ar sheana-bhalcais éadaigh; óir baineann sé a lán féin as an mbalcais éadaigh, agus bíonn an stracadh níosa mheasa. 17Ná ní curtar fíon nua i sean’-árthaíbh leathair; nó má deintear bristear na h‑árthaí agus doirtear an fíon, agus imthighid na h‑árthaí gan tairbhe. Ach curtar an fíon nua i n‑árthaíbh nua agus coimeádtar iad araon.
18An fhaid a bhí sé ag rádh na cainte sin leó, féach tháinig priúnsa áirighthe chuige, agus do shléacht sé dhó, agus dubhairt sé: A Thighearna, do fuair m’inghean bás anois; ach tar agus cuir do lámh uirthi, agus beidh sí beó. 19Agus d’eirigh Íosa agus do lean sé é, mar aon le n‑a dheisgiobulaibh.
20Agus féach, tháinig lastiar dé bean a bhí ag tabhairt a cod’ fola ar feadh dhá bhliain déag, agus chuir sí a lám ar fhabhra a bhrait. 21Mar, dubhairt sí ’n‑a h‑aigne féin, Mura ndeinead ach baint le n‑a bhrat beidh mé slán. 22D’iompuigh Íosa, ámhthach, agus chonaic sé í, agus dubhairt sé: Glac misneach, a ’ghnín ó; do shlánuigh do chreideamh thu. Agus bhí an bhean leighiste ó’n uair sin amach.
23Agus nuair a tháinig Íosa chun tighe an phriúnsa, agus nuair a chonaic sé na ceóltóirí agus [1]an tsluagh ag déanamh fothraim, 24Dubhairt sé leó: Druididh siar; ní marbh atá an cailín, ach ’n‑a codladh. Agus bhíodar ag fonamhaid uime. 25Agus nuair a cuireadh na daoine amach, do chuaidh sé isteach, agus do rug sé ar láimh uirthi. Agus d’eirigh an cailín. 26Agus do leath an sgéal san ar fuid na tíre sin go léir.
27Agus nuair a bhí Íosa ag imtheacht as an áit sin do lean beirt dall é agus iad ag liúirigh, agus deiridís, Dein trócaire orainne a [2]Mhic Dáibhid. 28Agus nuair a tháinig sé chun an tighe tháinig na daill chuige. Agus dubhairt Íosa leó: An gcreideann sibh gur féidir dom an nídh seo a dhéanamh daoibh? Dubhradar leis: Creidimíd, a Thighearna. 29Ansan do chuir sé a lámh ar a súilibh, agus dubhairt sé: Deintear libh do réir
3