Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/66

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
56
Caib. XX. 13
MAITIÚ

dul leó san sinne a dh’fhuiling cruadhtan agus brothall an lae. 13Do labhair seisean le duine acu, agus dubhairt; a dhuine mhuinteartha, ní’l aon éagcóir agam ’á dhéanamh ort. Nách ar phingin a réidhtighis liom? 14Seo, tóg leat do chuid agus imthigh; ach is toil liom oiread a thabhairt do’n fhear so is déanaighe a tháinig agus atá agam ’á thabhairt duit-sé. 15An amhlaidh nách dleaghthach dom an nídh is toil liom a dhéanamh? An droch-súil atá agat, óir is duine fóghanta mise?[* 1] 16Sin mar a bheidh an mhuintir dhéanach ar tosach, agus an mhuintir thosaigh ar deire. Óir tá glaoidhte ar mhórán agus níl toghtha ach beagán.

17Bhí Íosa ag dul suas go Ierúsalem, agus ar an slígh dhó thóg sé i leith taoibh an dáréag deisgiobul, agus dubhairt sé leó: 18Féach, táimíd ag dul suas go Ierúsalem, agus tabharfar Mac an Duine suas d’uachtaránaibh na sagart agus dos na Sgríbhneóiríbh, agus daorfaid siad chun báis é. 19Agus tabharfaid siad dos na geintibh é le tarcaisniú, agus le sgiúrsáil, agus le céasadh ar chrois; agus eireóchaidh sé airís an trímhadh lá.

20Ansan tháinig chuige máthair clainne Sebedé i n‑aonfheacht le n‑a macaibh, agus do shléacht sí dhó, ag lorg ruda éigin air. 21Agus dubhairt sé léi: Cad ’tá uait? Dubhairt sí leis: Abair go suidhfid an bheirt mhac so liom-sa, duine acu ar do dheis, agus duine acu ar do chlí ad’ rígheacht. 22Ach d’fhreagair Íosa, agus dubhairt: Ní h‑eól daoibh cad ’tá agaibh ’á iarraidh. An bhfuil sibh ábalta ar an gcailís a dh’ólfad-sa d’ól? Deirid siad leis, Táimíd. 23Dubhairt sé leó: Is fíor go n‑ólfaidh sibh mo chailís; ach suidhe ar mo dheis nó ar mo chlí, ní h‑agam-sa atá san a thabhairt daoibh-se ach do’n mhuintir go bhfuil sé ceapaithe ag m’Athair dóibh. 24Agus nuair airigh an deichniubhar é, bhí fearg acu chun na beirte drithár. 25Agus do ghlaoidh Íosa chuige iad agus dubhairt: Is eól daoibh conus mar a dheinid tighearnaí na ngeinte iad do smachtú, aguf go ndeinid a ndaoine móra a gcómhacht do chur i bhfeidhm ortha. 26Ní mar sin a

  1. Ver. 15. “An nídh is toil liom,” .i. lem’ chuid féin, agus i neithibh atá ag brath ar m’fhóghantacht féin.