fear fíona d’ól, cara na bpuibliocánach agus na bpeacach. Agus gheibheann an eagna a ceart ó n‑a clainn féin.
20Ansan do chrom sé ar mhilleán do chur ar na cathrachaibh ionar h‑oibrigheadh an chuid ba mhó d’á chómhachtaibh, toisg nár dheineadar aithrighe: 21Mairg duit, a Chorosain mairg duit, a Bhetsáida! óir dá ndeintí i dTuíre agus i Sídón na fearta atá déanta ionaibh-se, is fadó a dhéanfaidís aithrighe fé éadach gharbh agus fé luaithrigh. 22Ach deirim libh, ámhthach, Beidh an sgéal níos saoire lá an bhreitheamhantais ag Tuíre agus ag Sídón ’na agaibh-se. 23Agus tusa, a Chapharnaum, an suas go flathas Dé a tógfar tú? Síos go h‑ifreann iseadh a curfar thú; óir dá mba i Sodomaibh a déanfaí na fearta a dheineadh ionat-sa, b’fhéidir go mbeadh an chathair sin ann do dtí an lá so. 24Ach deirim libh, ámhthach, go mbeidh an sgéal níos saoire lá an bhreitheamhantais ag muintir Shodom ’ná agat-sa. 25Sa n‑am san d’fhreagair Íosa agus dubhairt: Admhuighim ad’ láthair-se, a Athair, a Thighearna neimhe agus talmhan, mar gur cheilis na neithe seo ar lucht eagna agus tuisgiona, agus gur nochtais iad do naoidheanaibh. 26Iseadh, a Athair; óir sin mar a bhi taithneamhach ad’ láthair-se. 27Tá gach uile nídh tabhartha dómh-sa ag m’Athair. Agus ní’l aithne ag aoinne ar an Mac ach ag an Athair; ná ar an Athair ach ag an Mac, agus ag an t‑é gur toil leis an Mac a dh’foillsiú dhó. 28Tagaidh go léir ag triall orm-sa, gach duine go bhfuil cruadhtan agus tromualach air, agus tabharfad-sa faoireamh oraibh. 29Tógaidh mo chuing-se oraibh, agus foghlumaidh uaim, óir táim ceannsa agus úmhal ó chroidhe; [1] agus gheobhaidh sibh suaimhneas d'bhúr gcroidhthibh. 30[2]Óir is suairc mo chuing-se agus is éadtrom m’ualach.