Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/65

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. XIX. 30
55
MAITIÚ

a athair, nó a mháthair, nó a bhean, nó á chlann, nó a chuid tailimh, ar son m’ainime-se, gheobhaidh sé fó chéad, agus beidh an bheatha shíoruidhe aige.


30Ach beidh a lán d’á bhfuil ar tusach ar deire, agus d’á bhfuil ar deire ar tusach.



CAIBIDIOL XX.

Parabal an lucht oibre sa bhfíonghort. Árd-aidhm chlainne Sebedé. A radharc á thabhairt ag Críost do bheirt dall.

1Is cosmhail rígheacht na bhflathas le fear tighe a chuaidh amach go moch ar maidin ag réidhteach le lucht oibre d’á fhíonghort. 2Agus do réidhtigh sé leis an lucht oibre ar [1]phingin sa ló, agus chuir sé ag obair iad sa bhfíonghort. 3Agus chuaidh sé amach airís tímpal an trímhadh h‑uair, agus fuair sé tuille ’n‑a seasamh díomhaoin ag áit an mhargaidh; 4Agus dubhairt sé leó: Téighidh-se, leis, isteach am’ fhíonghort-sa, agus tabharfad daoibh fé mar a bheidh ceart. Agus d’imthigheadar san. 5Agus chuaidh sé amach airís ar an sémhadh h‑uair, agus ar an naomhadh h‑uair, agus dhein sé mar an gcéadna. 6Ach do chuaidh sé amach tímpal an t‑aon uair dhéag, agus fuair sé tuille ’n‑a seasamh, agus dubhairt sé leó: Cad chuige dhaoibh bheith anso i nbhúr seasamh díomhaoin an lá go léir? 7Dubhradar leis: Mar níor réidhtigh aoinne linn. Dubhairt sé leó: Téighidh-se, leis, isteach am’ fhíonghort-sa. 8Nuair a bhí an tráthnóna ann, dubhairt tighearna an fhiónguirt le n‑a stíbhard: Glaoidh ar an lucht oibre, agus tabhair a dtuarasdal dóibh, agus turnuigh leis an muintir is déanaighe a tháinig, go dtí an mhuintir is luatha a tháinig. 9Tháinig an mhuintir a thusnuigh an obair ar uair a n‑aondéag, agus do tugadh pingin an duine dóibh. 10Ansan do tháinig an chéad mhuíntir agus mheasadar go bhfaghdís breis; ach do fuaradar san, leis, pingin an duine. 11Nuair a fuaradar é chromadar ar cheisneamh i n‑aghaidh an fhir thighe, 12Agus dubhradar: Níos dheineadar so a tháinig go déanach ach uair oibre, agus chuiris ar aon

  1. Supra xviii. 28, an nóta.

5