Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/90

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
80
Caib.XXVI. 75
MAITIÚ

Peadar ar an bhfocal úd adubhairt Íosa: Sar a nglaoidhfidh an coileach séanfair-se mise trí h‑uaire. Agus d’imthigh sé amach, agus do ghoil sé go dúbhach.



CAIBIDIOL XXVII.

Tuairisg páise Chríost ar leanmhaint. A bhás agus a adhlacadh.


1Agus nuair a tháinig an mhaidion, chuaidh uachtaráin na sagart go léir agus seanóirí an phobuil i gcómhairle i n‑aghaidh Íosa, chun go gcurfidís chun báis é. 2Agus thugadar leó é gabhtha, agus thugadar suas é do Phontius Pílát, an riaghaltóir.

3Ansan nuair a chonaic Iúdás, a dhíol é, go raibh sé daor chun báis, tháinig aithreachas air, agus thug sé an tríochad píosa airgid thar n‑ais ag triall ar uachtaránaibh na sagart agus an na seanóiribh. 4Agus dubhairt sé: Dheineas peacadh, mar do dhíolas fuil neamh-chiontach. Ach dubhradar san: Cad é sin dúinne sin? Bíodh ort féin. 5Ansan do chaith sé na píosaí airgid isteach sa teampul, agus d’fhág sé an áit, agus d’imthigh sé [1]agus do chroch sé é féin le téid. 6Agus do thóg uachtaráin na sagart na píosaí airgid agus dubhradar: Ní ceart iad do chur sa chorbóna, mar is airgead fola iad.[* 1] 7Ach dheineadar cómhairle, agus cheannuigheadar leó páirc an photadóra, chun daoine iasachta d’adhlacadh ann. [2]8Mar gheall air sin do tugadh ar an bpáirc sin Haceldama, ’sé sin, Páirc na fola, go dtí an lá fo. 9Ansan iseadh do cómhlíonadh an chaint adubhairt Ieremias fáidh, mar a ndubhairt sé: [3]Agus do ghlacadar tríochad píosa airgid, luach an t‑é a luadhadh, an t‑é a luadhdar a’ clannaibh Israéil, 10Agus thugadar iad ar pháirc an photadóra, fé mar a cheap an Tighearna dhom.

  1. Ver. 6. “Corbóna.”—Áit sa teampul i n‑a gcuireadh na daoíne na tabhartaistí, nú an ofráil a thugaidís uatha.