Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/78

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
68
Caib. XXIV. 3
MAITIÚ

3Agus do shuidh sé ar chnoc Olibhet, agus tháinig a dheisgiobuil chuige a gan fhios, agus dubhradar: Innis dúinn cathain a thuitfid na neithe seo amach, agus cad a bheidh mar chómhartha ar do theacht-sa, agus ar dheire an tsaoghail. 4Agus dubhairt Íosa leó ’ghá bhfreagra: [1]Seachnaidh agus ná cuireadh aoinne amú’ sibh.

5Óir tiocfaid a lán am’ ainim-se agus déarfaid siad, Is mise Críost; agus meallfaid siad a lán. 6Agus aireóchaidh sibh cogaí agus ráflaí ar chogaíbh. Seachnaidh agus ná bíodh buaireamh oraibh; mar ní foláir na neithe sin do theacht, ach ní h‑é an deire fós é. 7Óir eireóchaidh cine i n‑aghaidh cine, agus rígheacht i n‑aghaidh rígheachta; agus beidh galair, agus gorta, agus luasgadh talmhan, ar fuid áiteana. 8Tosach na dtrioblóidí, ámhthach, iad san go léir. 9Ansan cuirfid siad sibh-se i gcruadhtan, agus cuirfid siad chun báis sibh; agus beidh fuath ag na geintibh go léir daoibh mar gheall ar m’ainim-se. 10Ansan glacfaidh a lán daoine sgannal, agus déanfaid siad feall ar a chéile, agus beidh fuath acu d’á chéile. 11Agus eireóchaid a lán fáidhí fallsa, agus meallfaid siad a lán. 12Agus toisg an mhalluightheacht a bheith iomarcach fuarfaidh an charthanacht i n‑a lán. 13Ach an t‑é a bheidh seasamhach amach go deire, raghaidh sé saor. 14Agus craobhsgaoilfar an soisgéal so na rígheachta tríd an ndomhan go léir mar fhiadhnaise do sna geintibh go léir; agus ansan tiocfaidh an críochnú.

15D’á bhrígh sin, nuair a chífidh sibh [2]gráin an léirsgriosa, ar ar labhair Daniel fáidh, ’n‑a seasamh sa n‑áit naomhtha: an t‑é a léighfidh, tuigeadh: 16Ansan an mhuintir atá i n‑Iúdéa teithidís chun na gcnoc; 17Agus an duine ar bhuaic an tighe, ná téigheadh sé síos chun aon rud a bhreith as a thigh leis; 18Agus an duine sa pháirc ná filleadh sé a d’iarraidh a bhrait. 19Is mairg do lucht clainne dh’iompar, ámhthach, agus do lucht oileamhna, ins na laethibh sin. 20Ach guídhidh gan bhúr dteithe bheith sa gheimhreadh ná ar an sabbóid. 21Óir beidh buaireamh mór an uair sin, ná raibh a leithéid ó thosach an domhain go dtí so, agus ná beidh. 22Agus mura gciorruightí na lae-

  1. Eph. v. 6; Col. ii. 18.
  2. Dan. ix. 27.