Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/28

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
18
Caib. VII. 14
MAITIÚ

agus tá a lán a leanann é. 14Is ana-chumhang an dorus agus is ana-chaol an bóthar a sheólann chun na beatha, agus ní mór a gheibheann eólus air.

15Seachanaidh na fáidhe fallsa, a thagann chúghaibh i gclúid na gcaorach agus gur faolchoin chraosacha laistigh iad. 16Ó n‑a dtorthaíbh iseadh dh’aithneóchaidh sibh iad. An mbaintear caora fíneamhna de dhriseach nó fígí d’fheóchadánaibh? 17Mar sin tugann gach crann fóghanta toradh fóghanta uaidh, agus tugann an droch-chrann droch-thoradh uaidh. 18Ní féidir do’n chrann fhóghanta droch-thoradh thabhairt ná do’n droch-chrann toradh fóghanta thabhairt. 19Gach crann ná tugann toradh fóghanta, gearrfar é agus curfar sa teine é. 20D’á bhrígh sin, as a dtorthaíbh iseadh dh’ aithneóchaidh sibh iad.

21Ní h‑é gach aoinne adeir liom-sa, a Thighearna, a Thighearna, do raghaidh isteach i rígheacht na bhflathas; ach an t‑é a dhéanfaidh toil m’Athar atá ins na flathais, siné a raghaidh isteach i rígheacht na bhflathas. 22Déarfaid a lán daoine liom-sa an lá san; A Thighearna, a Thighearna, nách ad’ ainim-se a dheineamair targaireacht, agus nách ad’ ainim-se a dheineamair na deamhain do chur amach, agus nách ad’ ainim-se dheineamair mórán mírbhuiltí? 23Agus ansan admhóchaidh mé dhóibh: Níor chuireas-sa aithne riamh oraibh; [1]Imthighidh uaim, a lucht an uilc a dhéanamh.

24[2]Gach duine, d’á bhrígh sin, a chloiseann an chaint seo adeirim-se agus do dheineann beart d’á réir, samhlófar é le duine ciallmhar a dhein a thigh ar an gcaraig. 25Agus do thuit an fhearthainn, agus do tháinig na h‑aibhní, agus d’eirigh an ghaoth, agus do ghluaiseadar i gcoinnibh an tighe sin; agus níor thuit sé; mar bhí sé ’n‑a sheasamh ar an gcaraig. 26Agus gach duine a chloiseann na focail seo uaim-se agus ná deineann beart d’á réir, beidh sé ar nós an amadáin a dhein a thigh ar an ngainimh; 27Agus do thuit an fhearthainn, agus do tháinig na h‑aibhní, agus d’eirigh an ghaoth, agus ghluaiseadar i gcoinnibh an tighe sin, agus do thuit sé; agus ba thiubaisteach é a thuitim.