Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/60

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
50
Caib. XVIII. 7
MAITIÚ

mhuineál agus é chaitheamh isteach i ndoimhneacht na faraige.[* 1]

7Is mairg do’n domhan mar gheall ar na sgannalaibh. Ní foláir na sgannail do theacht: ach sa n‑am gcéadna is mairg an t‑é go dtagann an [1]sgannal d’á dhruím.[* 2] 8Má dheineann do lámh nó do chos sgannal duit, gearr anuas díot í, agus caith uait í; is fearra dhuit dul isteach sa bheatha ar leath-láimh nó ar leath-chois 'ná dhá láimh nó dhá chois a bheith agat agus tu chur i dteine shíoruidhe.[* 3] 9Agus má dheineann do shúil sgannal duit, strac amach í agus caith uait í; is fearra duit dul isteach ’sa bheatha ar leath-súil ’ná dul i n‑ifreann na teine agus do dhá shúil agat.

10Tugaidh aire gan neamhshuím a dhéanamh d’aoinne de’n mhuintir bheag san, mar deirim libh [2]go bhfuil radharc do shíor agá n‑aingealaibh sin ins na flathais, ar ghnúis m’Athar-sa, atá ins na flathais.

11Óir do tháinig Mac an Duine chun go sábhálfadh sé an nídh a bhí caillte. 12Cad is dóigh libh? Má bhíonn céad caora ag duine, agus go raghaidh caora acu amú, ná fágfaidh sé na naoi gcinn déag agus cheithre fichid ar na cnocaibh, agus ná h‑imtheóchaidh sé ag lorg an chinn a chuaidh amú? 13Agus má ráinigheann dó í dh’fhághail, deirim libh, go deimhin, gur mó an t‑áthas atá air mar gheall uirthi sin ’ná mar gheall ar na naoi gcinn déag agus cheithre fichid nár chuaidh amú. 14Mar an gcéadna, ní toil le nbhúr n‑Athair atá ins na flathais go gcaillfí duine de’n mhuíntir bheag san. 15Ach má dheineann do bhráthair beart ad’ choinnibh, imthigh agus cómhairligh é idir thu féin agus é féin amháin. Má éisteann sé leat, tá do bhráthair buaidhte agat. 16Mura n‑éistidh sé leat, tabhair leat duine nó beirt eile, [3]i dtreó go seasóchaidh gach focal i mbéal beirte nó trír fínnithe. 17[4]Agus mura

  1. .i. droch-shampla.
  2. Salm xxxiii. 8.
  3. Deut. xix. 15.
  4. 1 Cor. v. 9.
  1. Ver. 6. “Tabharfaidh sgannal,” .i., do chuirfidh trúig barathuisle rómpa agus cuirfidh féachaint ortha peaca dhéanamh.
  2. Ver. 7. “Ní foláir,” .i. Tá an saoghal chómh h‑olc san, chómh cuirpthe sin.
  3. Ver. 8. .i., Má’s trúig pheactha dhuit iad, .i., Má chuirid siad fhéachaint ort peaca dhéanamh.