Na Cheithre Soisgéil/Maitiú

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Na Cheithre Soisgéil by Peadar Ua Laoghaire
Maitiú
[ 1 ]

SOISGÉAL NAOMHTHA ÍOSA CRÍOST

DO RÉIR

MHAITIÚ


Maitiú Naomhtha, aon den dáréag asbol ab eadh é. Puibliocánach ab eadh é .i. fear cánach do bhailiú, sar ar ghlaoidh ár Slánuightheóir é chun na h‑Asbolachta.[* 1] Leuí ab ainim dó nuair a bhí sé n‑a phuibliocánach. B’é céad duine é, des na Soisgéalaidhthibh, a sgríbh an Soisgéal, agus sa n‑Eabhrais, nú sa t‑Suro-Chaildaiach, a sgríbh sé é, an teanga a bhí d’á labhairt ag na Iúdaígh an uair sin, i gcrích Phaileistín. Ní’l an sgríbhinn sin ar bith anois, ach do h‑aistirígheadh i nGréigis é i n‑aimsir na n‑asbol, agus, d’á bhrígh sin, tá an t‑aistiriú san chómh maith úghdarás leis an gcéad sgríbhinn féin. Timpal sé bliana tar éis deasghabhála ár dTighearna iseadh do sgríbh sé.


CAIBIDIOL I.

Geinealach Chríost: do gabhadh agus do rugadh é ó mhaighdin.


1Leabhar geinealaigh Íosa Críost mhic Dáibhid[1] mic Ábrahaim.

2Do ghein Ábraham Isaac. Agus do ghein Isaac Iácób, agus do ghein Iácób Iúdás agus a dhritháracha. 3Agus do ghein Iúdás Pháres agus Sára ó Thámar. Agus do ghein Pháres Esron. Agus do ghein Esron Aram. 4Agus do ghein Aram Aminadab. Agus do ghein Aminadab Naasson. Agus do ghein Naasson Salmon. 5Agus do ghein Salmon Boos ó Rachab. Agus do ghein Boos Obed ó Rút. Agus do ghein Obed Iesse. 6Agus do ghein Iesse Dáibhid an rí. Agus do ghein Dáibhid, an rí, Salomón ó’n mnaoi a bhí ag Urias. 7Agus do ghein Salomón Robóam. Agus do ghein Robóam Abia. Agus do ghein Abia Asa. [ 2 ]8Agus do ghein Asa Iósaphat. Agus do ghein Iósaphat Ióram. Agus do ghein Ióram Ósias. 9Agus do ghein Ósias Ióatam. Agus do ghein Ióatam Achas. Agus do ghein Achas Esecias. 10Agus do ghein Esecias Manasses. Agus do ghein Manasses Amon. Agus do ghein Amon Iosias. 11Agus do ghein Iosias Iechonias agus a dhritháracha i ndaor-bhruid na Babilóine. 12Agus tar éis daor-bhruide na Babilóine do ghein Iechonias Salatiel. Agus do ghein Salatiel Sorobabel. 13Agus do ghein Sorobabel Abiud. Agus do ghein Abiud Eliacim. Abus do ghein Eliacim Asor. 14Agus do ghein Asor Sadoc. Agus do ghein Sadoc Achim. Agus do ghein Achim Eliud. 15Agus do ghein Eliud Eleásar. Agus do ghein Eleásar Matan. Agus do ghein Matan Iácób. 16Agus do ghein Iácób Ióseph, céile Mhuire, ó n‑ar rugadh Íosa d’á ngoirtear Críost.[* 2]


17D’á bhrígh sin na geinealacha go léir ó Ábraham go dtí Dáibhid is cheithre glúine déag iad. Agus ó Dháibhid go dtí daor-bhruid na Babilóine cheithre glúine déag. Agus ó dhaorbhruid na Babilóine go dtí Críost cheithre glúine déag.

18Agus seo mar a thárla geineamhaint Chríost. [2]Nuair a tugadh a mháthair Muire, i gcuing phósta, do Ióseph, agus roim theacht d’á chéile dhóibh, do fuaradh go raibh gein ’n‑a broinn aici ó’n Spioraid Naomh. 19Ach ó ba dhuine fíoraonta Ióseph, a fear, agus nár mhaith leis masladh puibilidhe thabhairt di, ba mhian leis í chur uaidh a gan fhios. 20Ach ag machtnamh dó ar an méid sin, féach, do thaisbeáin aingeal an Tighearna é féin dó i n‑aisling, agus dubhairt sé leis. A Ióseph, a mhic Dháibhid, ná bíodh aon eagla ort do bhan-chéile, Muire, do ghlacadh chúghat, mar is ó’n Spioraid Naomh an ghein atá ar iompar aici. 21Agus béarfaidh sí mac, [3]agus tabharfair-se Íosa mar [ 3 ]ainim air, óir slánóchaidh sé a dhaoine ó n‑a bpeacaíbh. 22Agus do thuit an méid sin go léir amach i dtreó go gcómhlíonfaí an rud a dubhairt an Tighearna tré bhéal an fháidh nuair adubhairt sé: 23[4]Féach, beidh gein ’n‑a broinn ag maighdin, agus béarfaidh sí mac, agus tabharfaid siad Emmanuél mar ainim air; agus cialluigheann an ainim sin, Dia linn. 24Agus nuair a dh’eirigh Ióseph as a chodla do dhein sé mar a dh’órduigh aingeal an Tighearna dhó, agus do ghlac sé chuige a bhan-chéile; 25Agus níor chuir sé aithne uirthi go dtí gur rug sí a mac, a céad-ghein, agus thug sé Íosa mar ainim air.[* 3]



CAIBIDIOL II.

Ofrálacha na suadh. An teithe chun na h‑Éigipte. Marbhadh na leanbh.


1Ansan, nuair a [5]rugadh Íosa i mBetlehem Iúda, i laethibh an rí Héróid, tháinig draoithe ó’n ndomhan toir go Ierúsalam, agus dubhradar: 2Cá bhfuil an rí seo na n‑Iúdach atá beirthe? Mar do chonacamairne a réalt sa domhan toir agus thánamair chun é dh’adhradh. 3Nuair airigh Héród, an rí, an méid sin tháinig buaireamh air, agus ar Ierúsalem go léir chómh maith. 4Agus chruinnigh sé uachtaráin na sagart agus scríbhneóirí an phobuil, agus d’fhiafraigh sé dhíobh cá mbéarfaí Críost. 5Agus dubhradar-san leis: I mBetlehem Iúda, óir sin mar atá sgríobhtha ag an [ 4 ]bhfáidh: 6[6]Agus tusa, a Bhetlehem, a thalamh Iúda, ní tu is lúgha i n‑aon chor ar thaoiseachaibh Iúda, óir is asat-sa a thiocfaidh an taoiseach a dhéanfaidh mo phobul Israél do riaradh. 7Ansan do ghlaoidh Héród na draoithe chuige, a gan fhios, agus fuair sé amach uatha go cruinn an t‑am i n‑ar taisbeánadh an réalt dóibh. 8Agus do stiúruigh sé go Betlehem iad, agus dubhairt sé: Cuarduighidh go maith an mac so; agus nuair a gheobhaidh sibh tuairisg air tagaidh agus innsidh dómh-sa é, go dtéighead agus go n‑adhrad é, leis. 9Tar éis na cainte sin ó’n rí d’imthigheadar. Agus féach, an réalt a chonacadar sa domhan toir do ghluais sé rómpa go dtáinig sé agus gur stad sé os cionn na h‑áite i n‑a raibh an leanbh. 10Nuair a chonacadar an réalt do tháinig árd-áthas ortha. 11Agus chuadar isteach sa tigh, agus fuaradar an leanbh agus a mháthair, Muire, agus shléachtadar dó agus d’adhradar é; agus d’osgaladar a gcuid stóir, [7]agus thugadar bronntanas dó, ór agus túis agus mirr. 12Agus do tugadh foláramh dóibh i dtaibhreamh gan dul thar n‑ais go dtí Héród, agus chuadar bóthar eile thar n‑ais chun a dtíre féin.


13Nuair a bhíodar-san imthighthe do thaisbeáin aingeal an Tighearna é féin do Ióseph, ’n‑a chodla, agus dubhairt sé. Eirigh, agus tóg leat an leanbh agus a [ 5 ]mháthair agus imthigh go h‑Éigipt, agus fan ann go n‑innsead duit, mar beidh Héród ag lorg an leinbh chun a mhairbhthe. 14D’eirigh seisean, agus thóg sé leis an leanbh agus a mháthair, agus chuaidh sé sa n‑Éigipt; agus bhí sé sa n‑áit sin chun go bhfuair Héród bás; 15Ionus go gcómhlíonfaí an focal adubhairt an Tighearna tré bhéal an fháidh, nuair adubhairt sé: [8]As an Éigipt do ghlaodhas mo mhac.

16Ansan, nuair a chonaic Héród gur mheall na draoithe é, tháinig fearg ana-mhór air agus chuir sé amach a lucht airm agus mhairbh sé a raibh de mhacaibh dá bhlian, nó fé n‑a bhun, i mBetlehem agus ins na triúchaibh go léir a bhain léi, do réir an méid aimsire a fuair sé amach ó chaint na ndraoithe. 17Ansan iseadh do cómhlíonadh an chaint adubhairt Ieremias fáidh nuair adubhairt sé: 18[9]Do h‑airigheadh guth i Ráma, árd-ghol agus iomad ologón, Ráchel ag caoine a clainne, agus ná glacfadh sí sólás toisg gan iad a bheith ann.

19Tar éis bháis Héróid, ámhthach, féach, do thaisbeáin aingeal an Tighearna é féin do Ióseph i dtaibhreamh, sa n‑Éigipt. 20Agus dubhairt: Eirigh, agus tóg leat an leanbh agus a mháthair, agus imthigh go tír Israéil, óir an mhuíntir a bhí ar tí an leinbh do chur chun bháis táid siad tar éis bháis. 21Agus d’eirigh seisean agus thóg sé leis an leanbh ⁊ a mháthair, agus tháinig sé go tír Israéil. 22Ach d’airigh sé Archelaus a bheith ’n‑a rí ar Iúdéa i n‑inead a athar, Héród, agus níor leig eagla dhó dul ansan; agus do tugadh foláramh dó i n‑a chodla, agus chuaidh sé i gcríochaibh Ghaililí. 23Agus tháinig sé chun cómhnuighthe sa bhaile ar a dtugtar Nasaret, ionus go gcómhlíonfaí an nídh adubhairt na fáidhe: Óir tabharfar Nasarénach air.



CAIBIDIOL III.

Seanmóineacht Eóin. Críost d’á bhaiste.

1Ins na laethanta san, ámhthach, do tháinig Eóin Baiste ag seanmóin i bhfásach Iúdéa, 2Agus deireadh sé: [ 6 ][10]Deinidh aithrighe, óir tá rígheacht na bhflathas buailte libh.[* 4] 3Óir sin é an t‑é ar ar labhair Isáias Fáidh nuair adubhairt sé: [11]Guth duine ag glaodhach sa bhfásach, Ollamhuighidh an tslígh do’n Tighearna; deinidh a bhóithre do dhíriú dhó. 4Agus isé éadach a bhí ar Eóin ná éadach déanta de ruainneach camal, agus crios leathair ar a chom; agus isé bia a bhí aige ’ná lócuistí agus mil fhiain. 5[12]Agus bhí Ierúsalem ag dul amach ag triall air an uair sin, agus Iúdaéa go léir, agus an dúthaigh go léir tímpal ar an Iórdan. 6Agus bhí sé ’ghá mbaiste sa n‑Iórdan agus iad ag déanamh faoísdine i n‑a bpeacaíbh.

7Agus chonaic sé mórán des na Fairisínigh agus des na Sadducíneachaibh ag teacht chun an bhaiste chuige, agus dubhairt sé leó: A shliocht na n‑aithreach nimhe, cé chuir ar bhúr súilibh daoíbh-se an fhearg atá chúghaibh do sheachnadh?[* 5] 8Má’s eadh tugaidh toradh uaibh a bheidh do réir na h‑aithrighe. 9Ná h‑abraidh i n‑bhúr n‑aigne: Tá Ábraham i n‑a athair againn; óir deirimse libh gur féidir do Dhia clann a dhéanamh d’Ábraham des na clochaibh sin. 10Tá an tuagh cheana féin ar phréimh na gcrann. Agus gach crann ná tabharfaidh toradh fóghanta uaidh leagfar é agus curfar sa teine é. 11Táim-se ag bhúr mbaiste le h‑uisge chun aithrighe, ach an t‑é atá ag teacht am’ dhiaidh is cómhachtaíghe é ’ná mise, agus ní fiú me go ndéanfainn a bhróga d’iompar; baistfidh sé sin sibh leis an Spioraid Naomh agus le teine. 12Tá a ghléas cáithte i n‑a láimh aige, agus glanfaidh sé a úrlár buailte, agus cruinneóchaidh sé a chuid cruithneachtan isteach sa sgioból, agus loisgfidh sé an lóchán le teine nach féidir a mhúchadh.

[ 7 ]13[13]Ansan do tháinig Íosa ó Ghaililí go dtí an Iórdan, ag triall ar Eóin, chun go mbaistfeadh Eóin é. 14Ach bhí Eóin ’ghá chosg, agus deireadh sé: Is dómh-sa is gádh baiste dh’fhágail uait-se; agus tusa ag teacht ag triall orm-sa? 15Agus d’fhreagair Íosa é agus dubhairt sé leis: Leig liom anois, óir is mar seo is cóir dúinn gach [14]fíoraontacht do chómhlíonadh. Ansan do ghéill sé dhó. 16Agus nuair a bhí Íosa baistithe tháinig sé aníos as an uisge láithreach; agus féach, do h‑osgaladh na flathais dó, agus chonaic sé Spioraid Dé ag teacht anuas i riocht colúir agus ag túirliocan air. 17[15]Agus féach, guth as na flathais adubhairt: Isé seo mo mhac dílis ar a bhfuil mo ghreann.



CAIBIDIOL IV.

Trosgadh Chríost ar feadh dachad lá.—Fromhadh á dhéanamh air—É ag tosnú ar sheanmóiniú; ar a dheisgiobuil do ghlaodhach chuige; agus ar mhírbhúiltíbh a dhéanamh.

1Ansan do sheól an Spioraid Íosa isteach sa bhfásach chun go gcurfaí cath air ó’n ndiabhal. 2Agus nuair a bhí trosgadh déanta aige ar feadh dachad lá agus dachad oidhche, ansan do tháinig ocras air.

3Agus tháinig an t‑Áirseóir agus dubhairt sé leis: Má’s tu Mac Dé órduigh arán a dhéanamh des na clochaibh sin. 4Agus dubhairt seisean ’ghá fhreagradh: Tá sgríobhtha: [16]Ní h‑ar arán amháin a mhaireann an duine, ach ar an uile fhocal d’á dtagann ó bhéal Dé. 5Ansan do thóg an t‑Áirseóir leis é isteach sa chathair naomhtha, agus chuir sé ’n‑a sheasamh ar spuaic an teampuill é. 6Agus dubhairt sé leis: Má’s tu Mac Dé caith thu féin le fánaidh. Óir tá sgríobhtha: [17]Mar go dtug sé órdú d’á aingealaibh ad’ thaobh, agus glacfaid siad ’n‑a lámhaibh thu sar a mbuailfá do chos i gcoinnibh cloiche. [ 8 ]7Dubhairt Íosa leis: Tá rud eile sgríobhtha, leis: [18]Ná dein fromhadh ar do Thighearna Dia. 8Ansan do rug an t‑Áirseóir leis é go mullach cnuic a bhí ana-árd, agus thaisbeáin sé dhó rígheachta an domhain go léir, agus a ngradam;[* 6] 9Agus dubhairt sé leis: Tabharfad iad san go léir duit ach sléachtadh dhom agus mé dh’adhradh. 10Ansan dubhairt Íosa leis: Imthigh, a Shátain; Óir tá sgríobhtha: [19]Adharfaidh tú do Thighearna Dia, agus beidh tú umhal dó san amháin. 11Ansan d’imthigh an t‑Áirseóir uaidh, agus féach, tháinig na h‑aingil agus dheineadar frithálamh air.


12Agus nuair airigh Íosa Eóin a bheith ’n‑a phríosúnach d’imthigh sé go Gaililí; 13Agus d’fhág sé Nasaret, agus chuaidh sé chun cómhnuighthe i gCapharnaum i n‑aice na faraige, i gcríoch Sabulon agus Nephtalim. 14Ionus go gcómhlíonfaí an nídh adubhairt Isáias fáidh: 15[20]Talamh Sabulon agus talamh Nephtalim, fan na faraige lastall de Iórdan, Gaililí na ngeinte: 16Pobul a bhí suidhte i ndorchadas, chonacadar solus mór, agus d’eirigh solus do’n mhuintir a bhí suidhte sa n‑áit ar a raibh sgamall an bháis. 17As san amach do thusnuigh Íosa ar sheanmóin, agus ar a rádh: Deinidh aithrighe, óir tá rígheacht na bhflathas buailte libh.

18Agus bhí Íosa ag siubhal i n‑aice mara Ghaililí, agus [21]chonaic sé beirt drithár, Símón, ar a dtugtar Peadar, agus Aindrias, a dhritháir, agus iad ag cur lín amach sa bhfaraige (mar iasgairí ab eadh iad), 19Agus dubhairt sé leó: Tagaidh am’ dhiaidh-se, agus déanfad iasgairí ar dhaoinibh dhíbh. 20Agus gan mhoill dh’fhágadar ansan na líonta, agus do leanadar é. 21Agus ag imtheacht ó’n áit sin dó, do chonaic sé beirt eile drithár, Séamus mac Sebedé agus a dhritháir Eóin, agus iad sa bhád i dteannta a n‑athar Sebedé, ag deisiú a líonta; agus do ghlaoidh sé [ 9 ]chuige iad. 22Agus gan mhoill d’fhágadar ansan na líonta agus a n‑athair, agus do leanadar é.

23Agus do ghluais Íosa mór-thímpal Ghaililí go léir, ag teagasg ins na sinagógaibh, agus ag craobhsgaoileadh soisgéil na [22]rígheachta, agus ag leigheas gach galair agus gach breóiteachta d’á raibh ar dhaoine. 24Agus do leath a chlú ar fuid Siria go léir, agus do tugadh ag triall air na daoine go léir a bhí as a sláinte, gabhtha le galaraibh agus le piantaibh, agus daoine go raibh deamhain ionta, agus daoine a bhí as a meabhair, agus daoine a bhí gan lúth, agus do leighis sé iad. 25Agus do lean sluaighte móra é a Gaililí agus a Decapolis agus a Ierúsalem, agus ó’n dtaobh thall de Iórdan.



CAIBIDIOL V.

Seanmóin Chríost ar an gcnoc. Na h‑ocht mbiatí.

1Agus nuair a chonaic sé na sluaighte chuaidh sé suas ar an gcnoc, agus nuair a shuidh sé ann tháinig a dheisgiobuil ag triall air. 2Agus d’osgail sé a bhéal agus do theagaisg sé iad, agus dubhairt sé:

3Is aoibhinn dos na bochtaibh sa spioraid, mar is leó san rígheacht na bhflathas.[* 7]

4Is aoibhinn do lucht ceannsachta, mar isiad a gheóbhaidh seilbh na talmhan.

5Is aoibhinn do lucht dubróin, mar isiad a gheóbhaidh sólás.

6Is aoibhinn do’n mhuintir go bhfuil ocras agus tart chun fióraontachta ortha, mar ’s iad a gheóbhaidh a sáith.

7Is aoibhinn do lucht na trócaire dhéanamh, mar isiad a gheóbhaidh trócaire.

8Is aoibhinn do lucht an chroidhe ghlain, mar isiad a gheóbhaidh radharc ar Dhia.

[ 10 ]9Is aoibhinn do lucht na síothchána dhéanamh, mar is ortha tabharfar clann Dé.

10Is aoibhinn do’n mhuintir a dh’fuilingeann crádh ar son fióraontachta, mar is leó san rígheacht na bhflathas.

11Is aoibhinn daoibh-se nuair a déanfar spídiú oraibh agus ciapadh, agus an uile shaghas tromaidheachta éithigh, mar gheall orm-sa; 12Bíodh móráil agus gáirdeachas oraibh, mar is mór é bhúr luacht-saothair ins na flathais; óir sin mar a ciapadh na fáidhe rómhaibh.

13Is sibh-se salann na talmhan. [23]Ach má théigheann an salann i leamhas conus a déanfar salann airís de? Ní’l de mhaith ann feasta ach go gcaithfí amach é agus go ngeóbhfaí do chosaibh daoine ann. 14Is sibh-se solus an domhain. Cathair ar chnoc ní féidir í dh’fholachadh. 15Ní lastar coinneal chun í chur fé bhéal árthaigh, ach chun í chur ar choinnleóir, chun go dtabharfadh sí solus d’á bhfuil sa tigh. 16Lasadh bhur solus-sa ar an gcuma san os cómhair daoine, [24]i dtreó go bhfeicfid siad bhúr ngíomhartha fóghanta agus go molfaid siad bhúr n‑Athair atá ins na flathais.


17Ná measaidh gur chun na dlíghe ná na bhfáidh do chur ar neamhnídh a thánag-sa. Ní chun iad do chur ar neamhnídh a thánag ach chun iad do chómhlíonadh.[* 8] 18Óir deirim libh go fírinneach, go dtí go dtéidh an spéir agus an talamh ar neamhnídh ná raghaidh aon ióta amháin ná aon phúnc amháin de’n dlígh ar neamhnídh, go dtagaidh a h‑iomláine chun cinn.[* 9] 19[25]An t‑é d’á bhrígh sin, a mhillfidh aithne des na h‑aitheantaibh sin is lúgha, agus do mhúinfidh na daoine mar sin, tabharfar air an t‑é is lugha i rígheacht na bhflathas; ach an t‑é choimeádfidh iad, agus do mhúinfidh [a gcoimeád] tabharfar duine mór air i rígheacht na bhflathas. 20Óir deirim libh mura mbeidh bhur [ 11 ]bhfíoraontacht-sa níos lionmhaire ’ná fíoraontacht na Sgríbhneóirí agus na bhFairisíneach ní raghaidh sibh isteach i rígheacht na bhflathas.[* 10]

21Chualabhair conus mar adubhradh leis na daoine a bhí ann fadó: [26]Ná dein marbhadh: Agus an t‑é dhéanfaidh marbhadh beidh sé ciontach do’n bhreitheamhantas.[* 11] 22Ach deirim-se libh, gach duine atá i bhfeirg le n‑a bhráthair beidh sé ciontach do’n bhreitheamhantas. An t‑é ámhthach [27]a déarfaidh le n‑a bhráthair, Raca, beidh sé ciontach do’n chómhairle. Agus an t‑é a déarfaidh, A amadáin, beidh sé ciontach cun teine ifrinn.[* 12] 23D’á bhrígh sin, má bhíonn tabharthas agat d’á thabhairt uait os cómhair na h‑altórach, agus go gcuimhneóchair go bhfuil rud éigin ad’ choinnibh agat’ bhráthair; 24Fág ansan do thabharthas os cómhair na h‑altórach, agus imthigh agus dein síothcháin led’ bhráthair, agus ansan tar agus bronn do thabharthas.

25[28]Réidhtigh le t’eascaraid go luath, an fhaid ataoí i n‑aonfheacht leis sa tslígh, le h‑eagla go dtabharfadh an [ 12 ]t‑eascara suas tu do’n bhreitheamh, agus go dtabharfadh an breitheamh suas d’á ghiolla thu, agus go gcurfaí sa charcair thu. 26Go deimhin adeirim leat, ní thiocfair amach as san go ndíolair an fheóirling dheirineach.

27Do chualabhair conus mar adubhradh leis an muintir fadó: [29]Ná dein adhaltranas. 28Ach deirim-se libh, an t‑é fhéachfaidh ar mhnaoí le dúil sa droch-ghníomh, go bhfuil peacadh an adhaltranais déanta cheana aige léi i n‑a chroidhe féin.

29D’á bhrígh sin, má’s trúig pheactha dhuit do shúil dheas, strac amach í agus caith uait í; óir is fearra dhuit ball de d’bhallaibh do chailleamhaint ’ná do cholann go léir a chur go h‑ifreann.[* 13] 30Agus ma’s trúig pheactha dhuit do lámh dheas, gearr anuas díot í agus caith uait í; óir is fearra dhuit ball ded’ bhallaibh do chailleamhaint ’ná do chorp go léir a dhul go h‑ifreann.

31Agus dubhradh, [30]An t‑é a chuirfidh uaidh a bhean phósta, tugadh sé sgríbhinn a díbeartha dhi. 32Ach deirim-se libh, aoinne a chuirfidh uaidh a bhean phósta, ach mar gheall ar adhaltranas amháin, go gcuireann se i dtreó í chun adhaltranais a dhéanamh, agus an t‑é a ghlacfaidh mar chéile an bhean díbeartha deineann sé adhaltranas.

33Airís, do chualabhair conus mar a dubhradh leis an muintir fad ó. [31]Ná tabhair leabhar éithigh, agus an nídh a dhearbhuighis cómhlíon do’n Tighearna é. 34Ach deirim-se libh [32]gan dearbhú i n‑aon chor; gan dearbhú dar neamh, mar isé sin cathaoir ríoga Dé;[* 14] 35Ná dar talamh, mar isé stól a chos é; ná dar Ierúsalem, mar isí cathair [ 13 ]an rí mhóir í. 36Ná dearbhuigh dar do cheann féin mar ní’l ar do chumas ruibe ann a dhéanamh geal ná dubh. 37[33]Ach abraidh, Seadh, ’seadh; Ní h‑eadh, ní h‑eadh. An rud a théigheann thairis sin is ó’n olc é.

38Do chualabhair conus mar adubhradh, [34]Súil ar shúil, agus fiacal ar fhiacail. 39Ach deirim-se libh-se gan cur i n‑aghaidh uilc; ach má bhuaileann duine thú ar an leacain ndeis, iompuigh an leaca eile chuige, leis.[* 15] 40Agus má’s mian le duine an dlígh chur ort agus do chasóg do bhreith leis sgaoil leis do bhrat ’n‑a teannta. 41Agus an t‑é chuirfidh fhiachaibh ort dul leis míle ’shlígh do t’aimhdheóin, eirigh dhá mhíle eile leis dod’ dheóin. 42An t‑é a dh’iarrfaidh rud ort, tabhair dó é; agus má’s mian le duine iasacht do lorg ort ná h‑iompuigh uaidh.

43Do chualabhair conus mar a dubhradh: [35]Bíodh grádh agat do d’charaid agus fuath dod’namhaid. 44Ach deirim-se libh-se: Bíodh grádh agaibh d’bhúr namhdaibh; [36]deinidh maith do’n mhuintir a thugann fuath dhaoibh; agus [37]deinidh guidhe ar son na muintire a dheineann crádh agus tromaidheacht oraibh. 45Ionus go mbeadh sibh i nbhúr macaibh ag bhúr n‑Athair atá ins na flathais, an t‑é chuireann a ghrian ag eirighe ar dhaoine, idir olc agus maith, agus chuireann an fhearthainn ag tuitim ortha, idir cheart agus aincheart. 46Óir má thugann sibh grádh do’n mhuintir a thugann grádh dhaoibh cad é an tuarasdal a bheidh agaibh? Ná deinid na puibliocánaigh féin an méid sin?[* 16] 47Agus mura ndeinidh sibh-se ach beannú d’bhúr [ 14 ]ndrithárachaibh cad í an bhreis a dheineann sibh? Ná deinid na págánaigh féin an méid sin? 48Bídhidh-se, d’á bhrígh sin, fíor-mhaith, fé mar atá bhúr n‑Athair ins na flathais fíor-mhaith.



CAIBIDIOL VI.

An tseanmóin ar an gcnuc ar leanmhaint.

1Seachnaidh agus ná deinidh bhúr bhfíoraontacht-sa os cómhair daoine, i dtreó go bhfeicfí sibh, nó ní bheidh tuarasdal le fághail agaibh i láthair bhúr n‑Athar atá ins na flathais.[* 17] 2D’á bhrígh sin, nuair a bheidh déirc agat ’á dhéanamh ná bíodh adharc d’á séideadh rómhat amach agat, mar a bhíonn ag na feallairíbh ins na sinagógaibh agus ar na sráidibh, i dtreó go dtabharfadh na daoine onóir dóibh. Go deimhin adeirim libh, tá a dtuarasdal fághalta acu. 3Nuair a dhéanfair-se déirc, ámhthach, ná bíodh a fhios agat’ láimh chlé cad a dheineann do lámh dheas. 4Ionus go mbeadh do dhéirc fé cheilt, agus go dtabharfadh t’Athair, a chíonn fé cheilt, do thuarasdal duit.

5Agus nuair a dhéanfaidh sibh úrnuighthe, ná bídhidh mar na feallairí gur maith leó úrnuighthe dhéanamh ’n‑a seasamh ins na sinagógaibh agus ag cúinníbh na sráideana, i dtreó go bhfeiceadh daoine iad. Go deimhin adeirim libh, tá a dtuarasdal fághalta acu. 6Ach nuair a dhéanfair-se úrnuighthe, eirigh isteach ad’ sheómra agus dún an dorus, agus cuir do ghuidhe chun t’Athar fé cheilt, agus tabharfaidh t’Athair, a chíonn fé cheilt, do thuarasdal duit. 7I nbhúr nguidhe, ámhthach, ná deinidh mórán cainte, mar a dheinid na págánaigh; óir is dóigh leó gur as méid a gcainte do h‑éistfar leó. 8D’á bhrígh sin ná bídhidh-se mar iad; óir is eól d’bhur n‑Athair an nídh is gádh dhaoibh sar a ndeineann sibh guidhe chuige. 9Seo, d’á bhrígh sin, mar a dhéanfaidh sibh guidhe:

[ 15 ][38]Ár n‑Athair atá ar neamh, go naomhthar t’ainim. 10Go dtagaidh do rígheacht. Go ndeintear do thoil ar an dtalamh mar a deintear ar neamh. 11Ár n‑arán ró-shubstainteamhail tabhair dúinn indiu.[* 18] 12Agus maith dhúinn ár gcionta, mar mhaithimíd-ne do chách a chiontuigheann i n‑ár n‑aghaidh. 13Agus ná leig sinn i gcathaíbh; ach saor sinn ó olc.[* 19] Amen.

