Page:Gníomhartha na n-Aspol.djvu/75

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. XXII. 30
355
Gníomhartha na n‑Aspol

’á chur ’n‑a leith, agus do sgaoil sé é, agus d’órduigh sé na sagairt agus an chómh­airle do theacht i bhfochair a chéile agus thug sé Pól amach agus chuir sé os a gcómhair é.


Caibidiol XXIII.

Pól i láthair na cómhairle. Deinid na Iúdaígh ceilg chun é mharbhú. Curtar go Caesaréa é.

1D’fhéach Pól ar an gcómh­airle agus dubhairt sé: A fheara, a bhráithre, tá mo ghnó déanta agamsa i ngach deagh-choínsias, i dtaobh Dé, go dtí an lá so indiu againn. 2Ansan dubhairt an t‑árd-sagart, Ananías, leis na daoine a bhí i n’aice é bhualadh sa bhéal. 3Dubhairt Pól leis, ámhthach: Buailfidh Dia thusa, a fhala [* 1]aolta. Tusa ad shuidhe chun breithe thabhairt ormsa do réir na dlighe, agus, i n‑aghaidh na dlighe, a n‑órduígh­eann tú mé bhualadh? Agus dubhairt na daoine a bhí n‑a seasamh i n'Aice: An ag easgainí ar árdsagart Dé ataoi? 5Agus dubhairt Pól: Ní raibh ’fhios agam, a bhráithre, gur bh’é an t‑árd­shagart é. Óir tá sgríobh­tha: [1]Ná tabhair droch-chainnt d’uachtarán do dhaoine.

6Ach bhí ’fhios ag Pól gur de sna Saddú­cínigh cuid acu agus gur de sna Fairi­sínigh an chuid eile, agus dubhairt sé go h‑árd: A bhráithre, [2]Fairi­síneach iseadh mise, mac Fairisínigh. Is mar gheall ar shúil le h‑ais­eirighe na marbh atáim ar mo thriail. 7Nuair a bhí an méid sin ráidhte aige d’éiright toirmeasg idir na Fairi­sínigh agus na Saddú­cínigh agus deineadh dhá chuid de’n bhuidhin. [3]8Óir deir na Saddú­cínigh ná fuil ais­eirighe ann, ná aingeal, ná spioraid. Agus adamh­uíghid na Fairisínigh gach nídh acu. 9Ansan d’éirigh collóid mhór. Do phreab cuid de sna Fairi­sínigh ’n‑a seasamh agus bhíodar ag aighneas agus deiridís: Ní bhfaigh­míd aon olc sa duine feo. Má labhair spioraid leis, nú aingeal, cad é sin d’aoinne eile sin. 10Ansan, nuair a bhí an sgéal ’n‑a bhruidhin chaor­thainn eatartha

  1. Exod. xxii. 28.
  2. Phil. iii. 5.
  3. Mait. xxii. 23.
  1. .i. a dhuine atá geal lasmuigh agus dubh laistigh.