Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/61

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. XVIII. 18
51
MAITIÚ

n‑éistidh sé leó san, innis do’n eaglais é; agus mura n‑éistidh sé leis an eaglais, bíodh sé ’n‑a phagánach nó ’n‑a phuibliocánach agat. 18Go deimhin adeirim libh, pé neithe a cheangalóchaidh sibh ar talamh, beid siad ceangailte ar neamh; agus pé neithe a sgaoilfidh sibh ar talamh, beid siad sgaoilte ar neamh.

19Agus deirim libh ’n‑a theannta san, má bhíonn beirt agaibh ar aon aigne ar talamh i dtaobh aon ruda ar bith a bheidh acu d’á iarraidh, go bhfaghaid siad an rud san a dhéanamh dóibh ó m’ Athair-se atá ins na flathais. 20Óir, an áit ’n‑a bfhuil beirt nó triúr cruinnighthe am’ ainm-se, táim-se ansan ’n‑a measg.[* 1]

21Ansan do tháinig Peadar chuige agus dubhairt, A Thighearna, an ’mó uair a dhéanfaidh mo bhráthair beart am’ choinnibh agus go maithfead dó? Chómh fada le seacht n‑uaire, an eadh? 22Dubhairt Íosa leis: Ní deirim leat chómh fada le seacht n‑uaire, ach chómh fada le seacht n‑uaire fó sheacht ndeich.

23D’á bhrígh sin, is cosmhail rígheacht na bhflathas le fear a bhí ’n‑a rí, agus gur mhian leis cúntas a shocarú le n‑a sheirbhíseachaibh. 24Agus nuair a thosnuigh sé ar an gcúntas do shocarú do tugadh chuige duine go raibh deich míle talant [1]aige air.[* 2] 25Agus nuair ná raibh aon rud aige chun na bhfiach a dhíol, d’órduigh an tighearna é féin agus a bhean, agus a chlann, agus a raibh aige, do dhíol amach agus díolfiach a dhéanamh. 26Ansan do chaith an seirbhíseach san é féin ar an dtalamh, ag guidhe an tighearna, agus dubhairt sé: Dein foidhne liom, agus díolfad an iomláine leat. 27Agus do ghlac truagh an máighistir do’n tseirbhíseach san, agus do sgaoil sé chun siubhail é, agus do mhaith sé na fiacha dó. 28D’imthigh an seirbhíseach san amach, ámhthach, agus do casadh air

  1. .i. ag an rí ar an nduine.
  1. Ver. 20. “Táimse ansan ’n‑a measg.”​—​Tuigtear an chaint sin i dtaobh cruinnighthe a bhíonn i n‑ainim Chríost agus i n‑aondacht Eagailse Chríost. Cypran Naomhtha, De Unitate Ecclesiae.
  2. Ver. 24. “Talant.”​​—​​Dob ionan talant agus 750 d’únsaíbh airid, .i., do réir choróinn an t‑únsa céad ocht ndeich a seacht de phúntaibh airgid agus deich sgillinge (£187 10s. 0d.).