14[39]Óir má mhaitheann sibh do dhaoine a gcionta, maithfidh bhúr n‑Athair neamhdha dhaoibh-se bhúr bpeacaí. 15Ach mura maithfidh sibh‑se a bpeacaí do dhaoine, ní mhaithfidh bhúr n‑Athair daoibh‑se bhúr bpeacaí.

16Agus nuair a bheidh sibh ag déanamh trosgaidh ná bídhidh gruamdha ar nós na bhfeallairí; óir doirchighid siad a gceannacha, i dtreó go samhlóchadh na daoine iad a bheith ag déanamh trosgaidh. Go deimhin adeirim libh, tá a dtuarasdal fághalta acu. 17Ach tusa, nuair a dhéanfair trosgadh, cuir oíle ar do cheann agus nigh t’aghaidh, 18I dtreó ná feicfid daoine thú bheith ag déanamh trosgaidh, ach go bhfeicfidh t’Athair thu, atá fé cheilt; agus tabharfaidh t’Athair, a chíonn fé cheilt, do thuarasdal duit.

19Ná cúmhdaighidh stór daoibh fein ar an dtalamh so, mar a ndeinid na leómhain agus an mheirg é dh’ídiú, agus mar a ndeinid na bitheamhnaigh é thóch agus é ghuid. 20Ach deinidh stór do chúmhdach daoibh féin ar neamh, an áit ná deinid na leómhain é dh’ídiú agus ná deinid bitheamhnaigh é thóch ná é dh’fhuadach. 21Óir, an áit ’n‑a bhfuil do stór is ann atá do chroidhe leis.

22Isí do shúil solus do chuirp. Má bhíonn do shúil glan beidh do chorp go léir go solusmhar. 23Ach má bhíonn do shúil [40]go h‑olc beidh do chorp go léir gan solus. Agus má’s ionan agus doircheacht an solus atá ionat, cad é méid na doircheachta féin?

[ 16 ]24Ní féidir d’aoinne rud a dhéanamh ar dhá mháighistir: óir beidh fuath aige do mháighistir acu agus grádh do’n mháighistir eile; nó cuirfidh sé suas le duine acu agus beidh droch-mheas aige ar an nduine eile. Ní féidir daoibh Dia agus Mammon d’fhrithálamh.[* 20]

25D’á bhrígh sin deirim libh, ná bíodh buairt oraibh i dtaobh bhúr mbeatha, féachaint cad d’íosfaidh sibh; ná i dtaobh bhúr gcuirp; féachaint cad a chuirfidh sibh umaibh. Nách mó le rádh an t‑anam ’ná an biadh, agus an corp ’ná an t‑éadach? 26Féachaidh éanlaithe an aeir; ní chuirid siad síol ná ní bhainid siad fóghmhar, ná ní dheinid siad cnuasach i sgioból; Agus deineann bhúr n‑Athair neamhdha iad do chothú. Nách mó go mór le rádh sibh-se ’ná iad san? 27Cé’cu agaib-se, ag machtnamh dó air, d’fhéadfadh aon bhanlámha amháin do chur le n‑a aoirde? 28Agus cad chuige go mbíonn buaireamh i dtaobh éadaigh oraibh? Breithnighidh bláthana an bháin, conus mar fhásaid siad; ní dheinid siad saothar ná sníomh. 29Deirim libh, ámhthach, ná raibh Salomón féin i n‑a ghradam go léir clúdaithe mar cheann acu san. 30Má chuireann Dia maise de’n tsórd san ar fhéar an tailimh, atá ann indiu, agus a caithfar sa teine amáireach, nách mó go mór a dhéanfaidh sé dhaoibh-se, a lucht an chreidimh shuaraigh? 31Ná bídhidh ag déanamh buartha, d’á bhrígh sin, ’ghá rádh, Cad d’íosfaimíd? ná, Cad d’ólfaimíd? ná, Cad a chlúdóchaidh sinn? 32Óir, siniad na neithe go mbíd na geinte ’ghá lorg. Óir tá ’fhios ag bhúr n‑Athair go bhfuil gádh agaibh leis na neithibh sin go léir. 33Loirgidh ar dtúis, d’á bhrígh sin, rígheacht Dé agus a fhíoraontacht, agus tabharfar daoibh, leis, na neithe sin go léir. 34Ná bíodh buaireamh oraibh, dá bhrígh sin, i dtaobh an lae amáirigh; tá a bhuaireamh féin i gcóir an lae amáirigh. Ní beag do gach lá a chuid uilc féin.

[ 17 ]

CAIBIDIOL VII.

An trímhadh cuid de’n tseanmóin ar an gcnoc.


1Ná beiridh breith, [41]ionus na béarfaí breith oraibh. 2Mar is do réir na breithe a thabharfaidh sibh a thabharfar breith oraibh; agus an tómhas le n‑a dtómhaisfidh síbh, is leis a tómhasfar chúghaibh. 3Cad chuige dhuit an dúradán d’fheisgint i súil do bhráthar, agus ná feiceann tu an tsail atá ad’ shúil féin? 4Nó cad chuige dhuit a rádh led’ bhráthair: Leig dom an dúradán a bhaint as do shúil; agus sin sail ad’ shúil féin? 5A chluanaire, bain an tsail as do shúil féin ar dtúis, agus ansan chífir conus an dúradán a bhaint a’ súil do bhráthar.

6Ná tugaidh an nídh naomhtha dos na madraíbh[42]; agus na caithidh bhúr bpéarlaí chun na muc, le h‑eagla go ngeóbhaidís do chosaibh ionta, agus ansan go n‑iompóchaidís oraibh agus go stracfaidís sibh.


7Iarraidh, agus tabharfar daoibh; loirgidh, agus gheóbhaidh sibh; buailidh, agus osgalófar daoibh. 8Óir gach aoinne a iarrann tugtar dó; agus gach aoinne a loirgeann gheibheann sé, agus gach aoinne a bhuaileann osgaltar dó. 9[43]cé h‑é an duine agaibh-se go n‑iarrfaidh a mhac arán air agus gur cloch a thabharfaidh sé dhó? 10Nó má iarrann sé iasg air a’ dtabharfaidh sé athair nimhe dhó? 11Má’s eól, d’á bhrígh sin, daoibh-se atá go h‑olc, conus neithe fóghanta thabhairt d’bhúr gclainn, nách dóichíghe go mór go dtabharfaidh bhúr n‑Athair atá ins na flathais neithe fóghanta dhaoibh-se ach iad d’iarraidh air?

12[44]Gach nídh, d’á bhrígh sin, ba mhaith libh a dhéanfadh daoine dhaoibh-se deinidh-se dhóibh-sin. Siné agaibh an dlígh agus na fáidhe.

13Téighidh isteach an dorus cumhang, óir is fairsing an dorus agus is leathan an bóthar a sheólann chun díthe, [ 18 ]agus tá a lán a leanann é. 14Is ana-chumhang an dorus agus is ana-chaol an bóthar a sheólann chun na beatha, agus ní mór a gheibheann eólus air.

15Seachanaidh na fáidhe fallsa, a thagann chúghaibh i gclúid na gcaorach agus gur faolchoin chraosacha laistigh iad. 16Ó n‑a dtorthaíbh iseadh dh’aithneóchaidh sibh iad. An mbaintear caora fíneamhna de dhriseach nó fígí d’fheóchadánaibh? 17Mar sin tugann gach crann fóghanta toradh fóghanta uaidh, agus tugann an droch-chrann droch-thoradh uaidh. 18Ní féidir do’n chrann fhóghanta droch-thoradh thabhairt ná do’n droch-chrann toradh fóghanta thabhairt. 19Gach crann ná tugann toradh fóghanta, gearrfar é agus curfar sa teine é. 20D’á bhrígh sin, as a dtorthaíbh iseadh dh’ aithneóchaidh sibh iad.

21Ní h‑é gach aoinne adeir liom-sa, a Thighearna, a Thighearna, do raghaidh isteach i rígheacht na bhflathas; ach an t‑é a dhéanfaidh toil m’Athar atá ins na flathais, siné a raghaidh isteach i rígheacht na bhflathas. 22Déarfaid a lán daoine liom-sa an lá san; A Thighearna, a Thighearna, nách ad’ ainim-se a dheineamair targaireacht, agus nách ad’ ainim-se a dheineamair na deamhain do chur amach, agus nách ad’ ainim-se dheineamair mórán mírbhuiltí? 23Agus ansan admhóchaidh mé dhóibh: Níor chuireas-sa aithne riamh oraibh; [45]Imthighidh uaim, a lucht an uilc a dhéanamh.

24[46]Gach duine, d’á bhrígh sin, a chloiseann an chaint seo adeirim-se agus do dheineann beart d’á réir, samhlófar é le duine ciallmhar a dhein a thigh ar an gcaraig. 25Agus do thuit an fhearthainn, agus do tháinig na h‑aibhní, agus d’eirigh an ghaoth, agus do ghluaiseadar i gcoinnibh an tighe sin; agus níor thuit sé; mar bhí sé ’n‑a sheasamh ar an gcaraig. 26Agus gach duine a chloiseann na focail seo uaim-se agus ná deineann beart d’á réir, beidh sé ar nós an amadáin a dhein a thigh ar an ngainimh; 27Agus do thuit an fhearthainn, agus do tháinig na h‑aibhní, agus d’eirigh an ghaoth, agus ghluaiseadar i gcoinnibh an tighe sin, agus do thuit sé; agus ba thiubaisteach é a thuitim.

[ 19 ]28Agus do thárla nuair a bhí an chaint sin críochnuighthe ag Íosa go raibh na daoine ag déanamh iongna d’á theagasg. 29Óir do dhein sé an teagasg mar a dhéanfadh duine go raibh cómhacht aige, murar bh’ionan agus na Sgríbhneóirí agus na Fairisínigh.



CAIBIDIOL VIII.

An lobhar d’á ghlanadh ag Críost; seirbhíseach an taoisigh céad, ⁊ máthair céile Pheadair, ⁊ a lán eile aige ’á leigheas. An stoirm ar an bhfaraige á chiúnú aige. Na deamhain dá gcur amach as an mbeirt a bhí sealbhuighthe acu, ⁊ cead uaidh dos na deamhnaibh dul isteach ins na mucaibh.


1Ansan nuair a tháinig sé anuas ó’n gcnoc do lean sluaighte móra é. 2Agus féach, tháinig lobhar, agus do shléacht sé dhó agus dubhairt sé: A Thighearna, tá ar do chumas mé ghlanadh má’s áil leat. 3Agus do shín Íosa a lámh agus chuir sé air í, agus dubhairt sé; Is áil liom é: glantar thú. Agus do glanadh láithreach é ó n‑a lobhra. 4Agus dubhairt Íosa leis: Féach, ná h‑innis d’aoinne é; ach imthigh agus [47]taisbeáin tu féin do’n tsagart, agus tabhair an ofráil a dh’órduigh Maoís, mar fiadhnaise dhóibh-sin.

5Ansan nuair a bhí sé tar éis dul isteach i gCapharnaum tháinig chuige taoiseach céad, ’ghá ghuidhe, 6Agus dubhairt sé: A Thighearna, tá mo bhuachaill sa bhaile ’n‑a luighe gan lúth a ghéag, agus tá pianta móra air. 7Agus dubhairt Íosa leis: Tiocfad-sa agus leighisfead é. 8Agus dubhairt an taoiseach céad: A Thighearna, ní fiú mise go dtiocfá fé m’ dhíon; ach abair an focal amháin agus beidh mo bhuachaill slán. 9Mar is duine mise atá fé smacht, agus tá saighdiúirí fúm; agus deirim leis an bhfear so, Imthigh, agus imthigheann sé; agus le fear eile, Tar, agus tagann sé, agus le m’ sheirbhíseach, Dein so; agus deineann sé é. 10Agus nuair airigh Íosa san do dhein sé iongna dhé; agus dúbhairt se leis an muíntir a bhí ’ghá leanmhaint: Go deimhin adeirim libh, ní bhfuaras a leithéid sin de chreideamh i n‑Israél. 11Agus deirim [ 20 ]libh go dtiocfaidh a lán daoine ó’n ndomhan toir agus ó’n ndomhan tiar, agus go luighfid siad i bhfochair Ábrahaim agus Isaaic agus Iácóib, 12Agus caithfar clann na rígheachta amach sa dorchadas atá amuigh, mar a mbeidh gol agus díosgán fiacal. 13Agus dubhairt Íosa leis an dtaoiseach céad: Imthigh ort, agus fé mar a chreidis deintear duit. Agus tháinig a shláinte do’n bhuachaill an uair sin.

14Agus nuair a tháinig Íosa isteach i dtigh Pheadair chonaic sé máthair a chéile ’n‑a luighe agus éagcruas uirthi; 15Agus do rug sé ar láimh uirthi, agus d’imthigh an t‑éagcruas di, agus d’eirigh sí, agus dhein sí friothálamh ortha.

16Ansan, nuair a tháinig an tráthnóna, thugadar ag triall air a lán daoine go raibh deamhain ionta; agus bhí sé ag díbirt na ndeamhan le n‑a fhocal, agus ag leigheas na ndaoine a bhí as a sláinte; 17Ionus go bhfíorfaí an chaint a dubhairt Isáias Fáidh, mar a ndubhairt sé: [48]Do ghlac sé chuige féin ár n‑easláintí agus d’fhuiling sé ár ngalara.

18Agus nuair a chonaic Íosa na sluaighte móra ’n‑a thímpal, d’órduigh sé dul thar uisge. 19Agus tháinig fear sgríbhinne chuige agus dubhairt sé leis: A Mháighistir, leanfad thú pé áit ’n‑a ngeóbhair. 20Agus deir Íosa leis: Táid pluaiseana ag na sionachaibh agus neadacha ag éanlaithibh an aéir, agus ní’l ag Mac an Duine áit ar a leigfeadh sé a cheann. 21Dubhairt deisgiobul eile leis, A Thighearna, leig dom dul ar dtúis agus m’athair d’adhlacadh. 22Dubhairt Íosa leis, ámhthach: Lean mise, agus leig dos na mairbh a mairbh d’adhlacadh.

23Agus nuair a chuaidh sé ar bórd na luinge bige, do lean a dheisgiobuil é. 24Agus féach, d’eirigh suathadh mór sa bhfaraige, i dtreó go raibh an long d’á múchadh leis na tonnaibh. 25Ach bhí seisean ’n‑a chodla. Agus tháinig a dheisgiobuil chuige agus dhúisigheadar é. A Thighearna, ar siad, saor sinn; tá an bás againn. 26Agus dubhairt Íosa leó: Cad is eagal daoibh, a dhaoine gan puinn creidimh? Ansan d’eirigh sé agus dubhairt sé leis an ngaoith agus leis an bhfaraige fan[ 21 ]mhaint socair, agus tháinig ciúnas mór. 27De sin do ghlac iongnadh na daoine agus dubhradar: Cad é mar dhuine é seo go bhfuil gaoth agus faraige úmhal dó?

28Agus nuair a chuadar treasna an uisge, isteach i dtír na [49]nGerasénach, do bhuail uime beirt go raibh deamhain ionta, agus iad ag teacht amach as na h‑uaghnaibh agus iad ana-mhillteach, i dtreó nár bh’fhéidir d’aoinne gabháil an tslígh sin acu. 29Agus féach, do liúghadar agus dubhradar: Cad é sin dúinne thusa, a Íosa, a Mhic Dé? Ar tháinís anso roimh an aimsir chun pionóis a chur orainn? 30Bhí tréad mór muc ar fosaidheacht i ngar dóibh. 31Agus d’iarr na deamhain achainighe air: Má chuireann tú as so sinn, ar siad, cuir ins na mucaibh sinn. 32Agus dubhairt sé leó: Imthighidh. Agus d’imthigheadar isteach ins na mucaibh, agus féach, do rith an tréad muc ar buile le fánaidh isteach sa bhfaraige, agus do báthadh iad. 33Agus do rith na h‑aodhairí; agus thánadar isteach sa chathair, agus d’innseadar gach nídh, agus i dtaobh na beirte go raibh na deamhain ionta. 34Agus féach, do ghluais muintir na catharach go léir amach i gcoinnibh Íosa; agus nuair a chonacadar é d’iarradar air imtheacht as a dtír.



CAIBIDIOL IX.

Duine gan lúth a ghéag dá leigheas ag Críost. Maitiú d’á ghlaodhach chuige. An galar fola dá leigheas. Inghean Iaíruis á tógaint ón mbás aige. Radharc á thabhairt aige do bheirt dall. Agus duine balbh, go raibh deamhan ann, d’á leigheas aige.


1Agus chuaidh sé ar bórd na luinge bige, agus tháinig sé thar uisge iseach ’n‑a chathair féin. 2Agus féach, do thugadar ag triall air, sínte ar thocht, fear a bhí gan lúth. 3Agus nuair a chonaic Íosa an creideamh a bhí acu dubhairt sé leis an bhfear gan lúth: Glac misneach, a mhic, táid do pheacaí maithte dhuit. Agus féach, dubhairt cuid des na sgríbhneóiríbh, ’n‑a n‑aigne féin: Tá diamhasladh ag an bhfear so d’á dhéanamh. 4Agus ó chonaic Íosa na smuínte a bhí acu, dubhairt sé: Cad [ 22 ]chuige dhaoibh na droch-smuínte bheith i nbhúr gcroidhthibh agaibh? 5Cé ’cu is usa a rádh, Tá do pheacaí maithte dhuit; nó a rádh, Eirigh agus siúbhluigh? 6Ach ionus go mbeadh fhios agaibh go bhfuil ag Mac an Duine cómhacht ar an dtalamh so chun peacaí a mhaitheamh (dubhairt sé leis an bhfear a bhí gan lúth) Eirigh-se, agus tóg suas do leabaidh, agus imthigh chun do thighe féin. 7Agus d’eirigh sé, agus d’imthigh sé chun a thighe féin. 8Agus tháinig eagla ar an sluagh nuair a chonacadar an nídh sin, agus do mholadar Dia a thug a leithéid sin de chómhacht do dhaoinibh.


9[50]Agus nuair a dh’imthigh Íosa ó’n áit sin chonaic sé duine dár bh’ainim Maitiú ’n‑a shuidhe i n‑áit an chustuim, agus dubhairt sé leis: Lean mise. Agus d’eirigh sé agus do lean sé é.

10Agus do thárla, agus é ag suidhe chun bídh sa tigh, go dtáinig a lán puibliocánach agus a lán peacach agus gur shuidheadar i bhfochair Íosa agus a dheisgiobul. 11Nuair a chonaic na Fairisínigh an nídh sin dubhradar le na dheisgiobuil: Cad chuige go n‑itheann bhúr máighistir bia i bhfochair na bpuibliocánach agus na bpeacach? 12Ach d’airigh Íosa an focal, agus dubhairt sé: Ní h‑ag daoine slána atá gádh le liaigh ach ag daoine breóite. 13Imthighidh agus foghlumuighidh a bhrígh siúd: [51]Trócaire is toil liom, agus ní h‑ídhbirt. Óir ní chun na bhfíoraon do ghlaodhach a thánag, ach chun na bpeacach do ghlaodhach.

14Ansan do tháinig deisgiobuil le h‑Eóin ag triall air, agus dubhradar: Cad chuige go ndeinimíd-ne agus na Fairisínigh trosgadh go minic agus ná deinid do dheisgiobuil-se trosgadh? 15Agus dubhairt Íosa leó: An féidir do chlainn an Chéile bheith duairc an fhaid atá an Céile ’n‑a bhfochair? Ach tiocfaidh an t‑am i n‑a dtógfar uatha an Céile, agus ansan déanfaid siad trosgadh.[* 21] 16Ní chuireann aoinne preabán d’éadach nua [ 23 ]ar sheana-bhalcais éadaigh; óir baineann sé a lán féin as an mbalcais éadaigh, agus bíonn an stracadh níosa mheasa. 17Ná ní curtar fíon nua i sean’-árthaíbh leathair; nó má deintear bristear na h‑árthaí agus doirtear an fíon, agus imthighid na h‑árthaí gan tairbhe. Ach curtar an fíon nua i n‑árthaíbh nua agus coimeádtar iad araon.

18An fhaid a bhí sé ag rádh na cainte sin leó, féach tháinig priúnsa áirighthe chuige, agus do shléacht sé dhó, agus dubhairt sé: A Thighearna, do fuair m’inghean bás anois; ach tar agus cuir do lámh uirthi, agus beidh sí beó. 19Agus d’eirigh Íosa agus do lean sé é, mar aon le n‑a dheisgiobulaibh.

20Agus féach, tháinig lastiar dé bean a bhí ag tabhairt a cod’ fola ar feadh dhá bhliain déag, agus chuir sí a lám ar fhabhra a bhrait. 21Mar, dubhairt sí ’n‑a h‑aigne féin, Mura ndeinead ach baint le n‑a bhrat beidh mé slán. 22D’iompuigh Íosa, ámhthach, agus chonaic sé í, agus dubhairt sé: Glac misneach, a ’ghnín ó; do shlánuigh do chreideamh thu. Agus bhí an bhean leighiste ó’n uair sin amach.

23Agus nuair a tháinig Íosa chun tighe an phriúnsa, agus nuair a chonaic sé na ceóltóirí agus [52]an tsluagh ag déanamh fothraim, 24Dubhairt sé leó: Druididh siar; ní marbh atá an cailín, ach ’n‑a codladh. Agus bhíodar ag fonamhaid uime. 25Agus nuair a cuireadh na daoine amach, do chuaidh sé isteach, agus do rug sé ar láimh uirthi. Agus d’eirigh an cailín. 26Agus do leath an sgéal san ar fuid na tíre sin go léir.

27Agus nuair a bhí Íosa ag imtheacht as an áit sin do lean beirt dall é agus iad ag liúirigh, agus deiridís, Dein trócaire orainne a [53]Mhic Dáibhid. 28Agus nuair a tháinig sé chun an tighe tháinig na daill chuige. Agus dubhairt Íosa leó: An gcreideann sibh gur féidir dom an nídh seo a dhéanamh daoibh? Dubhradar leis: Creidimíd, a Thighearna. 29Ansan do chuir sé a lámh ar a súilibh, agus dubhairt sé: Deintear libh do réir [ 24 ]bhúr gcreidimh. 30Agus do h‑osgaladh a súile, agus thug Íosa foláramh dóibh: Tugaidh aire, ar seisean, ná beidh a fhios san ag aoinne. 31Ach nuair a chuadar-san amach, do leathadar a chlú ar fuid na tíre sin go léir.

32Agus tar éis dul amach dóibh, do tugadh chuige duine a bhí balbh, agus bhí deamhan ann. 33Agus nuair a cuireadh amach an deamhan do labhair an duine balbh; agus bhí iongna ar na daoine, agus deiridís: Ní feacathas a leithéid sin riamh i n‑Israél. 34Ach deireadh na Fairisínigh: Is le cómhacht rí na ndeamhan a chuireann sé amach na deamhain.


35Agus do ghluais Íosa mór-thímpal, ins na cathrachaibh agus ins na bailtibh, ag teagasg ins na sinagógaibh, agus ag craobhsgaoileadh soisgéil na rígheachta, agus ag leigheas gach galair agus gach breóiteachta. 36Agus chonaic sé na sluaighte daoine agus tháinig truagh aige dhóibh, mar go rabhadar go mí-ádhbharach, caithte mar bheadh caoire gan aodhaire. 37Ansan dubhairt sé le n‑a dheisgiobulaibh: Tá an fóghmhar mór ach tá an lucht oibre suarach. 38Iarraidh, d’á bhrígh sin, ar an dTighearna gur leis an fóghmhar, lucht oibre do chur ag baint an fhóghmhair dó.



CAIBIDIOL X.

An dá Asbol déag dá gcur amach ag Críost agus cómhacht acu chun mírbhúiltí dhéanamh. Teagasg aige á thabhairt dóibh.


1Agus do ghlaoidh sé chuige a dháréag deisgiobul, agus thug sé dhóibh cómhacht ar na h‑annspridíbh, chun iad do chur amach, agus chun gach galair agus breóiteachta do leigheas. 2Agus sidiad ainimneacha an dáréag aspol: Símón an chéad duine, agus Peadar a tugtar air; agus Aindrias a dhritháir. 3Séamus mac Sebedé, agus Eóin a dhritháir, Pilib agus Partholán, Tomás, agus Maitiú an puibliocánach, Séamus mac Alphéis, agus Taddeus, 4Símón ó Chanaan, agus Iudás [54]Iscariót, an fear a dhíol é.

[ 25 ]5Chuir Íosa uaidh an dáréag san, agus thug sé órdú dhóibh mar seo: Ná h‑imthighidh i slígh na ngeinte agus na téighidh isteach i gcatharachaibh na Samaritánach; 6Ac téighidh [55]fé dhéin na gcaorach de theighleach Israéil atá imthighthe amú’. 7Imthíghidh, agus deinidh craobhsgaoileadh, agus abraidh, Tá rígheacht na bhflathas tagaithe i n‑achmaireacht. 8Leighsidh daoine breóite; tógaidh na mairbh ó’n mbás; glanaidh na lobhair; cuiridh amach na deamhain. Is i n‑aisge do fuarabhair; tugaidh uaibh i n‑aisge.

9Ná bíodh ór ná airgead ná saidhbhreas i dtaisge agaibh i nbhúr gcrios. 10Ná bíodh mála chun lóin bhóthair agaibh, ná dhá chasóig, ná bróga, ná cleith; óir is fiú an fear oibre é chothú. 11Agus pé cathair nó dún n‑a raghaidh sibh isteach ann, fiafraíghidh cé is creideamhnach ann, agus fanaidh ansan go dtí go mbeidh sibh ag imtheacht. 12Agus nuair a bheidh sibh ag dul isteach i dtigh, beannuighidh do’n tigh sin agus abraidh; Síothcháin do’n tigh seo. 13Agus má’s fiú an tigh sin é, tiocfidh bhúr síothcháin air; mura fiú, ámh, fillfidh bhúr síothcháin oraibh féin. 14Agus pé duine ná glacfaidh sibh agus ná h‑éistfidh le nbhúr mbréithribh, téighidh amach as an dtigh sin, nó as an gcathair sin, agus caithidh an ceó d’bhúr gcosaibh ann. 15Go deimhin adeirim libh, is saoire a bheidh an sgéal ag tír Shodom nó ag tír Ghomorra lá an bhreitheamhantais ’ná ag an gcathair sin.

16Féach, táim ag bhúr gcur amach ar nós caorach ameasg faolchon. Bídhidh, d’á bhrígh sin, chómh glic leis na h‑aithreachaibh nimhe agus chómh símplídhe leis na colúraibh.[* 22] 17Ach seachnaibh sibh féin ar na daoine. Óir, tabharfid siad ar láimh sibh, ins na cómhairlíbh agus sgiúrsálfaid siad sibh i n‑a sinagógaibh; 18Agus béarfaid siad i láthair ríghthe agus uachtarán sibh mar gheall orm-sa [56]mar fhiadhnaise dhóibh-sin agus dos na geintibh. 19Nuair a thabharfid siad ar láimh sibh, ámhthach, ná bídhidh ag machtnamh féachaint cad’ déarfaidh sibh, ná conus; óir tabharfar daoibh an uair sin an nídh a labh[ 26 ]arfaidh sibh. 20Óir ní sibh-se do labhrann ach Spioraid bhur n‑Athar a labhrann ionaibh. 21Agus tabharfaidh an dritháir a dhritháir le cur chun báis, agus an t‑athair a mhac; agus eireóchaid an chlann i gcoinnibh a n‑athar agus a máthar agus básóchaid siad iad. 22Agus beidh fuath ag gach duine dhaoibh-se mar gheall ar m’ainim-se; Ach an t‑é sheasóchaidh amach go deire isé a slánófar. 23Ach nuair a déanfar géar-leanmhaint oraibh sa chathair sin, imthighidh go cathair eile: Go deimhin adeirim libh, ní bheidh catharacha Israéil siúbhalta agaibh sar a dtiocfidh Mac an Duine.

24Ní’l an deisgiobul níos fearr ’ná a mháighistir, agus ní’l an seirbhíseach níos fearr ná a thighearna. 25Is leór do’n deisgiobuil bheith mar a mháighistir, agus do’n tseirbhíseach bheith mar a thighearna. Má thugadar Beelsebub ar fhear an tighe, nách mó ’ná san a thabharfaid siad ar mhuintir a thighe é? 26Ná bíodh eagla agaibh rómpa d’á bhrígh sin. Óir ní’l aon rud fé chlúid ná nochtfar, agus ní’l rud i bhfolach na h‑aithneófar. 27An rud adeirim libh sa doircheacht abraidh sa tsolus é; agus an rud a dh’airigheann sibh [mar chogar] sa chluais deinidh é chraobhsgaoileadh ar bharraíbh na dtighthe. 28Agus ná bíodh eagla agaibh roimis an muintir a mharbhuigheann an corp, agus nách féidir dóibh an t‑anam a mharbhú; ach bíodh eagla agaibh roimis an t‑é gur féidir dó idir anam agus corp do chur go h‑ifreann. 29Ná díoltar dhá ghealbhún ar fheóirling? Agus ní féidir do ghealbhún acu tuitim chun tailimh gan bhúr n‑Athair. 30Ní’l ruibe d’bhúr ngruaig ná fuil cómhrighthe. 31Ná bíodh eagla oraibh, d’á bhrígh sin. Is mó le rádh sibh-se ’ná mórán des na gealbhúnaibh. 32Gach duine, d’á bhrígh sin, a dh’admhóchaidh mise os cómhair daoine, admhóchad-sa eisean os cómhair m’Athar atá ins na flathais. 33Ach an t‑é a shéanfaidh mise os cómhair daoine, séanfad-sa eisean os cómhair m’Athar atá ins na flathais.

