Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/49

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. XIV. 8
39
MAITIÚ

bhuigh sé go dtabharfadh sé dhi pé rud d’iarfadh sí air. 8Dubhairt sise, óir do chuir a máthair suas chuige í: Tabhair dhom ar mhéis ceann Eóin Baiste. 9Tháinig buairt ar an rí; ach mar gheall ar an ndearbhú, agus mar gheall ar an gcuideachtain a bhí láithreach, d’órduigh sé é thabhairt di. 10Agus chur sé daoine uaidh agus bhain sé an ceann d’Eóin sa phríosún. 11Agus tugadh a cheann i láthair, ar mhéis; agus do tugadh do’n chailín é, agus do rug sise ag triall ar amáthair é. 12Agus tháinig a dheisgiobuil agus do rugadar leó a chorp, agus d’adhlacadar é; agus thánadar agus d’innseadar é d’Íosa.


13Agus nuair airigh Íosa é, d’imthigh sé ó’n áit sin, i luing bhig, isteach i bhfásach uaigneach; agus nuair a dh’airigh na daoine san, do leanadar é ’n‑a gcuis as na catharachaibh.

14Agus tháinig sé amach agus chonaic sé an tsluagh mhór, agus tháinig truagh aige dhóibh, agus do leigis sé na daoine gan sláinte a bhí ortha. 15Agus nuair a tháinig an tráthnóna tháinig a dheisgiobuil chuige, agus dubhradar: Fásach iseadh an áit seo, agus tá an aimsir imthighthe. Leig uait na daoine, go dtéighid siad isteach ins na sráidibh agus go gceannaighid siad bia dhóibh féin. 16Agus dubhairt Íosa leo: Ní gádh dhóibh imtheacht; Tugaidh-se rud le n‑ithe dhóibh. 17Agus d’fhreagradar é: [1]Ní’l anso againn ach chúig bhulóga agus dhá iasg. 18Agus dubhairt sé: Tugaidh chúgham anso iad san. 19Agus dubhairt sé leis na daoine suidhe ar an bhféar; agus thóg sé na chúig bhulóga agus an dá iasg, agus d’fhéach sé suas chun neimhe agus bheannuigh sé iad, agus bhris sé iad, agus thug sé dos na deisgiobuil iad, agus thugadar-san dos na sluaightibh iad; 20Agus d’itheadar go léir, agus bhí a ndóithin acu. Agus do tógadh an fuighleach, dhá chiseán déag lán d’arán bhriste. 21Agus isé méid daoine a dh’ith bia ann, chúig mhíle fear, gan bac do mhnáibh agus do mhion-daoine.

22Agus láithreach ’n‑a dhiaidh san do chuir Íosa dh’fhiachaibh ar a dheisgiobulaibh dul ar bórd na luinge bige agus

4