh ós na mairbh agus do nochtfadh an solus do’n phobul agus do sna Geintibh.

24Le linn na cainnte sin do rádh dhó agus é ghá chosaint féin dubhairt Féstus do ghuth árd: As do mheabhair ataoi, a Phóil. Tá iomad léighinn ’ad chomáint as do mheabhair. 25Nílim as mo mheabhair, a Fhéstuis oirdheirc. Táim ag innsinnt na fírinne gan bhaois. 26Tá eolus ar na neithibh seo ag an rí atá ag éisteacht le m’chainnt gan sgáth; óir ní mheasaim gur féidir aon nídh acu bheith lasmuigh d’á eólus. Ní h‑i gcúinne a deineadh aon nídh acu. 27An gcreid­eann tú na fáidhe, a rí Agrippa? Tá ’fhios agam go gcreid­eann tú. 28Ansan dubhairt Agrippa le Pól: Is beag ná go n‑áitígh­eann tú orm iompáil am Chríost­aídhe. 29Agus dubhairt Pól: Go dtugaidh Dia dhom, ’n‑a bheag a’s ’n‑a mhór, ní h‑amháin tusa ach gach a bhfuil de dhaoinibh anso ag éisteacht liom d’iompáil ar an gcuma san agus iad a bheith mar mé féin, ach gan na slabhraí seo bheith ortha.

30Ansan d’eirigh an rí agus an gobher­nóir agus Bernícé agus a raibh ’n‑a suidhe ’n‑a bhfochair. 31Agus d’im­thíghdar i leith taoibh agus bhíodar ag cainnt, agus dubhradar: Ní’l aon rud déanta ag an nduine sin a [ 365 ]thuill­feadh bás ná braigh­dineas dó. 32Agus dubhairt Agrippa le Féstus: D’fhéadfí an duine sin do leogaint chun siúbhail mura mbeadh gur ghairm sé Caesar.


Caibidiol XXVII.

Curtar Pól ar bórd luinge chun dul sa Róimh. A thaisteal agus a long­bhrise.

1Ansan, do socaruigheadh ar dhul ar uisge go dtí an Eadáil agus ar Phól agus na príosún­aigh eile thabhairt ar láimh do thaois­each céad dár b’ainim Iúlius, de bhuídhin Augustuis, [109]2Agus chuamair ar bórd luinge Adrumé­tíghe, chun go seól­faimís fan chiumhais trágha na h‑Ásia, agus thógamair ár seólta. Agus d’fhan i n‑ár bhfochair Aris­tarcus an Mace­donach, ó Thessa­loníca.

3Thánamair an lá ’n‑a dhiaidh san go Sídón. Agus Iúlius ceannsa le Pól agus do leog sé dhó dul chun a cháirde agus aire thabhairt dó féin. 4Ansan d’fhágamair an áit sin agus sheól­amair ar sgáth Chúpruis mar bhí an ghaoth i n‑ár gcoinnibh. 5Agus sheól­amair tré fharaige Chilicia agus Pham­philia, agus thánamair go dtí Lustra, atá i Lucia, 6Do fuair an taoiseach céad, sa n‑áit sin, long Alecsan­dríneach a bhí ag dul san Eadáil agus chuir sé uirthi sinn.

7Ansan bhíomair ag gluaiseacht go ríghin ar feadh mórán laethanta gan teacht ach ar aghaidh Chniduis, mar bhí an ghaoth ’ghár gcosg, agus sheól­amair i gcómhgar do Chréta, lámh lé Salmóné. 8Do sheol­amair thar an áit sin, agus ba dheacair é, agus thánamair go dtí áit ar a dtugtí Deagh­chuanta, i n‑aice le cathair Talassa.