34Ná measaidh gur chun na síothchána chur ar an dtalamh a thánag; ní chun na síothchána chur ann a thánag, ach chun an chlaidhimh a chur ann. 35Óir do thánag chun an duine chur i n‑earaid le n‑a athair, agus chun na h‑inghine chur i n‑aghaidh a máthar, agus chun mná an mhic do chur i [ 27 ]n‑aghaidh máthar a céile.[* 23] 36[57]Agus namhaid duine a lucht aontíghis féin. 37An t‑é gur measa leis a athair nó a mháthair ’ná mise, ní’l sé maith a dhóithin dom; agus an t‑é gur measa leis a mhac nó a inghean ’ná mé, ní’l sé maith a dhóithin dom. 38Agus an t‑é ná glacfaidh a chros agus mise do leanmhaint, ní’l sé maith a dhóithin dom. 39An t‑é a gheobhaidh a anam féin caillfidh sé é; agus an t‑é a chaillfidh a anam féin ar mo shon-sa, gheobhaidh sé é. 40An t‑é a ghlacann sibh-se, glacann sé mise; agus an t‑é a ghlacann mise, glacann sé an t‑é a chuir uaidh me.

41An t‑é a ghlacann fáidh i n‑ainim fáidhe, gheobhaidh sé tuarasdal fáidhe; agus an t‑é a ghlacann fíoraon i n‑ainim fíoraoin, gheobhaidh sé tuarasdal fíoraoin. 42[58]Agus an t‑é a thabharfaidh le n‑ól do dhuine de’n chuid is suaraíghe dhíobh san fiú cupán uisge fhuair, i n‑ainim deisgiobuil, go deimhin adeirim libh, ní chaillfidh sé a luacht saothair.



CAIBIDIOL XI.

A dheisgiobuil ag Eóin dhá gcur ag triall ar Chríost. Na Iúdaigh dh’á gcáineadh ag Críost mar gheall ar na creidfidís, agus na daoine d’á nglaodhach chuige a mhothuigid ualaí troma bheith ortha.


1Agus do thárla, nuair a bhí na h‑órduighthe tabhartha ag Íosa d’á dháréag deisgiobul, gur imthigh sé as an áit sin chun teagasg agus craobhsgaoileadh dhéanamh i n‑a mbailtibh-sin.

2[59]Agus nuair a dh’airigh Eóin, agus é gabhtha, oibreacha Chríost, chuif sé beirt d’á dheisgiobulaibh féin ag triall air, agus dubhairt sé leis: 3An tusa an t‑é atá le teacht, nó an bhfuil orainn feitheamh le duine eile? 4Agus dubhairt Íosa leó ’ghá bhfreagradh: Imthíghidh agus ínnsidh d’Eóin na neithe d’aireabhair agus do chonacabhair; [ 28 ]5[60]Tá radharc ag daill; tá siúbhal ag bacaigh; glantar na lobhair; tá éisteacht ag daoine a bhí bodhar; Eirighid na mairbh; Tá an Soisgéal d’á [61]theagasg dos na bochtaibh. 6Agus is aoibhinn do’n t‑é ná glacfaidh sganall umam-sa.[* 24]

7Agus nuair a bhí an bheirt imthighthe do chrom Íosa ar labhairt leis na daoine i dtaobh Eóin: Cad a bhí uaibh le feisgint nuair a thánabhair amach sa bhfásach? Slat d’a suathadh le gaoith? 8Ach cad a bhí uaibh le feisgint nuair a thánabhair amach? Fear i n‑éadaighibh míne? Féach, i dtighthibh na rí atá lucht an éadaigh mín. 9Ach cad a bhí uaibh le feisgint nuair a thánabhair amach? Fáidh, an eadh? Ach deirim-sé libh gur duine é is mó ’ná fáidh. 10Óir is air seo atá sgríobhtha: [62]Féach, táim-se ag cur m’aingil rómhat amach chun na slíghe d’ollamhú rómhat. 11Go deimhin adeirim libh, níor eirigh, ar an rugadh ó mhnáibh, duine ba mhó ’ná Eóin Baiste; ach an t‑é is lúgha i rígheacht na bhflathas is mó é ’ná eisean. 12Ach ó aimsir Eóin Baiste go dtí anois tá éigean ’á déanamh ar rígheacht na bhflathas, agus isiad lucht an éigin a bheireann leó é.[* 25] 13Óir targaireacht iseadh dhein na fáidhe go léir agus an dlígh, go dtí Eóin. 14Agus má’s áil libh a ghlacadh, isé[63] Elias é atá le teacht.[* 26] 15An t‑é ar a bhfuil cluasa chun éisteachta, éisteadh sé.

16Ach cé leis go samhlóchad an tsliocht so? Is cosmhail iad le h‑aos óg ’n‑a suidhe ar an macha ag glaodhach ar a gcomrádaithibh: 17Agus ’ghá rádh: Dheineamair ceól daoibh ar phíbibh, agus níor dheineabhair rinnce; do chaoineamair, agus níor dheineabhair gol. 18Óir do tháinig Eóin gan ithe gan ól, agus deirid siad: Tá deamhan ann. 19Tháinig Mac an Duine ag ithe agus ag ól, agus deirid siad: Féach, an duine craosach agus an [ 29 ]fear fíona d’ól, cara na bpuibliocánach agus na bpeacach. Agus gheibheann an eagna a ceart ó n‑a clainn féin.

20Ansan do chrom sé ar mhilleán do chur ar na cathrachaibh ionar h‑oibrigheadh an chuid ba mhó d’á chómhachtaibh, toisg nár dheineadar aithrighe: 21Mairg duit, a Chorosain mairg duit, a Bhetsáida! óir dá ndeintí i dTuíre agus i Sídón na fearta atá déanta ionaibh-se, is fadó a dhéanfaidís aithrighe fé éadach gharbh agus fé luaithrigh. 22Ach deirim libh, ámhthach, Beidh an sgéal níos saoire lá an bhreitheamhantais ag Tuíre agus ag Sídón ’na agaibh-se. 23Agus tusa, a Chapharnaum, an suas go flathas Dé a tógfar tú? Síos go h‑ifreann iseadh a curfar thú; óir dá mba i Sodomaibh a déanfaí na fearta a dheineadh ionat-sa, b’fhéidir go mbeadh an chathair sin ann do dtí an lá so. 24Ach deirim libh, ámhthach, go mbeidh an sgéal níos saoire lá an bhreitheamhantais ag muintir Shodom ’ná agat-sa. 25Sa n‑am san d’fhreagair Íosa agus dubhairt: Admhuighim ad’ láthair-se, a Athair, a Thighearna neimhe agus talmhan, mar gur cheilis na neithe seo ar lucht eagna agus tuisgiona, agus gur nochtais iad do naoidheanaibh. 26Iseadh, a Athair; óir sin mar a bhi taithneamhach ad’ láthair-se. 27Tá gach uile nídh tabhartha dómh-sa ag m’Athair. Agus ní’l aithne ag aoinne ar an Mac ach ag an Athair; ná ar an Athair ach ag an Mac, agus ag an t‑é gur toil leis an Mac a dh’foillsiú dhó. 28Tagaidh go léir ag triall orm-sa, gach duine go bhfuil cruadhtan agus tromualach air, agus tabharfad-sa faoireamh oraibh. 29Tógaidh mo chuing-se oraibh, agus foghlumaidh uaim, óir táim ceannsa agus úmhal ó chroidhe; [64] agus gheobhaidh sibh suaimhneas d'bhúr gcroidhthibh. 30[65]Óir is suairc mo chuing-se agus is éadtrom m’ualach.

[ 30 ]

CAIBIDIOL XII.

Daille na bhFairisíneach dá cáineadh ag Críost ⁊ iad á mbréagnú aige nuair a deirid siad gur le cómhacht Shátain a dheineann sé na mírbhuiltí.


1Sa n‑am san do ghluais Íosa tré ghortaibh arbhair, lá na sabbóide; agus bhí ocras ar a dheisgiobuil, agus chromadar ar na diasaibh do stathadh agus d’ithe. 2Agus chonaic na Fairisínigh iad, agus dubhradar: Féach, táid do dheisgiobuil ag déanamh ruda nach dleaghthach a dhéanamh lá na sabbóide. 3Ach dubhairt seisean leó: An amhlaidh nár léigheabhair[66] cad a dhein Dáibhid nuair a bhí ocras air féin agus ar an muintir a bhí i n‑aonfheacht leis? 4Conus mar a chuaidh sé isteach i dtigh Dé agus d’ith sé na bulóga a bhí curtha i láthair Dé, nídh nár, cheaduighthe dhó a dh’ithe, ná do’n mhuintir a bhí le n‑a chois, ná d’aoinne[67] ach dos na sagairt amháin?[* 27] 5Nó an amhlaidh nár léigheabhair sa dlígh conus mar, a dheinid na sagairt sa teampall an tsabbóid do bhriseadh agus ná dheinid siad peacadh? 6Ach deirim-se libh go bhfuil anso aon is mó ’ná an teampall. 7Ach dá dtuigeadh sibh cad é an nídh, [68]Trócaire is áil liom, agus ní h‑ídhbirt, ní dhaorfadh sibh choídhche na neamhchiontacha. 8Óir isé Tíghearna na sabbóide féin Mac an Duine.

9Ansan d’fhág sé an áit sin, agus tháinig sé isteach i n‑a sinagóig chúcha. 10Agus féach, bhí duine ann agus a lámh gan tapadh. Agus d’fhiafraigheadar de, An dleaghthach leigheas a dhéanamh sa tsabbóid? ionus go bhféadfaidís rud a chur ’n‑a leith. 11Agus dubhairt seisean leo: Cé h‑é an duine agaibh-se, dá mbeadh aon chaora amháin aige, agus go dtuitfeadh sí i bpoll lá sabbóide, na béarfadh uirthi agus í tharang amach? 12Nach mó le rádh go mór duine ’ná caora? D’á bhrígh sin is dleaghthach tairbhe déanamh sa tsabbóid. 13Ansan dubhairt sé leis an nduine: Sin amach do lámh. Agus do shín; agus bhí sí chómh slán leis an láimh eile.

[ 31 ]14D’imthigh na Fairisínigh amach, ámhthach, agus chuadar i gcómhairle ’n‑a choinnibh chun a mhairbhthe. 15Ach bhí a fhios san ag Íosa, agus d’imthigh sé as an áit sin; agus do lean mórán daoine é, agus do leighis sé iad go léir. 16Agus d’órduigh sé dóibh gan é chur i n‑iúil. 17Ionus go gcómhlíonfaí an nídh adubhradh tré Isáias fáidh mar a ndeir sé: 18[69]Féach, mo sheirbhíseach, an t‑é a thogas, an t‑é is ionmhuin liom, an t‑é ar a bhfuil greann ó m’anam. Cuirfead mo spioraid air, agus fógróchaidh sé breitheamhantas dos na geintibh. 19Ní dhéanfaidh sé aighneas, agus ní dhéanfaidh sé collóid; agus ní cloisfar a guth ins na sráidibh. 20Ní bhrisfidh sé an cuaile leóinte, agus ní mhúchfaidh sé an líon go bhfuil an deatach as, go dtí go gcuirfidh sé amach breiteamhantas chun buaidhte. 21Agus is as a ainim a bheidh a mainighin ag na geintibh.

22Ansan do tugadh chuige duine go raibh deamhan ann, agus bhí sé dall agus balbh; agus do leighis sé é, i dtreó go raibh radharc agus urlabhra aige. 23Agus tháinig uathbhás ar na sluaightibh go léir, agus deiridís: An féidir gur b’é seo mac Dáibhid? 24D’airigh na Fairisínigh an chaint sin, agus dubhradar: Ní chuireann sé seo na deamhain amach ach le cómhacht Bheelsebub, sí na ndeamhan. 25Ach do chonaic Íosa a smuínte, agus dubhairt sé leó: Gach righeacht a bheidh deighilte ’n‑a choinnibh féin déanfaidh fásach dé; agus gach cathair, nó gach teighleach, a bheidh deigilte i gcoinnibh a chéile, ní sheasóchaidh sé; 26Agus má ’sé Sátan a chuireann amach Sátan, siné deigilte ’n‑a choinnibh féin é; agus d’á bhrígh sin conus a sheasócaidh a rígheacht? 27Agus má’s le cómhacht Bheelsebub a chuirim-se amach na deamhain, cad leis go gcuirid [70]bhúr gclann féin amach iad? Fágaim, d’á bhrígh sin, fé bhreith bhur gclainne féin sibh. 28Ach má’s le Spioraid Dé a chuirim-se na deamhain amach, siné rígheacht Dé tagaithe i nbhúr measg. 29Nó conus is féidir do dhuine dul isteach i dtigh an fhir láidir agus a sheóide dh’fhuadach, mura ndeinidh sé an fear láidir do cheangal ar dtúis? Ansan sgartálfaidh sé a thigh. 30An t‑é ná fuil liom, tá sé am’ [ 32 ]aghaidh; agus an t‑é ná cnuasaigheann a’ theannta, sgaipeann sé.

31Deirim libh, d’á bhrígh sin: Maithfar do dhaoine gach peacadh agus gach diamhasla, ach diamhasla i n‑aghaidh an Spioraid ní maithfar do dhaoine é.[* 28] 32Agus an t‑é a dhéarfaidh focal i n‑aghaidh Mhic an Duine, maithfar dó é; ach an t‑é a dhéarfaidh i n‑aghaidh an Spioraid Naoimh é, ní maithfar dó é, ar an saoghal so ná ar an saoghal atá le teacht.[* 29]

33Dheinidh an crann a bheith go maith agus a thoradh fóganta air; nó deinidh an crann go h‑olc agus an toradh go h‑olc air; óir is as a thoradh do h‑aithnightear an crann. 34A shliocht na naithreach nimhe, conus is féidir daoíbh-se neithe fóghanta do labhairt agus sibh go h‑olc? óir is á líonmhaireacht an chroidhe do labhrann an béal. 35Tugann an fear fóghanta neithe fóghanta uaidh, amach a’ stór fóghanta; agus tugann an droch-dhuine droch-neithe uaidh amach a’ droch-stór. 36Agus deirim libh, an uile fhocal díomhaoin d’á labhraid daoine, go dtabharfaid siad cúntas ann lá an bhreitheamhantais.[* 30] 37Óir is de bhárr do bhéithre féin a saorfar thu, agus is de bhárr do bhreithre féin a daorfar thu.


38Ansan d’fhreagair cuid des na Sgríbhneóiríbh agus des na Fairisínigh agus dubhradar: A Mháighistir, is [ 33 ]mian linn cómhartha dh’fheisgint uait.[* 31] 39Agus d’fhreagair sé iad: [71]Tá droch-shliocht adhaltranach ag lorg cómhartha; agus ní thabarfar de chómhartha dhóibh ach [72]cómhartha Iónais an fáidh. 40Óir, fé mar a bhí Iónas trí lá agus trí oidhche i mbolg an mhíolmhóir, beidh Mac an Duine trí lá agus trí oidhche i gcroidhe na talmhan.[* 32] 41[73]Eireóchaid muintir Ninebhe i mbreitheamhantas i n-aghaidh an tsleachta so, agus daorfaid siad iad; óir do dheineadar-san aithrighe nuair a theagaisg Iónas iad. Agus féach duine is mó ’ná Iónas anso. 42Eireóchaidh ban-ríghin na tíre theas i mbreitheamhantas i n-aghaidh an tsleachta so, agus daorfaidh sí iad; [74]óir do tháinig sí ó imeall an tsaoghail chun éisteach le h-eagna Shalomóin. Agus féach duine is mó ’ná Salomón anso.

43Agus nuair a théigheann an spioraid neamghlan amach as an nduine, siúbhlann sé tré áiteana feóchta ag lorg suaimhnis, agus ní fhaghann sé é. 44Agus deir sé, Raghad tar n-ais chun mo thighe féin as a dtánag amach. Agus tagann sé agus gheibheann sé an tigh folamh agus é sguabtha, glan, órnáideach. 45Ansan imthigheann sé, agus tugann sé leis seacht spioraidí eile is measa ’ná é féin, agus téighid siad isteach, agus cómhnuighid siad sa tigh sin. Agus is measa an cor atá ar an nduine sin sa deire ’ná mar a bhí ar dtúis air. Sin mar a bheidh an sgéal ag an sliocht so atá chómh fíor-olc.

46An fhaidh a bhí sé ag caint leis an bpobul, tháinig a mháthair agus a [75]bhráithre amuigh agus iad a d’iarraidh labhairt leis. 47Agus dubhairt duine leis, Féach, tá do mháthair agus do bhráithre amuigh, agus iad a d’iarraidh labhartha leat. 48Ach d’fhreagair seisean agus dubhairt: Cia h-í mo mháthair, agus cé h-iad mo bhráithre?[* 33] 49Agus [ 34 ]do shín sé a lámh chun a dheisgiobul agus dubhairt sé: Féach, siniad mo mháthair-se agus mo bhráithre. 50Óir pé duine a dhéanfaidh toil m’Athar-sa atá ins na flathais, siné is bráthair agus siúr agus máthair agam-sa.



CAIBIDIOL XIII.

Parabal churadóra an chogail, agus parabal an tsíl-mhustáird, ⁊rl.


1Sa lá san chuaidh Íosa amach as an dtigh, agus bhí sé n‑a shuidhe ar bruach na faraige. 2Agus do chruinnigh sluaighte móra, i dtreó go ndeaghaidh sé ar bórd na luinge bige agus gur shuidh sé ínti, agus gur sheasaimh an tsluagh go léir ar an dtráigh. 3Agus do dhein sé a lán cainte leó i bhfuirm soluídí, agus dubhairt sé: Féach, do chuaidh síoladóir amach ag cur síl. 4Agus nuair a bhí sé ag cur an tsíl do thuit [76]cuid acu i n‑aice an bhóthair; agus tháinig éanlaithe an aeir agus d’itheadar iad. 5Agus do thuit cuid eile acu i n‑áit i n‑a raibh clocha agus ithir shuarach; agus d’fhásadar go luath, toisg gan doimhneas ithreach a bheith acu. 6Agus d’eirigh an ghrian agus do ghoill an teas ortha; agus toisg gan an phréamh a bheith acu d’fheóchadar. 7Agus do thuit cuid eile acu ameasg na sheach; agus d’fhás na sgeacha agus mhúchadar iad. 8Thuit cuid eile acu, ámhthach, ar thalamh fhóghanta; agus thugadar toradh, cuid acu fó chéad, cuid acu fó thrí fichid, cuid acu fó thríochad. 9An t‑é go bhfuil cluasa air chun éisteachta, éisteadh sé.

10Agus tháinig na deisgiobuil chuige agus dubhradar: Cad fá gur i soluídíbh a labhrann tú leó? 11Agus d’fhreagair sé agus dubhairt: Mar do tugadh daoibh-se eólus do chur ar rú nDiamhraibh rígheachta na bhflathas; do’n chuid eile, ámhthach, níor tugadh san. 12Óir an t‑é go bhfuil aige tabharfar dó, agus beidh flúirse aige; agus an t‑é ná fuil aige tógfar uaidh a bhfuil aige. 13Labhraim [ 35 ]leó i soluídíbh mar tá radharc acu agus ní fheicid siad, agus tá éisteacht acu agus ní chloisid siad, ná ní thuigid siad. 14Agus cómhlíontar ionta targaireacht Isáiais, mar a ndeir sé: [77]Le cloisint cloisfidh sibh agus ní tuigfidh sibh, agus ag féachaint chífidh sibh agus ní feicfidh sibh. 15Óir tá croidhe an phobuil seo tromaídhe, agus le n‑a gcluasaibh cloisid siad go bodhar, agus tá a súile dúnta acu; le h‑eagla, luath ná mall, go bhfeicfidís le n‑a súilibh, agus go gcloisfidís le n‑a gcluasfaibh, agus go dtuigfidís i n‑a gcroídhe, agus go n‑iompóchaidís agus go slánóchainn iad. 16Ach is aoibhinn d’bhúr súilibh-se, óir chíd; agus d’bhúr gcluasaibh, óir cloisid. 17Óir go deimhin adeirim libh gur ’mó fáidh agus fíoraon gur mhian leó na neithe a d’fheisgint a chíonn sibh-se, agus ní fheacadar iad; agus na neithe do chlos a chloiseann sibh-se agus níor chloiseadar iad. 18Éistidh-se anois le soluíd an tsíoladóra.

19Gach duine a chloiseann briathar na rígheachta agus ná tuigeann é, tagann an droch-spioraid agus tógann sé an síol a cuireadh ’n‑a chroídhe sin. Siné an síol a cuireadh i n‑aice an bóthair. 20An t‑é a ghlac an síol mar a raibh na clocha, siné an t‑é a chloiseann an briathar agus do ghlacann láithreach é le h‑áthas; 21Ach ní’l an phréamh aige; ní leanann sé ach tamall; agus nuair a thagann an trioblóid agus an ghéarleanmhaint mar gheall ar an mbriathar, glacann sé sgannal. 22Agus an t‑é a ghlac an síol ins na sgeachaibh, siné an t‑é a chloiseann an briathar, agus go ndeineann cúram an tsaoghail seo agus mealladh saidhbhris an briathar do mhúchadh, agus bíonn sé gan toradh. 23Ach an t‑é a ghlac an síol isteach sa talamh fóghanta, siné an t‑é a chloiseann an briathar agus do thuigeann é, agus a thugann toradh uaidh, agus tugann sé cuid de’n toradh fó chéad, agus cuid eile dhe fó thrí fichid, agus cuid eile dhe fó thríochad.


24Thug sé soluíd eile dhóibh, agus dubhairt sé: Is cosmhail rígheacht na bhlathas le duine a chuir síol fóghanta ’n‑a chuid tailimh; 25Ach nuair a bhí na daoine ’n‑a gcod[ 36 ]ladh tháinig an namhaid agus do chuir sé cogal i lár na cruithneachtan, agus d’imthigh sé. 26Agus nuair a bhí an geamhar ag fás, agus an toradh ag teacht, do chonacthas an cogal leis. 27Ansan tháinig na seirbhísigh chun fir an tighe, agus dubhradar leis: A Thigearna, nách síol fóghanta a chuiris ad’ chuid tailimh? Cá bhfuair sé an cogaL mar sin? 28Agus dubhairt sé leó: Namhaid a dhein an nídh sin. Agus dubhairt na seirbhísigh leis: An toil leat sinn do dhul agus an cogal a bhaint? 29Agus dubhairt sé: Ní toil; le h‑eagla, ag stathadh an chogail daoibh, go stathfadh sibh an chruithneacht leis. 30Leigtear dóibh araon fás go dtagaidh an fóghmhar, agus nuair a thiocfaidh an fóghmhar déarfad leis na buanaidhthibh: Bailighidh an cogal ar dtúis, agus ceangalaidh é ’n‑a phunanaibh le dóghadh, ach deinidh an chruithneacht do bhailiú isteach am’ sgioból.

31Agus chuir sé soluíd eile os a gcómhair, agus dubhairt sé: Is cosmhail rígheacht na bhflathas le gráinne de shíol mustáird a thóg duine le cur ’n‑a gharaidhe. 32Ní’l síol ar bith is lúgha ’ná é; ach nuair fhásann sé ní’l glasra ar bith is mó ’ná é, agus dheineann crann dé, i dtreó go dtagaid éanlaithe an aéir agus go neaduighid siad ’n‑a ghéagaibh.

33Do labhair sé soluíd eile leó: Is cosmhail rígheacht na bhflathas leis an ngiost a ghlac an bhean agus a chuir sí i bhfolach i dtrí tómhasaibh plúir, go dtí gur ghlac an plúr go léir an giost.

34Do labhair Íosa na neithe seo go léir leis na daoine i bhfuirm soluídí; agus níor labhair sé leó ach i soluídíbh; 35Ionus go gcómhlíonfaí an focal a labhair an fáidh nuair adubhairt sé: [78]Osgalóchad mo bhéal i soluídíbh; nochtfad neithe atá foluighthe ó chruthniú an domhain.


36Ansan do chuir sé chun siubhail an pobul, agus tháinig sé isteach sa tigh, agus tháinig a deisgiobuil chuige agus dubhradar: Mínigh dúinn soluíd an chogail sa ghort. Agus d’fhreagair sé agus dubhairt: 37Isé Mac an Duine a chuireann an síol fóghanta. 38Agus isé an domhan an gort. Agus clann na rígheachta, siniad an síol [ 37 ]fóghanta. Agus clann an uilc, siniad an cogal. 39Agus an namhaid a chuir an cogal, siné an diabhal. [79]Agus isé deire an tsaoghail an fóghmhar; agus isiad na h‑aingil na buanaidhthe. 40D’á bhrígh sin, mar a bailightear an cogal agus a dóightear é sa teine, sin mar a bheidh i ndeire an tsaoghail. 41Cuirfidh Mac an Duine a aingil amach agus baileóchaid siad as a rígheacht gach sgannal agus lucht déanta an uilc. 42Agus cuirfid siad sa lasair theine iad. Beidh sa n‑áit sin gol agus díosgán fiacal. 43[80]Ansan beid na fíoraoin ag taithneamh ar nós na gréine i rígheacht a n‑Athar. An t‑é go bhfuil cluasa air chun éisteachta, éisteadh sé.

44Is cosmhail rígheacht na bhflathas le stór a bheadh i bhfolach i bpáirc; agus an t‑é a gheibheann é coimeádann sé rún air, agus tré mhéid a áthais imthigheann sé agus díolann sé amach a chuid go léir, agus ceannuigheann sé an pháirc sin.

45Agus airís, is cosmhail rígheacht na bhflathas le ceannaidhe a bheadh ag lorg péarlaí fóghanta. 46Agus nuair a fuair sé aon phéarla amháin ana-luachmhar, do dhíol sé a raibh aige, agus do cheannaigh sé an péarla san. 47Airís, is cosmhail rígheacht na bhflathas le líon a curfaí amach sa bhfaraige, agus do bhaileóch’ an uile shaghas éisg; 48Agus nuair a bhí sé lán, gur taraingeadh amach é, agus gur shuidh na daoine ar an dtráigh, agus gur thógadar na h‑iasga maithe i n‑árthaíbh agus gur chaitheadar amach na droch-iasga. 49Sin mar a bheidh i ndeire an tsaoghail. Imthéochaid na h‑aingil amach, agus deighilfid siad na droch-dhaoine a’ lár na bhfíoraon. 50Agus cuirfid siad sa lasair theine iad. Beidh gol agus díosgán fiacal sa n‑áit sin.

51Ar thuigeabhair na neithe sin go léir? Do tuigeamair, ar siad. 52Dubhairt sé leó: D’á bhrígh sin, gach sgríbhneóir atá múinte i dtaobh rígheachta na bhflathas, is cosmhail é le fear tighe a thugann amach as a stór neithe nua agus sean-neithe.


53Agus do tharla, nuair a bhí na solúidí sin críochnuighthe ag Íosa, gur fhág sé an áit sin. 54Agus tháinig sé [ 38 ]isteach ’n‑a dúthaigh féin, agus bhí sé ag múineadh na ndaoine ins na sinagógaibh, i dtreó go mbíodh iongnadh ortha, agus go ndeiridís: Cá bhfuair sé seo an eagna so, agus na cómhachta? 55Nách é seo mac an cheardaidhe? Nách ar a mháthair a tugtar Muire, agus ar a bhráithribh Séamus agus lóseph agus Símón agus Iúdás?[* 34] 56Agus ná fuil a shiúracha go léir i n‑ár measg? Agus cá bhfuair sé sin na neithe seo go léir? 57Agus do ghlacadar sgannal d’á dhruim. Dubhairt Íosa leó, ámhthach: Ní’l fáidh gan onóir ach ’n‑a dhútaigh féin agus ’n‑a theaglach féin. 58Agus níor dhein sé puínn mírbuiltí sa n‑áit sin, mar gheall ar dhíthchreideamh na ndaoine sin.



CAIBIDIOL XIV.

Eóin Baiste d’á chur chun báis ag Héród. Bia d’á thabhairt ag Críost do chúig mhíle duine sa bhfásach. É ag siubhal ar an bhfaraige, agus an uile shaghas lucht galair d’á leigeas aige, gan ach iad do bhaint le n‑a chuid éadaigh.


1Sa n‑am san do chualaidh Héród, an tetrarc, cáil Íosa.[* 35] 2Agus dubhairt sé le n‑a mhuintir thighe: Sidé Eóin Baiste; d’eírigh sé ósna mairbh, agus is uime sin atáid na mírbhuiltí d’á ndéanamh tríd.

3[81]Óir bhí Héród tar éis Eóin do ghabháil agus do cheangal agus do chur i mbraighdineas mar gheall ar Heródias, bean a dhrithár. 4Mar dubhairt Eóin leis: Ní dleaghthach duit í sin a bheith agat. 5Agus ba mhian leis é chur chun báis, ach bhí eagla na ndaoine air, óir do thuigeadar gur b’fháidh Eóin Baiste. 6Ach lá beirthe Héróid dhein inghean Heródias rinnce ’n‑a láthair, rinnce a thaithn le Héród. 7Mar gheall air sin do dhear[ 39 ]bhuigh sé go dtabharfadh sé dhi pé rud d’iarfadh sí air. 8Dubhairt sise, óir do chuir a máthair suas chuige í: Tabhair dhom ar mhéis ceann Eóin Baiste. 9Tháinig buairt ar an rí; ach mar gheall ar an ndearbhú, agus mar gheall ar an gcuideachtain a bhí láithreach, d’órduigh sé é tabhairt di. 10Agus chur sé daoine uaidh agus bhain sé an ceann d’Eóin sa phríosún. 11Agus tugadh a cheann i láthair, ar mhéis; agus do tugadh do’n chailín é, agus do rug sise ag triall ar amáthair é. 12Agus tháinig a dheisgiobuil agus do rugadar leó a chorp, agus d’adhlacadar é; agus thánadar agus d’innseadar é d’Íosa.


13Agus nuair airigh Íosa é, d’imthigh sé ó’n áit sin, i luing bhig, isteach i bhfásach uaigneach; agus nuair a dh’airigh na daoine san, do leanadar é ’n‑a gcuis as na catharachaibh.

