Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/26

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
16
Caib. VI. 24
MAITIÚ

24Ní féidir d’aoinne rud a dhéanamh ar dhá mháighistir: óir beidh fuath aige do mháighistir acu agus grádh do’n mháighistir eile; nó cuirfidh sé suas le duine acu agus beidh droch-mheas aige ar an nduine eile. Ní féidir daoibh Dia agus Mammon d’fhrithálamh.[* 1]

25D’á bhrígh sin deirim libh, ná bíodh buairt oraibh i dtaobh bhúr mbeatha, féachaint cad d’íosfaidh sibh; ná i dtaobh bhúr gcuirp; féachaint cad a chuirfidh sibh umaibh. Nách mó le rádh an t‑anam ’ná an biadh, agus an corp ’ná an t‑éadach? 26Féachaidh éanlaithe an aeir; ní chuirid siad síol ná ní bhainid siad fóghmhar, ná ní dheinid siad cnuasach i sgioból; Agus deineann bhúr n‑Athair neamhdha iad do chothú. Nách mó go mór le rádh sibh-se ’ná iad san? 27Cé’cu agaib-se, ag machtnamh dó air, d’fhéadfadh aon bhanlámha amháin do chur le n‑a aoirde? 28Agus cad chuige go mbíonn buaireamh i dtaobh éadaigh oraibh? Breithnighidh bláthana an bháin, conus mar fhásaid siad; ní dheinid siad saothar ná sníomh. 29Deirim libh, ámhthach, ná raibh Salomón féin i n‑a ghradam go léir clúdaithe mar cheann acu san. 30Má chuireann Dia maise de’n tsórd san ar fhéar an tailimh, atá ann indiu, agus a caithfar sa teine amáireach, nách mó go mór a dhéanfaidh sé dhaoibh-se, a lucht an chreidimh shuaraigh? 31Ná bídhidh ag déanamh buartha, d’á bhrígh sin, ’ghá rádh, Cad d’íosfaimíd? ná, Cad d’ólfaimíd? ná, Cad a chlúdóchaidh sinn? 32Óir, siniad na neithe go mbíd na geinte ’ghá lorg. Óir tá ’fhios ag bhúr n‑Athair go bhfuil gádh agaibh leis na neithibh sin go léir. 33Loirgidh ar dtúis, d’á bhrígh sin, rígheacht Dé agus a fhíoraontacht, agus tabharfar daoibh, leis, na neithe sin go léir. 34Ná bíodh buaireamh oraibh, dá bhrígh sin, i dtaobh an lae amáirigh; tá a bhuaireamh féin i gcóir an lae amáirigh. Ní beag do gach lá a chuid uilc féin.

  1. Ver. 24. Mammon, .i. saidhbhreas saoghaltha.