Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/23

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
Caib. V. 26
13
MAITIÚ

an rí mhóir í. 36Ná dearbhuigh dar do cheann féin mar ní’l ar do chumas ruibe ann a dhéanamh geal ná dubh. 37[1]Ach abraidh, Seadh, ’seadh; Ní h‑eadh, ní h‑eadh. An rud a théigheann thairis sin is ó’n olc é.

38Do chualabhair conus mar adubhradh, [2]Súil ar shúil, agus fiacal ar fhiacail. 39Ach deirim-se libh-se gan cur i n‑aghaidh uilc; ach má bhuaileann duine thú ar an leacain ndeis, iompuigh an leaca eile chuige, leis.[* 1] 40Agus má’s mian le duine an dlígh chur ort agus do chasóg do bhreith leis sgaoil leis do bhrat ’n‑a teannta. 41Agus an t‑é chuirfidh fhiachaibh ort dul leis míle ’shlígh do t’aimhdheóin, eirigh dhá mhíle eile leis dod’ dheóin. 42An t‑é a dh’iarrfaidh rud ort, tabhair dó é; agus má’s mian le duine iasacht do lorg ort ná h‑iompuigh uaidh.

43Do chualabhair conus mar a dubhradh: [3]Bíodh grádh agat do d’charaid agus fuath dod’namhaid. 44Ach deirim-se libh-se: Bíodh grádh agaibh d’bhúr namhdaibh; [4]deinidh maith do’n mhuintir a thugann fuath dhaoibh; agus [5]deinidh guidhe ar son na muintire a dheineann crádh agus tromaidheacht oraibh. 45Ionus go mbeadh sibh i nbhúr macaibh ag bhúr n‑Athair atá ins na flathais, an t‑é chuireann a ghrian ag eirighe ar dhaoine, idir olc agus maith, agus chuireann an fhearthainn ag tuitim ortha, idir cheart agus aincheart. 46Óir má thugann sibh grádh do’n mhuintir a thugann grádh dhaoibh cad é an tuarasdal a bheidh agaibh? Ná deinid na puibliocánaigh féin an méid sin?[* 2] 47Agus mura ndeinidh sibh-se ach beannú d’bhúr

  1. Séam. v. 12.
  2. Exod. xxi. 24; Lebhit. xxiv. 20; Deut. xix. 21.
  3. Lebhit. xix. 18.
  4. Rómh. xii. 20.
  5. Gníomh. vii. 59; Lúc. xxiii. 34.
  1. Ver. 39. “Gan cur i n‑aghaidh uilc.” – An rud a dh’ órduíghthear anso iseadh olc do ghlacadh le foidhne; cur suas le droch-chaint, agus bheith toiltheanach chun tuille uilc d’fhulag níba thúisge ’ná mar a loirigeófí díoghaltas. Ní cheanglann an chuid eile de’n chaint de réir na leitire. Níor iompuigh Críost féin, ná Pól naomtha, an leaca eile. Foidhne Chríostamhail brígh na cainte, feic Eóin xviii., agus Gníomhartha xxiii.
  2. Ver. 46. “Puibliocánaigh.” – Daoine iad san a bhíodh ag bailiú na srathana, aicme a bhí fé fhuath agus fe mhí-chlú ameasg na nIúdach, mar gheall ar a ndeinidís de shárúghadh agus d’éagcóir.