14Agus tháinig sé amach agus chonaic sé an tsluagh mhór, agus tháinig truagh aige dhóibh, agus do leigis sé na daoine gan sláinte a bhí ortha. 15Agus nuair a tháinig an tráthnóna tháinig a dheisgiobuil chuige, agus dubhradar: Fásach iseadh an áit seo, agus tá an aimsir imthighthe. Leig uait na daoine, go dtéighid siad isteach ins na sráidibh agus go gceannaighid siad bia dhóibh féin. 16Agus dubhairt Íosa leo: Ní gádh dhóibh imtheacht; Tugaidh-se rud le n‑ithe dhóibh. 17Agus d’fhreagradar é: [82]Ní’l anso againn ach chúig bhulóga agus dhá iasg. 18Agus dubhairt sé: Tugaidh chúgham anso iad san. 19Agus dubhairt sé leis na daoine suidhe ar an bhféar; agus thóg sé na chúig bhulóga agus an dá iasg, agus d’fhéach sé suas chun neimhe agus bheannuigh sé iad, agus bhris sé iad, agus thug sé dos na deisgiobuil iad, agus thugadar-san dos na sluaightibh iad; 20Agus d’itheadar go léir, agus bhí a ndóithin acu. Agus do tógadh an fuighleach, dhá chiseán déag lán d’arán bhriste. 21Agus isé méid daoine a dh’ith bia ann, chúig mhíle fear, gan bac do mhnáibh agus do mhion-daoine.

22Agus láithreach ’n‑a dhiaidh san do chuir Íosa dh’fhiachaibh ar a dheisgiobulaibh dul ar bórd na luinge bige agus [ 40 ]dul roimis féin go dtí an taobh thall de’n uisge, chun go gcuirfeadh sé na daoine chun siúbhail. 23Agus chuir sé uaidh na daoine, agus [83]d’imthigh sé an cnoc suas i n‑a aonar chun úrnuighthe dhéanamh. Agus tháinig an tráthnóna, agus bhí sé ann i n‑a aonar. 24Ac bhí an long bheag i lár na faraige d’á cáible ag na tonnaibh, mar bhí an ghaoth ’n‑a coinnibh. 25Agus sa cheathramhadh faire de’n oidhche tháinig sé ag triall ortha agus é ag siúbhal ar an bhfaraige. 26Agus nuair a chonacadar é ag siúbhal ar an bhfaraige, tháinig sgannra ortha. Samhail iseadh é, ar siad; agus bhíodar ag sgreadaigh le sgannra. 27Agus do labhair Íosa leó láithreach: Glacaidh misneach, ar seisean: Is mise atá ann. Ná bíodh eagla oraibh. 28Agus d’fhreagair Peadar: A Thigearna, ar seisean: má’s tusa atá ann, órduigh dómh-sa teacht ag triall ort ar bhárr an uisge. 29Agus dubhairt seisean: Tar chúgham. Agus tháinig Peadar anuas as an luing, agus bhí sé ag siúbhal ar bhárr uisge, ag teacht chun Íosa. 30Ach chonaic sé an ghaoth láidir agus tháinig eagal air; agus nuair a thusnuigh sé ar dhul fé uisge do liúigh sé: A Thíghearna, ar seisean: saor mé. 31Agus do shín Íosa a lámh, agus do rug sé láithreach air, agus dubhairt sé: Ó a fhir gan puínn creidimh, cad chuige dhuit mearbhall a theacht ort? 32Agus nuair a thánadar ar an luing do stad an ghaoth. 33Agus tháinig na daoine a bhí ar an luing agus d’adhradar é, agus dubhradar, Is tú Mac Dé go fíor.

34Agus chuadar treasna na faraige, agus thánadar isteach i dtír Genésaret. 35Agus nuair a dh’aithin muintir na h‑áite sin é, chuireadar teachtairí tríd an ndúthaigh, agus thugadar ag triall air na daoine go léir a bhí as a sláinte; 36Agus d’iarradar air leigint dóibh baint amháin le fabhra a bhrait; agus an méid a bhain, do slánuigheadh iad.

[ 41 ]

CAIBIDIOL XV.

Na Sgríbhneóirí d’á n‑imdheargadh ag Críost. Inghean na mná ó Chanaan, agus a lán eile d’á leigheas aige agus bia aige ’á thabhairt do cheithre mhíle duine le seacht mbológaibh.


1Ansan do tháinig Sgríbhneóirí agus Fairisínigh ag triall air ó Ierúsalem, agus dubhradar: 2Cad chuige go mbrisid do dheisgiobhuil-se nósa na sean? Óir ní níghid siad a lámha nuair a chaithid siad bia. 3Agus d’fhreagair sé iad, agus dubhairt: Cad chuige go mbriseann sibh-se dlígh Dé ar son bhúr sean-nós? Óir deir Dia: [84]4Tabhair do t’ athair agus do d’ mháthair onóir; agus, [85]An t‑é déanfaidh easgaine ar a athair nó ar a mháthair curtar chun báis é. 5Deir sibh-se, ámhthach, Pé duine adeir le n‑a athair nó le n‑a mháthair, Gach tabharthas d’á dtugaim-se uaim, [86]beidh a thairbhe agat-sa;[* 36] 6Agus ní onórfaidh sé a athair ná a mháthair; agus tá aithne Dé curtha agaibh ar neamhnídh ar son bhur sean-nós. 7A chluanaidhthe, is maith a thargair Isáias i nbhúr dtaobh nuair adubhairt sé: [87]8Onóraid na daoine seo mé le n‑a mbéal, ach is fada uaim atá a gcroidhe. 9Agus is onóir gan bunús a thugaid siad dom, ag múineadh teagaisg agus aitheanta daoine.[* 37]

[ 42 ]10Agus do ghlaoidh sé chuige an pobul, agus dubhairt sé leó: Cloisidh agus tuigidh: 11Ní h‑é an rud a théigheann isteach sa bhéal a shailigheann an duine, ach an rud a thagann amach as an mbéal, siné a shailigheann an duine.[* 38] 12Ansan do tháinig a dheisgiobuil chuige, agus dubhradar leis. An eol duit go bhfuil sgannal glacaithe ag na Fairisínigh ó airigheadar an focal san? 13Ach d'fhreagair seisean: Gach curadóireacht nár chuir m'Athair neamhdha-sa, stracfar as a phréacaibh é. 14Sgaoilidh leó san; giollaí dalla ag dallaibh iseadh iad; agus má dheineann dall giollacht ar dhall, tuitfid said araon sa díg. 15Agus d'fhreagair Peadar agus dubhairt: Mínig dúinn an tsoluíd úd. 16Agus dubhairt seisean: Agus an bhfuil sibh-se féin gan tuisgint fós? 17Ná tuigeann sibh, gach nídh a théigheann isteach sa bhéal, go dtéigheann sé síos sa bholg, agus go n‑imthigheann sé sa bhfiailteach? 18Ach na neithe a thagann as an mbéal, is ó'n gcroidhe a thagaid siad; agus isiad a shailigheann an duine. 19Óir is amach as an gcroidhe a thagaid droch-smuínte, dún-mharbhadh, adhaltranas, striapachas, gadaidheacht, leabhair éithigh, diamhasla; 20Siniad a shailigheann an duine; Agus ní bia a dh'ithe gan lámha do níghe a shailigheann an duine.

[ 43 ]21Agus d’imthigh Íosa as an áit sim, agus chuaidh sé go críochaibh Tuíre agus Sídóin. 22Agus féach, tháinig bean ó Chanaan amach as na críochaibh sin, agus do ghlaoidh sí: A Thighearna, a Mhic Dáibhid, fóir orm! ar sisi; Tá m’inghean d’á ciapadh go cruaidh ag deamhan. 23Agus níor thug sé aon fhreagra uirthi. Agus tháinig a dheisgiobuil chuige, agus d’iarradar air í leigint chun siúbhail. Leig chun siúbhail í, ar siad; tá sí ag glaodhach i n‑ár ndiaidh. 24Ansan dubhairt sé léi: Níor cuireadh mé ach chun na gcaorach a cailleadh ó teaghlach Israéil. 25Ach do tháinig sisi agus do shléacht sí dhó, agus, Fóir orm, a Thighearna, ar sisi. 26Agus d’fhreagair sé: Ní maith an rud bia na leanbh a thabhairt dos na coileánaibh. 27Ach, a Thighearna, ar sisi, ithid na coileáin an brúscar a thuiteann ó bhórd a dtighearnaí. 28Ansan d’fhreagair Íosa agus dubhairt sé léi: A bhean, is mór é do chreideamh. Deintear duit mar is mian leat. Agus do slánuigheadh a h‑inghean ó’n uair sin.

29Agus d’imthigh Íosa ó’n áit, agus tháinig sé go bpuach mara Ghaililí; agus chuaidh sé suas ar chnoc, agus shuidh sé ann. 30Agus tháinig sluaighte móra chuige, agus daoine balbha acu, agus daill, agus bacaigh, agus daoine leicthe, agus mórán eile; agus chaitheadar agá chosaibh iad, [88]agus do leighis sé iad; 31I dtreó go raibh iongnadh ar na sluaighte nuair a chonacadar na daoine a bhí balbh ag caint, agus na daoine a bhí bacach ag siúbhal, agus radharc ag na dallaibh; agus do mholadar Dia Israéil.

32Anfan do ghlaoidh Íosa chuige a dheisgiobuil agus dubhairt sé: Tá truagh agam do’n tsluagh, óir táid siad tar éis fanmhaint trí lá am’ fhochair agus ní’l aon nídh le n‑ithe acu; agus ní maith liom iad do chur uaim ’n‑a dtrosgadh, le h‑eagla go dtuitfidís ar an slígh. 33Agus dubhairt a dheisgiobuil leis: Ach cá bhfaighmíd-ne, i bhfásach, oiread aráin agus shásóchaidh a leithéid de shluagh? 34Agus dubhairt Íosa leó: An ’mó bulóg agaibh? Agus dubhradar-san, Seacht mbulóga, agus raint d’ iasgaibh beaga. 35Agus d’órduigh sé do’n tsluagh suidhe ar an dtalamh. 36Agus thóg sé na seacht [ 44 ]mbulóga agus na h‑iasga, agus ghaibh sé buidheachas, agus do bhris sé iad, agus thug sé dos na deisgiobuil iad, agus thugadar-san do’n tsluagh iad. 37Agus d’itheadar go léir, agus bhí a ndóithin acu; Agus an bia briste do fágadh, do thógadar é i seacht gciseánaibh lána. 38Agus isé méid daoine a chaith bia ann ná cheithre mhíle duine, lasmuigh de mhiondaoinibh agus de mhnáibh.

39Ansan do chuir sé uaidh an tsluagh, agus chuaidh sé ar bórd na luinge bige, agus tháinig sé i gcríochaibh [89]Magedan.



CAIBIDIOL XVI.

Críost ghá dhiúltú cómhartha ó neamh a thaisbheáint dos na Fairisínigh. Admháil Pheadair agus a thoradh dhó; a imdheargadh mar gheall ar chur i n‑aghaidh páise Chríost. Ní foláir do chualacht Chríost uile iad féin do shéanadh.


1Ansan do tháinig chuige na Fairisínigh agus na Sadducínigh chun triail a bhaint as; agus d’iarradar air cómhartha ó neamh do thaisbeáint dóibh. 2Ach d’fhreagair seisean agus dubhairt sé leó: Deirthí-se um thráthnóna, Beid soinean ann, mar tá an spéir dearg; 3Agus ar maidin, Beidh stoirm ann, map tá an spéir ag deargadh go dorcha. Tá fhios agaibh conus gnúis na spéire do bhreithniú; agus nách féidir libh cómharthaí na h‑aimsire dh’aithint? 4Tá sliocht an uilc agus an adhaltranais ag lorg cómhartha; ach ní tabharfar de chómhartha dhóibh ach [90]cómhartha Iónais Fáidh. Agus d’fhág sé ansan iad agus d’imthigh sé.


5Agus nuair a tháinig a dheisgiobuil treasna na faraige, dhearmhadadar arán a thabhairt leó. 6Agus dubhairt sé leó: Féachaidh agus seachnaidh giost na bhFairisíneach agus na Sadducíneach. 7Agus dheineadar-san machtnamh ’n‑a n‑aigne, ’gha rádh, Níor thugamar arán linn. 8Agus bhí a fhios san ag Íosa, agus dubhairt sé: A dhaoine gan puínn creidimh, cad é an machtnamh so oraibh toisg gan arán a bheith agaibh? 9Ná fuil tuisgint agaibh [ 45 ]fós, nó nách cuimhin libh na seacht mbulóga do’n chúig mhíle duine, agus an ’mó ciseán a thógabair? 10Ná na seacht mbulóga do’n ceithre mhíle duine, agus an ’mó ciseán a thógabhair? 11Cad ’n‑a thaobh ná tuigeann sibh nách i dtaobh aráin adubhart, Seachnaidh giost na bhFairisíneach agus na Sadducíneach? 12Ansan do thuigeadar ná dubhairt sé gun bh’é giost an aráin a bhí le seacaint; ach teagasg na bhFairisíneach agus na Sadducíneac.

13Agus tháinig Íosa isteach i gcríochaibh Chaesaréa Philippí; agus do cheistigh sé a dheisgiobuil, agus dubhairt: Cé h‑é, dar le daoine, Mac an Duine? 14Agus dubhradar: Deir cuid acu gur b’é Eóin Baiste é; agus deir cuid acu gur b’é Elias é; agus deir cuid acu gur b’é Ieremias é, nó duine des na fáidhibh. 15Agus dubhairt Íosa leó: Ach dar libh-se cé h‑é mé? 16Agus d’fhreagair Símón Peadar agus dubhairt: Is tú Críost [91]Mac Dé Bhí. 17Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt sé leis: Is aoibhinn duit, a Shímóin mhic Ióna, óir ní feóil agus fuil a dh’fhoillsigh duit-se sin, ach m’Athair-se atá ins na flathais. 18Agus deirim-se leat-sa gur Peadar tú, agus is ar an gcaraig seo a chuirfead-sa suas m’eaglais, agus ní bhuadhfaid geataí ifrinn uirthi.[* 39] 19[92]Agus tabharfad duit eochracha rígheachta na [ 46 ]bhflathas; agus pé rud a cheangalóchair ar talamh, beidh sé ceangailte ins na flathais; agus pé rud a sgaoilfir ar talamh, beidh sé sgaoilte ins na flathais.[* 40] 20Ansan d’órduigh sé d’á dheisgiobulaibh gan a dh’innsint d’aoinne gur bh’é féin Íosa Críost.

21Ansan do thosnuigh Íosa ar a thaisbeáint d’á dheisgiobuil nár bhfoláir é féin a dhul go Ierúsalem agus mórán d’fhulang ós na sínsearaibh agus ós na Sgríbhneóiríbh agus ó uachtaránaibh na sagart, agus a chur chun báis, agus a aiseirighe an trímhadh lá. 22Agus do thóg Peadar é, agus chrom sé ar aighneas leis, agus dubhairt sé: Abhfad uait-se sin, a Thighearna. Ní thiocfaidh san ort-sa.[* 41] 23Agus d’iompuigh seisean agus dubhairt sé le Peadar: Imthigh lastiar díom a Shátain; cuireann tu seirbhthean orm; mar ní h‑iad na neithe a bhaineann le Dia a thaithneann leat-sa ach na neithe a bhaineann le daoine.

24Ansan dubhairt Íosa le n‑a dheisgiobuil: Ma’s áil le h‑aoinne teacht am’ dhiaidh-se, séanadh sé é féin, agus tógadh sé a chros, agus leanadh sé mé. 25Mar, an t‑é gur mian leis a anam do shábháil, caillfidh sé é; ach an t‑é a chaillfidh a anam ar mo shon-sa, gheóbhaidh sé é. [ 47 ]26Mar, cad é an tairbhe do dhuine an domhan go léir a bhuachtaint, má dheineann sé a anam féin a chailleamhaint? nó cad í an mhalairt a dhéanfaidh duine ar a anam féin? 27Óir tá Mac an Duine chun teacht i nglóire a Athar mar aon le n‑a aingealaibh;[93] agus ansan tabharfaidh sé do gach duine do réir a ghníomhartha. 28Go deimhin adeirim libh, tá cuid d’á bhfuil ’n‑a seasamh anso agus ní bhlaisfid siad bás go bhfeicfid siad Mac an Duine ag teacht ’n‑a rígheacht.



CAIBIDIOL XVII.

An t‑Atharú gné ar Chríost. An leanbh a bhí n‑a gheilt d’á leigheas aige. D’innis sé a pháis a bheith ag teacht, agus dhíol sé an didrachma.

1Agus sé lá ’n‑a dhiaidh san do thóg Íosa leis Peadar agus Séamus agus Eóin, a dhritháir-sin, agus do rug sé suas iad go bárr cnuic aoírd, fé leith, 2Agus tháinig athrúghadh cló air ós a gcómhair. Agus tháinig taitneamh ’n‑a ghnúis ar nós na gréine, agus d’iompuigh a chuid éadaigh chómh geal le sneachta. 3Agus féach, do chonacadar Maois agus Elias agus iad ag caint leis. 4Agus d’fhreagair Peadar agus dubhairt sé le h‑Íosa: A Thighearna, is maith an bhail orainne bheith anso; má’s áil leat deinimís anso trí puible, pubal duit-se, aguf pubal do Mhaois, agus pubal d’Elias. 5Le linn na cainte sin do rádh dhó, féach, do chlúdaigh sgamall soillseach iad; [94]agus féach, guth as an sgamall, agus dubhairt: sidé mo Mhac dílis ar a bhfuil mo ghreann: éistidh leis. 6Agus nuair airigh na deisgiobuil an guth, do thuiteadar ar a n‑aghaidh, agus eagla mór ortha. 7Agus tháinig Íosa agus chuir sé a lámh ortha, agus dubhairt sé leó: Eiríghidh, agus ná bíodh eagal oraibh. 8Agus d’fhéachadar suas, agus ní fheacadar aoinne ach Íosa féin. 9Agus ag teacht anuas ó’n gcnoc dóibh dubhairt Íosa leo: Ná h‑innsidh d’aoinne an radharc go n‑eirighidh Mac an Duine ós na mairbh.

10Agus d’fhiafraigh na deisgiobuil dé: Agus cad chuige go ndeir na Sgríbhneóirí nách foláir Elias do [ 48 ]theacht ar dtúis? 11Agus dubhairt sé leó ’ghá bhfreagra: [95]12Tiocfaidh Elias, agus ceartóchaidh sé gach nídh. Ach deirim-se libh go dtáinig Elias cheana, agus níor aithnigheadar é, ach d’imireadar a dtoil air. Agus sin mar atá le fulang ag Mac an Duine uatha. 13Ansan do thuig na deisgiobuil gur ar Eóin Baiste a bhí sé ag trácht leó.

14Agus nuair a thánadar go dtí an sluagh, do tháinig chuige duine agus chaith sé é féin ar a ghlúinibh ’n‑a láthair: A Thighearna, an seisean, dein trócaire ar mo mhac; mar tá sé ’n‑a gheilt, agus tá mórán pionóis air; agus tuiteann sé sa teine go minic, agus sa n‑uisge go minic. 15Agus thugas chun do dheisgiobul é, agus níor fhéadadar é leigheas. 16Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt: Ó, a shliocht díth-chreidim dho-teagasgtha, an fada a bheidh mé i n‑bhúr measg? an fada a chuirfead suas libh? 17Tugaidh chúgham anso é. Agus do smachtuigh Íosa an deamhan, agus d’imthigh sé as, agus bhí an mac leighiste as san amach. 18Ansan tháinig na deisgiobuil ag triall ar Íosa, a gan fhios, agus dubhradar, Cad 'n‑a thaobh nár féadamairne é chur amach? 19Agus dubhairt Íosa leó: Mar gheall ar bhúr n‑easba creidimh. Go deimhin adeirim libh, [96]a má bhíonn fiú oiread gráinne de shíol mustáird de chreideamh agaibh, déarfaidh sibh leis an gcnoc so, Aistirigh as so ansúd anonn, agus aistireóchaidh sé; agus ní bheidh aon rud ná beidh ar bhúr gcumas a dhéanamh.[* 42] 20Ach ní curtar amach an sórd so ach le h‑úrnuighthe agus le trosgadh.


21Agus nuair a bhíodar ’n‑a gcómhnuidhe i nGaililí, dubhairt Íosa leó: tá mac an duine le tabhairt i lámhaibh daoine; 22Agus cuirfid siad chun báis é, agus aiseireóchaidh sé an trímhadh lá. Agus tháinig buairt ana mhór ortha.

23Agus nuair a thánadar go Capharnaum tháinig lucht [ 49 ]na ndidrachma do ghlacadh ag triall ar Pheadar, agus dubhradar leis: Ná díolann bhúr máighistir-se an didrachma? Dubhairt seisean: Díolann.[* 43] 24Agus nuair a chuadar isteach sa tigh do labhair Íosa leis ar dtúis agus dubhairt: Cad a chítear duit-se, a Shímóin? righthe na talmhan, cé uatha go nglacaid siad cíos nó cáin? an ó n‑a gclainn féin, nó ó dhaoinibh iasachta? 25Agus dubhairt seisean: Ó dhaoinibh iasachta. Dubhairt Íosa leis: D’á bhrígh sin tá an chlann saor. 26Ach i dtreó ná tabharfaimís sgannal dóibh, imthigh chun na faraige agus cait dubhán; agus an céad iasg a thiocfaidh aníos, tóg é; agus osgail a bhéal, agus gheobhair statér.[97] ann; tóg é sin agus tabhair dóibh sin é asam-sa agus asat féin.



CAIBIDIOL XVIII.

Críost gha theagasg dóibh an umhluigheacht do chleachtadh; sgannal do sheachaint; teithe ó ócáidíbh peactha; peacacha leanamhnacha do ghearán leis an Eaglais, agus a thuisgint gur cuma nú págánaigh an mhuíntir ná h‑éisteann leis an Eaglais. E ’á gheallamhaint d’á dheisgiobulaibh cumas ar cheangal agus ar sgaoíle do thabhairt dóibh, agus go mbeidh sé féin ’na gcómhthíonólaibh. Ná maithfar do’n t‑e ná maithfidh.


1An uair sin tháinig na deisgiobuil chun Íosa agus dubhradar: Dé h‑é, dar leat, an duine is mó i rígheacht na bhflathas? 2Agus do ghlaoidh Íosa chuige leanbh beag, agus chuir sé ’n‑a sheasamh ’n‑a lár é. 3Agus dubhairt sé: Go deimhin adeirim libh, mura n‑iompuighidh sibh agus bheith ar nós na leanbh, ní raghaidh sibh isteach i rígheacht na bhflathas. 4An t‑é d’á bhrígh sin, d’ísleóchaidh é féin ar nós an leinbh bhig sin, siné is mó i rígheacht na bhflathas. 5Agus an t‑é a ghlacann aon leanbh beag amháin de’n tsórd san am’ ainim-se, glacann sé mise. 6Ach an t‑é thabharfaidh sgannal do dhuine de’n mhuintir bheag so a chreideann ionam-sa, b’fhearra dhó go gcurfaí bró muilinn ar a [ 50 ]mhuineál agus é chaitheamh isteach i ndoimhneacht na faraige.[* 44]

7Is mairg do’n domhan mar gheall ar na sgannalaibh. Ní foláir na sgannail do theacht: ach sa n‑am gcéadna is mairg an t‑é go dtagann an [98]sgannal d’á dhruím.[* 45] 8Má dheineann do lámh nó do chos sgannal duit, gearr anuas díot í, agus caith uait í; is fearra dhuit dul isteach sa bheatha ar leath-láimh nó ar leath-chois 'ná dhá láimh nó dhá chois a bheith agat agus tu chur i dteine shíoruidhe.[* 46] 9Agus má dheineann do shúil sgannal duit, strac amach í agus caith uait í; is fearra duit dul isteach ’sa bheatha ar leath-súil ’ná dul i n‑ifreann na teine agus do dhá shúil agat.

10Tugaidh aire gan neamhshuím a dhéanamh d’aoinne de’n mhuintir bheag san, mar deirim libh [99]go bhfuil radharc do shíor agá n‑aingealaibh sin ins na flathais, ar ghnúis m’Athar-sa, atá ins na flathais.

11Óir do tháinig Mac an Duine chun go sábhálfadh sé an nídh a bhí caillte. 12Cad is dóigh libh? Má bhíonn céad caora ag duine, agus go raghaidh caora acu amú, ná fágfaidh sé na naoi gcinn déag agus cheithre fichid ar na cnocaibh, agus ná h‑imtheóchaidh sé ag lorg an chinn a chuaidh amú? 13Agus má ráinigheann dó í dh’fhághail, deirim libh, go deimhin, gur mó an t‑áthas atá air mar gheall uirthi sin ’ná mar gheall ar na naoi gcinn déag agus cheithre fichid nár chuaidh amú. 14Mar an gcéadna, ní toil le nbhúr n‑Athair atá ins na flathais go gcaillfí duine de’n mhuíntir bheag san. 15Ach má dheineann do bhráthair beart ad’ choinnibh, imthigh agus cómhairligh é idir thu féin agus é féin amháin. Má éisteann sé leat, tá do bhráthair buaidhte agat. 16Mura n‑éistidh sé leat, tabhair leat duine nó beirt eile, [100]i dtreó go seasóchaidh gach focal i mbéal beirte nó trír fínnithe. 17[101]Agus mura [ 51 ]n‑éistidh sé leó san, innis do’n eaglais é; agus mura n‑éistidh sé leis an eaglais, bíodh sé ’n‑a phagánach nó ’n‑a phuibliocánach agat. 18Go deimhin adeirim libh, pé neithe a cheangalóchaidh sibh ar talamh, beid siad ceangailte ar neamh; agus pé neithe a sgaoilfidh sibh ar talamh, beid siad sgaoilte ar neamh.

19Agus deirim libh ’n‑a theannta san, má bhíonn beirt agaibh ar aon aigne ar talamh i dtaobh aon ruda ar bith a bheidh acu d’á iarraidh, go bhfaghaid siad an rud san a dhéanamh dóibh ó m’ Athair-se atá ins na flathais. 20Óir, an áit ’n‑a bfhuil beirt nó triúr cruinnighthe am’ ainm-se, táim-se ansan ’n‑a measg.[* 47]

21Ansan do tháinig Peadar chuige agus dubhairt, A Thighearna, an ’mó uair a dhéanfaidh mo bhráthair beart am’ choinnibh agus go maithfead dó? Chómh fada le seacht n‑uaire, an eadh? 22Dubhairt Íosa leis: Ní deirim leat chómh fada le seacht n‑uaire, ach chómh fada le seacht n‑uaire fó sheacht ndeich.

23D’á bhrígh sin, is cosmhail rígheacht na bhflathas le fear a bhí ’n‑a rí, agus gur mhian leis cúntas a shocarú le n‑a sheirbhíseachaibh. 24Agus nuair a thosnuigh sé ar an gcúntas do shocarú do tugadh chuige duine go raibh deich míle talant [102]aige air.[* 48] 25Agus nuair ná raibh aon rud aige chun na bhfiach a dhíol, d’órduigh an tighearna é féin agus a bhean, agus a chlann, agus a raibh aige, do dhíol amach agus díolfiach a dhéanamh. 26Ansan do chaith an seirbhíseach san é féin ar an dtalamh, ag guidhe an tighearna, agus dubhairt sé: Dein foidhne liom, agus díolfad an iomláine leat. 27Agus do ghlac truagh an máighistir do’n tseirbhíseach san, agus do sgaoil sé chun siubhail é, agus do mhaith sé na fiacha dó. 28D’imthigh an seirbhíseach san amach, ámhthach, agus do casadh air [ 52 ]cómh-sheirbhíseach dó féin go raibh céad pingin aige air; agus do rug sé air, agus bhí sé ’ghá thachtadh, agus ’ghá rádh leis: Díol liom na fiacha atá agam ort.[* 49] 29Agus do chaith an cómh-sheirbhíseach é féin ar an dtalamh, agus dubhairt sé: Dein foidhne liom, agus díolfad leat an iomláine. 30Ní dhéanfadh, ámhthach; ach d’imthigh sé agus chuir sé sa phríosún é, go ndíolfadh sé na fiacha. 31Ach nuair a chonaic a chómh-seirbhísigh-sin cad a bhí déanta, tháinig buairt ana-mhór ortha, agus thánadar agus d’innseadar do’n tighearna gach nídh fé mar a thuit amach. 32Ansan do ghlaoidh a thighearna ar an bhfear san, agus dubhairt sé leis: A sheirbhísigh mhalluighthe, do mhaitheas-sa na fiacha go léir duit-se, toisg tu ’ghá iarraidh orm; 33Nár chóir, d’á bhrígh sin, duit-se truagh bheith agat dod’ chómh-seirbhíseach, fé mar a bhí truagh agam-sa dhuit-se? 34Agus bhí fearg ar an dtighearna, agus thug sé suas do na céasdóiribh é, go ndíolfadh sé na fiacha go léir. 35Agus sin mar a dhéanfaidh m’Athair-se atá ins na flathais libh-se é mura maithfidh gach duine agaibh d’á bhráthair, ó chroidhe.



CAIBIDIOL XIX.

Críost ghá dheimhniú go bhfuil an pósadh do-sgaoílte: agus ghá chómhaírliú dhúinn sgaramhaint le gach nídh ar a shon féin. An chontabhairt a leanann saidhbhreas á thaisbeáint aige, agus an tuarastal atá as gach nídh do thréigean ar a shon féin.


1Agus do thárla, nuair a bhí na cómhráidhte sin críochnuighthe ag Íosa, gur fhág sé Gaililí agus go dtáinig sé i gcríochaibh Iúdaéa lastall de’n Iórdan. 2Agus do lean sluagh mhór é; agus do leighis sé iad sa n‑áit sin.

