Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/36

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
26
Caib. X. 20
MAITIÚ

arfaidh sibh. 20Óir ní sibh-se do labhrann ach Spioraid bhur n‑Athar a labhrann ionaibh. 21Agus tabharfaidh an dritháir a dhritháir le cur chun báis, agus an t‑athair a mhac; agus eireóchaid an chlann i gcoinnibh a n‑athar agus a máthar agus básóchaid siad iad. 22Agus beidh fuath ag gach duine dhaoibh-se mar gheall ar m’ainim-se; Ach an t‑é sheasóchaidh amach go deire isé a slánófar. 23Ach nuair a déanfar géar-leanmhaint oraibh sa chathair sin, imthighidh go cathair eile: Go deimhin adeirim libh, ní bheidh catharacha Israéil siúbhalta agaibh sar a dtiocfidh Mac an Duine.

24Ní’l an deisgiobul níos fearr ’ná a mháighistir, agus ní’l an seirbhíseach níos fearr ná a thighearna. 25Is leór do’n deisgiobuil bheith mar a mháighistir, agus do’n tseirbhíseach bheith mar a thighearna. Má thugadar Beelsebub ar fhear an tighe, nách mó ’ná san a thabharfaid siad ar mhuintir a thighe é? 26Ná bíodh eagla agaibh rómpa d’á bhrígh sin. Óir ní’l aon rud fé chlúid ná nochtfar, agus ní’l rud i bhfolach na h‑aithneófar. 27An rud adeirim libh sa doircheacht abraidh sa tsolus é; agus an rud a dh’airigheann sibh [mar chogar] sa chluais deinidh é chraobhsgaoileadh ar bharraíbh na dtighthe. 28Agus ná bíodh eagla agaibh roimis an muintir a mharbhuigheann an corp, agus nách féidir dóibh an t‑anam a mharbhú; ach bíodh eagla agaibh roimis an t‑é gur féidir dó idir anam agus corp do chur go h‑ifreann. 29Ná díoltar dhá ghealbhún ar fheóirling? Agus ní féidir do ghealbhún acu tuitim chun tailimh gan bhúr n‑Athair. 30Ní’l ruibe d’bhúr ngruaig ná fuil cómhrighthe. 31Ná bíodh eagla oraibh, d’á bhrígh sin. Is mó le rádh sibh-se ’ná mórán des na gealbhúnaibh. 32Gach duine, d’á bhrígh sin, a dh’admhóchaidh mise os cómhair daoine, admhóchad-sa eisean os cómhair m’Athar atá ins na flathais. 33Ach an t‑é a shéanfaidh mise os cómhair daoine, séanfad-sa eisean os cómhair m’Athar atá ins na flathais.

34Ná measaidh gur chun na síothchána chur ar an dtalamh a thánag; ní chun na síothchána chur ann a thánag, ach chun an chlaidhimh a chur ann. 35Óir do thánag chun an duine chur i n‑earaid le n‑a athair, agus chun na h‑inghine chur i n‑aghaidh a máthar, agus chun mná an mhic do chur i