9Ansan bhí mórán aimsire caithte agus bhí taisdeal faraige contabhar­thach mar bhí aimsir an trosgaidh imighthe, agus bhí Pól ag tabhairt cómhairle a leasa dhóibh, 10’Ghá rádh leó: A fheara, chím go bhfuil trácht na faraige ag tusnú ar bheith ana-dhíobhálach agus ana-chontabhar­thach, ní h‑amháin do’n luing agus do’n méid [ 366 ]ualaigh atá inti ach d’ár n‑anam féin chómh mait. 11Ach ba mhó an tsuim a chuir an taoiseach céad i ngiolla na luinge agus i máigh­istir na luinge ’ná i gcainnt Phóil. 12Agus toisg gan an cuan san a bheith oireamh­nach go maith chun an gheimh­ridh a chaith­eamh ann do chómhair­ligh an chuid ba mhó dhíobh imtheacht as agus féachaint an bhféad­faidís dul agus an geimh­readh chaith­eamh i bhFoenícé, cuan de chuan­taibh Chréta atá ag féachaint siar ó dheas agus siar ó thuaidh.

13Do shéid an ghaoth andeas dóibh agus mheasadar go raibh gach nídh ar a dtoil acu agus ghluais­eadar ó Assan agus san chiumhais trágha Chréta. 14Ach go luath ’n‑a dhiaidh san d’eirigh n‑a coinnibh go stoirm­eamhail an ghaoth ar a dtugtar Euro­acuiló. 15Do sguabadh chun siúbhail an long mar níor féad sí cur i gcoinnibh na gaoithe, agus do sgaoil­eadh leis an ngaoith sinn. 16Do comáin­eadh isteach sinn fé sgáth oileáin dár bh’ainim Cauda, agus is ar éigin fhéad­amair an bád do thógaint chúghainn; 17Do thógadar é agus dhein­eadar úsáid de chabhar­thaibh agus chuir­eadar fúnsaí fé’n luing; agus le h‑eagla go dtuit­fidís isteach sa bheó-ghainimh do leagadar na seólta, agus bhíodar ag imtheacht ar an gcuma san. 18An lá ’n‑a dhiaidh san dhein­eadar caitheamh amach, óir bhíomair ghár suathadh go ró-mhór leis an stoirm. 19Agus an trímhadh lá do chaith­eadar amach le n‑a lámhaibh féin gléas na luinge. 20Ansan bhíomair mórán laethanta gan grian na réiltín a dh’fheisgint, agus stoirm nár bheag ag bagairt orainn, i dtreó go raibh gach súil le n‑ár dteacht slán imighthe.

21Agus ansan, tar éis iad a bheith abhfad gan bia chaith­eamh, do sheasaimh Pól eatartha agus dubhairt sé: A fheara, is mairg nár glacadh mo chómh­airle-se agus gan imtheacht ó Chréta, agus dul ó’n ndíobháil seo agus ó’n gcaill­eamhaint seo. 22Agus anois iarraim oraibh misneach a bheith agaibh. Ní caillfar aon duine agaibh, ach an long amháin. 23Óir do sheasaimh taoibh liom anocht aingeal Dé, n‑ar leis mise agus dá ndeinim seirbhís, 24Agus dubhairt sé: Ná bíodh eagal ort, a Phóil. Ní foláir duit seasamh i láthair Chaesair; agus féach, gach a bhfuil de dhaoine ar aon luing leat táid siad [ 367 ]bronnta ag Dia ortsa. 25D’á bhrígh sin glacaidh mis neach, a fheara; óir creidim-se ó Dhia, fé mar a dubhradh liom, gur mar sin a bheith. 26Ach ní foláir dúinn dul isteach ar oileán áirithe.

27Ach nuair a tháinig an ceathrmhadh oidhche déag orainn agus sinn ag imtheacht sa n‑Adria tímpal an mheadhon oidhche, mheas na máirnéal­aigh go bhfeac­adar tír éigin. Do leoghadar síos an luadh agus fuaradar fiche feádh ar doimhneas, agus nuair a dhruid­eadar tamall beag ó’n áit sin fuaradar chúig feádh dhéag. 29Bhí eagal ortha go raighmís i n‑áit gharbh agus chuir­eadar amach cheithre h‑ancairí ó’n stiúir, agus b’é b’fhada leó go mbeadh sé ’n‑a lá. 30Ansan do mheas na máirnéal­aigh teithe as an luing. Do leogadar síos an bád, mar dh’eadh gur theast­uigh uatha ancairí chur amach ó thusach na luinge. 31Ach dubhairt Pól leis an dtaois­each céad agus leis na fir armtha: Mura bhfanaid siad san sa luing ní féidir daoibh-se dul slán. 32Ansan do ghearr na saigh­diúirí téada an bháid agus do leogadar dó tuitim sa n‑uisge.