3Agus tháinig na Fairisínigh chuige ’ghá thriail, agus dubhradar: An dleaghthach do dhuine a bhean do chur uaidh ar gach aon tsaghas cúise? 4Agus do fhreagair sé iad, agus dubhairt: Nár léigheabhair, [103]an t‑é chruthuigh an duine ar dtúis, gur chruthuigh sé iad firean [ 53 ]agus bainean, agus dubhairt sé: 5[104]Mar gheall air sin, fágfaidh duine a athair agus a mháthair, agus claoidhfidh sé le n‑a mhnaoi, agus beid siad ’n‑a mbeirt i n‑aon feóil. 6D’á bhrígh sin, ní dhá fheóil iad feasda, ach aon fheóil amháin. Uime sin, an nídh a cheangail Dia ná sgaoileadh duine é. 7Dubhradar san leis: Cad chuige, má ’seadh, gur [105]órduigh Maois leitir a díbearta thabhairt di agus í chur chun siubhail? 8Dubhairt sé leó: Do cheaduigh Maois daoibh-se, toisg an chroidhe cruaidh a bheith agaibh, bhúr mná do chur uaibh; ní raibh an sgéal mar sin, ámhthach, ó thusach.[106] 9Ach deirim-se libh, aoinne chuirfidh uaidh a bhean, ach amháin mar gheall ar dhrúis, agus do phósfaidh bean eile, go ndeineann sé adhaltranas; agus an t‑é a phósfaidh an bean a díbreadh, go ndeineann sé adhaltranas.[* 50]

10Dubhairt a dheisgiobuil leis: Má’s mar sin atá an sgéal ag duine i dtaobh a mhná, ní maith an rud pósadh. 11Agus dubhairt sé leó: Ní h‑é gach aoinne a ghlacann an chaint sin, ach an mhuíntir gur tugadh san dóibh.[* 51] 12Óir táid coillteáin do rugadh mar sin ó bhroinn a máthar; agus tá coillteáin gur thug daoine an cor san ortha; agus tá coillteáin a dhein iad féin do choillt ar son rígheachta na bhflathas. 13[107]An t‑é go dtig leis a ghabháil, gabhadh.[* 52]

Ansan do tugadh chuige aos óg, go ndéanfadh sé a lámh do chur ortha agus guidhe; agus bhí na deisgiobuil [ 54 ]ghá gcosg. 14Ach dubhairt Íosa leó: Leigidh chúgham an mhuintir bheag, agus ná coisgidh iad; óir is le n‑a leithéidí sin rígheacht na bhflathas. 15Agus nuair a chuir sé a lámha ortha, d’fhág sé an áit sin.

16Agus féach, tháinig; duine chuige agus dubhairt sé: A Mhaighístir mhaith, cad í an mhaith a dhéanfad ionus go mbeadh agam beatha shíoruidhe? 17Agus dubhairt sé leif: Cad é an trácht so agat ar mhaith? Ní’l ach Aon is maith, ’sé sin Dia. Ach má’s maith leat dul isteach sa bheatha, coimeád na n‑aitheanta. 18Deir seisean leis: Cad iad na h‑aitheanta? Agus dubhairt Íosa: [108]Ná dein marbhadh; Ná dein drúis; Na dein guid; Ná dein fiadhnaise bhréige; 19Tabhair onóir do t’athair agus dod’ mháthair; agus, grádhuigh do chómharsa mar thu féin. 20Dubhairt an t‑óigfhear leis: Choimeádas iad san go léir ó m’óige; cad eile is riachtanach dom? 21Dubhairt Íosa leis: Má’s maith leat bheith beacht, imthigh agus díol amach a bhfuil agat, agus tabhair dos na bochtaibh, agus beidh stór ar neamh agat; agus tar agus lean mise. 22Nuair airigh an t‑ógánach an chaint sin, ámhthach, d’imthigh sé agus é go buartha; mar fear ab eadh é go raibh mórán saidhbhir aige.

23Agus dubhairt Íosa le n‑a dheisgiobuil: Go deimhin adeirim libh, is deacair do’n duine saidhbhir dul isteach i rígheacht na bhfathas. 24Agus deirim airís libh é: Is usa do chamal gabháil tré chró snáthaide ’ná do’n duine saidhbhir dul isteach i rígheacht na bhflathas. 25Nuair airigh na deisgiobuil an méid sin tháinig árd-iongnadh ortha, agus dubhradar: Má ’seadh, cé fhéadfaidh dul saor? 26D’fhéach Íosa ortha agus dubhairt sé: Ní féidir so do dhaoine; ach is féidir le Dia gach nídh.

27Ansan d’fhreagair Peadar agus dubhairt sé: Féach, d’fhágamair-ne gach nídh, agus do leanamair tusa: Agus cad a bheidh d’á bhárr againn? 28Agus dubhairt Íosa leó: Go deimhin adeirim libh, sibh-se do lean mé, sa n‑aithgheineamhaint, nuair a shuidhfidh Mac an Duine i gcathaoir a ghradaim, súidhfidh sibh ar dhá chathaoir déag ag tabhairt breithe ar dhá threibh déag Israéil. 29Agus gach duine a dh’fhágfaidh a thigh, nó a dhritháracha, nó a dhriféaracha, nó [ 55 ]a athair, nó a mháthair, nó a bhean, nó á chlann, nó a chuid tailimh, ar son m’ainime-se, gheobhaidh sé fó chéad, agus beidh an bheatha shíoruidhe aige.


30Ach beidh a lán d’á bhfuil ar tusach ar deire, agus d’á bhfuil ar deire ar tusach.



CAIBIDIOL XX.

Parabal an lucht oibre sa bhfíonghort. Árd-aidhm chlainne Sebedé. A radharc á thabhairt ag Críost do bheirt dall.

1Is cosmhail rígheacht na bhflathas le fear tighe a chuaidh amach go moch ar maidin ag réidhteach le lucht oibre d’á fhíonghort. 2Agus do réidhtigh sé leis an lucht oibre ar [109]phingin sa ló, agus chuir sé ag obair iad sa bhfíonghort. 3Agus chuaidh sé amach airís tímpal an trímhadh h‑uair, agus fuair sé tuille ’n‑a seasamh díomhaoin ag áit an mhargaidh; 4Agus dubhairt sé leó: Téighidh-se, leis, isteach am’ fhíonghort-sa, agus tabharfad daoibh fé mar a bheidh ceart. Agus d’imthigheadar san. 5Agus chuaidh sé amach airís ar an sémhadh h‑uair, agus ar an naomhadh h‑uair, agus dhein sé mar an gcéadna. 6Ach do chuaidh sé amach tímpal an t‑aon uair dhéag, agus fuair sé tuille ’n‑a seasamh, agus dubhairt sé leó: Cad chuige dhaoibh bheith anso i nbhúr seasamh díomhaoin an lá go léir? 7Dubhradar leis: Mar níor réidhtigh aoinne linn. Dubhairt sé leó: Téighidh-se, leis, isteach am’ fhíonghort-sa. 8Nuair a bhí an tráthnóna ann, dubhairt tighearna an fhiónguirt le n‑a stíbhard: Glaoidh ar an lucht oibre, agus tabhair a dtuarasdal dóibh, agus turnuigh leis an muintir is déanaighe a tháinig, go dtí an mhuintir is luatha a tháinig. 9Tháinig an mhuintir a thusnuigh an obair ar uair a n‑aondéag, agus do tugadh pingin an duine dóibh. 10Ansan do tháinig an chéad mhuíntir agus mheasadar go bhfaghdís breis; ach do fuaradar san, leis, pingin an duine. 11Nuair a fuaradar é chromadar ar cheisneamh i n‑aghaidh an fhir thighe, 12Agus dubhradar: Níos dheineadar so a tháinig go déanach ach uair oibre, agus chuiris ar aon [ 56 ]dul leó san sinne a dh’fhuiling cruadhtan agus brothall an lae. 13Do labhair seisean le duine acu, agus dubhairt; a dhuine mhuinteartha, ní’l aon éagcóir agam ’á dhéanamh ort. Nách ar phingin a réidhtighis liom? 14Seo, tóg leat do chuid agus imthigh; ach is toil liom oiread a thabhairt do’n fhear so is déanaighe a tháinig agus atá agam ’á thabhairt duit-sé. 15An amhlaidh nách dleaghthach dom an nídh is toil liom a dhéanamh? An droch-súil atá agat, óir is duine fóghanta mise?[* 53] 16Sin mar a bheidh an mhuintir dhéanach ar tosach, agus an mhuintir thosaigh ar deire. Óir tá glaoidhte ar mhórán agus níl toghtha ach beagán.

17Bhí Íosa ag dul suas go Ierúsalem, agus ar an slígh dhó thóg sé i leith taoibh an dáréag deisgiobul, agus dubhairt sé leó: 18Féach, táimíd ag dul suas go Ierúsalem, agus tabharfar Mac an Duine suas d’uachtaránaibh na sagart agus dos na Sgríbhneóiríbh, agus daorfaid siad chun báis é. 19Agus tabharfaid siad dos na geintibh é le tarcaisniú, agus le sgiúrsáil, agus le céasadh ar chrois; agus eireóchaidh sé airís an trímhadh lá.

20Ansan tháinig chuige máthair clainne Sebedé i n‑aonfheacht le n‑a macaibh, agus do shléacht sí dhó, ag lorg ruda éigin air. 21Agus dubhairt sé léi: Cad ’tá uait? Dubhairt sí leis: Abair go suidhfid an bheirt mhac so liom-sa, duine acu ar do dheis, agus duine acu ar do chlí ad’ rígheacht. 22Ach d’fhreagair Íosa, agus dubhairt: Ní h‑eól daoibh cad ’tá agaibh ’á iarraidh. An bhfuil sibh ábalta ar an gcailís a dh’ólfad-sa d’ól? Deirid siad leis, Táimíd. 23Dubhairt sé leó: Is fíor go n‑ólfaidh sibh mo chailís; ach suidhe ar mo dheis nó ar mo chlí, ní h‑agam-sa atá san a thabhairt daoibh-se ach do’n mhuintir go bhfuil sé ceapaithe ag m’Athair dóibh. 24Agus nuair airigh an deichniubhar é, bhí fearg acu chun na beirte drithár. 25Agus do ghlaoidh Íosa chuige iad agus dubhairt: Is eól daoibh conus mar a dheinid tighearnaí na ngeinte iad do smachtú, aguf go ndeinid a ndaoine móra a gcómhacht do chur i bhfeidhm ortha. 26Ní mar sin a [ 57 ]bheidh eadraibh-se; ach an t‑é gur maith leis bheith mór eadraibh, bíodh sé ’n‑a fhear fhriotháilte agaibh; 27Agus an t‑é gur maith leis bheith i n’fhear thosaigh eadraibh, bíodh sé ’n‑a sheirbhíseach agaibh. 28[110]Fé mar nár tháinig Mac an Duine chun seirbhíse dh’fhághail, ach chun seirbhíse thabhairt uaidh, agus chun a anama thabhairt uaidh mar cheannach ar a lán.


29Agus nuair a bhíodar ag dul amach a’ Ierichó do lean sluagh mhór éisean. 30Agus féach, bhí beirt dall ’n‑a suidhe i n‑aice an bhóthair, agus d’airigheadar gur bh’é Íosa a bhí ag gabháil ann, agus do liúghadar: A Thighearna, ar siad; déin trócaire orainn, a Mhic Dáibhid. 31Agus bhí an tsluagh ’ghá gcosg, go n‑éistfidís. Ach sin mar a b’aoirde do liúghadar-san: A Thighearna, ar siad; déin trócaire orainn, a Mhic Dáibhid. 32Agus do stad Íosa, agus ghlaoidh sé ortha, agus dubhairt sé: Cad is maith libh a dhéanfainn daoibh? 33Go n‑osgalófaí ár súile, a Thighearna, ar siad. 34Agus tháinig truagh ag Íosa dhóibh, agus chuir sé a lámh ar a súilibh: agus tháinig a radharc dóibh láithreach, agus do leanadar é.



CAIBIDOL XXI.

Críost ag dul isteach i gcathair Ierúsalem ar muin an asail. An lucht ceannaídheachta agus díoluígheachta dá ndíbirt amach as an dteampal aige. An mhallacht aige dá chur ar an gcrann fíge. Cuireann sé féachaint ar na sagairt agus ar na Sgríbhneóiribh éisteacht.


1Agus nuair a bhíodar ag teacht i ngar d’Ierúsalem, agus bhíodar tagaithe go Betphagé i n‑aice chnuic Olibhet, ansan do chuir Íosa uaidh beirt deisgiobul, 2Agus dubhairt sé leó: Téighidh isteach sa bhaile sin os bhúr gcómhair, agus gheobhaidh sibh ann gan mhoill láir asail agus í ceangailte, agus searrach ’n‑a teannta; sgaoilidh í agus tugaidh chugham iad. 3Agus má deir aoinne aon rud libh abraidh: Tá gnó ag an dTighearna [ 58 ]díobh so; agus sgaoilfidh sé libh iad láithreach. 4Agus do deineadh an méid sin go léir, ionas go gcómhlíonfaí caint an fháidh mar a ndeir sé: 5[111]Abraidh le h‑inghín Shióin: Féach do Rí ag teacht go ceannsa chúghat ’n‑a shuidhe ar láir asail, agus ar shearrach, mac an asail chneasda. 6Agus d’imthigh na deisgiobuil, agus dheineadar mar a dh’órduigh Íosa dóibh. 7Agus thugadar leó an láir asail agus an searrach; agus chuireadar a mbrait féin anuas ortha, agus chuireadar eisean ’n‑a shuidhe ortha. 8Agus do leath mórán de’n tsluagh a mbrait ar an slígh; agus bhain tuille acu géaga des na crainn agus do leathadar iad ar an slígh; 9Agus an tsluagh a bhí lasmuigh agus lastiar bhíodar ag liúirigh, agus deiridís: Hósanna do Mhac Dáibhid; [112]Moladh do’n t‑é atá ag teacht i n‑ainim an Tighearna; Hósanna go lán árd. 10Agus nuair a chuaidh sé isteach i n‑Ierúsalem bhí an chathair go léir ar suathadh, ’ghá rádh: Cé h‑é seo? 11Agus deireadh na daoine: Sidé Íosa an fáidh ó Nasaret Ghaililí.

12Agus chuaidh Íosa isteach i dteampul Dé agus chomáin sé amach as gach a raibh de dhaoine ann ag díol agus ag ceannach, agus do leag sé búird lucht airgid do shóinseáil agus cathaoireacha lucht colúr a dhíol. 13Agus dubhairt sé leó: Tá sgríobhtha, [113]Tigh chun úrnuighthe a tabharfar ar mo thigh: ach tá pluais bitheamhnach déanta agaibh-se dhe.

14Agus tháinig na daill agus ua bacaigh chuige sa teampul, agus do leighis sé iad. 15Agus nuair a chonaic uachtaráin na sagart, agus na Sgríbhneóirí, na h‑iongnaí a dhein sé, agus an t‑aos óg sa teampul ag liúirigh, Hósanna do Mhac Dáibhid; tháinig fearg ortha. 16Agus dubhradar leis: An airigheann tú cad ’deir siad san? Agus dubhairt Íosa leó: Airighim; an amhlaidh nár léigheabhair riamh: [114]A’ béal leanbh agus naoidhean ar cíochaibh do bheachtuighis moladh? 17Agus d’fhág sé iad, agus d’imthigh sé amach lasmuigh de’n chathair go Betánia; agus d’fhan sé anfan.

18Agus ar maidin, agus é ag teacht chun na catharach, bhí [ 59 ]ocras air; 19Agus chonaic sé crann fíge i n‑aice an bhóthair, agus tháinig sé chuige, agus ní bhfuair sé aon nídh air ach duilleabhar, agus dubhairt sé leis: Nár fhásaidh toradh ar so amach go bráth ort-sa. Agus d’fheóch an crann fíge láithreach. 20Agus chonaic na deisgiobuil san, agus bhí iongnadh ortha, agus deiridís: Conus a d’fheóch sé chómh tapaidh? 21Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt sé leó: Go deimhin adeirim libh, má bhíonn creideamh agaibh, agus ná staonfaidh sibh, déanfaidh sibh, ní h‑amháin an nídh seo an chrainn fíge, ach má deireann sibh leis an gcnoc so, Tóg agus caith thu féin isteach sa bhfaraige, déanfar é. 22Agus gach nídh ar bith a dh’iarrfaidh sibh i n‑úrnuighthe, má bhíonn creideamh agaibh, gheobhaidh sibh é.


23Agus nuair a tháinig sé isteach sa teampul, agus bhí sé ag teagasg, tháinig chuige uachtaráin na sagart agus seanóirí na ndaoine, agus dubhradar: Cad é an t‑úghdarás atá agat-sa chun na neithe seo a dhéanamh? agus cé thug duit an t‑úghdarás? 24D’fhreagair Íosa agus dubhairt sé leó: Cuirfad-sa, leis, aon cheist amháin chughaibh-se, agus má réidhtigheann sibh dom í, neósfad-sa dhaoibh-se, leis, cad é an t‑úghdarás atá agam chun na neithe seo dhéanamh. 25Cá dtáinig an baiste a dhein Eóin? an ó neamh a tháinig sé, nó an ó dhaoinibh? Agus dheineadar-san machtnamh eatartha féin, agus dubhradar: 26Má abraimíd gur ó neamh é, déarfaidh sé, Má ’seadh, cad ’n‑a thaobh nár chreideabhair é? Ach má abraimíd gur ó dhaoinibh, is baoghal dúinn na daoine; mar [115]fáidh ab eadh Eóin acu. 27Agus d’fhreagradar Íosa agus dubhradar, Ní fheadramair. Agus dubhairt seisean leó: Ní lúgha ’ná mar a neósfad-sa dhaoibh-se cad é an t‑úghdarás atá agam chun na neithe seo dhéanamh.

28Ach cad é bhúr dtuairim? Bhí beirt mhac ag fear áirithe, agus tháinig sé chun an chéad mhic, agus dubhairt sé leis: A mhic, imthigh indiu agus dein obair am’ fhíonghort. 29Agus d’fhreagair seisean agus dubhairt: Ní h‑áil liom. I n‑a dhiaidh san áin, tháinig aithreachas air, agus do chuaidh sé. 30Ansan tháinig [116]sé chun an mhic [ 60 ]eile, agus dubhairt sé an rud céadna. Agus d’fhreagair seisean agus dubhairt: Raghad; agus níor chuaidh. 31Cia ’cu de’n bheirt a dhein toil a athar? Dubhradar-san: An chéad fhear. Dubhairt Íosa leó: Go deimhin adeirim-se libh-se, raghaid na puibliocánaigh agus na striapacha isteach i bhflathas Dé rómhaibh-se. 32Óir tháinig Eóin chughaibh i slígh na fíoraontachta, agus níor chreideabhair é; ach do chreid na puibliocánaigh agus na striapacha é; ach do chonacabhair-se, agus níor dheineabhair aithrighe ’n‑a dhiaidh san ionus go gcreidfeadh sibh é.

33Éistidh le soluíd eile. [117]Bhí fear tighe ann agus chuir sé fíonghort, agus chuir fé fál tímpal air, agus dhéin sé fásgadóir ann, agus chuir sé suas túr ann, agus chuir sé chun lucht saothruighthe é, agus d’imthigh sé go dúthaigh iasachta. 34Agus nuair a bhí aimsir na dtorthaí ag teacht, chuir sé a sheirbhísigh ag triall ar an lucht saothruighthe go nglacfaidís an toradh dhó. 35Ac do rug an lucht saothruighthe ar na seirbhísigh, agus ghabhadar ar dhuine acu, agus mharbhuigheadar duine acu, agus ghabhadar do chlocaibh i nduine acu. 36Ansan do chuir sé seirbhísigh eile ag triall ortha airís, níba mhó ’ná au chéad chuid agus thugadar an cor céadna ortha. 37Fé dheire, ámhthach, do chuir sé a mhac féin ag triall ortha, agus dubhairt sé: Beidh uraim acu do m’ mhac. 38Nuair a chonaic an lucht saothruighthe an mac, dubhradar eatartha féin: Sidé an t‑oighre; téanam agus marbhuighmís é, agus beidh an oighreacht againn. 39Agus do rugadar air, agus chuireadar amach as an bhfíonghort é, agus mharbhuigheadar é. 40D’á bhrígh sin, nuair a thiocfaidh tighearna an fhíonghuirt, cad a dhéanfaidh sé leis an lucht saothruighthe sin? 41Deirid siad leis: Tabharfaidh sé droch-íde ar na cuirptheachaibh sin, agus cuirfidh sé a fhíonghort chun lucht saothruighthe eile, a thabharfaidh toradh dhó i n‑aimsir na dtorthaí.

42Dubhairt Íosa leó: Nár léigheabhair riamh sa sgríbhinn: [118]An chloch d’ár diúltuigh na saoir, isí atá ’n‑a cloich cinn chúinne: Isé an Tighearna do dhein é sin, agus is iongantach é i n‑ár súilibh-ne. 43D’á bhrígh sin adeirim libh go dtógfar uaibh-se rígheacht Dé, agus go dtabharfar í do [ 61 ]chine a thabharfaidh toradh uatha uirthi. 44Agus an t‑é a thuitfidh ar an gcloich sin, brisfar é; ach an t‑é go dtuitfidh sí air, meilfidh sí é.

45Agus nuair airigh uachtaráin na sagart agus na Fairisínigh na soluídí uaidh, thuígeadar gur bh’ ortha féin a bhí sé ag caint. 46Agus ba mhian leó é ghabháil, ach bhí eagla acu roimis na daoine, mar fáidh ab eadh é acu.



CAIBIDIOL XXII.

Parabal na bainise. D’órduigh Críost cáin do dhíol le Caesar. Do chlaoidh sé na Sadducínigh. Do thaisbeáin se cad í an chéad aithne sa dlígh. Do chuir sé measgán mearaídhe ar na Fairisíneachaibh.


1Agus d’fhreagair Íosa agus do labhair sé airís i soluídibh, agus dubhairt sé: [119]2Is cosmhail rígheacht neimhe le fear a bhí ’n‑a rí, agus do dhein bainis d’á mhac. 3Agus chuir sé a sheirbhísigh ag glaodhach ar na daoine a fuair cuireadh chun na bainise; agus níor bh’áil leó teacht. 4Agus chuir sé seirbhísigh eile uaidh airís. Abraidh, ar seisean, leis an muintir a fuair cuireadh, Féach, tá an féasda ollamh agam; táid mo mhairt marbh agus m’ealta ramhara, agus gach nídh ollamh: Tagaidh chun na bainise. 5Ach dheineadar-san neamhshuím de, agus d’imthígheadar, duine acu chun a fheirime, agus douine acu chun a cheannaidheachta. 6Agus do rug an chuid eile acu ar a sheirbhísigh, agus thugadar tarcuisne dhóibh, agus mharbhuigheadar iad. 7Nuair airigh an rí an nídh sin tháinig fearg air, agus chuir sé a shluaighte armtha uaidh, agus d’ídigh sé na marbhthóirí sin, agus do loisg sé a gcathair. 8Ansan dubhairt sé le n‑a sheirbhíseachaibh: Tá an bhainfheis ollamh; ach an mhuintir a fuair cuireadh, níor bhfiú iad é. 9Imthighidh amach, d’á bhrígh sin, ar na bóithribh agus pé daoine a gheobhaidh sibh, glaoidhidh isteach ortha chun na bainise. 10Agus d’imthigh na seirbhísigh amach ar na bóithribh, agus bhailigheadar isteach gach a bhfuaradar de daoine, idir olc agus [ 62 ]maith, agus bhí an bhainis lán de dhaoine ’n‑a suidhe chun bídh. 11Ansan do tháinig an rí isteach go bhfeicfeadh sé an chuideachta, agus chonaic sé ann duine ná raibh culaith na bainise uime. 12Agus dubhairt sé leis: A chara, conus a thánaís-se anso isteach gan culaith na bainise umat? Ach níor labhair seisean focal. 13Ansan dubhairt an rí leis an lucht friothálmha, Deinidh a lámha agus a chosa do cheangal, agus caithidh amach é sa doircheacht atá amuigh, áit ’n‑a mbeidh gol agus díoscán fiacal. 14Óir tá glaoidhte ar mhórán, agus ní’l toghtha ach beagán.


15Ansan d’imthigh na Fairisínigh, agus chuadar i gcómhairle go ndéanfaidis búntáiste bhreith air ’n‑a chaint. 16Agus chuireadar chuige deisgiobuil leó féin i n‑aonfheacht le muintir Héróid, chun a rádh leis: A Mháighistir, is eól dúinn gur duine fírinneach tu, agus go múineann tú slígh Dé sa bhfírinne, agus ná fuil beann agat ar aoinne; óir ní fhéachann tú chun pearsan aon duine. 17Innis dúinn, d’á bhrígh sin, cad is dóigh leat?[* 54] An ceart cáin do dhíol le Caesar nó gan a dhíol? 18Ach bhí fios a ndroch-aigne ag Íosa agus dubhairt sé: A chluanuidhthe, cad chuige dhaoibh bheith a’m brath? 19Taisbeánaidh dom píosa d’airgead na cána. Agus thugadar dó pingin. 20Agus dubhairt Íosa leó: Cé leis an íomháigh seo agus an sgríbhinn seo? 21Le Caesar, ar siad. Ansan dubhairt seisean leo: D’á bhrígh sin [120]tugaidh do Chaesar na neithe is le Caesar; agus tugaidh do Dhia na neithe is le Dia. 22Nuair airigheadar an méid sin tháinig iongnadh ortha, agus d’fhágadar ansan é, agus d’imthigheadar.


23An lá san tháinig na Sadducínigh chuige,[121] daoine adeir ná fuil aiseirighe ann, agus cheistigheadar é, agus [ 63 ]dubhradar. 24A Mháighistir, dubhairt Maois,[122] Má gheibheann duine bás gan sliocht, pósadh a dhritháir a bhean, ionus go dtógfadh sé sliocht d’á dhritháir. 25Bhí i n‑ár measg-ne mórsheisear drithár, agus do phós an chéad duine acu bean, agus fuair sé bás, agus toisg gan sliocht a bheith air, d’fhág sé a bhean agá dhritháir; 26Mar an gcéadna an tarna duine acu, agus an trímhadh duine, gur ráinig an seachtmhadh duine. 27I n‑a ndiaidh go léir fuair an bhean bás. 28Sa n‑aireirighe, ámhthach, cé’cu de’n mhórsheisear gur leis í? mar, bhí sí acu go léir. 29D’fhreagair Íosa, agus dubhairt sé leó: Táthaoi ag dul amú’ toisg gan eólus a bheith agaibh ar an Scriptiúir ná ar chómhachtaibh Dé. 30Óir sa n‑aireirighe ní pósfar ná ní tabharfar le pósadh, ach beid siad cosmhail le h‑aingealaibh Dé ar neamh. 31Ach, i dtaobh aiseirighe na marbh, nár léigeabhair an rud adubhairt Dia, mar a ndeir sé libh: 32[123]Is mise Dia Abrahaim, agus Dia Ísaaic agus Dia Iácóib? Ní Dia do dhaoinibh marbha Dia, ach do dhaoinibh beó. 33Agus nuair a dh’airigh na daoine é bhíodar ag déanamh iongna d’á theagasg.

34Nuair airigh na Fairisínigh nár fhág sé focal le rádh ag na Sadducínigh, thánadar i bhfochair a chéile; 35Agus cheistigh duine acu é, ollamh sa dlígh, ag baint trialach as, agus dubhairt: 36A Mhaighistir, cad í an aithne mhór sa dlígh? 37Dubhairt Íosa leis:[124] Grádhfaidh tú do Thighearna Dia ó d’chroidhe go h‑iomlán, agus ó d’anam go h‑iomlán, agus ó d’aigne go h‑iomlán. 38Siní an aithne is mó, agus isí an chéad aithne í. 39Agus tá an tarna h‑aithne cosmhail léi:[125] Grádhfaidh tú do chómharsa mar thu féin. 40Tá an dlígh go léir agus na fáidhe ag seasamh ar an dá aithne sin.

41Bhí na Fairisínigh cruinnighthe i bhfochair a chéile, agus do cheisdigh Íosa iad, 42Agus dubhairt sé: Cad a thuigeann sibh-se i dtaobh Chríost? Cé ’ro mac é? Agus dubhradar leis: Mac Dáibhid. 43Dubhairt sé leó: Ma ’seadh, cad uime go dtugann Dáibhid, sa spioraid, a Thighearna air, mar a ndeir sé: 44[126]Dubhairt an [ 64 ]Tighearna le m’ Thighearna, Suidh ar mo dheis, go gcuiread do namhaid mar fuairmín fé d’chosaibn? 45D’á bhrígh sin, má thugann Dáibhid a Thigearna air, conus atá sé ’n‑a mhac aige? 46Agus ní raibh oiread agus focal ag aoinne le rádh ’ghá fhreagra; agus ó’n lá san amach níor leómhaidh aoinne é cheisdiú a thuille.



CAIBIDIOL XXIII.

Do chómhairligh Críost deagh-theagasg na Sgríbhneóirí agus na bhFarisíneach do ghlacadh agus a ndroch-shampla do sheachnadh, fógrann sé ar a Dheisgiobulaibh gan aithris do dhéanamh ar a n‑uaillmhian. A lán mairgí aige d’á bhagairt ortha mar gheall ar an gceilg a bhí ionta agus mar gheall ar a ndaille.


1Ansan do labhair Íosa leis an bpobul agus le n‑a dheisgiobuil,

2Agus dubhairt sé: Táid na Sgríbhneóirí agus na Fairisínigh suidhte i gcathaoir Mhaoise. 3D’á bhrígh sin pé rud a déarfaid siad libh a choimeád, coimeádaidh é agus deinidh é; ach na deinidh do réir a n‑oibreacha; óir deirid siad, agus ní dheinid siad. 4Óir ceangalaid siad ualaí troma do-iompuir, agus cuirid siad ar ghuailnibh na ndaoine iad; ach ní h‑áil leó féin oiread agus méar a chur ’ghá gcoruighe. 5Deinid siad gach obair leó, ámhthach, ionus go bhfeicfeadh na daoine iad; leathnuighid siad a bhfulactéirí agus méaduighid siad fabhraí a mbrat.[* 55] 6Is maith leó ceann cláir ag suidhe chun bídh dóibh, agus na suidhcháin uachtaracha ins na sinagógaibh. 7Agus fáiltiú dhóibh i n‑áit an mhargaidh, agus go dtabharfadh na daoine Rabbí ortha. 8Ach ná tugtar[127] Rabbí oraibh-se: óir is aoinne amháin atá ’n‑a Mháighistir oraibh, agus is bráithre sibh go léir. 9Agus [ 65 ][128]ná tugaidh bhúr n‑athair ar aoinne ar an dtalamh so: óir is aoinne amháin is Athair agaibh, an t‑é atá ins na flathais. 10Agus ná tugtar máighistirí oraibh: óir is aoinne amháin is máighistir agaibh, .i. Críosd.[* 56] 11An t‑é is fearr oraibh, beidh sé ’n‑a sheirbhíseach agaibh. 12Óir an t‑é a dh’árdóchaibh é féin, ísleófar é; agus an t‑é a dh’ísleóchaidh é féin, ardófar é.

