Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/25

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
Caib. VI. 10
15
MAITIÚ

[1]Ár n‑Athair atá ar neamh, go naomhthar t’ainim. 10Go dtagaidh do rígheacht. Go ndeintear do thoil ar an dtalamh mar a deintear ar neamh. 11Ár n‑arán ró-shubstainteamhail tabhair dúinn indiu.[* 1] 12Agus maith dhúinn ár gcionta, mar mhaithimíd-ne do chách a chiontuigheann i n‑ár n‑aghaidh. 13Agus ná leig sinn i gcathaíbh; ach saor sinn ó olc.[* 2] Amen.

14[2]Óir má mhaitheann sibh do dhaoine a gcionta, maithfidh bhúr n‑Athair neamhdha dhaoibh-se bhúr bpeacaí. 15Ach mura maithfidh sibh‑se a bpeacaí do dhaoine, ní mhaithfidh bhúr n‑Athair daoibh‑se bhúr bpeacaí.

16Agus nuair a bheidh sibh ag déanamh trosgaidh ná bídhidh gruamdha ar nós na bhfeallairí; óir doirchighid siad a gceannacha, i dtreó go samhlóchadh na daoine iad a bheith ag déanamh trosgaidh. Go deimhin adeirim libh, tá a dtuarasdal fághalta acu. 17Ach tusa, nuair a dhéanfair trosgadh, cuir oíle ar do cheann agus nigh t’aghaidh, 18I dtreó ná feicfid daoine thú bheith ag déanamh trosgaidh, ach go bhfeicfidh t’Athair thu, atá fé cheilt; agus tabharfaidh t’Athair, a chíonn fé cheilt, do thuarasdal duit.

19Ná cúmhdaighidh stór daoibh fein ar an dtalamh so, mar a ndeinid na leómhain agus an mheirg é dh’ídiú, agus mar a ndeinid na bitheamhnaigh é thóch agus é ghuid. 20Ach deinidh stór do chúmhdach daoibh féin ar neamh, an áit ná deinid na leómhain é dh’ídiú agus ná deinid bitheamhnaigh é thóch ná é dh’fhuadach. 21Óir, an áit ’n‑a bhfuil do stór is ann atá do chroidhe leis.

22Isí do shúil solus do chuirp. Má bhíonn do shúil glan beidh do chorp go léir go solusmhar. 23Ach má bhíonn do shúil [3]go h‑olc beidh do chorp go léir gan solus. Agus má’s ionan agus doircheacht an solus atá ionat, cad é méid na doircheachta féin?

  1. Lúc. xi. 2.
  2. Eccli. xxviii. 3, 4, 5; Marc. xi. 25.
  3. .i. gan radharc.
  1. Ver. 11. “Róshubstainteamhail.”—’Sé focal atá ag Lúcás Naomhtha i n‑ionaid an fhocail seo ná, “Ár n‑arán laethamhail.” Tuigtear go gcialluigheann sé arán na beatha, an t‑arán a ghlacaimíd i Sacramint Chorp Chríost.
  2. Ver. 13. “Ná leig sinn i gcathaíbh”, .i. Ná leig do sna cathíbh buachtaint orainn.