Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/64

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
54
Caib. XIX. 14
MAITIÚ

ghá gcosg. 14Ach dubhairt Íosa leó: Leigidh chúgham an mhuintir bheag, agus ná coisgidh iad; óir is le n‑a leithéidí sin rígheacht na bhflathas. 15Agus nuair a chuir sé a lámha ortha, d’fhág sé an áit sin.

16Agus féach, tháinig; duine chuige agus dubhairt sé: A Mhaighístir mhaith, cad í an mhaith a dhéanfad ionus go mbeadh agam beatha shíoruidhe? 17Agus dubhairt sé leif: Cad é an trácht so agat ar mhaith? Ní’l ach Aon is maith, ’sé sin Dia. Ach má’s maith leat dul isteach sa bheatha, coimeád na n‑aitheanta. 18Deir seisean leis: Cad iad na h‑aitheanta? Agus dubhairt Íosa: [1]Ná dein marbhadh; Ná dein drúis; Na dein guid; Ná dein fiadhnaise bhréige; 19Tabhair onóir do t’athair agus dod’ mháthair; agus, grádhuigh do chómharsa mar thu féin. 20Dubhairt an t‑óigfhear leis: Choimeádas iad san go léir ó m’óige; cad eile is riachtanach dom? 21Dubhairt Íosa leis: Má’s maith leat bheith beacht, imthigh agus díol amach a bhfuil agat, agus tabhair dos na bochtaibh, agus beidh stór ar neamh agat; agus tar agus lean mise. 22Nuair airigh an t‑ógánach an chaint sin, ámhthach, d’imthigh sé agus é go buartha; mar fear ab eadh é go raibh mórán saidhbhir aige.

23Agus dubhairt Íosa le n‑a dheisgiobuil: Go deimhin adeirim libh, is deacair do’n duine saidhbhir dul isteach i rígheacht na bhfathas. 24Agus deirim airís libh é: Is usa do chamal gabháil tré chró snáthaide ’ná do’n duine saidhbhir dul isteach i rígheacht na bhflathas. 25Nuair airigh na deisgiobuil an méid sin tháinig árd-iongnadh ortha, agus dubhradar: Má ’seadh, cé fhéadfaidh dul saor? 26D’fhéach Íosa ortha agus dubhairt sé: Ní féidir so do dhaoine; ach is féidir le Dia gach nídh.

27Ansan d’fhreagair Peadar agus dubhairt sé: Féach, d’fhágamair-ne gach nídh, agus do leanamair tusa: Agus cad a bheidh d’á bhárr againn? 28Agus dubhairt Íosa leó: Go deimhin adeirim libh, sibh-se do lean mé, sa n‑aithgheineamhaint, nuair a shuidhfidh Mac an Duine i gcathaoir a ghradaim, súidhfidh sibh ar dhá chathaoir déag ag tabhairt breithe ar dhá threibh déag Israéil. 29Agus gach duine a dh’fhágfaidh a thigh, nó a dhritháracha, nó a dhriféaracha, nó

  1. Exod. xx. 13.