Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/32

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
22
Caib. IX. 5
MAITIÚ

chuige dhaoibh na droch-smuínte bheith i nbhúr gcroidhthibh agaibh? 5Cé ’cu is usa a rádh, Tá do pheacaí maithte dhuit; nó a rádh, Eirigh agus siúbhluigh? 6Ach ionus go mbeadh fhios agaibh go bhfuil ag Mac an Duine cómhacht ar an dtalamh so chun peacaí a mhaitheamh (dubhairt sé leis an bhfear a bhí gan lúth) Eirigh-se, agus tóg suas do leabaidh, agus imthigh chun do thighe féin. 7Agus d’eirigh sé, agus d’imthigh sé chun a thighe féin. 8Agus tháinig eagla ar an sluagh nuair a chonacadar an nídh sin, agus do mholadar Dia a thug a leithéid sin de chómhacht do dhaoinibh.


9[1]Agus nuair a dh’imthigh Íosa ó’n áit sin chonaic sé duine dár bh’ainim Maitiú ’n‑a shuidhe i n‑áit an chustuim, agus dubhairt sé leis: Lean mise. Agus d’eirigh sé agus do lean sé é.

10Agus do thárla, agus é ag suidhe chun bídh sa tigh, go dtáinig a lán puibliocánach agus a lán peacach agus gur shuidheadar i bhfochair Íosa agus a dheisgiobul. 11Nuair a chonaic na Fairisínigh an nídh sin dubhradar le na dheisgiobuil: Cad chuige go n‑itheann bhúr máighistir bia i bhfochair na bpuibliocánach agus na bpeacach? 12Ach d’airigh Íosa an focal, agus dubhairt sé: Ní h‑ag daoine slána atá gádh le liaigh ach ag daoine breóite. 13Imthighidh agus foghlumuighidh a bhrígh siúd: [2]Trócaire is toil liom, agus ní h‑ídhbirt. Óir ní chun na bhfíoraon do ghlaodhach a thánag, ach chun na bpeacach do ghlaodhach.

14Ansan do tháinig deisgiobuil le h‑Eóin ag triall air, agus dubhradar: Cad chuige go ndeinimíd-ne agus na Fairisínigh trosgadh go minic agus ná deinid do dheisgiobuil-se trosgadh? 15Agus dubhairt Íosa leó: An féidir do chlainn an Chéile bheith duairc an fhaid atá an Céile ’n‑a bhfochair? Ach tiocfaidh an t‑am i n‑a dtógfar uatha an Céile, agus ansan déanfaid siad trosgadh.[* 1] 16Ní chuireann aoinne preabán d’éadach nua

  1. Marc. ii. 14; Lúc. v. 27.
  2. Ósee vi. 6.
  1. Ver. 15. “An féidir do chlainn an Chéile.”—Nós cainte Eabhrach é sin, agus cialluígheann sé “cáirde an Chéile,” nú “lucht aithne an Chéile.”