Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/38

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
28
Caib. XI. 5
MAITIÚ

5[1]Tá radharc ag daill; tá siúbhal ag bacaigh; glantar na lobhair; tá éisteacht ag daoine a bhí bodhar; Eirighid na mairbh; Tá an Soisgéal d’á [2]theagasg dos na bochtaibh. 6Agus is aoibhinn do’n t‑é ná glacfaidh sganall umam-sa.[* 1]

7Agus nuair a bhí an bheirt imthighthe do chrom Íosa ar labhairt leis na daoine i dtaobh Eóin: Cad a bhí uaibh le feisgint nuair a thánabhair amach sa bhfásach? Slat d’a suathadh le gaoith? 8Ach cad a bhí uaibh le feisgint nuair a thánabhair amach? Fear i n‑éadaighibh míne? Féach, i dtighthibh na rí atá lucht an éadaigh mín. 9Ach cad a bhí uaibh le feisgint nuair a thánabhair amach? Fáidh, an eadh? Ach deirim-sé libh gur duine é is mó ’ná fáidh. 10Óir is air seo atá sgríobhtha: [3]Féach, táim-se ag cur m’aingil rómhat amach chun na slíghe d’ollamhú rómhat. 11Go deimhin adeirim libh, níor eirigh, ar an rugadh ó mhnáibh, duine ba mhó ’ná Eóin Baiste; ach an t‑é is lúgha i rígheacht na bhflathas is mó é ’ná eisean. 12Ach ó aimsir Eóin Baiste go dtí anois tá éigean ’á déanamh ar rígheacht na bhflathas, agus isiad lucht an éigin a bheireann leó é.[* 2] 13Óir targaireacht iseadh dhein na fáidhe go léir agus an dlígh, go dtí Eóin. 14Agus má’s áil libh a ghlacadh, isé[4] Elias é atá le teacht.[* 3] 15An t‑é ar a bhfuil cluasa chun éisteachta, éisteadh sé.

16Ach cé leis go samhlóchad an tsliocht so? Is cosmhail iad le h‑aos óg ’n‑a suidhe ar an macha ag glaodhach ar a gcomrádaithibh: 17Agus ’ghá rádh: Dheineamair ceól daoibh ar phíbibh, agus níor dheineabhair rinnce; do chaoineamair, agus níor dheineabhair gol. 18Óir do tháinig Eóin gan ithe gan ól, agus deirid siad: Tá deamhan ann. 19Tháinig Mac an Duine ag ithe agus ag ól, agus deirid siad: Féach, an duine craosach agus an

  1. Isáias xxxv. 5.
  2. Isáias lxi. 1.
  3. Mal. iii. 1.
  4. .i. Elias i gcómhacht; Mal. iv. 5.
  1. Ver. 6. “Ná glacfaidh sganall umam-sa,” .i. ná glacfaidh sganall, nú diombádh, mar gheall ar mé bheith úmhal, agus mar gheall ar an mbás fé tharcuisne atá agam lé fulag.
  2. Ver. 12. “Tá éigean,” ⁊rl., .i. ní faghtar rígheacht na bhflathas ach le fóirneart, le h‑éigin a dheanamh orainn féin tré dhéine aithrighe agus tré chur i gcoinnibh an ndroch-mhian.
  3. Ver. 14. “Isé Elias é,” ní h‑i bpearsain, ámh, ach i spioraid, cf. Lúc. i. 17.