33Agus nuair a thusnuigh an solus ar theacht d’iarr Pól ortha go léir bia chaith­eamh, agus dubhairt sé: Sidé an ceathr­mhadh lá déag agaibh ag feitheamh agus sibh i nbhúr dtrosgadh, gan aon nídh a thógaint. 34D’á bhrígh sin iarraim oraibh anois bia do chaith­eamh ar son bhúr sláinte, óir ní caillfar oiread agus ruibe gruaige de cheann aon duine agaibh. 35Nuair a bhí am méid sin ráidhte aige do thóg sé arán agus ghaibh sé buidhchas le Dia os a gcómhair go léir, agus bhris sé an t‑arán agus chrom sé ar ithe. 36Ansan tháinig suaimh­neas aigne ortha go léir agus thógadar an bia. 37Dá chéad duine agus sé dhuine dhéag a’s trí fichid againn iseadh a bhí sa luing ar fad. 38Nuair a bhí a ndóthin bídh ithte acu chaith­eadar an chruith­neacht amach sa bhfaraige chun na luinge d’éadtromú.

39Ansan, nuair a bhí sé ’n‑a lá, níor aithnighdar an tír. ach thugadar fé ndeara bléin ’na raibh tráigh inti agus cheapadar, d’á mb’ fhéidir é, go sádh­faidís an long isteach inti. 40Ansan do thógadar na h‑ancairí agus do sguradar na stiúir­eana agus d’árd­uighdar an [ 368 ]seól mór chun na gaoithe agus do ghluais­eadar leis an bhfaraige, ach do stiúr­uighdar í fé dhéin na trágha. 41Do thuit­eamair isteach i n‑áit a bhí idir dhá fharaige agus do buaileadh an long uim thalamh i dtreó go raibh a tusach daingean agus gur bhris neart na faraige a deire.

42Ansan do mheas na saigh­diúirí na príosúnaigh a chur chun báis le h‑eagla go snámhfadh cuid acu agus go n‑imtheóchaidís. 43Ach ní leogfadh an taoiseach céad dóibh é, mar theast­uigh uaidh Pól do bhreith saor, agus d’órduigh sé do’n mhuinntir go raibh snámh acu iad féin do chaith­eamh amach ar dtúis agus iad féin a shábháil agus dul i dtír. 44Agus do rugadh an chuid eile amach, cuid acu ar chlár­achaibh agus cuid acu ar neithibh a bhain leis an luing. Agus mar sin do thárla go ndeagh­aidh gach duine acu beó amach ar an dtalamh tirim.


Caibiol XXVIII.

Pól i Melita ar feadh trí mhí. A tha steal airís ar an bhfaraige. A teacht chun na Rómha. A chómhrádh leis na Iúdaígh a bhí sa chathair.

1Agus ansan nuair a bhíomair tar éis dul slán fuaramair amach gur Melita a tugtí ar an oileán. Do ghlac na daoine iasachta san go ceannsa sinn. 2Do lasadar teine agus chuir­eadar compórd orainn, mar bhí fear­thainn ag teacht agus bí fuacht ann. 3Ansan bhí Pól tar éis rainnt adhmaid chrín do bhailiú agus do chur ar an dteine, agus do léim athair nimhe, ag teithe ó’n dteas, agus do rug sí ar láimh air. 4Nuair a chonnaic na daoine iasachta an phiast ar sile as a láimh dubhradar le n‑a chéile: Is amhlaidh a mhairbh sé duine agus bíodh go dtáinig sé saor ó’n bhfaraige ní leogtar beó ó’n ndíoltas é. 5Ansan do chroth seisean an phíast isteach sa teine agus ní raibh aon díobháil déanta dhó. 6Ach mheasadar go dtus­nóchadh sé ar at agus go dtuit­feadh sé marbh gan mhoill. Bhíodar ag feitheamh leis sin, ach nuair a chonna­cadar ná raibh aon nídh ag imtheacht air d’athar­uighdar a n‑aigne agus dubhradar gur dhia éigin é.

