mhaint socair, agus tháinig ciúnas mór. 27De sin do ghlac iongnadh na daoine agus dubhradar: Cad é mar dhuine é seo go bhfuil gaoth agus faraige úmhal dó?
28Agus nuair a chuadar treasna an uisge, isteach i dtír na [1]nGerasénach, do bhuail uime beirt go raibh deamhain ionta, agus iad ag teacht amach as na h‑uaghnaibh agus iad ana-mhillteach, i dtreó nár bh’fhéidir d’aoinne gabháil an tslígh sin acu. 29Agus féach, do liúghadar agus dubhradar: Cad é sin dúinne thusa, a Íosa, a Mhic Dé? Ar tháinís anso roimh an aimsir chun pionóis a chur orainn? 30Bhí tréad mór muc ar fosaidheacht i ngar dóibh. 31Agus d’iarr na deamhain achainighe air: Má chuireann tú as so sinn, ar siad, cuir ins na mucaibh sinn. 32Agus dubhairt sé leó: Imthighidh. Agus d’imthigheadar isteach ins na mucaibh, agus féach, do rith an tréad muc ar buile le fánaidh isteach sa bhfaraige, agus do báthadh iad. 33Agus do rith na h‑aodhairí; agus thánadar isteach sa chathair, agus d’innseadar gach nídh, agus i dtaobh na beirte go raibh na deamhain ionta. 34Agus féach, do ghluais muintir na catharach go léir amach i gcoinnibh Íosa; agus nuair a chonacadar é d’iarradar air imtheacht as a dtír.
CAIBIDIOL IX.
1Agus chuaidh sé ar bórd na luinge bige, agus tháinig sé thar uisge iseach ’n‑a chathair féin. 2Agus féach, do thugadar ag triall air, sínte ar thocht, fear a bhí gan lúth. 3Agus nuair a chonaic Íosa an creideamh a bhí acu dubhairt sé leis an bhfear gan lúth: Glac misneach, a mhic, táid do pheacaí maithte dhuit. Agus féach, dubhairt cuid des na sgríbhneóiríbh, ’n‑a n‑aigne féin: Tá diamhasladh ag an bhfear so d’á dhéanamh. 4Agus ó chonaic Íosa na smuínte a bhí acu, dubhairt sé: Cad
- ↑ Nó, na nGadarénach.