Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/89

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. XXVI. 60
79
MAITIÚ

léir ag lorg fiadhnaise bréige i n‑aghaidh Íosa, chun go ndaorfaidís chun báis é; 60Agus do theip ortha, bíodh go dtáinig a lán fínnithe bréige suas. Fé dheire tháinig beirt fhínnithe bréige, 61Agus dubhradar: Deir sé seo: Tá ar mo chumas-sa teampal Dé do leagadh, agus é chur suas airís i gceann trí lá. 62Ansan d’eirigh an t‑árd-shagart ’n‑a sheasamh, agus dubhairt sé leis: Ná h‑abrann tú focal leis na neithibh atá acu so d’a dhearbhughadh ort? 63Ach níor labhair Íosa. Agus dubhairt an t‑Árd-shagart leis: Iarraim ort i n‑ainim Dé atá beó go neósfa dhúinn an tu an Críost, Mac Dé. 64Dubhairt Íosa leis: Dubhraís é. Ach ní lúgha adeirim-se libh-se, [1]Chífidh sibh ’n‑a dhiaidh so Mac an Duine ’n‑a shuidhe ar deasláimh nirt Dé, agus ag teacht i néallaibh neimhe. 65Ansan do strac an t‑árdshagart a chuid éadaigh, agus dubhairt: Tá diamhasla déanta aige; cad is gádh dhúinn a thuille fínnithe? Féach, anois do chloiseabhair an diamhasla: 66Cad a chítear daoibh? Agus dubhradar san ’ghá fhreagra: Tá bás tuillte aige. 67[2]Ansan do chaitheadar seilí sa n‑aghaidh air, agus bhuaileadar le dóirnibh é; agus bhuail cuid eile acu le n‑a mbasaibh sa n‑aghaidh é, 68Agus deiridís: Targair dúinn, a Chríost, cé h‑é a bhuail tu?

69Ach bhí Peadar ’n‑a shuidhe amuigh sa ríghtheaghlach; agus tháinig duine de sna cailíníbh chuige, agus dubhairt sí: Bhís-se, leis, i bhfochair Íosa, an Gaililíach. 70Agus do shéan seisean os a gcómhair go léir, agus dubhairt sé: Ní fheadar cad ’tá agat d’á rádh. 71Agus bhí sé ag gabháil an dorus amach, agus chonaic cailín eile é, agus dubhairt sí leis na daoine a bhí láithreach: Bhí sé seo, leis, i bhfochair Íosa, an Nasarénach. 72Agus do shéan seisean airíf agus do dhearbhuigh sé: Ní’l aon aithne agam ar an nduine. 73Agus tar éis tamaill bhig tháinig na daoine a bhí láithreach agus dubhradar le Peadar: Go deimhin is díobh súd tusa, mar nochtann do chaint tú. 74Ansan do chrom sé ar a dheimhniú agus ar a dhearbhú ná raibh aon aithne aige ar an nduine. Agus le n‑a linn sin do ghlaoidh an coileach. 75Agus do chuímhnigh

  1. Supra xvi. 27; Rómh. xiv. 10; 1 Tess. iv. 16.
  2. Isaias l. 6.