Jump to content

Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/56

From Wikisource
This page has been proofread.
46
Caib. XVI. 20
MAITIÚ

bhflathas; agus pé rud a cheangalóchair ar talamh, beidh sé ceangailte ins na flathais; agus pé rud a sgaoilfir ar talamh, beidh sé sgaoilte ins na flathais.[* 1] 20Ansan d’órduigh sé d’á dheisgiobulaibh gan a dh’innsint d’aoinne gur bh’é féin Íosa Críost.

21Ansan do thosnuigh Íosa ar a thaisbeáint d’á dheisgiobuil nár bhfoláir é féin a dhul go Ierúsalem agus mórán d’fhulang ós na sínsearaibh agus ós na Sgríbhneóiríbh agus ó uachtaránaibh na sagart, agus a chur chun báis, agus a aiseirighe an trímhadh lá. 22Agus do thóg Peadar é, agus chrom sé ar aighneas leis, agus dubhairt sé: Abhfad uait-se sin, a Thighearna. Ní thiocfaidh san ort-sa.[* 2] 23Agus d’iompuigh seisean agus dubhairt sé le Peadar: Imthigh lastiar díom a Shátain; cuireann tu seirbhthean orm; mar ní h‑iad na neithe a bhaineann le Dia a thaithneann leat-sa ach na neithe a bhaineann le daoine.

24Ansan dubhairt Íosa le n‑a dheisgiobuil: Ma’s áil le h‑aoinne teacht am’ dhiaidh-se, séanadh sé é féin, agus tógadh sé a chros, agus leanadh sé mé. 25Mar, an t‑é gur mian leis a anam do shábháil, caillfidh sé é; ach an t‑é a chaillfidh a anam ar mo shon-sa, gheóbhaidh sé é.

    chiallmhair úd (N. Mait. vii. 24, 25).—Ibid. “Geataí ifrinn, ⁊rl.” .i., cómhachta an dorchadais agus gach ar féidir do Shatan agus d’á chuallacht a dhéanamh. Óir, ó samhaltar anso an Eaglais le tig nú le dún a bheadh déanta ar charaig, samhaltar cómhachta a namhad le tig eile a bheadh n‑a coinnibh, agus deirtear na buadhfid na cómhachta eile sin, .i., geataí an tighe eile sin, go deó i gcoinnibh catharach nú i gcoinnibh Eaglaise Chríost. Tugann san deimhne dhúinn nách baoghal go bhféadfidh adhradh déithe fallsa ’ná eiricideacht, ’ná aon tsaghas eile éithigh, buachtaint choidhche ar Eaglais Chríost.

  1. Ver. 19. “Sgaoílfir ar talamh.”—Logha a tugtar ar sgaoíle o’n bpionós aimsire, do leanann an peaca. Agus isí an chómhacht a dheineann an sgaoíle sin do tugtar anso.
  2. Ver. 22. “Agus do thóg Peadar é,” .i. Do thóg Peadar i leith taoibh leis é, agus tré mhéid a ghrádh dhó, agus na h‑urama a bhí aige dhó, agus a dhíograise dhó, do chrom sé ar thathant air agus ar chur n‑a choinnibh, agus ar a rádh: “A Thighearna, abhfad uaitse bar d’fhulag.” Ach dubhairt an Tighearna le Peadar, “Imthigh,” ⁊rl.—D’fhéadfadh na focail sin a chiallú, “Imthigh uaim.” Ach deir na h‑Athaireacha Naomhtha gur chialluighdar a mhalairt sin, .i., gur chialluighdar “tar am dhiaidh,” agus gur b’amhlaidh adubhairt an Tighearna le Peadar gabháil leis i bhfulag i n‑inead bheith ag cur i gcoinnibh toile Dé; agus go gcialluigheann an focal san, “Sátan,” sa n‑Eabhrais, “adbhersárius,” .i. “toirmisgóir.”