[ 369 ]7Sa n‑áit sin iseadh bhí talamh an fhir a bhí n‑a cheann ar an oileán. Publius ab ainim dó. Do ghlac sé sinn agus chuir sé cóir orainn go fial ar feadh trí lá. 8Agus do thárla go raibh athair Phublius ’n‑a luighe le h‑éagcruas agus le teinneas cuirp. Chuiadh Pól isteach ag triall air agus dhein sé guidhe ar a shon agus chuir sé a lámha air agus do leighis sé é. 9Ansan, gach a raibh de dhaoine ar an oileán go raibh gearánta ortha thánadar agus do leigh­iseadh iad. 10Agus thugadar onóir mhór dúinn, agus nuair a bhíomair chun dul ar luing thugadar dúinn na neithe a bheadh ríacht­anach dúinn.


11Tar éis trí mhí do ghluaiseamair, ar luing Alecsan­dínigh a bhí tar éis an gheímh­ridh a chaith­eamh ag ah oileán. Agus na Castóirí an suath­antas a bhí uirthi. 12Agus thánamair go Suracúsa agus d’fhanamar trí lá ann. 13Ó’n áit sin do sheól­amair tímpal fan na tíre agus thanamair go dtí Régium, agus tar éis aon lae amháin do shéid an ghaoth andeas agus thánamair go Puteolí. 14Fuaramair bráithre sa n‑áit sin agus d’iarradar orainn fanmhaint ’n‑a bhfochair agus d’fhanamair seacht lá. Agus ansan thánamair go dtí an Róimh. 15Agus as san, nuair airigh na bráithre é, do chruinn­íghdar chúghainn go Forum Appiuis agus chun na dTrí dTabh­airne, agus nuair a chonnaic Pól iad thug se buidhchas do Dhia agus tháinig misneach dó.

16Agus nuair a bhíomair tagaithe chun na Rómha do tugadh cead do Phól fanmhaint i n’áit chómh­nuighthe féin agus fear cimeádta, armtha, i n’fhochair.

17Ansan, tar éis an trímhadh lae, do ghlaoid sé chuige maithe na nIúdach. Nuair a thánadar i bhfochair a chéile dubhairt sé leó: A fheara, a bhráithre, do tugadh mise gabhtha, ó Ierúsalem, i lámhaibh na Rómhánach, agus gan aon nídh agam ’á dhéanamh i gcoinnibh na ndaoine ná i gcoinnibh nós ár sínsear. 18Do thrial­adar me agus bhíodar chun me leogaint saortoisg ná fuaradar aon chúis bháis ionam. 19Ach do chuir na Iúdaígh ’n‑a choinnibh sin i dtreó go mb’ éigin dom Caesar do ghairm, agus ní h‑amhlaidh a bhí aon nídh agam le cur i leith mo náisiúin [ 370 ]féin. 20Siné cúis n‑ar iarras sibhse a dh’fheisgint agus labhairt libh. Mar gheall ar an ndóchas atá i n‑Israél iseadh atá an slabhra so casta ormsa. 21Agus dúbhradar-san leis: Ní bhfuar­amair-ne litreacha ad thaobh ó Iúdaéa, ná níor tháinig aoinne de sna bráith­ribh ag innsint ná ag labhairt aon droch-nídh ad thaobh. 22Ach iarraimíd ort a dh’innsint dúinn cad is dóigh leat; óir i dtaobh na h‑aicme seo, is eól dúinn go bhfuil­tear ag gabháil ’n‑a gcoinnibh ins gach aon bhatt.

