Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/24

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
14
Caib. V. 48
MAITIÚ

ndrithárachaibh cad í an bhreis a dheineann sibh? Ná deinid na págánaigh féin an méid sin? 48Bídhidh-se, d’á bhrígh sin, fíor-mhaith, fé mar atá bhúr n‑Athair ins na flathais fíor-mhaith.


CAIBIDIOL VI.

An tseanmóin ar an gcnuc ar leanmhaint.

1Seachnaidh agus ná deinidh bhúr bhfíoraontacht-sa os cómhair daoine, i dtreó go bhfeicfí sibh, nó ní bheidh tuarasdal le fághail agaibh i láthair bhúr n‑Athar atá ins na flathais.[* 1] 2D’á bhrígh sin, nuair a bheidh déirc agat ’á dhéanamh ná bíodh adharc d’á séideadh rómhat amach agat, mar a bhíonn ag na feallairíbh ins na sinagógaibh agus ar na sráidibh, i dtreó go dtabharfadh na daoine onóir dóibh. Go deimhin adeirim libh, tá a dtuarasdal fághalta acu. 3Nuair a dhéanfair-se déirc, ámhthach, ná bíodh a fhios agat’ láimh chlé cad a dheineann do lámh dheas. 4Ionus go mbeadh do dhéirc fé cheilt, agus go dtabharfadh t’Athair, a chíonn fé cheilt, do thuarasdal duit.

5Agus nuair a dhéanfaidh sibh úrnuighthe, ná bídhidh mar na feallairí gur maith leó úrnuighthe dhéanamh ’n‑a seasamh ins na sinagógaibh agus ag cúinníbh na sráideana, i dtreó go bhfeiceadh daoine iad. Go deimhin adeirim libh, tá a dtuarasdal fághalta acu. 6Ach nuair a dhéanfair-se úrnuighthe, eirigh isteach ad’ sheómra agus dún an dorus, agus cuir do ghuidhe chun t’Athar fé cheilt, agus tabharfaidh t’Athair, a chíonn fé cheilt, do thuarasdal duit. 7I nbhúr nguidhe, ámhthach, ná deinidh mórán cainte, mar a dheinid na págánaigh; óir is dóigh leó gur as méid a gcainte do h‑éistfar leó. 8D’á bhrígh sin ná bídhidh-se mar iad; óir is eól d’bhur n‑Athair an nídh is gádh dhaoibh sar a ndeineann sibh guidhe chuige. 9Seo, d’á bhrígh sin, mar a dhéanfaidh sibh guidhe:

  1. Ver. 1. “Bhúr bhfíoraontacht-sa,” .i. Na h‑oibreacha fíoraontachta a dheineann sibh, .i. trosgadh, úrnuighthe, déirc; agus gan iad a dhéanamh le baoís, ná chun daoíne shásamh, ach iad a dhéanamh chun toile Dé do shásamh.