a thiocfaidh an mhuinntir atá ag cur ad leith. Agus d’órduigh sé é chur fé chimeád i gcúirt Héróid.
Caibidiol XXIV.
Pól ’ghá chosaint féin i láthair Féilics, an Gobhernóir. An creideamh dá mhúineadh aige dhó.
1Ansan, i gcionn chúig lá, tháinig uachtarán na sagart, Ananías, anuas agus cuid de sna seanóiríbh, agus cainnteóir dár bh’ainim Tertullus, agus chuadar i láthair an ghobhernóra i gcoinnibh Phóil. 2Do glaodhadh Pól agus chrom Tertullus ar é dhaoradh: 3Admhuighmíd i gcómhnuíghe agus ins gach ball, Agus le buidhchas mór, a Fhéilics oirdheirc, méid na síothchána atá againn de d’bharr-sa agus liacht na néith atá d’á seóladh ar leas tréd’ mhórchiall. 4Ach, ionus ná cuirfinn a thuille ríghnis ort, iarraim ort éisteacht, de d’cheannsacht, le beagán focal uainn. 5Fuaramair an fear so, i n’annsgian, ag déanamh toismisg ameasg na n‑Iúdach go léir ar fuid an domhain agus ’n‑á cheann ar an aicme annrianta san, na Nasarénách. 6Do mheas sé an teampall do shárú agus do rugamair air agus cheapamair breith a thabhairt air do réir ár ndlighe. 7Ach tháinig Lusias, an tribiún, agus neart slógh aige agus bhain sé as ár lámhaibh é. 8Agus d’órduigh sé an mhuinntir a bhí ag cur ’n‑a leith do theacht ad’ láthair-se, agus féadfair féin a dh’fhághail uaidh, ad bhreitheamh, eólus ar na neithibh seo go léir atá againne á chur n‑a leith. 9Ansan d’aontuigh na Iúdaígh mar an gcéadna agus dubhradar go raibh san amhlaidh.
10Ansan d’fhreagair Pól, (óir do bhagair an Gobhernóir chuige labhairt):
Ó’s eól dom go bhfuilir-se ad bhreitheamh ar an náisiún so le fada ’bhliantaibh is móide sin is fonn liom sásamh a thabhairt am thaobh féin. Is féidir duit a dh’fhághail amach ná fuil ach dhá lá dhéag ó chuas go Ierúsalem chun adhartha dhéanamh, 12Agus ní bhfuaradar me