23Ansan do cheapadar lá dhó, agus tháinig a lán acu go dtí an lóisdín chuige, agus do mhínigh sé dhóibh rígheacht Dé agus thug sé fiadh­nuise dhóibh air. Agus bhí sé ó’n maidin go dtí an tráthnóna ag cur ’n‑a luighe ortha i dtaobh Íosa, a’ dlighe Mhaoise agus as na fáidhibh. 24Agus do chreid cuid acu ins na neithibh a dubhradh, agus bhí cuid acu, ámhthach, nár chreid. 25Agus bhíodar ag imtheacht gan bheith ar aon-aigne, i dtreó go ndubhairt Pól an t‑aon fhocal amháin: Is maith adubhairt an Spioraid Naomh é le n‑ár n‑aith­reachaibh tré bhéal an fháidh Isáias, 26Mar a ndeir sé: [110]Imthigh ag triall ar an bpobul san agus abair leo: Cloisfidh sibh leis an gcluais agus ní thuigfidh sibh, agus chídhfidh sibh leis an súil agus ní thabhar­faidh sibh fé ndeara; 27Óir tá croidhe an phobuil seo tuitithe i bhfeóil, agus le n‑a gcluas­aibh dhein­eadar éisteacht dhúr, agus do dhúnadar a súile, le h‑eagla go bhfeic­fidís le n‑a súilibh agus go n‑aireóch­aidís le n‑a gcluas­aibh agus do dtuig­fidís le n‑a gcroidhe agus go n‑iompóch­aidís agus go slánóch­ainn iad. 28Dá bhrígh sin bíodh agaibh fios an méid seo, go bhfuil an slánú so ó Dhia d’á chur ag triall ar na Geintibh, agus éistfid siad leis. 29Nuair a bhí an méid sin ráidhte aige d’imthigh na Iúdaígh amach uaidh, agus aighneas mór acu eatartha féin.

30Ansan d’fhan sé dhá bhliain ar fad ’n‑a thigh féin, agus ghlac sé gach aoinne do tháinig ag triall air. 31Agus rígheacht Dé aige ’á chraobh­sgaoile, agus é ag múine na neith a bhaineann leis an dTigh­earna Íosa Críost le lán-mhisneach agus gan chosg.

