Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/91

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. XXVII. 11
81
MAITIÚ

11Agus bhí Íosa ’n‑a sheasamh os cómhair an riaghaltóra agus do cheistigh an riaghaltóir é, agus dubhairt fé: An tusa rí na nIúdach? Dubhairt Íosa leis: Deir tú é. 12Agus nuair a chuir uachtaráin na sagart agus na seanóirí neithe ’n‑a leith, níor thug sé aon fhreagra ortha. 13Ansan dubhairt Pílát leis: Ná h‑airigheann tú na neithe móra a chuirid na fínnithe ad’ leith? 14Agus níor thug sé freagra air do fhocal ar bith; i dtreó go raibh árd-iongnadh ar an riaghaltóir.

15An lá solmanta san, ámhthach, ba ghnáth leis an riaghaltóir aon chime amháin do leigint saor chun na ndaoine, pé cime ba mhaith leó. 16Bhí aige an uair sin árd-chime, agus Barabbas ab ainim dó. 17Do chruinnigh Pílát iad, agus dubhairt fé: Cé is toil libh a leigfinn saor chúghaibh, Barabbas nó Íosa ar a dtugtar Críost? 18Mar bhí fhios aige gur le formad a dheineadar é thabhairt chun lámha. 19Agus bhí sé ’n‑a shuidhe ’n‑a chathaoir bhreitheamhantais, agus chuir a bean teachtaireacht chuige, agus dubhairt sí: Ná bíodh aon bhainc agat leis an nduine fíoraonta san; óir tá a lán fuiluingte agam indiu mar gheall air, tré aisling. 20Ach do chuir uachtaráin na sagart agus na seanóirí na daoine suas chun Barabbais do thoghadh, agus Íosa do dhíthiú. 21Agus d’fhreagair an riaghaltóir agur dubhairt sé leo: Cé’cu de’n bheirt is maith libh a leigfinn saor? Agus dubhradar san: Barabbas. 22Dubhairt Pílát leó: Agus cad a dhéanfad i dtaobh Íosa, ar a dtugtar Críost? Dubhradar go léir: Céasdar é. 23Dubhairt an riaghaltóir leó: Ach cad é an t‑olc atá déanta aige? Ach do liúghadar níb’ aoirde: Céasdar é. 24Nuair a chonaic Pílát ná raibh ag eirighe leis, ach gur toirmeasg a bhí ag teacht, fuair sé uisge, agus do nigh sé a lámha os cómhair na ndaoine, agus dubhairt sé: Táim-se saor ar fhuil an fhíoraoin seo; oraibh-se bíodh. 25Agus d’fhreagair na daoine go léir: A chuid fola orainne agus ar ár sliocht. 26Ansan do leig sé saor chúcha Barabbas, agus thug sé Íosa suas dóibh le céasadh, tar éis a sgiúrsála.

27Ansan do thóg saighdiúirí an riaghaltóra Íosa leó[1]

  1. Salm xxi. 17.