Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/41

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. XII. 14
31
MAITIÚ

14D’imthigh na Fairisínigh amach, ámhthach, agus chuadar i gcómhairle ’n‑a choinnibh chun a mhairbhthe. 15Ach bhí a fhios san ag Íosa, agus d’imthigh sé as an áit sin; agus do lean mórán daoine é, agus do leighis sé iad go léir. 16Agus d’órduigh sé dóibh gan é chur i n‑iúil. 17Ionus go gcómhlíonfaí an nídh adubhradh tré Isáias fáidh mar a ndeir sé: 18[1]Féach, mo sheirbhíseach, an t‑é a thogas, an t‑é is ionmhuin liom, an t‑é ar a bhfuil greann ó m’anam. Cuirfead mo spioraid air, agus fógróchaidh sé breitheamhantas dos na geintibh. 19Ní dhéanfaidh sé aighneas, agus ní dhéanfaidh sé collóid; agus ní cloisfar a guth ins na sráidibh. 20Ní bhrisfidh sé an cuaile leóinte, agus ní mhúchfaidh sé an líon go bhfuil an deatach as, go dtí go gcuirfidh sé amach breiteamhantas chun buaidhte. 21Agus is as a ainim a bheidh a mainighin ag na geintibh.

22Ansan do tugadh chuige duine go raibh deamhan ann, agus bhí sé dall agus balbh; agus do leighis sé é, i dtreó go raibh radharc agus urlabhra aige. 23Agus tháinig uathbhás ar na sluaightibh go léir, agus deiridís: An féidir gur b’é seo mac Dáibhid? 24D’airigh na Fairisínigh an chaint sin, agus dubhradar: Ní chuireann sé seo na deamhain amach ach le cómhacht Bheelsebub, sí na ndeamhan. 25Ach do chonaic Íosa a smuínte, agus dubhairt sé leó: Gach righeacht a bheidh deighilte ’n‑a choinnibh féin déanfaidh fásach dé; agus gach cathair, nó gach teighleach, a bheidh deigilte i gcoinnibh a chéile, ní sheasóchaidh sé; 26Agus má ’sé Sátan a chuireann amach Sátan, siné deigilte ’n‑a choinnibh féin é; agus d’á bhrígh sin conus a sheasócaidh a rígheacht? 27Agus má’s le cómhacht Bheelsebub a chuirim-se amach na deamhain, cad leis go gcuirid [2]bhúr gclann féin amach iad? Fágaim, d’á bhrígh sin, fé bhreith bhur gclainne féin sibh. 28Ach má’s le Spioraid Dé a chuirim-se na deamhain amach, siné rígheacht Dé tagaithe i nbhúr measg. 29Nó conus is féidir do dhuine dul isteach i dtigh an fhir láidir agus a sheóide dh’fhuadach, mura ndeinidh sé an fear láidir do cheangal ar dtúis? Ansan sgartálfaidh sé a thigh. 30An t‑é ná fuil liom, tá sé am’

  1. Isáias xlii. 1.
  2. .i. na deisgiobuil.