13Ach is mairg daoibh-se, a Sgríbhneóirí agus a Fhairisíneacha, a chluanaidhthe: óir do dhúnabhair rígheacht na bhflathas i n‑aghaidh na ndaoine; mar, ní théigheann sibh isteach, ná ní leigeann sibh isteach na daoine atá ag dul isteach.

14Is mairg daoibh a Sgríbhneóirí agus a Fhairisíneacha, a chluanaidhthe: óir itheann sibh tighthe na mbaintreach, ag déanamh úrnuighthe fada; mar gheall air sin is truime-de an bhreith a tabharfar oraibh.

15Is mairg daoibh-se, a Sgríbhneóirí agus a Fhairisíneacha, a chluanaidhthe: óir siubhlann sibh muir agus tir chun aoinne amháin a thabhairt chun bhúr gcreidimh; agus nuair a thugann sibh libh é déineann sibh mac-fhrinn de níosa dhá mheasa ’ná sibh féin.

16Is mairg daoibh-se, a ghiollaí dalla adeir: Pé duine a dhearbhóchaidh dar an teampal, is neamhnidh é; ach an t‑é dhearbhóchaidh dar ós an teampail tá an ceangal air. 17A dhaoine dalla gan chiall: cé’cu is mó le rádh, an t‑ór, nó an teampal a bheannuigheann an t‑ór? 18Agus: Pé duine dhearbhóchaidh dar an altóir, is neamhnídh é; ach pé duine a dhearbhóchaidh dar an dtabharthas atá ar an altóir, tá an ceangal air. 19A dhaoine dalla: Cé’cu is mó, an tabharthar nó an altóir a chuireann an bheannuightheach ar an dtabharthas? 20D’á bhrígh sin, an t‑é dearbhuigheann dar an altóir, dearbhuigheann sé dar an altóir agus gach a bhfuil uirthi. 21Agus an t‑é a [ 66 ]dhearbhuigheann dar an teampal, dearbhuigheann sé dar an teampal agus dar an t‑é atá ’n‑a chómhnuidhe ann. 22Agus an t‑é dhearbhuigheann dar neamh, dearbhuigheann sé dar cathaoir ríoga Dé, agus dar an t‑é atá ’n‑a shuidhe inti.

23Is máirg daoibh-se, a Sgríbhneóirí agus a Fhairisíneacha, a chluanaidhthe: óir tugann sibh deachmhadh as an miontais agus as an ainise agus as an gcuimin, agus d’fhágabhair gan cómhlionadh na neithe is truime sa dlígh, [129]breitheamhantas, agus trócaire, agus creideamh; bhí sé ceart agaibh iad-san do dhéanamh agus gan iad-súd do leigint ar lár. 24A ghiollaí dalla, sgagann sibh amach an chuil agus sloigeann sibh an camal.

25Is mairg daoibh-se, a Sgríbhneóirí agus a Fhairisíneacha, a chluanaidhthe: óir glanann sibh an taobh amuigh de’n chupán agus de’n mhéis; ach táthaoí lán, laistigh, de bhraduíol agus de shailightheacht. 26A Fairisínigh dhaill, glan ar dtúis an taobh istigh de’n chupán agus de’n mhéis, ionus go mbeadh an taobh amuigh glan.

27Is mairg daoibh, a Sgribhneóirí agus a Fhairisíneacha, a cluanaidhthe: óir is cuma sibh nó uaghna aolta, a fhéachann go h‑áluinn lasmuigh, sé shúilibh daoine, ach laistigh táid siad lán de chnámhaibh daoine marbha, agus de’n uile shaghas bréantais. 28Ar an gcuma gcéadna féachann sibh-se fíoraonta ar an dtaobh amuigh, fé shúilibh daoine; ach laistigh táthaoí lán de’n fheall agus de’n mhalluightheacht.

29Is mairg daoibh, a Sgríbhneóiri agus a Fhairisíneacha an fhill: a dheineann tuamaí do chur suas do sna fáidhibh; agus a chuireann na h‑órnáidí ar uaghnaibh na bhfíoraon, Agus deireann sibh:[* 57] 30Dá mbeimís-ne beó le linn ár sinsear ní bheimís páirteach leó i bhfuil na bhfáidh. 31D’á bhrígh sin is fínnithe sibh oraibh féin gur sibh sliocht na ndaoine a mhairbh na fáidhe. 32Líonaidh-se suas, mar sin, tómhas bhúr sínsear. 33A aithreacha nimhe, [ 67 ]a shliocht na n‑aithreach nimhe, cad é an dul atá aghaibh-se ó bhreith ifrinn? 34D’á bhrígh sin, féach, cuirim-se chúghaibh fáidhe, agus lucht eagna, agus lucht sgríbhinne; agus marbhóchaidh sibh cuid acu, agus céasfaidh sibh ar chrosaibh cuid acu agus sgiúrsálfaidh sibh cuid acu i nbhúr sinagógaibh, agus ruaigfidh sibh iad ó chathair go cathair. 35Ionus go dtiocfadh oraibh gach fuil fhíoraonta d’ár doirteadh ar an dtalamh, ó fhuil an fhíoraoin [130]Abel go fuil [131]Shacariais mic Bharachiais a mharbhabhair idir an teampal agus an altóir.[* 58] 36Go deimhin adeirim libh, tiocfaidh na neithe sin go léir ar an sliocht so.

37A Ierúsalem, a Ierúsalem, a mharbhuigheann na fáidhe, agus a ghabhann do chlochaibh ins na daoine a curtar chúghat, cad é a mhiniceacht dob’ áil liom do chlann a bhailiú chugham mar a bhailigheann an chearc a h‑ál fé n‑a sgiathánaibh, agus níor bh’áil leat! 38Féach, fágfar bhúr dtigh i n’uaigneas agaibh. 39Óir adeirim libh, ní fheicfidh sibh mise feasda go n‑abraidh sibh: Moladh leis an t‑é atá ag teacht i n‑ainim an Tighearna.



CAIBIDIOL XXIV.

An íde a bhí le teacht ar an dteampul; agus na cómharthaí a bhí le teacht roimis; agus roime lá an bhreitheamhantais. Ní foláir dúinn bheith ag faire i gcómhnuíghe.


1Agus do chuaidh Íosa amach as an dteampul, agus bhí sé ag imtheacht; agus tháinig a dheisgiobuil chuige ag taisbeáint oibreacha an teampail dó. 2Agus dubhairt seisean leó ’ghá bhfreagra: An bhfeiceann sibh na neithe sin go léir? Go deimhin adeirim libh, ní fágfar anso cloch ar muin cloiche gan raobadh.

[ 68 ]3Agus do shuidh sé ar chnoc Olibhet, agus tháinig a dheisgiobuil chuige a gan fhios, agus dubhradar: Innis dúinn cathain a thuitfid na neithe seo amach, agus cad a bheidh mar chómhartha ar do theacht-sa, agus ar dheire an tsaoghail. 4Agus dubhairt Íosa leó ’ghá bhfreagra: [132]Seachnaidh agus ná cuireadh aoinne amú’ sibh.

5Óir tiocfaid a lán am’ ainim-se agus déarfaid siad, Is mise Críost; agus meallfaid siad a lán. 6Agus aireóchaidh sibh cogaí agus ráflaí ar chogaíbh. Seachnaidh agus ná bíodh buaireamh oraibh; mar ní foláir na neithe sin do theacht, ach ní h‑é an deire fós é. 7Óir eireóchaidh cine i n‑aghaidh cine, agus rígheacht i n‑aghaidh rígheachta; agus beidh galair, agus gorta, agus luasgadh talmhan, ar fuid áiteana. 8Tosach na dtrioblóidí, ámhthach, iad san go léir. 9Ansan cuirfid siad sibh-se i gcruadhtan, agus cuirfid siad chun báis sibh; agus beidh fuath ag na geintibh go léir daoibh mar gheall ar m’ainim-se. 10Ansan glacfaidh a lán daoine sgannal, agus déanfaid siad feall ar a chéile, agus beidh fuath acu d’á chéile. 11Agus eireóchaid a lán fáidhí fallsa, agus meallfaid siad a lán. 12Agus toisg an mhalluightheacht a bheith iomarcach fuarfaidh an charthanacht i n‑a lán. 13Ach an t‑é a bheidh seasamhach amach go deire, raghaidh sé saor. 14Agus craobhsgaoilfar an soisgéal so na rígheachta tríd an ndomhan go léir mar fhiadhnaise do sna geintibh go léir; agus ansan tiocfaidh an críochnú.

15D’á bhrígh sin, nuair a chífidh sibh [133]gráin an léirsgriosa, ar ar labhair Daniel fáidh, ’n‑a seasamh sa n‑áit naomhtha: an t‑é a léighfidh, tuigeadh: 16Ansan an mhuintir atá i n‑Iúdéa teithidís chun na gcnoc; 17Agus an duine ar bhuaic an tighe, ná téigheadh sé síos chun aon rud a bhreith as a thigh leis; 18Agus an duine sa pháirc ná filleadh sé a d’iarraidh a bhrait. 19Is mairg do lucht clainne dh’iompar, ámhthach, agus do lucht oileamhna, ins na laethibh sin. 20Ach guídhidh gan bhúr dteithe bheith sa gheimhreadh ná ar an sabbóid. 21Óir beidh buaireamh mór an uair sin, ná raibh a leithéid ó thosach an domhain go dtí so, agus ná beidh. 22Agus mura gciorruightí na lae[ 69 ]thanta san ní bheadh dul as ag feóil an bith; Ach ciorrófar na laethanta san ar son na bhfíoraon. 23An uair sin má deir aoinne libh: Féach, tá Críost anso, nó ansúd; ná creididh. 24Mar, eireóchaid Críostana fallsa agus fáidhí fallsa, agus tabharfaid siad cómharthaí móra uatha agus iongnaí, i dtreó go seólfaí amú’ na fíoraoin féin (dá mb’ fhéidir é). 25Féach, tá innste agam daoibh roim ré. 26D’á bhrígh sin má deirid siad libh: Féach, tá sé sa bhfásach: ná téighidh amach; Féach, tá sé ins na seómraíbh: ná creididh. 27Óir, mar an splanc a thagann as an dtaobh thoir agus a chítear go dtí an taobh thiar, sin mar a bheidh teacht Mhic an Duine. 28Pé áit ’n‑a mbeidh an corp, is ann a chruinneóchaid na fiolair.[* 59]


29[134]Agus láithreach tar éis trioblóide na laethanta san doircheófar an ghrian, agus ní thabharfaidh an gealach a solus, agus tuitfidh na réalta as an spéir, agus beid cómhachta na bhflathas d’á suathadh;[* 60] 30Agus ansan chífar cómhartha Mhic an Duine sa spéir; agus ansan caoifid treabha an domhain go léir, [135]agus cífid siad Mac an Duine ag teacht i sgamallaibh neimhe le mór-chómhacht agus le gradam.[* 61] 31[136]Agus cuirfidh sé a aingil amach, le trúmpa agus le guth árd: agus cruinneóchaid siad a fhíoraoin ós na cheithre gaoithibh, ó uachtar na bhflathas go dtí a n‑íochtar. 32Foghlumuighidh soluíd ó’n gcrann fíge. Nuair a bhíonn a ghéag bog, agus a dhuilleabhar tagaithe amach, tá fhios agaibh an samhradh bheith i n‑achmaireacht. 33Mar sin daoibh-se, nuair a chífidh sibh na neithe seo uile, bíodh a fhios agaibh go bhfuil sé i n‑aice libh, ins na dóirsibh. 34Go deimhin adeirim libh, ní imtheóchaidh an [ 70 ]tsliocht so go dtiocfaid na neithe seo go léir chun cinn. 35Raghaidh an spéir agus an talamh ar neamhnídh, ach ní raghaid mo bhréithre-se ar neamhnídh.[* 62]


36I dtaobh an lae sin, ámhthach, agus na h‑uaire sin, ní’l fios ag aoinne, dá mb’iad aingil na bhflathas féin iad, ach ag an Athair amháin. 37Óir mar a bhí i laethibh Nóe iseadh bheidh teacht Mhic an Duine. 38Mar a bhíodar ins na laethanta roimis an ndílinn ag ithe agus ah ól, ag pósadh agus ag tabhairt le pósadh, díreach go dtí an lá ’na ndeaghaidh Nóe isteach sa n‑arc, 39Agus ní raibh fhios acu go dtí go dtáinig an díle, agus gur rug sí chun siúbhail iad go léir; sin mar a bheidh teacht Mhic an Duine. 40Ansan beidh beirt i bpáirc: Tógfar duine agus fágfar duine. 41Beidh beirt bhan ag meilt le muileann: 42Tógfar bean agus fágfar bean. Deinidh faire, d’á bhrígh sin; mar ní fios daoibh cad é an uair a tiocfaidh bhúr dTighearna. 43Ach bhíodh fhios an méid seo agaibh, dá mbeadh fhios ag fear an tighe cad é an uair a bheadh an bitheamhnach le teacht, go deimhin do dhéanfadh sé faire, agus ní leigfeadh sé a thigh do bhriseadh isteach. 44D’á bhrígh sin, bídhidh-se, leis, ollamh, mar an uair nách eól daoibh ipeadh atá Mac an Duine le teacht.

45Cé h‑é, is dóigh leat, an seirbhíseach dílis, ciallmhar, a chuir a thighearna os cionn a mhuintire, chun bídh a thabhairt dóibh do réir aimsire? 46[137]Is aoibhinn do’n tseirbhíseach san, nuair a thiocfaidh a thighearna, má gheibheann sé é ag déanamh na h‑oibre sin. 47Go deimhin adeirim libh, cuirfidh sé os cionn a choda go léir é. 48Ach má deir an droch-sheirbhíseach san ’n‑a chroidhe féin: Tá mo thighearna ag déanamh ríghnis de theacht; 49Agus má dhírígheann sé ar a chómh-sheirbhíseacha do bhualadh, agus ar bheith ag ithe agus ag ól i bhfochair lucht meisge; 50Tiocfaidh tighearna an tseirbhísigh sin an lá nách dóigh leis, agus an uair nách eól dó; 51Agus deighilfidh sé é, agus ceapfaidh sé a chuid ameasg lucht fill: beidh sa n‑áit sin gol agus díoscán fiacal.

[ 71 ]

CAIBIDIOL XXV.

Parabal an deichniúbhar maighdean, agus na dtalant, agus tuairisg ar an mbreitheamhantas déanach.


1Ansan beidh rígheacht na bhflathas cosmhail le deichniúbhar maighdean a thóg a lóchranna agus a chuaidh amach i gcoinnibh an chéile agus na céile. 2Agus bhí cúigear acu ciallmhar, agus an cúigear eile gan chiall. 3Agus an cúigear a bhí gan chiall nuair a thógadar na lóchranna, níor thugadar oíle leó. 4Ach do thug an cúigear a bhí ciallmhar oíle leó i n‑a n‑ártháibh i dteannta na lóchrann. 5Agus do dhein an céile moill, agus tháinig múisiún ortha go léir, agus do thuiteadar ’n‑a gcodladh. 6I lár na h‑oidhche, ámhthach, do deineadh guth árd: Féach, tá an céile ag teacht; téighidh amach ’n‑a choinnibh. 7Ansan d’eirigheadar na maighdeana san go léir agus chuireadar a lóchranna i dtreó. 8Agus dubhairt an chuid a bhí gan chiall leis an gcuid a bhí ciallmhar: Tugaidh dúinne cuid de’n oíle atá agaibh-se, mar tá ár lochranna ag dul i n‑éag. 9D’fhreagair an mhuintir chiallmhar agus dubhradar: Ar eagla ná beadh ár ndóithin ann dúinne agus daoíbh-se, is fearr sibh a d’imtheacht chun na gceannaidhthe agus oíle cheannach daoibh féin. 10Agus an fhaid a bhíodar ag dul ’ghá ceannach, tháinig an céile; agus an mhuintir a bhí ollamh chuadar isteach i n‑aonfheacht leis chun na bainise, agus do dúnadh an dorus. 11Ar ball tháinig na maighdeana eile agus dubhradar: A Thigearna, a Thighearna, osgail dúinne. 12Ach d’fhreagair seisean agus dubhairt: Go deimhin adeirim libh, ní’l aon aithne agam oraibh.

13Deinidh faire, d’á bhrígh sin, mar ní h‑eól daoibh an lá ná an uair.

14Mar, ar nós an fhir a bhí ag dul abhfad ó bhaile, agus do ghlaoidh chuige a sheirbhísigh, agus thug a chuid dóibh, 15Agus thug chúig talanta do dhuine acu agus dhá thalant do dhuine eile, agus talant do dhuine eile; do gach duine do réir a chumais oibre; agus d’imthigh láithreach. 16Agus d’imthigh an t‑é a fuair na chúig talanta, agus d’oibrigh sé iad, agus dhein sé chúig talanta eile. 17Mar an gcéadna an t‑é a fuair an dá talant dhein [ 72 ]sé dhá cheann eile. 18Ach an t‑é a fuair an t‑aon talant amháin d’imthigh sé agus dhein sé poll sa talamh, agus chuir sé airgead a thighearna i bhfolach. 19Tar éis mórán aimsire, ámhthach, tháinig tighearna na seirbhíseach san, agus shocaruigh sé cúntas leó. 20Agus tháinig an t‑é a fuair na cúig talanta agus thug sé leis na chúig talanta eile, agus dubhairt: A Thighearna, thugais cúig talanta dhom. Féach, sin cúig cinn eile curtha leó agaim. 21Dubhairt a thighearna leis: Is maith é sin, a sheirbhísigh fhóghanta, dhílis; ó bhís dílis os cionn an bheagáin cuirfead thu os cionn an mhóráin; eirigh isteach i n‑aoibhneas do thighearna. 22Agus tháinig an fear a fuair an dá thalant agus dubhairt: A Thighearna, thugais dom dhá thalant; féach, sin dhá ceann eile curtha leó agam. 23Dubhairt a thighearna leis: Is maith é sin, a sheirbhísigh fhóganta, dhílis; ó bhís dílis os cionn an bheagáin cuirfead thu os cionn an mhóráin; eirigh isteach i n‑aoibhneas do thighearna. 24Ansan do tháinig an fear a fuair an t‑aon talant amháin, agus dubhairt: A Thighearna, is eól dom gur duine cruaidh tu; baineann tú sa n‑áit nár [138]chuiris, agus cruinnigheann tú sa n‑áit nár sgaipis. 25Agus le h‑eagla rómhat chuireas do thalant i bhfolach sa talamh; seo, siné do chuid féin agat. 26Agus d’fhreagair a thigearna é, agus dubhairt leis: A droch-sheirbhísigh díomhaoin, dob’ eól duit go mbainim sa n‑áit na cuirim, agus go gcnuasuighim sa n‑áit nár dheineas sgaipeadh ann. 27Bhí sé ceart agat, d’á bhrígh sin, mo chuid airgid a thabhairt dos na bancairíbh, i dtreó, nuair a thiocfainn, go bhfaighinn mo chuid féin agus an t‑úncumas. 28Tógaidh uaidh mar sin, an talant agus tugaidh é do’n t‑é go bhfuil na deich dtalanta aige. 29Óir an t‑é go bhfuil aige, tabharfar dó, agus beidh flúirse aige; agus an té ná fuil aige, togfar uaidh an rud a samhluightear a bheith aige. 30Agus an seirbhíseach neamhthairbheach, caithidh amach é sa doircheacht atá amuigh; ansan iseadh bheidh gol agus díoscán fiacal.

31Ach nuair a thiocfaidh Mac an Duine ’n‑a gradam, agus a aingil go léir i n‑aonfheacht leis, suidhfidh sé [ 73 ]gncathaoir a ghradaim; 32agus crunnneófar ’n‑a láthair i a geinte go léir; agus deighilfidh sé ó n‑a chéile iad, mar dheigileann an t‑aodhaire na caoire ós na gabhair; 33Agus cuirfidh sé na caoire ar a láimh dheis, agus na gabhair ar a láimh clé. 34Ansan déarfaidh an Rí leis an muintir a bheidh ar a láimh dheis: Téanaidh, a dhaoine beannuighthe le m’Athair, agus sealbhuighidh an rígheacht atá ollamh daoibh ó chruithniú an domhain: 35Mar, [139]bhí ocras orm, agus thugabhair rud le n‑ithe dhom; bhí tart orm, agus thugabhair le n‑ól dom; bhíos ar fán, agus thugabhair bheith istigh dom; 36Bhíos nocht, agus chlúdabhair mé; bhíos breóite agus thánabhair am’ fhéachaint; bhíos sa phríosún agus tánabhair chúgam. 37Ansan freagaróchaid na fíoraoin é, agus déarfaid siad: A Thighearna, cathain a chonacamair-ne ocras ort, agus gur thugamair bia dhuit? Nó tart ort, agus gur thuganair deoch duit? 38Nó cathain a chonacamair ar fán tu, agus gur thugamair bheith istigh duit? nó nocht, agus gur chlúduigheamair thu? 39Nó cathain a chonacamair thu breóite, nó i bpríosún, agus gur thánamair chúghat? 40Agus déarfaidh an Rí ’ghá bhfreagra: Go deimhin adeirim libh, an fhaid a dheineabhair é do dhuine de’n chuid is suaraíghe de m’bráithribh anso, do dheineabhair dómh-sa é. 41Ansan déarfaidh sé leis an muintir a bheidh ar a láimh chlé: [140]Imthighidh uaim, a dhream mhallaighthe, isteach sa teine shióruidhe do h‑ollamhuigheadh do’n diabhal agus d’á aingealaibh; 42Mar, bhí ocras orm, agus níor thugabhair rud le n‑ithe dhom; bhí tart orm, agus níor thugabhair deoch dom. 43Bhíos ar fán, agus níor thugabhair bheith istigh dom; bhíos nocht, aguf níor chlúdabhair mé; bhíos breóite, agus sa phríosún, agus níor thánabhair am’ fhéachaint. 44Ansan déarfaid siad-san leis, ’ghá fhreagra: A Thighearna cathain a chonacamair-ne thu fé ocras ’ná fé thart, ná ar fán, ná nocht, ’ná breóite, ná i bpríosún, agus nár dhéineamair furtacht ort? 45Ansan déarfaidh sé ’ghá bhfreagra: Go deimhin adeirim libh, an fhaid nár dheineabhair d’aoinne de’n mhuintir shuarach so é ’níos [ 74 ]dheineabhair dómh-sa é. 46[141]Agus imtheóchaid siad san isteach i bpiantaibh síoruídhe; agus na fíoraoin isteach i mbeatha shíoruidhe.



CAIBIDIOL XXVI.

Na h‑Iúdaigh ag déanamh ceilge i n‑aghaidh Chríost. Máire ’ghá ungadh. Feall Iúdáis. An suipéar deirineach. An ghuidhe sa gháirdín. Gabháll ár dTighearna. An cor do tugadh air i dtigh Chaiphas.


1Agus do thárla, nuair a chríochnuigh Íosa na briathra san go léir, go ndubhairt sé le n‑a dheisgiobulaibh: 2Is eól daoibh go mbeidh an Cháisg ann tar éis dhá lá, agus tabharfar Mac an Duine suas chun a chéasda.

3Ansan do tháinig i bhfochair a chéile uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobuil i halla an árd-shagairt, dár bh’ainim Caiphas; 4Agus dheineadar cómhairle chun go n‑déanfaidís Íosa do ghabháil le ceilg, agus é chur chun báis. 5Dubhradar, ámhthach, Ná deintear é lá na féile, le h‑eagla go mbeadh toirmeasg sa phobul.

6Ach nuair a bhí Íosa i mBetánia, i dtigh Shímóin, an lobhar, 7Tháinig [142]bean chuige agus árthach alabastair aici a bhí lán d’ungadh ana-daor, agus do dhoirt sí ar a cheann é, agus é ’n‑a luighe. 8Agus nuair a chonaic na deisgiobuil san, bhí díombádh ortha, agus dubhradar: Cad chuige an bhásta so? 9D’fhéadaí é sin do dhíol ar mhórán, agus é thabhairt dos na bochtaibh. 10Do thuig Íosa, ámhthach, agus dubhairt leó: Cad chuige dhaoibh bheith ag iomaigh leis an mnaoi seo? Is gníomh maith atá déanta aici orm-sa. 11Óir táid na boicht i gcómhnuighe agaibh i nbhúr bhfochair, ach ní’lim-se i gcómhnuighe agaibh.[* 63] 12Mar, [ 75 ]nuair a chuir sí seo an ungadh so ar mo chorp-sa, is chun m’adhlachta a dhein sí é. 13Go deimhin adeirim libh, pé áit ar fuid an domhain go léir go gcraobhsgaoílfar an Soisgéal so ann, ’neósfar, leis, mar chuimhne uirthi seo, an gníomh so atá déanta aici.

14Ansan d’imthigh duine de’n dáréag, dár b’ainim Iúdás Iscariot, ag triall ar uachtaránaibh na sagart, 15Agus dubhairt sé leó: Cad is toil libh a thabhairt dómh-sa agus tabharfad suas daoibh é? Agus shocaruigheadar-san leis ar thríochad píosa airgid. 16Agus ar san amach bhí sé ag faire ar chaoi chun é thabhairt suas.


17An céad lá, ámhthach, de laethantaibh féile an aráin gan gort tháinig a dheisgiobuil chun Íosa, agus dubhradar: Cár mhaith leat go ndéanfaimís an cháisg d’ollamhú dhuit le caitheamh? 18Agus dubhairt Íosa: Téighidh as chathair chun duine áirithe, agus abraidh leis: Deir an Máighistir: Tá m’aimsir i ngoireacht dom; déanfad féin agus mo dheisgiobuil an Cáisg agat-sa. 19Agus dhein na deisgiobuil mar a dh’órduigh Íosa dhóibh, agus d’ollamhuigheadar an Cháisg.

20Agus nuair a bhí an tráthnóna ann, do shuidh sé i bhfochair a dháréag deisgiobul. 21Agus nuair a bhíodar ag ithe, dubhairt sé: Go deimhin adeirim libh go bhfuil duine agaibh atá chun mé dhíol. 22Agus tháinig anabhuairt ortha, agus chromadar, gach duine, ar a rádh, An mise é, a Thighearna? 23Agus duhbairt seisean ’ghá bhfreagra: An t‑é a chuir a lámh sa mhéis am’ chuíbhreann, díolfaidh sé mé. 24Tá Mac an Duine ag imtheacht, [143]fé mar atá sgríobhtha ’n‑a thaobh; ach is mairg do’n fhear san tré a ndéanfar Mac an Duine do dhíol. Ba mhaith an rud do’n fhear san gan é theacht riamh ar an saoghal. 25Ansan, do fhreagair Iúdás, An fear a dhíol é, agus dubhairt: An mise é, a Mháighistir? Dubhairt sé leis: Dubhraís é.

26An fhaid a bhíodar ag ithe, do thóg Íosa arán, agus bheannuigh é, aguf bhris é, aguf thug d’á dheisgiobulaibh é; [ 76 ]agus dubhairt: Glacaidh agus ithidh: Is é mo chorp é seo.[* 64] 27Ansan do thóg sé an chailís agus ghaibh sé buidheachas: agus thug sé dhóibh, agus dubhairt: Ólaidh go léir as so.[* 65] 28Óir is í mo chuid fola, fuil au tiomna nua, í seo a doirtfar ar son a lán chun peacaí do mhaitheamh.[* 66] 29Deirim libh, ámhthach: Ní ólfad airís de’n toradh so na fíneamhna go dtí an lá san ’n‑a n‑ólfad é go nua mar aon libh-se i rígheacht m’Athar.[* 67]

30Agus tar éis himna do rádh dhóibh, chuadar amach go cnoc Olibhet.

31Ansan dubhairt Íosa leó: Glacfaidh sibh go léir sgannal umam-sa anocht. Óir tá sgríobhtha: [144]Buailfad an t‑aodhaire agus sgaipfar caoire an tréada.[* 68] 32Ach tar éis aiseirighthe dhom raghad rómhaibh sa nGaililí. 33Agus dubhairt Peadar ’ghá fhreagra: Bíodh go nglacfaidh an uile dhuine sgannal umat, ní ghlacfad-sa sgannal [ 77 ]umat choídhche. 34Dubhairt Íosa leis: Go deimhin adeirim leat, anocht féin, sar a nglaoidhfidh an coileach, séanfair-se mise trí h‑uaire. 35Dubhairt Peadar leis: Bíodh go mbeadh orm bás d’ fhághail i n‑aonfeacht leat ní shéanfad thu. Dubhairt na deisgiobuil go léir an chaint chéadna.


36Ansan do thánig Íosa agus iad féin chun an baile ar a dtugtar Getsemaní; agus dubhairt sé le n‑a dheisgiobuil: Suidhidh-se anso go dtéighead-sa ansúd anonn chun úrnuighthe déanamh. 37Agus thóg sé leis Peadar agus beirt mhac Sebedé agus thurnuigh sé ar bheith go buartha agus go brónach. 38Ansan dubhairt sé leó: Tá brón an bháis ar m’anam: Fanaidh anso agus deinidh faire am’ theannta. 39Ansan do dhruid sé tamall uatha, agus do thuit sé ar a aghaidh, ag guidhe, agus dubhairt sé: A Athair, má’s féidir é, gabhadh[145] an cailís seo tharam; ach sa n‑am gcéadna, ná deintear mar is toil liom-sa, ach mar is toil leat-sa. 40Agus tháinig sé chun a dheisgiobul, agus fuair sé ’n‑a gcodladh iad, agus dubhairt sé le Peadar: An amhlaidh nár fhéadabhair faire dhéanamh aon uair a’ chluig amháin liom? 41Deinidh faire agus úrnuighthe, ionus ná raghadh sibh i gcathaíbh. Tá an spioraid tugtha, ach tá an fheóil lag. 42Chuaidh sé i leith taoibh airís ag guidhe, agus dubhairt: A Athair, mura féidir an chailís seo do dhul tharm gan me ’ghá h‑ól, do thoil-se go ndeintear. 43Agus tháinig sé airís agus fuair sé ’n‑a gcodladh iad; óir do bhí mairbhitíghe ar a súilibh. 44Agus d’fhág sé iad, agus d’imthigh sé airís, agus dhein sé guidhe an trímhadh h‑uair, ag rádh na cainte céadna. 45Ansan tháinig sé chun na ndeisgiobul, agus dubhairt leó: Deinid codladh anois, agus glacaidh suaimhneas: féach, tá an uair buailte linn agus tabharfar Mac an Duine i lámhaibh na bpeacach. 46Eirighidh, gluaisimís: Féach, tá an fear a bhrathfaidh mé ag teacht.

