Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/57

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. XVI. 26
47
MAITIÚ

26Mar, cad é an tairbhe do dhuine an domhan go léir a bhuachtaint, má dheineann sé a anam féin a chailleamhaint? nó cad í an mhalairt a dhéanfaidh duine ar a anam féin? 27Óir tá Mac an Duine chun teacht i nglóire a Athar mar aon le n‑a aingealaibh;[1] agus ansan tabharfaidh sé do gach duine do réir a ghníomhartha. 28Go deimhin adeirim libh, tá cuid d’á bhfuil ’n‑a seasamh anso agus ní bhlaisfid siad bás go bhfeicfid siad Mac an Duine ag teacht ’n‑a rígheacht.



CAIBIDIOL XVII.

An t‑Atharú gné ar Chríost. An leanbh a bhí n‑a gheilt d’á leigheas aige. D’innis sé a pháis a bheith ag teacht, agus dhíol sé an didrachma.

1Agus sé lá ’n‑a dhiaidh san do thóg Íosa leis Peadar agus Séamus agus Eóin, a dhritháir-sin, agus do rug sé suas iad go bárr cnuic aoírd, fé leith, 2Agus tháinig athrúghadh cló air ós a gcómhair. Agus tháinig taitneamh ’n‑a ghnúis ar nós na gréine, agus d’iompuigh a chuid éadaigh chómh geal le sneachta. 3Agus féach, do chonacadar Maois agus Elias agus iad ag caint leis. 4Agus d’fhreagair Peadar agus dubhairt sé le h‑Íosa: A Thighearna, is maith an bhail orainne bheith anso; má’s áil leat deinimís anso trí puible, pubal duit-se, aguf pubal do Mhaois, agus pubal d’Elias. 5Le linn na cainte sin do rádh dhó, féach, do chlúdaigh sgamall soillseach iad; [2]agus féach, guth as an sgamall, agus dubhairt: sidé mo Mhac dílis ar a bhfuil mo ghreann: éistidh leis. 6Agus nuair airigh na deisgiobuil an guth, do thuiteadar ar a n‑aghaidh, agus eagla mór ortha. 7Agus tháinig Íosa agus chuir sé a lámh ortha, agus dubhairt sé leó: Eiríghidh, agus ná bíodh eagal oraibh. 8Agus d’fhéachadar suas, agus ní fheacadar aoinne ach Íosa féin. 9Agus ag teacht anuas ó’n gcnoc dóibh dubhairt Íosa leo: Ná h‑innsidh d’aoinne an radharc go n‑eirighidh Mac an Duine ós na mairbh.

10Agus d’fhiafraigh na deisgiobuil dé: Agus cad chuige go ndeir na Sgríbhneóirí nách foláir Elias do

  1. Gníomh. xvii. 31; Rómh. ii. 6.
  2. Supra iii. 17; 2 Pead. i. 17.