Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/62

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
52
Caib. XVIII. 29
MAITIÚ

cómh-sheirbhíseach dó féin go raibh céad pingin aige air; agus do rug sé air, agus bhí sé ’ghá thachtadh, agus ’ghá rádh leis: Díol liom na fiacha atá agam ort.[* 1] 29Agus do chaith an cómh-sheirbhíseach é féin ar an dtalamh, agus dubhairt sé: Dein foidhne liom, agus díolfad leat an iomláine. 30Ní dhéanfadh, ámhthach; ach d’imthigh sé agus chuir sé sa phríosún é, go ndíolfadh sé na fiacha. 31Ach nuair a chonaic a chómh-seirbhísigh-sin cad a bhí déanta, tháinig buairt ana-mhór ortha, agus thánadar agus d’innseadar do’n tighearna gach nídh fé mar a thuit amach. 32Ansan do ghlaoidh a thighearna ar an bhfear san, agus dubhairt sé leis: A sheirbhísigh mhalluighthe, do mhaitheas-sa na fiacha go léir duit-se, toisg tu ’ghá iarraidh orm; 33Nár chóir, d’á bhrígh sin, duit-se truagh bheith agat dod’ chómh-seirbhíseach, fé mar a bhí truagh agam-sa dhuit-se? 34Agus bhí fearg ar an dtighearna, agus thug sé suas do na céasdóiribh é, go ndíolfadh sé na fiacha go léir. 35Agus sin mar a dhéanfaidh m’Athair-se atá ins na flathais libh-se é mura maithfidh gach duine agaibh d’á bhráthair, ó chroidhe.



CAIBIDIOL XIX.

Críost ghá dheimhniú go bhfuil an pósadh do-sgaoílte: agus ghá chómhaírliú dhúinn sgaramhaint le gach nídh ar a shon féin. An chontabhairt a leanann saidhbhreas á thaisbeáint aige, agus an tuarastal atá as gach nídh do thréigean ar a shon féin.


1Agus do thárla, nuair a bhí na cómhráidhte sin críochnuighthe ag Íosa, gur fhág sé Gaililí agus go dtáinig sé i gcríochaibh Iúdaéa lastall de’n Iórdan. 2Agus do lean sluagh mhór é; agus do leighis sé iad sa n‑áit sin.

3Agus tháinig na Fairisínigh chuige ’ghá thriail, agus dubhradar: An dleaghthach do dhuine a bhean do chur uaidh ar gach aon tsaghas cúise? 4Agus do fhreagair sé iad, agus dubhairt: Nár léigheabhair, [1]an t‑é chruthuigh an duine ar dtúis, gur chruthuigh sé iad firean

  1. Gen. i. 27.
  1. Ver. 28. “Céad pingin.” An t‑ochtmhadh cuid d’únsa a bhí sa phingin Rómhanach, .i., tímpal seacht bpingine goileith d’airgead na h‑aimsire seo.