Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/59

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. XVII. 24
49
MAITIÚ

na ndidrachma do ghlacadh ag triall ar Pheadar, agus dubhradar leis: Ná díolann bhúr máighistir-se an didrachma? Dubhairt seisean: Díolann.[* 1] 24Agus nuair a chuadar isteach sa tigh do labhair Íosa leis ar dtúis agus dubhairt: Cad a chítear duit-se, a Shímóin? righthe na talmhan, cé uatha go nglacaid siad cíos nó cáin? an ó n‑a gclainn féin, nó ó dhaoinibh iasachta? 25Agus dubhairt seisean: Ó dhaoinibh iasachta. Dubhairt Íosa leis: D’á bhrígh sin tá an chlann saor. 26Ach i dtreó ná tabharfaimís sgannal dóibh, imthigh chun na faraige agus cait dubhán; agus an céad iasg a thiocfaidh aníos, tóg é; agus osgail a bhéal, agus gheobhair statér.[1] ann; tóg é sin agus tabhair dóibh sin é asam-sa agus asat féin.



CAIBIDIOL XVIII.

Críost gha theagasg dóibh an umhluigheacht do chleachtadh; sgannal do sheachaint; teithe ó ócáidíbh peactha; peacacha leanamhnacha do ghearán leis an Eaglais, agus a thuisgint gur cuma nú págánaigh an mhuíntir ná h‑éisteann leis an Eaglais. E ’á gheallamhaint d’á dheisgiobulaibh cumas ar cheangal agus ar sgaoíle do thabhairt dóibh, agus go mbeidh sé féin ’na gcómhthíonólaibh. Ná maithfar do’n t‑e ná maithfidh.


1An uair sin tháinig na deisgiobuil chun Íosa agus dubhradar: Dé h‑é, dar leat, an duine is mó i rígheacht na bhflathas? 2Agus do ghlaoidh Íosa chuige leanbh beag, agus chuir sé ’n‑a sheasamh ’n‑a lár é. 3Agus dubhairt sé: Go deimhin adeirim libh, mura n‑iompuighidh sibh agus bheith ar nós na leanbh, ní raghaidh sibh isteach i rígheacht na bhflathas. 4An t‑é d’á bhrígh sin, d’ísleóchaidh é féin ar nós an leinbh bhig sin, siné is mó i rígheacht na bhflathas. 5Agus an t‑é a ghlacann aon leanbh beag amháin de’n tsórd san am’ ainim-se, glacann sé mise. 6Ach an t‑é thabharfaidh sgannal do dhuine de’n mhuintir bheag so a chreideann ionam-sa, b’fhearra dhó go gcurfaí bró muilinn ar a

  1. Dob’ fhiú leath-choróinn an statér.
  1. Ver. 23. “An didrachma,” .i., leath sicle, nú leath statéir, .i. tímpal chúig phingine déag d’airgead Shasana. Cáin ab eadh é a baintí de gach duine chun seirbhíse an teampuil.