Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/83

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. XXV. 32
73
MAITIÚ

gncathaoir a ghradaim; 32agus crunnneófar ’n‑a láthair i a geinte go léir; agus deighilfidh sé ó n‑a chéile iad, mar dheigileann an t‑aodhaire na caoire ós na gabhair; 33Agus cuirfidh sé na caoire ar a láimh dheis, agus na gabhair ar a láimh clé. 34Ansan déarfaidh an Rí leis an muintir a bheidh ar a láimh dheis: Téanaidh, a dhaoine beannuighthe le m’Athair, agus sealbhuighidh an rígheacht atá ollamh daoibh ó chruithniú an domhain: 35Mar, [1]bhí ocras orm, agus thugabhair rud le n‑ithe dhom; bhí tart orm, agus thugabhair le n‑ól dom; bhíos ar fán, agus thugabhair bheith istigh dom; 36Bhíos nocht, agus chlúdabhair mé; bhíos breóite agus thánabhair am’ fhéachaint; bhíos sa phríosún agus tánabhair chúgam. 37Ansan freagaróchaid na fíoraoin é, agus déarfaid siad: A Thighearna, cathain a chonacamair-ne ocras ort, agus gur thugamair bia dhuit? Nó tart ort, agus gur thuganair deoch duit? 38Nó cathain a chonacamair ar fán tu, agus gur thugamair bheith istigh duit? nó nocht, agus gur chlúduigheamair thu? 39Nó cathain a chonacamair thu breóite, nó i bpríosún, agus gur thánamair chúghat? 40Agus déarfaidh an Rí ’ghá bhfreagra: Go deimhin adeirim libh, an fhaid a dheineabhair é do dhuine de’n chuid is suaraíghe de m’bráithribh anso, do dheineabhair dómh-sa é. 41Ansan déarfaidh sé leis an muintir a bheidh ar a láimh chlé: [2]Imthighidh uaim, a dhream mhallaighthe, isteach sa teine shióruidhe do h‑ollamhuigheadh do’n diabhal agus d’á aingealaibh; 42Mar, bhí ocras orm, agus níor thugabhair rud le n‑ithe dhom; bhí tart orm, agus níor thugabhair deoch dom. 43Bhíos ar fán, agus níor thugabhair bheith istigh dom; bhíos nocht, aguf níor chlúdabhair mé; bhíos breóite, agus sa phríosún, agus níor thánabhair am’ fhéachaint. 44Ansan déarfaid siad-san leis, ’ghá fhreagra: A Thighearna cathain a chonacamair-ne thu fé ocras ’ná fé thart, ná ar fán, ná nocht, ’ná breóite, ná i bpríosún, agus nár dhéineamair furtacht ort? 45Ansan déarfaidh sé ’ghá bhfreagra: Go deimhin adeirim libh, an fhaid nár dheineabhair d’aoinne de’n mhuintir shuarach so é ’níos

  1. Isáias lviii. 7; Ezech. xviii. 7.
  2. Salm vi. 9.