47Agus é ag rádh na bhfocal san, féach, tháinig Iúdás, duine de’n dáréag, agus sluagh le n‑a chois a chuir [ 78 ]uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobuil leis, agus claidhmhte acu agus bataí. 48An fear a bhrath é, ámhthach, thug sé cómhartha dhóibh; dubhairt sé leó: An t‑é go dtabharfad-sa póg dó, siné é; gabhaidh greim air. 49Agus láithreach tháinig sé chun Íosa, agus dubhairt: Go mbeannuighthear duit a Mháighistir. Agus thug sé póg dó. 50Agus dubhairt Íosa leis: A chara, cad chuige go dtánaís? Ansan thánadar agus chuireadar a lámha ar Íosa agus choimeádadar greim air. 51Agus féach, duine de’n mhuintir a bhí i bhfochair Íosa do shín sé a lámh, agus tharaing sé a chlaidheamh; agus bhuail sé seirbhíseach an árd-shagairt, agus bhain sé an chluas de. 52Ansan dubhairt Íosa leis: Cuir do chlaidheamh thar n‑ais i n‑a inead féin. Óir, [146]gach duine a thógfaidh claidheamh, is le claidheamh a thuitfidh sé. 53An amhlaidh is dóigh leat nách féidir dómh-sa a iarraidh ar m’Athair, agus cuirfidh sé chúgham láithreach níos mó ’ná dhá [147]legión déag aingeal? 54Conus, d’á bhrígh sin, a cómhlíonfar an [148]scriptiúir, óir ní foláir a thuitim amach mar seo. 55An uair sin dubhairt Íosa leis an sluagh: Thánabhair amach chun beirthe orm, agus claidhmhte agus bataí agaibh, mar a thiocfadh sibh chun beirthe ar bhitheamhnach. Bhíos am’ shuidhe sa teampall gach lá ag teagasg i nbhúr measg, agus níor rugabhair orm. 56Ach tá so go léir déanta chun go gcómhlíonfaí scriptiúirí na bhfáidh.[149] Ansan d’fhág a dheisgiobuil go léir é, agus do theitheadar.


57Ach do choimeád an mhuintir eile greim ar Íosa, agus do rugadar leó é i láthair an árd-shagairt, Caiphas, mar a raibh na Sgríbhneóirí agus na Fairisínigh cruinnighthe. 58Do lean Peadar é, ámhthach, abhfad siar, go dtí teaghlach an árd-shagairt; agus chuaidh sé isteach agus shuidh sé ameasg na seirbhíseach, go bhfeicfeadh sé deire na h‑oibre.

59Agus bhí uachtaráin na sagart agus an chómhairle go [ 79 ]léir ag lorg fiadhnaise bréige i n‑aghaidh Íosa, chun go ndaorfaidís chun báis é; 60Agus do theip ortha, bíodh go dtáinig a lán fínnithe bréige suas. Fé dheire tháinig beirt fhínnithe bréige, 61Agus dubhradar: Deir sé seo: Tá ar mo chumas-sa teampal Dé do leagadh, agus é chur suas airís i gceann trí lá. 62Ansan d’eirigh an t‑árd-shagart ’n‑a sheasamh, agus dubhairt sé leis: Ná h‑abrann tú focal leis na neithibh atá acu so d’a dhearbhughadh ort? 63Ach níor labhair Íosa. Agus dubhairt an t‑Árd-shagart leis: Iarraim ort i n‑ainim Dé atá beó go neósfa dhúinn an tu an Críost, Mac Dé. 64Dubhairt Íosa leis: Dubhraís é. Ach ní lúgha adeirim-se libh-se, [150]Chífidh sibh ’n‑a dhiaidh so Mac an Duine ’n‑a shuidhe ar deasláimh nirt Dé, agus ag teacht i néallaibh neimhe. 65Ansan do strac an t‑árdshagart a chuid éadaigh, agus dubhairt: Tá diamhasla déanta aige; cad is gádh dhúinn a thuille fínnithe? Féach, anois do chloiseabhair an diamhasla: 66Cad a chítear daoibh? Agus dubhradar san ’ghá fhreagra: Tá bás tuillte aige. 67[151]Ansan do chaitheadar seilí sa n‑aghaidh air, agus bhuaileadar le dóirnibh é; agus bhuail cuid eile acu le n‑a mbasaibh sa n‑aghaidh é, 68Agus deiridís: Targair dúinn, a Chríost, cé h‑é a bhuail tu?

69Ach bhí Peadar ’n‑a shuidhe amuigh sa ríghtheaghlach; agus tháinig duine de sna cailíníbh chuige, agus dubhairt sí: Bhís-se, leis, i bhfochair Íosa, an Gaililíach. 70Agus do shéan seisean os a gcómhair go léir, agus dubhairt sé: Ní fheadar cad ’tá agat d’á rádh. 71Agus bhí sé ag gabháil an dorus amach, agus chonaic cailín eile é, agus dubhairt sí leis na daoine a bhí láithreach: Bhí sé seo, leis, i bhfochair Íosa, an Nasarénach. 72Agus do shéan seisean airíf agus do dhearbhuigh sé: Ní’l aon aithne agam ar an nduine. 73Agus tar éis tamaill bhig tháinig na daoine a bhí láithreach agus dubhradar le Peadar: Go deimhin is díobh súd tusa, mar nochtann do chaint tú. 74Ansan do chrom sé ar a dheimhniú agus ar a dhearbhú ná raibh aon aithne aige ar an nduine. Agus le n‑a linn sin do ghlaoidh an coileach. 75Agus do chuímhnigh [ 80 ]Peadar ar an bhfocal úd adubhairt Íosa: Sar a nglaoidhfidh an coileach séanfair-se mise trí h‑uaire. Agus d’imthigh sé amach, agus do ghoil sé go dúbhach.



CAIBIDIOL XXVII.

Tuairisg páise Chríost ar leanmhaint. A bhás agus a adhlacadh.


1Agus nuair a tháinig an mhaidion, chuaidh uachtaráin na sagart go léir agus seanóirí an phobuil i gcómhairle i n‑aghaidh Íosa, chun go gcurfidís chun báis é. 2Agus thugadar leó é gabhtha, agus thugadar suas é do Phontius Pílát, an riaghaltóir.

3Ansan nuair a chonaic Iúdás, a dhíol é, go raibh sé daor chun báis, tháinig aithreachas air, agus thug sé an tríochad píosa airgid thar n‑ais ag triall ar uachtaránaibh na sagart agus an na seanóiribh. 4Agus dubhairt sé: Dheineas peacadh, mar do dhíolas fuil neamh-chiontach. Ach dubhradar san: Cad é sin dúinne sin? Bíodh ort féin. 5Ansan do chaith sé na píosaí airgid isteach sa teampul, agus d’fhág sé an áit, agus d’imthigh sé [152]agus do chroch sé é féin le téid. 6Agus do thóg uachtaráin na sagart na píosaí airgid agus dubhradar: Ní ceart iad do chur sa chorbóna, mar is airgead fola iad.[* 69] 7Ach dheineadar cómhairle, agus cheannuigheadar leó páirc an photadóra, chun daoine iasachta d’adhlacadh ann. [153]8Mar gheall air sin do tugadh ar an bpáirc sin Haceldama, ’sé sin, Páirc na fola, go dtí an lá fo. 9Ansan iseadh do cómhlíonadh an chaint adubhairt Ieremias fáidh, mar a ndubhairt sé: [154]Agus do ghlacadar tríochad píosa airgid, luach an t‑é a luadhadh, an t‑é a luadhdar a’ clannaibh Israéil, 10Agus thugadar iad ar pháirc an photadóra, fé mar a cheap an Tighearna dhom.

[ 81 ]11Agus bhí Íosa ’n‑a sheasamh os cómhair an riaghaltóra agus do cheistigh an riaghaltóir é, agus dubhairt fé: An tusa rí na nIúdach? Dubhairt Íosa leis: Deir tú é. 12Agus nuair a chuir uachtaráin na sagart agus na seanóirí neithe ’n‑a leith, níor thug sé aon fhreagra ortha. 13Ansan dubhairt Pílát leis: Ná h‑airigheann tú na neithe móra a chuirid na fínnithe ad’ leith? 14Agus níor thug sé freagra air do fhocal ar bith; i dtreó go raibh árd-iongnadh ar an riaghaltóir.

15An lá solmanta san, ámhthach, ba ghnáth leis an riaghaltóir aon chime amháin do leigint saor chun na ndaoine, pé cime ba mhaith leó. 16Bhí aige an uair sin árd-chime, agus Barabbas ab ainim dó. 17Do chruinnigh Pílát iad, agus dubhairt fé: Cé is toil libh a leigfinn saor chúghaibh, Barabbas nó Íosa ar a dtugtar Críost? 18Mar bhí fhios aige gur le formad a dheineadar é thabhairt chun lámha. 19Agus bhí sé ’n‑a shuidhe ’n‑a chathaoir bhreitheamhantais, agus chuir a bean teachtaireacht chuige, agus dubhairt sí: Ná bíodh aon bhainc agat leis an nduine fíoraonta san; óir tá a lán fuiluingte agam indiu mar gheall air, tré aisling. 20Ach do chuir uachtaráin na sagart agus na seanóirí na daoine suas chun Barabbais do thoghadh, agus Íosa do dhíthiú. 21Agus d’fhreagair an riaghaltóir agur dubhairt sé leo: Cé’cu de’n bheirt is maith libh a leigfinn saor? Agus dubhradar san: Barabbas. 22Dubhairt Pílát leó: Agus cad a dhéanfad i dtaobh Íosa, ar a dtugtar Críost? Dubhradar go léir: Céasdar é. 23Dubhairt an riaghaltóir leó: Ach cad é an t‑olc atá déanta aige? Ach do liúghadar níb’ aoirde: Céasdar é. 24Nuair a chonaic Pílát ná raibh ag eirighe leis, ach gur toirmeasg a bhí ag teacht, fuair sé uisge, agus do nigh sé a lámha os cómhair na ndaoine, agus dubhairt sé: Táim-se saor ar fhuil an fhíoraoin seo; oraibh-se bíodh. 25Agus d’fhreagair na daoine go léir: A chuid fola orainne agus ar ár sliocht. 26Ansan do leig sé saor chúcha Barabbas, agus thug sé Íosa suas dóibh le céasadh, tar éis a sgiúrsála.

27Ansan do thóg saighdiúirí an riaghaltóra Íosa leó[155] [ 82 ]amach sa halla, agus chruinnigheadar chuige an bhuidhean go léir. 28Agus bhaineadar de a chuid éadaigh, agus chuireadar clóca dearg uime. 29Agus d’fhígheadar coróinn dheilgneach, agus chuireadar ar a cheann í, agus chuireadar cleith ’n‑a láimh. Agus do leigidís iad féin ar a leath-ghlúin ar a aghaidh amach ag magadh faoi, agus deiridís, Slán duit, a Rí na n‑Iúdach! 30Agus chaithidís seile air, agus thógaidís an chleith agus bhuailidís buille dhi sa cheann air. 31Agus nuair a bhí a gcuid magaidh déanta acu bhaineadar de an clóca, agus chuireadar a chuid éadaigh féin uime, agus do rugadar leó é chun é chéasadh.


32Agus nuair a chuadar amach fuaradar duine ó Chíréné, dár bh’ainim Símón; agus chuireadar fhéachaint ar an nduine sin dul leó agus a chros d’iompur. 33Agus thánadar chun áite ar a dcugtar Golgota ’sé sin, áit Chalbharí.[156] 34Agus thugadar le n‑ól dó fíon gur cuireadh domblas tríd; agus nuair a bhlais sé é ní ólfadh sé é. 35Agus nuair a dheineadar é chéasadh, do rainneadar a bhaill éadaigh eatartha, ’ghá gcur ar chrannaibh; ionus go gcómhlíonfaí an nídh atá ráidhte ag an bhfáidh: [157]Do rainneadar eatartha mo bhaill éadaigh, agus chuireadar ar chrannaibh mo chuid éadaigh. 36Ansan do shuidheadar ag faire air. 37Agus chuireadar os cionn a chinn a chúis sgríobhtha: ÍOSA, RÍ NA N‑IÚDACH, É SEO. 38Ansan do céasadh, mar aon leis, beirt bhitheamhnach, duine acu ar a láimh dheis, agus duine acu ar a láimh chlé. 39Agus an mhuintir a ghabhadh thairis thugaidís masla dhó, ag crothadh a gcinn, 40Agus deiridís, Bhah, do leagfá teampal Dé agus churfá suas airís é i gceann trí lá; dein tu féin do shaoradh. Ma’s tu Mac Dé tar anuas ó’n gcrois. 41Agus ar an gcuma gcéadna uachtaráin na sagart, ag déanamh magaidh, mar aon leis na Sgríbhneóiribh agus leis na seanóiribh, deiridís: 42Do shábháil sé daoine eile; ní’l ar a chumas é féin do shábháil. Má’sé Rí Israéil e, tagadh sé anuas anois ó’n gcrois agus creidfimíd ann. 43Bhí a mhainghín as Dia, saoradh Dia anois é, má’s áil [ 83 ]leis é: Óir dubhairt sé, Is mé Mac Dé. 44Agus na bitheamhnaigh a bhí céasda i n‑aice leis, thugadar an mhasla chéadna dhó.

45Agus ó’n sémhadh h‑uair tháinig doircheacht ar an ndomhan go léir go dtí an naomhadh h‑uair. 46Agus tímpal an naomhadh h‑uair do labhair Íosa do ghuth ana árd, agus dubhairt sé: [158]Élí, Élí, lamá sabactání? ’sé sin, A Dhia, a Dhia, cad uime gur thréigis mé? 47Agus bhí daoine ’n‑a seasamh ann agus d’airigheadar é, agus dubhradar: Tá sé sin ag glaodhach ar Élias. [159]48Agus do rith duine acu láithreach, agus d’aimsigh sé spúinse, agus thúm sé i bhfínéigir é, agus chuir sé an chleith é, agus thug sé le n‑ól dó. 49Agus dubhairt an chuid eile: leig dó; feiceam an dtiocfaidh Élias ’ghá shaoradh.

50Agus d’éighim Íosa airís do ghuth árd, agus thug sé a anam uaidh.

51Agus féach, do stracadh ’n‑a dhá chuid ó bhárr go bun brat an teampail; agus do luaisg an talamh, agus do sgoilt na caraigreacha; 52Agus do h‑osgaladh na h‑uaghna agus d’eirigh a lán de chorpaibh na naomh a chodail, 53Agus tar éis aiséirighthe dhó thánadar amach as na h‑uaghnaibh, agus thánadar isteach sa chathair naomhtha, agus chonaic a lán iad.

54An taoiseach céad, ámhthach, agus an bhuidhean a bhí ’n‑a theannta ag faire Íosa, nuair a chonacadar an luasgadh talmhan agus na neithe do thuit amach, tháinig eagla ana-mhór, ortha agus dubhradar: Go fíor dob’ é Mac Dé é sin.

55Agus bhí a lán ban ann abhfad amach, do lean Íosa ó Ghaililí ag friothálamh air: 56Ar a raibh Máire Mhagdalén, agus Máire, máthair Séamuis agus Ióseph, agus máthair clainne Sebedé.


57Agus nuair a bhí an tráthnóna ann tháinig duine saidhbhir, ó Arimatéa, dáf bh’ ainim Ióseph, agus duine de dheisgiobulaibh Íosa dob’ eadh é: 58Chuaidh an duine sin ag triall ar Phílát, agus d’iarr sé corp Íosa air. Ansan d’órduigh Pílát an corp a thabhairt dó. 59Do fuair Ióseph an corp, agus d’fhill sé i línéadach glan é, 60Agus chuir sé ’n‑a thuama nua féin é, a bhí gearrtha aige [ 84 ]i gcaraig; agus chuir sé cloch mhór chun béil na h‑uagha, agus d’imthigh sé. 61Bhí ann, ámhthach, Máire Magdalén agus an Máire eile agus iad ’n‑a suidhe ar aghaidh na h‑uagha amach.

62Agus an lá ’n‑a dhiaidh san, an lá i ndiaidh lae an ollamhuighthe, tháinig uachtaráin na sagart agus na Fairisínigh i n‑aonfheacht ag triall ar Phílát,[* 70] 63Agus dubhradar: A Uasail, is cuimhin linn go ndubhairt an feallaire úd nuair a bhí sé beó: I gceann trí lá eireóchad airís. 64Órduigh-se, d’á bhrígh sin, gárda chur ar an uaigh go dtí an trímhadh lá: le h‑eagla go dtiocfadh a dheishiobuil agus go ngoidfidís é, agus go ndéarfaidís leis na daoine: D’eirigh sé ós na mairbh: agus beidh an feall deirineach níos measa ’ná an chéad fheall. 65Dubhairt Pílát leó: Tá gárda agaibh. Imthighidh, agus déinidh ah gárdáil mar is eól daoibh. 66D’imthigheadar, agus dhaingnigheadar an tuama, ag cur séala ar an gcloich, agus ag ceapadh lucht faire.



CAIBIDIOL XXVIII.

Aiseiríghe Chríost. An gnó a thug sé le déanamh d’á dheisgiobulaibh.


1Agus i ndeire na sabbóide, nuair a bhí an chéad lá de’n tseachtmhain ag soillsiú tháinig Máire Mhagdalén agus an Máire eile ag féachaint na h‑uagha. 2Agus féach, tháinig luasgadh mór talmhan. Mar tháinig aingeal an Tighearna anuas ó neamh, agus chuaidh sé agus d’iompuigh sé siar an chloch, agus shuidh sé uirthi; 3Agus bhí a ghnúis mar lasair theintrighe, agus a chuid éadaigh mar an sneachta. 4Agus le h‑eagla roimis tháinig sgannra ar an lucht coimeádta, agus ba chuma iad nó daoine a bhéadh marbh. 5Agus d’fhreagair an t‑aingeal agus dubhairt sé leis na mnáibh: Ná bíodh aon eagla oraibh-se; mar tá fhios agam gur b’é Íosa, do céasfadh, atá uaibh. 6Ní’l sé anso: Mar d’aiseirigh sé, fé mar [ 85 ]a gheall sé: tagaidh agus féachaidh ar an áit ’n‑ar cuireadh an Tighearna. 7Imthighidh anois go luath, agus innsidh d’á dheisgiobulaibh gur aiseirigh sé; agus féach, tá sé ag dul rómhaibh go Gaililí: chífidh sibh sa n‑áit sin é; féach tá innste agam daoibh roim ré. 8Agus d’imthigheadar amach go tapaidh ó’n uaigh, agus bhí eagla mór ortha agus áthas mór, agus iad ag ruith chun an sgéil a dh’ innsint dos na deisgiobuil. 9Agus féach, do bhuail Íosa úmpa, agus dubhairt sé: Slán daoibh. Agus do thánadar agus do rugadar ar chosaibh air, agus d’adhradar é. 10Ansan dubhairt Íosa leó: Ná bíodh eagla oraibh; imthighidh, agus innsidh dom’ bráithribh, ionus go raghaidís go Gaililí; Chífid siad sa n‑áit sin mé.

11Agus nuair a bhíodar imthighthe, tháinig cuid de’n lucht coimeádta isteach sa chathair, agus d’innseadar d’uachtaránaibh na sagart cad a bhí tuitithe amach. 12Agus thánadar-san i bhfochair a chéile, mar aon leis na seanóiríbh, agus chuadar i gcómhairle, agus thugadar cuid mhór airgid dos na saighdiúiríbh, 13Agus dubhradar leó: Abraidh, tháinig a dheisgiobuil sa n‑oídhce, agus ghoideadar é agus rinne i n‑ár gcodladh, 14Agus má airigheann an riaghaltóir an sgéal labharfaimíd-ne leis, agus cuirfimíd sibh-se ó bhaoghal. 15Agus do ghlacadar-san an t‑airgead, agus dheineadar mar a dubhradh leó. Agus tá an sgéal san leathta a measg na n‑Iúdach go dtí an lá indiu.

16Agus d’imthigh an t‑aoinnedéag deisgiobul go Gaililí, go dtí an cnoc mar a raibh ceapaithe ag Íosa dhóibh. 17Agus nuair a chonacadar é d’adhradar é; ach bhí cuid acu lag-chreideamhach. 18Agus tháinig Íosa agus do labhair sé leó, agus dubhairt: Do tugadh dóm-sa gach cómhacht ar neamh agus ar talamh.[* 71] 19[160]Imthighidh, d’á bhrígh [ 86 ]sin, agus múinidh na geinte go léir, agus baistidh iad i n‑ainim an Athar, agus an Mhic, agus an Spioraid Naoimh. 20Agus teagaisgidh iao chun gach ar órduigheas-sa dhaoibh do choimeád: agus féach, táim-se i nbhúr bhfochair tríd na laethanta go léir, go dtí críochnú an tsaoghail.

Nótaí
  1. .i. de shliocht Ábrahaim.
  2. Lúc. i. 27.
  3. Lúc. i. 31.
  4. Isáias vii. 14.
  5. Lúc. ii. 7.
  6. Mích. v. 2; Eóin vii. 42.
  7. Salm lxxi. 10.
  8. Ósee xi. 1.
  9. Ierem. xxxi. 15.
  10. Marc. i. 4; Lúc. iii. 3.
  11. Isáias xl. 3.
  12. Marc. i. 5.
  13. Marc. i. 9.
  14. .i. gach dlígh a bhaineann le fíoraontacht.
  15. Marc. i. 11; Lúc. ix. 35; 2 Pead. i. 17.
  16. Deut. viii. 3.
  17. Salm xc. 11.
  18. Deut. vi. 16.
  19. Deut. vi. 13.
  20. Isáias ix. 1.
  21. Marc. i. 16; Lúc. v. 2.
  22. .i. rígheachta na bhflathas, .i. Soisgéal an chreidimh a bhí le cur ar bun aige.
  23. Marc. ix. 49; Lúc. xiv. 43.
  24. 1 Pead. ii. 12.
  25. Séam. ii. 10.
  26. Exod. xx. 13.
  27. .i. an t‑é dhéanfaidh táiriúghadh, nó tarcaisniú, ar a chómharsain.
  28. Lúc. xii. 58.
  29. Exod. xx. 14.
  30. Deut. xxiv. 1.
  31. Exod. xx. 7.
  32. Séam. v. 12.
  33. Séam. v. 12.
  34. Exod. xxi. 24; Lebhit. xxiv. 20; Deut. xix. 21.
  35. Lebhit. xix. 18.
  36. Rómh. xii. 20.
  37. Gníomh. vii. 59; Lúc. xxiii. 34.
  38. Lúc. xi. 2.
  39. Eccli. xxviii. 3, 4, 5; Marc. xi. 25.
  40. .i. gan radharc.
  41. Lúc. vi. 37; Rómh. ii. 1.
  42. .i. do sna droch-dhaoinibh a thabharfadh masla do’n nídh naomtha.
  43. Lúc. xi. 11.
  44. Tobias iv. 16; Lúc. vi. 31.
  45. Salm vi. 9; Lúc. xiii. 27.
  46. Lúc. vi. 48.
  47. .i. chun na teistiméireachta dh’fhághail. Lebhit. xiv. 2.
  48. Isáias liii. 4; 1 Pead. ii. 24.
  49. Nó, na nGadarénach.
  50. Marc. ii. 14; Lúc. v. 27.
  51. Ósee vi. 6.
  52. B’é sin nós na tíre sin.
  53. .i. ainim na n‑Iúdach ar an Slánuightheóir a bhí le teacht.
  54. .i. ó n‑a bhaile dúchais.
  55. Gníomh. xiii. 46.
  56. .i. chun na fírinne thaisbeáint dóibh.
  57. Mich. vii. 6.
  58. Marc. ix. 40.
  59. Lúc. vii. 18.
  60. Isáias xxxv. 5.
  61. Isáias lxi. 1.
  62. Mal. iii. 1.
  63. .i. Elias i gcómhacht; Mal. iv. 5.
  64. Ierem. vi. 16.
  65. 1 Eóin v. 3.
  66. Rígh. xxi. 6.
  67. Lebhit. xxiv. 9.
  68. Ósee vi. 6.
  69. Isáias xlii. 1.
  70. .i. na deisgiobuil.
  71. Lúc. xi. 29; 1 Cor. i. 22.
  72. Ión. ii. 1.
  73. Ión. iii. 5.
  74. 3 Rígh. x. 1; 2 Par. ix. 1.
  75. .i. gaolta leis.
  76. .i. cuid de sna gráinníbh.
  77. Isáias vi. 9.
  78. Salm lxxvii. 2.
  79. Apoc. xiv. 15.
  80. Eagna iii. 7; Dan. xii. 3.
  81. Marc. vi. 17; Lúc. iii. 19.
  82. Eóin vi. 9.
  83. Eóin vi. 15.
  84. Exod. xx. 12; Deut. v. 16.
  85. Exod. xxi. 17; Lebhit. xx. 9.
  86. .i. Nuair a bhronnaim ar Dia é bronnaim ort-sa é.
  87. Isáias xxix. 13.
  88. Isáias xxxv. 5.
  89. Nó, Magdala.
  90. .i. Bás agus aiseirighe Chríost. Ión. ii. 1; et supra xii. 39.
  91. .i. Mac Dé atá beó.
  92. Isáias xxii. 22.
  93. Gníomh. xvii. 31; Rómh. ii. 6.
  94. Supra iii. 17; 2 Pead. i. 17.
  95. Mal. iv. 5.
  96. Lúc. xvii. 6.
  97. Dob’ fhiú leath-choróinn an statér.
  98. .i. droch-shampla.
  99. Salm xxxiii. 8.
  100. Deut. xix. 15.
  101. 1 Cor. v. 9.
  102. .i. ag an rí ar an nduine.
  103. Gen. i. 27.
  104. Gen. ii. 24.
  105. Deut. xxiv. 1.
  106. 1 Cor. vii. 10.
  107. .i. an t‑é a thuigeann, tuigeadh.
  108. Exod. xx. 13.
  109. Supra xviii. 28, an nóta.
  110. Philip. ii. 7.
  111. Isáias lxii. 11; Zach. ix. 9.
  112. Salm cxvii. 26.
  113. Isáias lvi. 7; Ierem. vii. 11.
  114. Salm viii. 3.
  115. Supra xiv. 5.
  116. .i. an t‑athair.
  117. Isáias v. i; Ierem. ii. 21.
  118. 2 Salm cxvii. 22.
  119. Lúc. xiv. 16; Apoc. xix. 9.
  120. Rómh. xiii. 7.
  121. Gníomh. xxiii. 6.
  122. Deut. xxv. 5.
  123. Exod. iii. 6.
  124. Deut. vi. 5.
  125. Lebhit. xix. 18.
  126. Salm cix. 1.
  127. .i. Ná loirgidh é, le h‑uabhar.
  128. Mal. i. 6.
  129. Mich. vi. 8.
  130. Gen. iv. 8.
  131. 2 Par. xxiv. 22.
  132. Eph. v. 6; Col. ii. 18.
  133. Dan. ix. 27.
  134. Isáias xiii. 10; Ezech. xxxii. 7.
  135. Apoc. i. 7.
  136. 1 Cor. xv. 52; 1 Tess. iv. 11.
  137. Apoc. xvi. 15.
  138. .i. nár chuiris síol.
  139. Isáias lviii. 7; Ezech. xviii. 7.
  140. Salm vi. 9.
  141. Dan. xii. 2.
  142. Máire ab ainim di, agus drifiúr ab eadh í do Lasarus a tógadh ó’n mbás.
  143. Salm xl. 10.
  144. Zach. xiii. 7.
  145. .i. An pháis.
  146. Gen. ix. 6; Apoc. xiii. 10.
  147. Idir cheithre mhíle fear agus sé mhíle fear a bhíodh sa Legión Rómhánach.
  148. Isáias liii. 10.
  149. Éagcaoine iv. 20.
  150. Supra xvi. 27; Rómh. xiv. 10; 1 Tess. iv. 16.
  151. Isaias l. 6.
  152. Gníomh. i. 18.
  153. Gníomh. i. 19.
  154. Zach. xi. 12.
  155. Salm xxi. 17.
  156. .i. áit an chloiginn.
  157. Salm xxi. 19.
  158. Salm xxi. 2.
  159. Salm lxviii. 22.
  160. Marc. xvi. 15.


Mínithe
  1. Lúc. v. 27, agus Marc. ii. 14.
  2. Ver. 16. “Céile Mhuire.”—Thug an Soisgéalaidhe dhúinn geinealach N. Ióseiph amháin, gan trácht ar gheinealach na Maighdine, do réir nóis na n‑Eabhrach. Ach ó bhí gaol gairid eatartha taisbeánann geinealach dhuine acu geinealach an duine eile.
  3. Ver. 25. “Go dtígur rug sí a mac, a céad-ghein.”—Ó sna focalaibh sin, deir Heluidius agus eiriceadaidhthe eile go diamhasluightheach, go raibh ag an Maighdin Muire tuille clainne i n‑éaghmais Chríost: Ach taisbeánann Ierom naomtha, le mórán samplaí ná raibh ins na focalaibh sin an tSoisgéalaidhe ach nós cainte ameasg na n‑Eabhrach, agus ná raibh de bhrígh leis an rádh “go dtí” ac ’ghá chur i gcéill cad é an nídh nár deineadh, agus ná raibh aon bhaint ag an rádh leis an aimsir a bhí le teacht. Deirtear, Gein., Caib. viii., v. 6 agus a 7, gur “chuir Nóé amach fiach, agus gur imthigh an fiach amach agus nár fhill sé go dtí gur thriomuigh na h‑uisgeacha ar an dtalamh.” B’é sin le rádh, nár fhill sé i n‑aon chor. Agus deir Isáias, Caib. xlvi. ver. 4. “Deir Dia: ‘Táimse ann go dtí go mbeir aosta.’” Cia a leómhfidh a rádh ná raibh Dia le bheith ann ’n‑a dhiaidh san!

