Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/40

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
30
Caib. XII. i
MAITIÚ


CAIBIDIOL XII.

Daille na bhFairisíneach dá cáineadh ag Críost ⁊ iad á mbréagnú aige nuair a deirid siad gur le cómhacht Shátain a dheineann sé na mírbhuiltí.


1Sa n‑am san do ghluais Íosa tré ghortaibh arbhair, lá na sabbóide; agus bhí ocras ar a dheisgiobuil, agus chromadar ar na diasaibh do stathadh agus d’ithe. 2Agus chonaic na Fairisínigh iad, agus dubhradar: Féach, táid do dheisgiobuil ag déanamh ruda nach dleaghthach a dhéanamh lá na sabbóide. 3Ach dubhairt seisean leó: An amhlaidh nár léigheabhair[1] cad a dhein Dáibhid nuair a bhí ocras air féin agus ar an muintir a bhí i n‑aonfheacht leis? 4Conus mar a chuaidh sé isteach i dtigh Dé agus d’ith sé na bulóga a bhí curtha i láthair Dé, nídh nár, cheaduighthe dhó a dh’ithe, ná do’n mhuintir a bhí le n‑a chois, ná d’aoinne[2] ach dos na sagairt amháin?[* 1] 5Nó an amhlaidh nár léigheabhair sa dlígh conus mar, a dheinid na sagairt sa teampall an tsabbóid do bhriseadh agus ná dheinid siad peacadh? 6Ach deirim-se libh go bhfuil anso aon is mó ’ná an teampall. 7Ach dá dtuigeadh sibh cad é an nídh, [3]Trócaire is áil liom, agus ní h‑ídhbirt, ní dhaorfadh sibh choídhche na neamhchiontacha. 8Óir isé Tíghearna na sabbóide féin Mac an Duine.

9Ansan d’fhág sé an áit sin, agus tháinig sé isteach i n‑a sinagóig chúcha. 10Agus féach, bhí duine ann agus a lámh gan tapadh. Agus d’fhiafraigheadar de, An dleaghthach leigheas a dhéanamh sa tsabbóid? ionus go bhféadfaidís rud a chur ’n‑a leith. 11Agus dubhairt seisean leo: Cé h‑é an duine agaibh-se, dá mbeadh aon chaora amháin aige, agus go dtuitfeadh sí i bpoll lá sabbóide, na béarfadh uirthi agus í tharang amach? 12Nach mó le rádh go mór duine ’ná caora? D’á bhrígh sin is dleaghthach tairbhe déanamh sa tsabbóid. 13Ansan dubhairt sé leis an nduine: Sin amach do lámh. Agus do shín; agus bhí sí chómh slán leis an láimh eile.

  1. Rígh. xxi. 6.
  2. Lebhit. xxiv. 9.
  3. Ósee vi. 6.
  1. Ver. 4. . . . . .i. an dá bhulóig dhéag a curtí ar aghaidh an tsanctuáriuim i dteampul Dé.