dheineabhair dómh-sa é. 46[1]Agus imtheóchaid siad san isteach i bpiantaibh síoruídhe; agus na fíoraoin isteach i mbeatha shíoruidhe.
CAIBIDIOL XXVI.
1Agus do thárla, nuair a chríochnuigh Íosa na briathra san go léir, go ndubhairt sé le n‑a dheisgiobulaibh: 2Is eól daoibh go mbeidh an Cháisg ann tar éis dhá lá, agus tabharfar Mac an Duine suas chun a chéasda.
3Ansan do tháinig i bhfochair a chéile uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobuil i halla an árd-shagairt, dár bh’ainim Caiphas; 4Agus dheineadar cómhairle chun go n‑déanfaidís Íosa do ghabháil le ceilg, agus é chur chun báis. 5Dubhradar, ámhthach, Ná deintear é lá na féile, le h‑eagla go mbeadh toirmeasg sa phobul.
6Ach nuair a bhí Íosa i mBetánia, i dtigh Shímóin, an lobhar, 7Tháinig [2]bean chuige agus árthach alabastair aici a bhí lán d’ungadh ana-daor, agus do dhoirt sí ar a cheann é, agus é ’n‑a luighe. 8Agus nuair a chonaic na deisgiobuil san, bhí díombádh ortha, agus dubhradar: Cad chuige an bhásta so? 9D’fhéadaí é sin do dhíol ar mhórán, agus é thabhairt dos na bochtaibh. 10Do thuig Íosa, ámhthach, agus dubhairt leó: Cad chuige dhaoibh bheith ag iomaigh leis an mnaoi seo? Is gníomh maith atá déanta aici orm-sa. 11Óir táid na boicht i gcómhnuighe agaibh i nbhúr bhfochair, ach ní’lim-se i gcómhnuighe agaibh.[* 1] 12Mar,
- ↑ Ver. 11. “Nílimse i gcómhnuighe agaibg,” .i., go sofheicse, mar a bhí sé anso ar an saoghal ’n‑a measg, agus mar atáid na boicht againn, chun cabhruighthe leó i n‑aghaidh an lae.