Nótaí
  1. Lúc. xxiv. 49; Eóin xiv. 26.
  2. Mait. iii. 11; Marc. i. 8; Lúc. iii. 16; Eóin i. 20.
  3. Infra ii. 2.
  4. Lúc. xxiv. 28
  5. Salm. xl. 10; Eóin xiii. 18.
  6. Mait. xxvii. 7.
  7. Salm. lxviii. 26.
  8. Salm. cviii. 8.
  9. Mait. iii. 11; Marc. i. 8; Lúc. iii. 16; Eóin vii. 39; Supra i. 8; Infra 16 agus xix. 6.
  10. Ióél ii. 28; Isáias xliv. 3.
  11. Ióél ii. 32l Rómh. x. 13.
  12. Salm. x. 8.
  13. 3 Rígh, ii. 10.
  14. Salm. cxxxi. 11.
  15. Salm. xv. 10; Infra xiii. 35.
  16. Salm. cix. 1.
  17. Mait. xxvii. 20; Marc. xv. 11; Lúc. xxiii. 18; Eóin xvii. 40.
  18. Deut. xvii . 15.
  19. Gen. xii. 3.
  20. Salm. cxvii. 22; Isaias xxviii 16; Mait. xxi. 42; Marc. xii. 10; Lúc. xx. 17; Rómh. ix. 32; Pead. ii 7.
  21. Salm. ii. 1.
  22. Gen. xii. 2.
  23. Gen. xv. 13.
  24. Gen. xvii. 10.
  25. Gen. xxi. 2.
  26. Gen. xxv. 25.
  27. Gen. xxix. 32 agus xxxv. 22.
  28. Gen. xxxvii. 28.
  29. Gen. xli. 37.
  30. Gen. xlii. 2.
  31. Gen. xlv. 3.
  32. Gen. xlviii. 5.
  33. Gen. xlix. 32.
  34. Gen. xxiii. 16 agus l. 5 agus 13; Ios. xxiv. 32.
  35. Exod. i. 7.
  36. Exod. ii. 2.
  37. Exod. ii. 12.
  38. Exod. ii. 13.
  39. Exod. iii. 2.
  40. Exod. vii. 8, ix. 10, agus xi. 4.
  41. Deut. xviii. 15.
  42. Exod. xx 3.
  43. Exod. xxxii. 1.
  44. Exod. v. 35.
  45. Exod. xxv. 40.
  46. Isáias lxvi. 1.
  47. a.d. 33
  48. Isáias liii. 7.
  49. Gal. i. 13.
  50. Infra xxii. 6, xxii. 10, xxvi. 12; 1 Cor. xv. 8, 2 Cor. xii. 2.
  51. Infra xxii. 12.
  52. 2 Cor. xi. 32.
  53. Deut. x. 17; 2 Par. xix. 7; Iób xxxiv. 19; Eagna vi. 8; Eccli. xxxv. 15; Rómh. ii. 11; Gal. ii. 6; 1 Pead. i. 17.
  54. Lúc. iv. 14.
  55. Ierem. xxxi. 34.
  56. Mait. iii. 11; Marc. i. 8; Lúc. iii. 16; Eóin. i. 26.
  57. Supra xi. 30.
  58. a.d. 42.
  59. Exod. i. 1
  60. Exod. xiii. 21 agus 22.
  61. Exod. xvi. 3.
  62. Iosue xiv. 2.
  63. Breith. iii. 9.
  64. 1 Rígh. viii. 5.
  65. 1 Rígh. xiii. 14 agus xvi. 3.
  66. Salm. lxxxviii. 21.
  67. Isaias xi. 1.
  68. Mait. iii. 1; Marc. i. 4; Lúc. iii. 3.
  69. Mait. iii. 11; Marc. i. 7; Eóin i. 27.
  70. Mait. xxvii. 20 agus 33; Marc. xv. 13; Lúc. xxiii. 21 agus 23; Eóin xix. 15.
  71. Mait. xxviii.; Marc. xvi.; Lúc. xxiv.; Eóin xx.
  72. Salm. ii. 7.
  73. Isáias lv. 3.
  74. Salm. xv. 10.
  75. 3 Rígh. ii. 10.
  76. Habac. i. 5.
  77. Isáias xlix. 6.
  78. Mait. x. 14; Marc. vi. 11; Lúc. v. 9.
  79. Supra xiii. 1.
  80. Gen. i. 1; Salm. cxlv. 6; Apoc. xiv 7.
  81. Supra x. 20.
  82. Supra x 45
  83. Amos ix. 11.
  84. Supra xiii. 27.
  85. Ver. 29. “Ná fuil, na feóil a tachtadh.” Neithe iad san a bhí neamhdhíobhálach ionta féin ach do coisgeadh an uair sin iad i dtreó gur bh’usaide na Iúdaígh do mhealladh chun cómh­luadair leis na geintibh agus tathaighe thabhairt do sna geintibh ar bheith freagar­thach. Níor lean an cosg ach tamall, ámhthach, agus tá sé imighthe le fada riamh, go mór mór a h‑eagail­sibh an taoíbh thiar de’n Eúróip.
  86. Supra xiii. 13.
  87. 2 Cor. xi. 25; Phil. i. 13; 1 Tess. ii. 2.
  88. Gen. i. 1.
  89. Supra vii. 48.
  90. Num. vi. 18; Infra xxi. 24.
  91. Mait. iii. 11; Marc. i. 8; Lúc. iii. 16; Eóin i. 26; Supra i. 5 agus ix. 16.
  92. Cor. iv. 12 ; 2 Tess. iii. 8.
  93. Supra vi. 5.
  94. Num vi. 18; Supra, xviii. 18.
  95. Supra xv. 20 agus 29.
  96. Supra viii. 3.
  97. Supra ix. 2.
  98. Supra viii. 3.
  99. Supra vii. 57.
  100. Exod. xxii. 28.
  101. Phil. iii. 5.
  102. Mait. xxii. 23.
  103. Supra xxi. 26.
  104. Supra xxiii. 6.
  105. Supra viii. 3.
  106. Supra ix. 2.
  107. Supra ix. 20.
  108. Supra xxi. 31.
  109. 2 Cor. xi. 25.
  110. Isaias vi. 9; Mait. xiii. 14; Marc. iv. 12; Lúc. viii. 10; Eóin xii. 40; Rómh. xi. 8.


