Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/35

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
Caib. X. 5
25
MAITIÚ

5Chuir Íosa uaidh an dáréag san, agus thug sé órdú dhóibh mar seo: Ná h‑imthighidh i slígh na ngeinte agus na téighidh isteach i gcatharachaibh na Samaritánach; 6Ac téighidh [1]fé dhéin na gcaorach de theighleach Israéil atá imthighthe amú’. 7Imthíghidh, agus deinidh craobhsgaoileadh, agus abraidh, Tá rígheacht na bhflathas tagaithe i n‑achmaireacht. 8Leighsidh daoine breóite; tógaidh na mairbh ó’n mbás; glanaidh na lobhair; cuiridh amach na deamhain. Is i n‑aisge do fuarabhair; tugaidh uaibh i n‑aisge.

9Ná bíodh ór ná airgead ná saidhbhreas i dtaisge agaibh i nbhúr gcrios. 10Ná bíodh mála chun lóin bhóthair agaibh, ná dhá chasóig, ná bróga, ná cleith; óir is fiú an fear oibre é chothú. 11Agus pé cathair nó dún n‑a raghaidh sibh isteach ann, fiafraíghidh cé is creideamhnach ann, agus fanaidh ansan go dtí go mbeidh sibh ag imtheacht. 12Agus nuair a bheidh sibh ag dul isteach i dtigh, beannuighidh do’n tigh sin agus abraidh; Síothcháin do’n tigh seo. 13Agus má’s fiú an tigh sin é, tiocfidh bhúr síothcháin air; mura fiú, ámh, fillfidh bhúr síothcháin oraibh féin. 14Agus pé duine ná glacfaidh sibh agus ná h‑éistfidh le nbhúr mbréithribh, téighidh amach as an dtigh sin, nó as an gcathair sin, agus caithidh an ceó d’bhúr gcosaibh ann. 15Go deimhin adeirim libh, is saoire a bheidh an sgéal ag tír Shodom nó ag tír Ghomorra lá an bhreitheamhantais ’ná ag an gcathair sin.

16Féach, táim ag bhúr gcur amach ar nós caorach ameasg faolchon. Bídhidh, d’á bhrígh sin, chómh glic leis na h‑aithreachaibh nimhe agus chómh símplídhe leis na colúraibh.[* 1] 17Ach seachnaibh sibh féin ar na daoine. Óir, tabharfid siad ar láimh sibh, ins na cómhairlíbh agus sgiúrsálfaid siad sibh i n‑a sinagógaibh; 18Agus béarfaid siad i láthair ríghthe agus uachtarán sibh mar gheall orm-sa [2]mar fhiadhnaise dhóibh-sin agus dos na geintibh. 19Nuair a thabharfid siad ar láimh sibh, ámhthach, ná bídhidh ag machtnamh féachaint cad’ déarfaidh sibh, ná conus; óir tabharfar daoibh an uair sin an nídh a labh-

  1. Gníomh. xiii. 46.
  2. .i. chun na fírinne thaisbeáint dóibh.
  1. Ver. 16. “Símplídhe,” .i. macánta, soiléir, fírinneach, gan feall.