Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/37

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. X. 36
27
MAITIÚ

n‑aghaidh máthar a céile.[* 1] 36[1]Agus namhaid duine a lucht aontíghis féin. 37An t‑é gur measa leis a athair nó a mháthair ’ná mise, ní’l sé maith a dhóithin dom; agus an t‑é gur measa leis a mhac nó a inghean ’ná mé, ní’l sé maith a dhóithin dom. 38Agus an t‑é ná glacfaidh a chros agus mise do leanmhaint, ní’l sé maith a dhóithin dom. 39An t‑é a gheobhaidh a anam féin caillfidh sé é; agus an t‑é a chaillfidh a anam féin ar mo shon-sa, gheobhaidh sé é. 40An t‑é a ghlacann sibh-se, glacann sé mise; agus an t‑é a ghlacann mise, glacann sé an t‑é a chuir uaidh me.

41An t‑é a ghlacann fáidh i n‑ainim fáidhe, gheobhaidh sé tuarasdal fáidhe; agus an t‑é a ghlacann fíoraon i n‑ainim fíoraoin, gheobhaidh sé tuarasdal fíoraoin. 42[2]Agus an t‑é a thabharfaidh le n‑ól do dhuine de’n chuid is suaraíghe dhíobh san fiú cupán uisge fhuair, i n‑ainim deisgiobuil, go deimhin adeirim libh, ní chaillfidh sé a luacht saothair.



CAIBIDIOL XI.

A dheisgiobuil ag Eóin dhá gcur ag triall ar Chríost. Na Iúdaigh dh’á gcáineadh ag Críost mar gheall ar na creidfidís, agus na daoine d’á nglaodhach chuige a mhothuigid ualaí troma bheith ortha.


1Agus do thárla, nuair a bhí na h‑órduighthe tabhartha ag Íosa d’á dháréag deisgiobul, gur imthigh sé as an áit sin chun teagasg agus craobhsgaoileadh dhéanamh i n‑a mbailtibh-sin.

2[3]Agus nuair a dh’airigh Eóin, agus é gabhtha, oibreacha Chríost, chuif sé beirt d’á dheisgiobulaibh féin ag triall air, agus dubhairt sé leis: 3An tusa an t‑é atá le teacht, nó an bhfuil orainn feitheamh le duine eile? 4Agus dubhairt Íosa leó ’ghá bhfreagradh: Imthíghidh agus ínnsidh d’Eóin na neithe d’aireabhair agus do chonacabhair;

  1. Ver. 35. “Thánag chun an duine chur i n‑earaid.” ⁊rl.—Ní ’ghá rádh é gur bh’ shiné cúis bunaidh a bhí ag ár Slanuightheóir le teacht, ach go dtiocfadh na neithe sin as a theacht agus as a theagasg, mar gheall ar an gcuma ’n‑a mbeadh a lán ag cur ’n‑a choinnibh go stuacach, agus ag crádh na ndaoine do leanfadh é.