Mínithe
  1. Ver. 23 “A’ cómhairle chinnte,” ⁊rl. Do thoirbhir Dia a Mhac, agus do thoirbhir an Mac é féin, tré ghrádh dhúinne, agus chun sinn do shábháil. Agus dá dheas­gaibh sin nídh naomhtha ab eadh Críost do thoir­bhirt, agus níbh ab eadh é ar ar chinn Dia féin. Ach an mhuinntir a bhrath é agus do chéas é dhein­eadar malluigh­theacht; mar dhein­eadar do réir a ndroch-aigne féin agus do réir aigne an diabhail a bhí ag séideadh fútha; agus ní do réir cinneadh Dé a dhein­eadar, ní raibh Dia i n’ úghdar le n‑a malluigh­theacht, bíodh nár choisg sé an mhalluigh­theacht. Níor choisg sé an mhalluigh­theacht mar do bhí ar a chumas, nídh a dhein sé, maith mór do tharrac as, .i. slánú na cine daonna.
  2. Ver. 24 “Tar éis dubrón ifrinn do chur ar neamhnídh,” .i. tar éis buadh bhreith ar phianta an bháis agus ar chómhach­taibh uile ifrinn.
  3. i nglacadh an Chuirp Naomhtha
  4. aoine, .i. simpli­citas, ón bhfocal “aon.”
  5. .i. Ní raibh bac air é go léir do chimeád.
  6. .i. Go breágh réidh.
  7. Ver. 1. “Na Gréagaigh,” Gréagaigh a tugtí ar na h‑Eabhraigh a rugadh agus do tógadh sa Ghréig.
  8. Ver. 48. “Ní h‑i ndéantús lámh,” ⁊rl. .i. Níl aon ghádh aige le tighthibh cré agus ní féidir é dhúnadh laistigh díobh. Ach sa n‑am gcéadna, ó ’tá sé gan teóra tá sé ins gach uile áit, agus istigh i n‑ár dtigh­thibh chómh maith le gach áit eile. Agus do chómh­nuigh Críost, sa mhéid gur duine é, i dtigh­thibh, agus tá sé anois ar ár n‑altóraibh.
  9. Ver. 17. “Do chuir­eadar a lámha ortha.” Chuireadh na h‑Aspoil daoine fé láimh easboig leis na lámha chur ortha, agus le guidhe dhéanamh, agus leis sin do ghlacadh na Críost­uidhthe an Spioraid Naomh. Gan amhras do ghlac­aidís grásta an Spioraid Naoimh nuair a baistthí iad, ach ní tugtí dhóibh an uair sin an fhor­líontacht ghrásta agus na tíodh­laicí eile sin a thugadh dóibh neart chun an chreidimh a dh’admháil go h‑osgailte; tíodh­laicí a ghlac­aidís ’n‑a dhiaidh san ós na h‑easbog­aibh i sacrai­mint dul fé láimh easpuig.
  10. Ver. 37. “Má chreid­eann tú ód’ chroidhe go h‑iomlán,” ⁊rl. Is minic ná h‑ainim­nígheann an sgrip­tiúir ach aon cheann amháin de sna meónaibh riacht­anacha, mar a deintear anso, .i. creideamh, bíodh go bhfuil meóin eile atá riacht­anach chómh maith, .i. dólás croidhe agus dóchas agus grádh do Dia. Ach beireann creideamh leis iomláine croidhe, agus gach aon rud atá ríacht­anach chun slán­uighthe.
  11. Ver. 35. “Ins gach cine,” ⁊rl., .i. Ní Iúdaígh amháin ach geinte leis, pé cine gur díobh iad, atá taith­neamhach i láthair Dé, má tá eagla Dé ortha agus má dheinid siad deagh-oibreacha. Ach tuigtear i gcómh­nuighe nách fuláir dóibh an creideamh fírin­neach a bheith acu, óir “gan creideamh (adeir Pól naomhtha, Eabh. xi. 6) ní féidir Dia do shásamh.” Seachain, d’á bhrígh sin, an mhuinntir a deir, a’ brígh na cainnte sin, gur féidir do lucht gach creidimh bheith taith­neamhach i láthair Dé. Mar ó nár tháinig ó Dhia ach an creideamh fírin­neach, is léir gur ó athair an éitigh atá gach creideamh fallsa, agus nách féidir dóibh gan bheith míthaith­neamhach i láthair Dé na fírinne.
