Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/46

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
36
Caib. XIII. 26
MAITIÚ

ladh tháinig an namhaid agus do chuir sé cogal i lár na cruithneachtan, agus d’imthigh sé. 26Agus nuair a bhí an geamhar ag fás, agus an toradh ag teacht, do chonacthas an cogal leis. 27Ansan tháinig na seirbhísigh chun fir an tighe, agus dubhradar leis: A Thigearna, nách síol fóghanta a chuiris ad’ chuid tailimh? Cá bhfuair sé an cogaL mar sin? 28Agus dubhairt sé leó: Namhaid a dhein an nídh sin. Agus dubhairt na seirbhísigh leis: An toil leat sinn do dhul agus an cogal a bhaint? 29Agus dubhairt sé: Ní toil; le h‑eagla, ag stathadh an chogail daoibh, go stathfadh sibh an chruithneacht leis. 30Leigtear dóibh araon fás go dtagaidh an fóghmhar, agus nuair a thiocfaidh an fóghmhar déarfad leis na buanaidhthibh: Bailighidh an cogal ar dtúis, agus ceangalaidh é ’n‑a phunanaibh le dóghadh, ach deinidh an chruithneacht do bhailiú isteach am’ sgioból.

31Agus chuir sé soluíd eile os a gcómhair, agus dubhairt sé: Is cosmhail rígheacht na bhflathas le gráinne de shíol mustáird a thóg duine le cur ’n‑a gharaidhe. 32Ní’l síol ar bith is lúgha ’ná é; ach nuair fhásann sé ní’l glasra ar bith is mó ’ná é, agus dheineann crann dé, i dtreó go dtagaid éanlaithe an aéir agus go neaduighid siad ’n‑a ghéagaibh.

33Do labhair sé soluíd eile leó: Is cosmhail rígheacht na bhflathas leis an ngiost a ghlac an bhean agus a chuir sí i bhfolach i dtrí tómhasaibh plúir, go dtí gur ghlac an plúr go léir an giost.

34Do labhair Íosa na neithe seo go léir leis na daoine i bhfuirm soluídí; agus níor labhair sé leó ach i soluídíbh; 35Ionus go gcómhlíonfaí an focal a labhair an fáidh nuair adubhairt sé: [1]Osgalóchad mo bhéal i soluídíbh; nochtfad neithe atá foluighthe ó chruthniú an domhain.


36Ansan do chuir sé chun siubhail an pobul, agus tháinig sé isteach sa tigh, agus tháinig a deisgiobuil chuige agus dubhradar: Mínigh dúinn soluíd an chogail sa ghort. Agus d’fhreagair sé agus dubhairt: 37Isé Mac an Duine a chuireann an síol fóghanta. 38Agus isé an domhan an gort. Agus clann na rígheachta, siniad an síol

  1. Salm lxxvii. 2.