Page:Gníomhartha na n-Aspol.djvu/77

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. XXIII. 22
357
Gníomhartha na n‑Aspol

deoch a dh’ól go marbh­uíghid siad é, agus táid siad ollamh anois ag feitheamh leis an ngeall­mhaint uait. 22Do chuir an tribiún uaidh an buachaill agus dubhairt sé leis gan a dh’innsint d’aoinne gur thug sé an méid sin eóluis dó féin.

23Ansan do ghlaoidh sé chuige beirt taoiseach céad agus dubhairt sé leó: Oll­mhuighidh dhá chéad saigh­diúir, agus deich­niubhar a’s trí fichid marcach, agus dhá chéad lucht sleagh, ó’n dtrímhadh h‑uair de’n oidhche, chun dul go Caesaraéa; 24Agus oll­muighidh eacjra iompair ar a gcuirfid siad Pól chun é bhreith slán ag triall ar Fhéilics an Gobher­nóir. 25(Mar bhí eagal air go dtógfadh na Iúdaígh ar éigin é agus go marbhóchaidís é, agus ansan go ndéanfi trom­aidheacht air féin, go ndéarfí go raibh airgead le fághail aige as.) 26Agus do sgríbh sé litir agus dubhairt sé inti:

“Claudius Lusias chun an Ghobhernóra ró-uasail, Féilics, sláinte. 27Do rug na Iúdaígh ar an bhfear so agus bhíodar ar tí é chur chun báis. Do fuaras féin amach gur bh’fhear Rómanach é agus thánag ortha le buidhin airm agus thógas uatha é. 28Ansan theas­tuigh uaim ’fhios a bheith agam cad a bhí acu ’á chur ’n‑a leith agus chuireas i láthair a gcómh­airle féin é. 29Fhuaras gur neithe éigin a bhain le n‑a ndlighe féin a bhí acu ’á chur n‑a leith. agus ná raibh aon choir déanta aige do thuill­feadh bás ná braigh­dineas. 30Ansan do h‑innseadh dom go raibh ceilg déanta acu dhó agus chuireas ag triall ortsa é, agus dubhart leó-san pé nídh a bhí acu le cur ’n‑a leith, é chur n‑a leith ad láthair-se. Slán leat.”

31Ansan do thóg na saighdiúirí leó Pól, fé mar a h‑órd­uígheadh dóibh, sa n‑oidhche, go h‑Anti­patris, 32Agus amáireach a bhí chúghainn do leogadar do’n mharc-shluagh dul leis agus thánadar féin thar n‑ais go dtí an longphort. 33Chuadar-san go Caesaréa agus thugadar an litir do’n Ghobh­ernóir agus chuir­eadar Pól ’n‑a láthair. 34Do léig sé an litir. Ansan d’fhiaf­raigh sé cad é an ceanntar n‑ar bh’ as é, agus nuair a fuair sé gur bh’ ó Chilicia é: 35Éistfead leat, ar seisean, nuair