  12. .i. cur tré chéile
  13. .i. spioraid feasa agus fáistine, mar dh’eadh.
  14. Bris[illegible]lighe ab eadh fear Rómhanach do sgiúrsáil.
  15. Ver. 6. “na catharach.” Sa Ghréigis, “oikoumenén” = “an domhan.”
  16. Ver. 11. “Níos uaisle.” Moltar, agus is ceart é, Iúdaígh Bheréa mar gheall ar an bhfírinne do ghlacadh chómh fonnmhar, agus bheith ag sgrúdadh na Sgríbhinne Diadha chun na cainnte a dúbhairt na h‑aspuil a dh’fhághail amach. Ba ghalánta go mór an nídh sin ’ná an rud a dhein muinntir Thessa­loníca, .i. lucht an tSoisgéil do chrádh gan aon chuardach a dhéanamh féachaint ar bh’fhíor an rud a bhí acu d’á mhúine.
  17. Ver. 24 “Ní chómhnuigheann sé i dteampallaibh.” Ní coinnightear é i dteampallaibh i gcéill go mbeadh riach­tanas aige leó chun cómh­nuighthe, nú chun aon úsáide eile, mar mheasadh na págánaigh. Ach ó tá sé ins gach uile ait, tá sé ins na teampall­aibh fé mar atá sé ins gach áit eile.
  18. .i. ná bí ciúin
  19. chuaidh sé suas .i. go Ierúsalem
  20. .i. do strac sé a gcuid éadaigh díobh.
  21. .i. an giúistís Rómhánaí a bhí os a gcionn.
  22. Ver. 7. “An chéad lá de’n tseachtmhain.” Mínígid Chrusos tom Naomhtha, agus a lán eile de lucht sgrúd­uighthe an Sgriptúra, i dtaobh na bhfocal san go raibh na Críost­aidhthe, um an dtaca san féin tar éis lae na Sabbóide do chur i dtusach na seacht­mhaine (.i. ar an ndomhnach). Mar atá sé anois ag na Críost­aidhthibh go léir. Is deimhin gur le h‑úghdarás na h‑Eagailse a deineadh an t‑atharú san. Mar sin do dhein sí úsáid dé’n chómhacht a bhí tabhartha ag an dTigh­earna dhi, óir is é Rí an Domhnaigh é.
  23. .i. Lá an Spioraid Naoimh do theacht.
  24. .i. an long fé sheól againn.
  25. Ver. 8. “An soisgéalaidhe,” .i. seanmónaídhe an tsoisgéil, an fear céadna úd d’iompuigh na Samari­tánacha agus do bhaist an coill­teánach (Caib. viii.), duine de sna seacht ndiacon­aibh tosaigh ab eadh é.
  26. Ver. 24. “Ad chos­namhaidhe do’n dlígh.” Bíodh go raibh an dlígh sin a deirtear imighthe a’ feidhm um an dtaca san bhí na Críost­aidhthe Iúdacha gha cimeád, agus do leanadar ’ghá cimeád ar feadh rainnt aimsire, chun na sinagóige, mar a déarfí, d’adhlacadh le h‑onóir.
  27. Ver. 9. “Níor airíghdar guth.” .i. Níor fhéadadar na focail do thuisgint ó n‑a chéile bíodh gur airíghdar fuaim na bhfocal (supra ix. 7).
  28. Ver. 14. “An t‑Aon Cheart,” .i. Ár Slánuigh­theóir do thais­beáin é féin do Pól. Gníomh. ix. 17.
  29. .i. a dhuine atá geal lasmuigh agus dubh laistigh.
  30. nú dearbhú fé easgaine.
  31. .i. do labhair am choinnibh.


This work was published before January 1, 1929, and is in the public domain worldwide because the author died at least 100 years ago.