    Mar an gcéadna, i leabhar a h‑aon de sna Macabhéibh. v. 54, tá so: Agus chuadar suas go cnuc Sióin, fé áthas agus fé aiteas, agus dheineadar ídhbirtha, toisg nár marbhuigheadh aoinne acu go dtí go rabhdar tagaithe abhaile i ríthcháin. B’é sin le radh nár marbhuigheadh aoinne acu sar a dtánadar abhaile. Deir Dia le h‑Aon Mhac Dé: “Suidh ar mo dheis go gcuiread do namhaid mar stól fé d’chosaibh.” An amhlaidh ná bheidh se ’n‑a shuidhe ann ’n‑a dhiaidh san? Beidh, agus ar feadh na síoruídheachta. Taisbeánann Ierom Namohtha, leis, go dtugtí “céad-ghein” ar aon-ghein mhic, gan aon mhac eile theacht ’n‑a dhiaidh, óir, do réir na dhlighe do coisrictí chun Dé gach céad-ghein mhic, “Coisric chúghamsa,” adeir an Tighearna, “gach céad-ghein a dh’osgalann an bhruinne ameasg clainne Israéil,” ⁊rl., Exod. xiii. 2.

  4. Ver. 2. “Deinidh aithrighe,” poenitentiam agite, μετανοεῖτε, do réir na h‑úsáide a deintear de’n fhocal san sa Sgríbhinn Diadha agus i sgríbhinníbh na n‑atharach naomhtha, cialluigheann sé, ní h‑amháin aithríghe agus leasú beatha, ach fós pionós, agus oibreacha trosgaidh, agus fulag trioblóidí, mar shásamh ins na peacaibh a deineadh.
  5. Ver. 7. “Fairisínigh agus Sadducínigh.”—Dhá aicme iad san a bhí ameasg na n‑Iúdach, agus lucht fíll ab eadh an chéad aicme acu; agus daoíne nár chreid ach an rud a thaithn leo féin ab eadh an tarna h‑aicme.
  6. Ver. 8. “Thaisbeáin sé dhó,” ⁊rl.—Do thaisbeáin sé dhó an treó baill i n‑a raibh gach rígheacht, agus d’innis sé dhó na maitheasaí agus an t‑eirdhearcas a bhí ins gach rígheacht díobh. Nú, ’n‑a theannta san, do chuir sé os a chómhair macshamhail gach rígheachta dhíobh, fé mar a bheidís ar mhapa mhór leathan.
  7. Ver. 3. “Na bochtaibh sa spioraid,” .i. na daoine a bhíonn úmhal agus na daoíne ná bíonn dúil a gcroidhe, nú a spioraide, i saidhbhreas acu.
  8. Ver. 17. “Do chómhlíonadh,” .i. ag cómhlíonadh na bhfigiúirí agus na dtargaireachtaí, agus ag beachtú gach a raibh neambeacht.
  9. Ver. 18. “Go fírinneach.”—‘Amen,’ atá sa Laidin, .i. “go deimhin,” “go fíor.” Focal Eabhraise iseadh “Amen” agus cimeádtar é le h‑úghdarás an cheathrair soisgéalaidhthe. Do labhair ár dTighearna an focal chun na fírinne do dheimhniú go láidir.
  10. Ver. 20. “Na Sgríbhneóirí agus na bhFairisíneach.”—Dochtúirí dlighe Mhaoise na Sgríbhneóirí. Aicme daoine a bhí ana chruinn ab eadh na Fairisínigh. Do glacaidís ortha an dlígh do chómhlíonadh go beacht, agus mar gheall air sin bhíodh meas ana mhór ag an bpobul ortha.
  11. Ver. 21. “Beidh sé ciontach do’n bhreitheamhantas,” .i. Beidh pionós tuillte aige o’n gcathaoír bheag, ar a dtugtí “an breitheamhantas,” agus go dtriailtí cúiseana do’n tsórd san os a cómhair.
  12. Ver. 22. “Raca,” focal ana-tharcuisneach, ana-fheargach, ab eadh an focal san. “Beidh sé ciontach do’n chómhairle”: .i. Beidh pionós tuillte aige ó’n gcúirt ab aoírde, an chúirt ar a dtugtí “an chómhairle” nú an “Sanhedrím.” I gcathair Ierúsalem a bhí an chúirt sin agus bhí seacht-ndeich-a-dó de bhreitheamhnaibh inti agus is os a cómhair a triailtí na cúiseana ba thruime agus a tugtí na breitheana ba thruime.

    Ver. 22. “A amadáin.”—Bhí brígh ana tharcuisneach leis an bhfocal san nuair a labhartí é le droch-aigne agus le mailís. Mar gheall air sin iseadh do labharthar chómh dian anso air. “Beidh sé ciontach chun teine ifrinn.” “Beidh tuíllte aige é chaitheamh i nGehenna chun teine,” do réir na Gréigise. Dhein ar Slanuightheoir úsáid des na focalaibh sin chun pionóisí ifrinn do chur i gcéill.

  13. Ver. 29. “Trúig pheactha dhuit,” .i. ma bhíonn sí ’n‑a trúig bharathuisle dhuit, nú n‑a h‑ócáid pheactha dhuit. Curtar i n‑úil dúinn anso nách foláir dúinn gach ócáid achamair peactha do sheachaint bíodh go gcuirfadh san fhéachaint orainn sgaramhaint le rud go mbeadh sé chómh deacair sgaramhaint leis agus bheadh sé sgaramhaint le láimh nú le súil.
  14. Ver. 34. “Gan dearbhú i n‑aon chor.”—Ní’l sé coisgithe dearbhú sa bhfírinne, i gceart, agus i mbreitheamhantas; ar son onóra Dé; nú chun sinn féin nú ár gcómharsa do chosaint. Dearbhú obann, diamhaslach, chun cómhráidh, gan ghádh gan riachtanas, iseadh atá coisgithe.
  15. Ver. 39. “Gan cur i n‑aghaidh uilc.” – An rud a dh’ órduíghthear anso iseadh olc do ghlacadh le foidhne; cur suas le droch-chaint, agus bheith toiltheanach chun tuille uilc d’fhulag níba thúisge ’ná mar a loirigeófí díoghaltas. Ní cheanglann an chuid eile de’n chaint de réir na leitire. Níor iompuigh Críost féin, ná Pól naomtha, an leaca eile. Foidhne Chríostamhail brígh na cainte, feic Eóin xviii., agus Gníomhartha xxiii.
  16. Ver. 46. “Puibliocánaigh.” – Daoine iad san a bhíodh ag bailiú na srathana, aicme a bhí fé fhuath agus fe mhí-chlú ameasg na nIúdach, mar gheall ar a ndeinidís de shárúghadh agus d’éagcóir.
  17. Ver. 1. “Bhúr bhfíoraontacht-sa,” .i. Na h‑oibreacha fíoraontachta a dheineann sibh, .i. trosgadh, úrnuighthe, déirc; agus gan iad a dhéanamh le baoís, ná chun daoíne shásamh, ach iad a dhéanamh chun toile Dé do shásamh.
  18. Ver. 11. “Róshubstainteamhail.”—’Sé focal atá ag Lúcás Naomhtha i n‑ionaid an fhocail seo ná, “Ár n‑arán laethamhail.” Tuigtear go gcialluigheann sé arán na beatha, an t‑arán a ghlacaimíd i Sacramint Chorp Chríost.
  19. Ver. 13. “Ná leig sinn i gcathaíbh”, .i. Ná leig do sna cathíbh buachtaint orainn.
  20. Ver. 24. Mammon, .i. saidhbhreas saoghaltha.
  21. Ver. 15. “An féidir do chlainn an Chéile.”—Nós cainte Eabhrach é sin, agus cialluígheann sé “cáirde an Chéile,” nú “lucht aithne an Chéile.”
  22. Ver. 16. “Símplídhe,” .i. macánta, soiléir, fírinneach, gan feall.
  23. Ver. 35. “Thánag chun an duine chur i n‑earaid.” ⁊rl.—Ní ’ghá rádh é gur bh’ shiné cúis bunaidh a bhí ag ár Slanuightheóir le teacht, ach go dtiocfadh na neithe sin as a theacht agus as a theagasg, mar gheall ar an gcuma ’n‑a mbeadh a lán ag cur ’n‑a choinnibh go stuacach, agus ag crádh na ndaoine do leanfadh é.
  24. Ver. 6. “Ná glacfaidh sganall umam-sa,” .i. ná glacfaidh sganall, nú diombádh, mar gheall ar mé bheith úmhal, agus mar gheall ar an mbás fé tharcuisne atá agam lé fulag.
  25. Ver. 12. “Tá éigean,” ⁊rl., .i. ní faghtar rígheacht na bhflathas ach le fóirneart, le h‑éigin a dheanamh orainn féin tré dhéine aithrighe agus tré chur i gcoinnibh an ndroch-mhian.
  26. Ver. 14. “Isé Elias é,” ní h‑i bpearsain, ámh, ach i spioraid, cf. Lúc. i. 17.
  27. Ver. 4. . . . . .i. an dá bhulóig dhéag a curtí ar aghaidh an tsanctuáriuim i dteampul Dé.
  28. Ver. 31. “Diamhasla i n‑aghaidh an Spioraid.” .i. an diamhasla a bhí ag na Fairisínigh ’á dhéanamh nuair a dubhradar gur le cómhacht Bheelsebub a deintí na mírbhuiltí a bhí ag Críost á dhéanamh le cómhacht an Spioraid Naoímh. Bhí an peaca san chómh ceanndána san agus chómh toilteanach san i gcoinnibh fírinne soiléire Spioraide Dé, go mba ró-dheacair do’n t‑é a dhéanfadh é iompáil thar n‑ais ar Dhia agus aithríghe déanamh. Agus ní féidir peaca mhaitheamh mura ndeintear aithríghe ann. Is fíor, ámhthach, gur féidir do Dhia an uile shaghas peactha do mhaitheamh ach go mdéanfar aithrighe go fírinneach ann agus go gcurfar fé eochracha na h‑Eagailse é.
  29. Ver. 32. “Ná ar an saoghal atá le teacht.”—Deir Auguistín naomhtha agus Gregóir naomhtha gur léir ó’n bhfocal san go bhfuil maitheamhnachas peacaí ar an saoghal eile, agus d’á bhrigh sin go bhfuil porgadóireacht ann.
  30. Ver. 36. “Gach focal díomhaoín.”—Taisbeánann san go bhfuil inead chun pionóis aimsire ar an saoghal eile mar a ndeintear cortha suaracha do dhíoghailt.
  31. Ver. 38. “Cómhartha,” .i., mírbhuilt ó neamh, N. Lúcás xi. 16.
  32. Ver. 40. “Trí lá,” ⁊rl., .i., Ní trí laethanta iomlána a bheirtear, ach cuid de trí lá, do réir chómhairimh na nIúdach, .i., ó thráthnóna go tráthnóna.
  33. Ver. 48. “Cia h-í mo mháthair?” ní le h-aon neamhshuím sa mháthair a dubhradh an chaint sin ach chun a thaisbeáint nách ceart dúinn choídhche leogaint do ghrádh athar ’ná máthar sinn a tharrach ó ghnó Dé: agus isé nídh is mó a thaithn leis an dTighearna ’n-a mháthair féin, ná go ndeineadh sí toil a Athar Shíoruidhe ins na flathais. Is féidir, leis, gur chuir an chaint i n‑iúil séanadh a ghaolta féin, .i. na n‑Iúdach, agus glacadh na ngeinte.
  34. Ver. 55. “Ar a bhráithribh,” .i. clann an Máire a bhí pósta ag Cleophas. Deirbhshiúr do’n Mhaighdin Mhuire ab eadh an Máire sin (Mait. xxvii. 56, Eóin, xix. 25) agus d’á bhrigh sin, do réir nóis cainte na Sgríbhinne diadha, do tugtí bráithre, .i., gaolta, d’ár Slánuightheóir ortha.
  35. Ver. 1. “Tetrarc.”—Cialluigheann an focal san, is focal ó’n nGréigis é duinea a bheadh ’n‑a si ar cheathramhadh cuid rígheachta, fé mar a bhí Héród an uair sin ’n‑a rí ar Ghaililí, .i., ar an gceathramhadh cuid de’n rígheacht a bhí agá athair.
  36. Ver. 5. “Gach tabharthas,” ⁊rl., .i., an ofráil a dhéanfadsa chun Dé beidh sí i n‑inead an chostais a chaithfinn a dhéanamh chun do thairbhthe-se. Nós é sin a bhí ag na Fairisínigh, .i., dá dtugadh an chlann do’n teampall agus dos na sagairt an chuid a bhí ortha a thabhairt d’á n‑athair agus d’á mháthair do shaorfadh san iad ó n‑a thuille de dhuadh athar ’ná máthar fághail; d’fhág san ag na Fairisínigh an saidhbhreas ba cheart a thabhairt do n athair agus do’n mháthair. Bhí san i gcoinnidh dlíghe Dé agus i gcoinnibh dlíghe nádúra, agus dubhairt ár Slánuightheóir go raibh.
  37. Ver. 9. “Aitheanta daoine.”—Na teagaisg agus na h‑aitheanta do lochtuighthear anso, is neithe i gcoinnibh dlíghe Dé iad (mar atá faillighe i n‑athair agus i máthair agus an chuid ’á thabhairt do Dhia mar dh’eadh), nú is neithe gan bhrígh gan tairbhthe iad, gan aon chonghnamh chun deagh-mhóideachta, mar atá, níghe lámh, ⁊rl., gan suim i nglaine an chroidhe. Ach i dtaobh riaghalta agus aitheanta na h‑Eagailse Naomhtha, mar gheall ar trosgadh agus ar laethantaibh saoire, ⁊rl., ní’l aon rud i gcoinnibh dlíghe Dé ionta san, ach a mhalairt. Neithe iseadh iad atá taithneamhach le toil naomhtha Dé agus ana-thairbhtheach do chráibhtheacht na gCríostaidhthe. Agus ní féidir “aitheanta daoine” thabhairt ortha, óir ní h‑ó úghdarás daoine a thánadar ach ó’n úghdarás a thug Críost féin dá Eaglais nuair a chuir sé ar bun í, agus nuair órduigh sé dhúinn bheith úmhal d’á cléir díreach mar a bheimís umhal dó féin.
  38. Ver. 11. "Ní h‑é an rud a théigheann isteach sa bhéal," ⁊rl. Ní féidir d'aon tsalachar bídh, 'ná d' aon tsalachar lámh le linn an bhídh a dh'ithe, salachar, nú truailliú, do chur ar an anam. Ní'l chun é sin do dhéanamh ach an peaca amháin, .i., easúmhluígheacht i n‑aghaidh dlíghe Dé. Nuair a dh' ith Ádhamh ubhal na h‑aithne ní h‑é an t‑ubhal a thruailligh é ach an easumhluígheacht a dhein sé i n‑aghaidh dlíghe Dé. B'é an sgéal céadna é do'n Iúdach dá n‑itheadh sé muic-fheóil fé'n seandlígh, nú ag an gCríostaídhe i n‑aimsir na n‑Asbol, dá n‑itheadh sé fuil, nú ag aon Chríostaídhe anois dá mbriseadh sé aithne na h‑Eagailse le gan trosgadh dhéanamh lá trosgaidh. Ins na cásanaibh sin go léir ní leis an mbia do truailleófí an t‑anam ach leis an bpeaca a déanfí nuair a brisfí go toiltheanach dlígh Dé, nú an dlígh a dheinenn an Eaglais agus úghdarás ó Dhia aici chuige.
  39. Ver. 18. “Peadar tú,” ⁊rl.—D’admhuigh Peadar anso, go solmanta, a chreideamh i ndiadhacht Chríost agus mar dhíoluigheacht dó as an admháil sin d’innis ár dTighearna dhó an oific uasal a bhí ceapaithe aige a thabhairt dó, .i., gur chiallaigh an ainm “Peadar” caraig (Eóin, 1 xlii.) agus gur charaig Peadar, caraig a bheadh laidir daingean chun na h‑Eagailse d’iompar nuair a curfí suas í agus nuair a bheadh Peadar mar chloichbhuinn fúithi agus mar cheann uirthi agus iomláine na cómhachta aige a chialluighid eochracha rígheachta na bhflathas.—Ibid. “Ar an gcaraig seo, ⁊rl.” Dob ionan caint Chríost an uair sin agus dá n‑abradh sé, as gaeluinn an rud adubhairt sé a h‑Eabhrais na nIúdach, .i. “Is caraig tusa agus ar an gcaraig seo a chuirfadsa suas m’Eaglais.” I dtreó, do réir gluaiseachta nadúrtha na cainte, go ndeirtear gur b’é Peadar an charaig ar a raibh an Eaglais le cur suas, agus gur b’ar Chríost féin a bhí idir chloch bhuínn agus eile le cur agus le seasamh. Tabhair fé ndearna, leis, nuair a chuir Críost an Eaglais ar an gcaraig, go raibh sí curtha aige ó bhaoghal gach stoirme gaoithe agus uisge, ar nós an fhir chiallmhair úd (N. Mait. vii. 24, 25).—Ibid. “Geataí ifrinn, ⁊rl.” .i., cómhachta an dorchadais agus gach ar féidir do Shatan agus d’á chuallacht a dhéanamh. Óir, ó samhaltar anso an Eaglais le tig nú le dún a bheadh déanta ar charaig, samhaltar cómhachta a namhad le tig eile a bheadh n‑a coinnibh, agus deirtear na buadhfid na cómhachta eile sin, .i., geataí an tighe eile sin, go deó i gcoinnibh catharach nú i gcoinnibh Eaglaise Chríost. Tugann san deimhne dhúinn nách baoghal go bhféadfidh adhradh déithe fallsa ’ná eiricideacht, ’ná aon tsaghas eile éithigh, buachtaint choidhche ar Eaglais Chríost.
  40. Ver. 19. “Sgaoílfir ar talamh.”—Logha a tugtar ar sgaoíle o’n bpionós aimsire, do leanann an peaca. Agus isí an chómhacht a dheineann an sgaoíle sin do tugtar anso.
  41. Ver. 22. “Agus do thóg Peadar é,” .i. Do thóg Peadar i leith taoibh leis é, agus tré mhéid a ghrádh dhó, agus na h‑urama a bhí aige dhó, agus a dhíograise dhó, do chrom sé ar thathant air agus ar chur n‑a choinnibh, agus ar a rádh: “A Thighearna, abhfad uaitse bar d’fhulag.” Ach dubhairt an Tighearna le Peadar, “Imthigh,” ⁊rl.—D’fhéadfadh na focail sin a chiallú, “Imthigh uaim.” Ach deir na h‑Athaireacha Naomhtha gur chialluighdar a mhalairt sin, .i., gur chialluighdar “tar am dhiaidh,” agus gur b’amhlaidh adubhairt an Tighearna le Peadar gabháil leis i bhfulag i n‑inead bheith ag cur i gcoinnibh toile Dé; agus go gcialluigheann an focal san, “Sátan,” sa n‑Eabhrais, “adbhersárius,” .i. “toirmisgóir.”
  42. Ver. 19. “Fiú oiread gráinne de shíol mustáird”, .i. creideamh beacht, .i., creideamh a shamhaltar ’n‑a mhianach agus ’n‑a thoradh, leis an ngráinne de shíol mustáird sa pharabal. Caib. xiii. 31.
  43. Ver. 23. “An didrachma,” .i., leath sicle, nú leath statéir, .i. tímpal chúig phingine déag d’airgead Shasana. Cáin ab eadh é a baintí de gach duine chun seirbhíse an teampuil.
  44. Ver. 6. “Tabharfaidh sgannal,” .i., do chuirfidh trúig barathuisle rómpa agus cuirfidh féachaint ortha peaca dhéanamh.
  45. Ver. 7. “Ní foláir,” .i. Tá an saoghal chómh h‑olc san, chómh cuirpthe sin.
  46. Ver. 8. .i., Má’s trúig pheactha dhuit iad, .i., Má chuirid siad fhéachaint ort peaca dhéanamh.
  47. Ver. 20. “Táimse ansan ’n‑a measg.”​—​Tuigtear an chaint sin i dtaobh cruinnighthe a bhíonn i n‑ainim Chríost agus i n‑aondacht Eagailse Chríost. Cypran Naomhtha, De Unitate Ecclesiae.
  48. Ver. 24. “Talant.”​​—​​Dob ionan talant agus 750 d’únsaíbh airid, .i., do réir choróinn an t‑únsa céad ocht ndeich a seacht de phúntaibh airgid agus deich sgillinge (£187 10s. 0d.).
  49. Ver. 28. “Céad pingin.” An t‑ochtmhadh cuid d’únsa a bhí sa phingin Rómhanach, .i., tímpal seacht bpingine goileith d’airgead na h‑aimsire seo.
  50. Ver. 9. “Ach amháin,” ⁊rl., .i., Is dleaghthach bean do dhíbirt mar gheall ar adhaltranas, ach ní féidir do’n fhear bean eile do phósadh an fhaidh a bheidh an bhean a díbreadh beó.
  51. Ver. 11. “Ní hé gach aoinne a ghlacann an chaint sin,” .i., Ní geibheann hach aoinne maireachtaint singil agus geanmnaíghe mura n‑iarraid siad ar Dhia a ghrásta thabhairt dóibh chun san do dhéanamh, agus tá cuid acu san féin agus níor mhór dóibh trosgadh dhéanamh chómh maith le guidhe chun Dé, agus tugtar dóibh sin é anuas.
  52. Ver. 12. “Táid coillteáin,” ⁊rl.​—​Ná glactar an chaint seo do réir na leitire. Cialluigheann an chaint go bhfuil daoine ann agus go bhfuil ceapaithe ’n‑a n‑aigne acu fanmhaint singil, geanmnaighe i gcaitheamh a saoghail i dtreó go bhféadfidís réir Dé dhéanamh níb’ fhearr ’ná dá mbeidís pósta. Feic Pól. N. 1 Cor. vii. 37, 38.
  53. Ver. 15. “An nídh is toil liom,” .i. lem’ chuid féin, agus i neithibh atá ag brath ar m’fhóghantacht féin.
  54. Ver. 16. “Muintir Héróid,” .i., daoine ó Héród a bhí ar aon aigne leis i dtaobh na cánach a dhíol le Caesar, .i., le h‑ímpire na Rómha. Measaid drong go raibh ameasg na nIúdach aicme ar a dtugtí “Héródiánaigh,” toisg go ndeiridís gur b’é Héród an Messias.
  55. Ver. 5. bhFulactéirí, .i., giotaí beaga meamruim agus na deich n‑aitheanta sgríobhtha ortha, agus iad d’á gcaitheamh agus na Fairisíneachaibh ar a n‑éadan, ag taisbeáint a bhfíoraontachta, mar go raibh “an dlígh os cómhair a súl i gcómhnuidhe.” Bhíodh na meamruim níba leithne ag na Fairisínigh ’ná ag daoinibh eile, ’ghá chur i n‑úil gur mhó an meas a bhí acu ar an ndlígh.
  56. Ver. 9. 10. "Ná tugaidh bhúr n‑athair ar aoinne," ⁊rl., .i. Ní féidir aon athair do chur i gcomparáid le n‑ár n‑Athair atá ar neamh, agus ní ceart rud a dhéanamh ar aon mháighistir a dheolfadh amú sinn ó Chríost. Ní choisgeann san sinn, ámhthach, ar onóir a thabhairt, do réir dlíghe Dé, d’ár n‑athair agus d’ár máthair saoghalta, agus d’ár n‑aithreachaibh spirideálta, agus d’ár máighstiríbh agus d’ár dteagasgóiribh. (Feic 1 Cor. iv. 15.)
  57. Ver. 29. “A dheineann tuamaí.” Ní deir an chaint sin gur droch-nídh uaghna na bhfáidh do dhéanamh agus órnáid do chur ortha. Cáineann sí an feall a bhí ins na Fairisínigh a bhiodh ag onórú uaghna na bhfáidh mar dh’eadh, agus easonóir acu ’a thabhairt do thighearna na bhfáidh.
  58. Ver. 35. “Ionus go dtiocfadh oraibh.”—Ní ’ghá rádh é gur mhó an pionós a thiocfadh ortha ná mar a bhí tuillte aca, ach ’ghá rádh go dtiocfadh an uair sin ortha aon dhíbhfeirg amháin ’n‑a mbeadh ann cothrom ar cuireadh riamh de dhíbhfeirgíbh agus de phionóisíbh ar lucht fola a bheadh neamhchiontach do dhortadh.
  59. Ver. 28. “Pé áit,” ⁊rl.—Beidh teacht Chríost obann agus soiléir os cómhair an domhain, ar nós na splainnce tóirthnighe, agus pé áit ’n‑a dtiocfidh sé cruinneófar an chine dhaona go léir chuige ann, fé mar a cruinnightear na fiolair chun na h‑áite ’n‑a mbíonn an corpán.
  60. Ver. 29. “Na réalta,” .i., na lasracha solais i bhfuirm réaltan.
  61. Ver. 30. “cómhatha,” .i., cruis chéasta Chríost.
  62. Ver. 35. “Ragaidh... ar neamhnídh.” .i., atharófar iad i ndeire an tsaoghail agus déanfar neamh nua agus talamh nua dhíobh.
  63. Ver. 11. “Nílimse i gcómhnuighe agaibg,” .i., go sofheicse, mar a bhí sé anso ar an saoghal ’n‑a measg, agus mar atáid na boicht againn, chun cabhruighthe leó i n‑aghaidh an lae.
  64. Ver. 26. “Isé mo chorp é seo.”—Ní deir sé, “figiúir mo chuirp é seo,” ac “Isé mo chorp é seo.” (An tarna Cómhairle ag Níce, acht a 6.) Ná ní deir sé “sa nídh seo atá mo chorp,” ná “ag an nídh séo atá mo chorp,” ach lom díreach, “Isé mo chorp é seo,” caint a thugann transubstantiátio le tuisgin go soiléir.
  65. Ver. 27. “Ólaidh go léir as so," Do labhradh an chaint sin leis an daréag Asbol, mar bhíodar go léir láithreach, agus d’óladar go léir as, mar adeir, Marc. xiv. 23. Ach ní thaisbeánann san go bhfuil ar na Críostaidhthibh go léir ól as an gcailís; ach chómh beag agus a thaisbeánann sé go bhfuil ceangailte ortha go léir an chonsecrátio do déanamh, nú an Corp Naomhtha do raint ar an bpobul, de bhrígh gur órduigh Críost dos na h‑Asboil an uair chéadna an nídh sin do dhéanamh, nuair adubhairt sé (Lúc. xxii. 19) “déinidh an nídh seo mar chuímhneamh ormsa.”
  66. Ver. 28. “Fuil an tiomna nua.”—Fé mar a thiodhnaic Maoís an seana-thiomna le fuil na neithe a h‑ídhbireadh, nuair adubhairt se: “fuil an tiomna an fhuil seo,” ⁊rl. (Eabhraigh. ix. 20.), ar an gcuma gcéadna, tíodhnactar agus curtar ar bun, an tiomna nua anso, i bhfuil Chríost, dá dortadh go rúndiamharach, leis na focalaibh seo “Isí mo chuid fola í seo, fuil an tiomna nua,” ⁊rl.
  67. Ver. 29. “Toradh na fíneamhna.”—Do réir chúntais Lúcáis, xxii. 18, ní h‑ar chailís an tsácramínt do labhradh na focail sin ach ar an bhfíon a h‑óladh leis an uan cásga. Ach d’fhéadfí “toradh na fíneamhna” do thabhairt ar chailís an tsácramínt leis, oír is ó fhíon do coisreacadh é agus do lean air gné an fhíona agus cáilídheachtaí eile an fhíona.
  68. Ver 31. “Sgannal umam-sa,” .i., de bhrígh go gcuirfidh mo ghabháil fhéachaint oraibh go léir teithe agus me thréigean.
  69. Ver. 6. “Corbóna.”—Áit sa teampul i n‑a gcuireadh na daoíne na tabhartaistí, nú an ofráil a thugaidís uatha.
  70. Ver. 62. “Lae an ollamhuighthe,” .i. an lá a déintí an t‑olmhúchán go léir óir ní ceaduightí fiú olmhú bídh lá na sabbóide.
  71. Ver. 18. “Gach cómhacht.”—Féach ansan an t‑úghdarás a tugadh dos na h‑Asbolaibh, agus an cúram a cuireadh ortha féin agus ar na h‑easbogaibh agus ar an gcléir a tháinig ’n‑a ndiaidh. Do fuair Críost ó’n Athair Síoruídhe gach cómhacht ar neamh agus ar talamh, agus as neart na gcómhacht san cuireann sé uaidh iad-san fé mar a chuir an t‑Athair uaidh é féin, (Eóin xx. 21.) chun múine agus teagasg a thabhairt, ní do dhuine ’ná do bheirt, ach do’n chine daona go léir; chun na bhfírinní go léir a mhúine dhóibh; agus i dtreó go mbeadh sé féin ag cabhrú leó go h‑héifeachtamhail sa chúram san, gheall se dóibh go mbeadh sé ’n‑a dteannta, ní h‑ar feadh céad blian ná ar feadh míle blian, ach gach aon lá, go dtí deire an domhain. Conus is féidir, dá bhrígh sin, do’n Eaglais Chaitilicidhe dul amú, agus go bhfuil, i bhfocair a cléire aici i gcómhnuíghe, mar atá geallta anso, Críost féin, “an tslígh, an fhírinne, agus an bheatha”? (Eóin xiv.)