Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/34

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
24
Caib. IX. 30
Maitiú

bhúr gcreidimh. 30Agus do h‑osgaladh a súile, agus thug Íosa foláramh dóibh: Tugaidh aire, ar seisean, ná beidh a fhios san ag aoinne. 31Ach nuair a chuadar-san amach, do leathadar a chlú ar fuid na tíre sin go léir.

32Agus tar éis dul amach dóibh, do tugadh chuige duine a bhí balbh, agus bhí deamhan ann. 33Agus nuair a cuireadh amach an deamhan do labhair an duine balbh; agus bhí iongna ar na daoine, agus deiridís: Ní feacathas a leithéid sin riamh i n‑Israél. 34Ach deireadh na Fairisínigh: Is le cómhacht rí na ndeamhan a chuireann sé amach na deamhain.


35Agus do ghluais Íosa mór-thímpal, ins na cathrachaibh agus ins na bailtibh, ag teagasg ins na sinagógaibh, agus ag craobhsgaoileadh soisgéil na rígheachta, agus ag leigheas gach galair agus gach breóiteachta. 36Agus chonaic sé na sluaighte daoine agus tháinig truagh aige dhóibh, mar go rabhadar go mí-ádhbharach, caithte mar bheadh caoire gan aodhaire. 37Ansan dubhairt sé le n‑a dheisgiobulaibh: Tá an fóghmhar mór ach tá an lucht oibre suarach. 38Iarraidh, d’á bhrígh sin, ar an dTighearna gur leis an fóghmhar, lucht oibre do chur ag baint an fhóghmhair dó.



Caibidiol X.

An dá Asbol déag dá gcur amach ag Críost agus cómhacht acu chun mírbhúiltí dhéanamh. Teagasg aige á thabhairt dóibh.


1Agus do ghlaoidh sé chuige a dháréag deisgiobul, agus thug sé dhóibh cómhacht ar na h‑annspridíbh, chun iad do chur amach, agus chun gach galair agus breóiteachta do leigheas. 2Agus sidiad ainimneacha an dáréag aspol: Símón an chéad duine, agus Peadar a tugtar air; agus Aindrias a dhritháir. 3Séamus mac Sebedé, agus Eóin a dhritháir, Pilib agus Partholán, Tomás, agus Maitiú an puibliocánach, Séamus mac Alphéis, agus Taddeus, 4Símón ó Chanaan, agus Iudás [1]Iscariót, an fear a dhíol é.

  1. .i. ó n‑a bhaile dúchais.