CAIBIDIOL VII.
An trímhadh cuid de’n tseanmóin ar an gcnoc.
1Ná beiridh breith, [1]ionus na béarfaí breith oraibh. 2Mar is do réir na breithe a thabharfaidh sibh a thabharfar breith oraibh; agus an tómhas le n‑a dtómhaisfidh síbh, is leis a tómhasfar chúghaibh. 3Cad chuige dhuit an dúradán d’fheisgint i súil do bhráthar, agus ná feiceann tu an tsail atá ad’ shúil féin? 4Nó cad chuige dhuit a rádh led’ bhráthair: Leig dom an dúradán a bhaint as do shúil; agus sin sail ad’ shúil féin? 5A chluanaire, bain an tsail as do shúil féin ar dtúis, agus ansan chífir conus an dúradán a bhaint a’ súil do bhráthar.
6Ná tugaidh an nídh naomhtha dos na madraíbh[2]; agus na caithidh bhúr bpéarlaí chun na muc, le h‑eagla go ngeóbhaidís do chosaibh ionta, agus ansan go n‑iompóchaidís oraibh agus go stracfaidís sibh.
7Iarraidh, agus tabharfar daoibh; loirgidh, agus gheóbhaidh sibh; buailidh, agus osgalófar daoibh. 8Óir gach aoinne a iarrann tugtar dó; agus gach aoinne a loirgeann gheibheann sé, agus gach aoinne a bhuaileann osgaltar dó. 9Nó [3]cé h‑é an duine agaibh-se go n‑iarrfaidh a mhac arán air agus gur cloch a thabharfaidh sé dhó? 10Nó má iarrann sé iasg air a’ dtabharfaidh sé athair nimhe dhó? 11Má’s eól, d’á bhrígh sin, daoibh-se atá go h‑olc, conus neithe fóghanta thabhairt d’bhúr gclainn, nách dóichíghe go mór go dtabharfaidh bhúr n‑Athair atá ins na flathais neithe fóghanta dhaoibh-se ach iad d’iarraidh air?
12[4]Gach nídh, d’á bhrígh sin, ba mhaith libh a dhéanfadh daoine dhaoibh-se deinidh-se dhóibh-sin. Siné agaibh an dlígh agus na fáidhe.
13Téighidh isteach an dorus cumhang, óir is fairsing an dorus agus is leathan an bóthar a sheólann chun díthe,
- ↑ Lúc. vi. 37; Rómh. ii. 1.
- ↑ .i. do sna droch-dhaoinibh a thabharfadh masla do’n nídh naomtha.
- ↑ Lúc. xi. 11.
- ↑ Tobias iv. 16; Lúc. vi. 31.