Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/11

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.

SOISGÉAL NAOMHTHA ÍOSA CRÍOST

DO RÉIR

MHAITIÚ


Maitiú Naomhtha, aon den dáréag asbol ab eadh é. Puibliocánach ab eadh é .i. fear cánach do bhailiú, sar ar ghlaoidh ár Slánuightheóir é chun na h‑Asbolachta.[* 1] Leuí ab ainim dó nuair a bhí sé n‑a phuibliocánach. B’é céad duine é, des na Soisgéalaidhthibh, a sgríbh an Soisgéal, agus sa n‑Eabhrais, nú sa t‑Suro-Chaildaiach, a sgríbh sé é, an teanga a bhí d’á labhairt ag na Iúdaígh an uair sin, i gcrích Phaileistín. Ní’l an sgríbhinn sin ar bith anois, ach do h‑aistirígheadh i nGréigis é i n‑aimsir na n‑asbol, agus, d’á bhrígh sin, tá an t‑aistiriú san chómh maith úghdarás leis an gcéad sgríbhinn féin. Timpal sé bliana tar éis deasghabhála ár dTighearna iseadh do sgríbh sé.


CAIBIDIOL I.

Geinealach Chríost: do gabhadh agus do rugadh é ó mhaighdin.


1Leabhar geinealaigh Íosa Críost mhic Dáibhid[1] mic Ábrahaim.

2Do ghein Ábraham Isaac. Agus do ghein Isaac Iácób, agus do ghein Iácób Iúdás agus a dhritháracha. 3Agus do ghein Iúdás Pháres agus Sára ó Thámar. Agus do ghein Pháres Esron. Agus do ghein Esron Aram. 4Agus do ghein Aram Aminadab. Agus do ghein Aminadab Naasson. Agus do ghein Naasson Salmon. 5Agus do ghein Salmon Boos ó Rachab. Agus do ghein Boos Obed ó Rút. Agus do ghein Obed Iesse. 6Agus do ghein Iesse Dáibhid an rí. Agus do ghein Dáibhid, an rí, Salomón ó’n mnaoi a bhí ag Urias. 7Agus do ghein Salomón Robóam. Agus do ghein Robóam Abia. Agus do ghein Abia Asa.

  1. .i. de shliocht Ábrahaim.