Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/82

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
72
Caib. XXV. 18
MAITIÚ

sé dhá cheann eile. 18Ach an t‑é a fuair an t‑aon talant amháin d’imthigh sé agus dhein sé poll sa talamh, agus chuir sé airgead a thighearna i bhfolach. 19Tar éis mórán aimsire, ámhthach, tháinig tighearna na seirbhíseach san, agus shocaruigh sé cúntas leó. 20Agus tháinig an t‑é a fuair na cúig talanta agus thug sé leis na chúig talanta eile, agus dubhairt: A Thighearna, thugais cúig talanta dhom. Féach, sin cúig cinn eile curtha leó agaim. 21Dubhairt a thighearna leis: Is maith é sin, a sheirbhísigh fhóghanta, dhílis; ó bhís dílis os cionn an bheagáin cuirfead thu os cionn an mhóráin; eirigh isteach i n‑aoibhneas do thighearna. 22Agus tháinig an fear a fuair an dá thalant agus dubhairt: A Thighearna, thugais dom dhá thalant; féach, sin dhá ceann eile curtha leó agam. 23Dubhairt a thighearna leis: Is maith é sin, a sheirbhísigh fhóganta, dhílis; ó bhís dílis os cionn an bheagáin cuirfead thu os cionn an mhóráin; eirigh isteach i n‑aoibhneas do thighearna. 24Ansan do tháinig an fear a fuair an t‑aon talant amháin, agus dubhairt: A Thighearna, is eól dom gur duine cruaidh tu; baineann tú sa n‑áit nár [1]chuiris, agus cruinnigheann tú sa n‑áit nár sgaipis. 25Agus le h‑eagla rómhat chuireas do thalant i bhfolach sa talamh; seo, siné do chuid féin agat. 26Agus d’fhreagair a thigearna é, agus dubhairt leis: A droch-sheirbhísigh díomhaoin, dob’ eól duit go mbainim sa n‑áit na cuirim, agus go gcnuasuighim sa n‑áit nár dheineas sgaipeadh ann. 27Bhí sé ceart agat, d’á bhrígh sin, mo chuid airgid a thabhairt dos na bancairíbh, i dtreó, nuair a thiocfainn, go bhfaighinn mo chuid féin agus an t‑úncumas. 28Tógaidh uaidh mar sin, an talant agus tugaidh é do’n t‑é go bhfuil na deich dtalanta aige. 29Óir an t‑é go bhfuil aige, tabharfar dó, agus beidh flúirse aige; agus an té ná fuil aige, togfar uaidh an rud a samhluightear a bheith aige. 30Agus an seirbhíseach neamhthairbheach, caithidh amach é sa doircheacht atá amuigh; ansan iseadh bheidh gol agus díoscán fiacal.

31Ach nuair a thiocfaidh Mac an Duine ’n‑a gradam, agus a aingil go léir i n‑aonfheacht leis, suidhfidh sé

  1. .i. nár chuiris síol.