Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/29

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
Caib. VII. 28
19
MAITIÚ

28Agus do thárla nuair a bhí an chaint sin críochnuighthe ag Íosa go raibh na daoine ag déanamh iongna d’á theagasg. 29Óir do dhein sé an teagasg mar a dhéanfadh duine go raibh cómhacht aige, murar bh’ionan agus na Sgríbhneóirí agus na Fairisínigh.



CAIBIDIOL VIII.

An lobhar d’á ghlanadh ag Críost; seirbhíseach an taoisigh céad, ⁊ máthair céile Pheadair, ⁊ a lán eile aige ’á leigheas. An stoirm ar an bhfaraige á chiúnú aige. Na deamhain dá gcur amach as an mbeirt a bhí sealbhuighthe acu, ⁊ cead uaidh dos na deamhnaibh dul isteach ins na mucaibh.


1Ansan nuair a tháinig sé anuas ó’n gcnoc do lean sluaighte móra é. 2Agus féach, tháinig lobhar, agus do shléacht sé dhó agus dubhairt sé: A Thighearna, tá ar do chumas mé ghlanadh má’s áil leat. 3Agus do shín Íosa a lámh agus chuir sé air í, agus dubhairt sé; Is áil liom é: glantar thú. Agus do glanadh láithreach é ó n a lobhra. 4Agus dubhairt Íosa leis: Féach, ná h innis d’aoinne é; ach imthigh agus [1]taisbeáin tu féin do’n tsagart, agus tabhair an ofráil a dh’órduigh Maoís, mar fiadhnaise dhóibh-sin.

5Ansan nuair a bhí sé tar éis dul isteach i gCapharnaum tháinig chuige taoiseach céad, ’ghá ghuidhe, 6Agus dubhairt sé: A Thighearna, tá mo bhuachaill sa bhaile ’n a luighe gan lúth a ghéag, agus tá pianta móra air. 7Agus dubhairt Íosa leis: Tiocfad-sa agus leighisfead é. 8Agus dubhairt an taoiseach céad: A Thighearna, ní fiú mise go dtiocfá fé m’ dhíon; ach abair an focal amháin agus beidh mo bhuachaill slán. 9Mar is duine mise atá fé smacht, agus tá saighdiúirí fúm; agus deirim leis an bhfear so, Imthigh, agus imthigheann sé; agus le fear eile, Tar, agus tagann sé, agus le m’ sheirbhíseach, Dein so; agus deineann sé é. 10Agus nuair airigh Íosa san do dhein sé iongna dhé; agus dúbhairt se leis an muíntir a bhí ’ghá leanmhaint: Go deimhin adeirim libh, ní bhfuaras a leithéid sin de chreideamh i n Israél. 11Agus deirim

  1. .i. chun na teistiméireachta dh’fhághail. Lebhit. xiv. 2.