Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/47

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. XIII. 39
37
MAITIÚ

fóghanta. Agus clann an uilc, siniad an cogal. 39Agus an namhaid a chuir an cogal, siné an diabhal. [1]Agus isé deire an tsaoghail an fóghmhar; agus isiad na h‑aingil na buanaidhthe. 40D’á bhrígh sin, mar a bailightear an cogal agus a dóightear é sa teine, sin mar a bheidh i ndeire an tsaoghail. 41Cuirfidh Mac an Duine a aingil amach agus baileóchaid siad as a rígheacht gach sgannal agus lucht déanta an uilc. 42Agus cuirfid siad sa lasair theine iad. Beidh sa n‑áit sin gol agus díosgán fiacal. 43[2]Ansan beid na fíoraoin ag taithneamh ar nós na gréine i rígheacht a n‑Athar. An t‑é go bhfuil cluasa air chun éisteachta, éisteadh sé.

44Is cosmhail rígheacht na bhflathas le stór a bheadh i bhfolach i bpáirc; agus an t‑é a gheibheann é coimeádann sé rún air, agus tré mhéid a áthais imthigheann sé agus díolann sé amach a chuid go léir, agus ceannuigheann sé an pháirc sin.

45Agus airís, is cosmhail rígheacht na bhflathas le ceannaidhe a bheadh ag lorg péarlaí fóghanta. 46Agus nuair a fuair sé aon phéarla amháin ana-luachmhar, do dhíol sé a raibh aige, agus do cheannaigh sé an péarla san. 47Airís, is cosmhail rígheacht na bhflathas le líon a curfaí amach sa bhfaraige, agus do bhaileóch’ an uile shaghas éisg; 48Agus nuair a bhí sé lán, gur taraingeadh amach é, agus gur shuidh na daoine ar an dtráigh, agus gur thógadar na h‑iasga maithe i n‑árthaíbh agus gur chaitheadar amach na droch-iasga. 49Sin mar a bheidh i ndeire an tsaoghail. Imthéochaid na h‑aingil amach, agus deighilfid siad na droch-dhaoine a’ lár na bhfíoraon. 50Agus cuirfid siad sa lasair theine iad. Beidh gol agus díosgán fiacal sa n‑áit sin.

51Ar thuigeabhair na neithe sin go léir? Do tuigeamair, ar siad. 52Dubhairt sé leó: D’á bhrígh sin, gach sgríbhneóir atá múinte i dtaobh rígheachta na bhflathas, is cosmhail é le fear tighe a thugann amach as a stór neithe nua agus sean-neithe.


53Agus do tharla, nuair a bhí na solúidí sin críochnuighthe ag Íosa, gur fhág sé an áit sin. 54Agus tháinig sé

  1. Apoc. xiv. 15.
  2. Eagna iii. 7; Dan. xii. 3.