Jump to content

Page:Gníomhartha na n-Aspol.djvu/76

From Wikisource
This page has been proofread.
356
Caib. XXIII. 11
Gníomhartha na n‑Aspol

bhí eagal ar an dtribiún go stracfaidís as a chéile Pól, agus d’órduigh sé do sna saigh­diúirí dul síos agus é thógaint uatha agus é thabhairt isteach sa longphort.

11A oidhche ’n‑a dhiaidh san do sheasaimh an Tighearna láimh leis agus dubhairt sé: Bhí seasamh­ach! Fé mar atá fiadhn­uise déanta agat ormsa i n‑Ierú­salem caithfir fiadh­nuise dhéanamh orm sa Róimh.

12Ach nuair a tháinig an lá tháinig rainnt de sna Iúdaígh i bhfochair a chéile agus dhearbh­uighdar ná h‑íosfaidís bia agus ná h‑ólfaidís deoch go dtí go mbeadh Pól marbh acu. 13Bhí breis agus dachad duine acu ann a chuir an dearbhú san ortha féin. 14Ansan thánadar ag triall ar uachtarán­aibh na sagart agus ar na seanóir­íbh agus dubhradar: Tá ceangal fé easgaine curtha againne orainn féin gan aon nídh do bhlaise go marbhuigh­míd Pól. 15Anois, d’á bhrígh sin, cuiridh-se agus an chómhair­le sgéala ag triall ar an dtribiún agus abraidh leis é chur chúghaibh, fé mar a bheadh eólus éigin níos cruinne uaibh ’n‑a thaobh. Táimídne ollamh agus sar a sroisidh sé sibhse beidh sé marbh againn.

16Bhí mac deirbhshéar do Pól ag éisteacht leis an uisge-fé-thalamh. Tháinig sé agus chuaidh sé isteach sa longphort agus d’innis sé do Phól an sgéal. 17Ghlaoidh Pól chuige duine de sna taoiseach­aibh céad agus dubhairt sé leis: Beir an buachaill seo ag triall ar an dtribiún; tá nídh aige le h‑innsint dó. 18Thóg seisean leis é ag triall ar an dtribiún agus dubhairt sé: Dubhairt an príosún­ach, Pól, liom an buachaill seo thabhairt chúghat mar go bhfuil rud aige le rádh leat. 19Do rug an tribiún ar láimh air, agus d’imthigh sé i leith taoibh leis agus chuir sé an cheist chuige: Cad é seo atá agat le h‑innsint dom? 20Agus dubhairt seisean: Tá socair ag na Iúdaígh ar a iarraidh ort Pól do chur ag triall ortha amáireach, chun na cómhairle, mar dh’eadh go dteast­uigheann uatha é cheistiú níos géire ar nídh éigin. 21Ach ná creidse iad. Tá breis agus dachad fear acu ag faire i gceilg air agus tá ceangal fé easgaine[* 1] curtha acu ortha féin gan bia dh’ithe ná

  1. nú dearbhú fé easgaine.