Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/86

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
76
Caib. XXVI. 27
MAITIÚ

agus dubhairt: Glacaidh agus ithidh: Is é mo chorp é seo.[* 1] 27Ansan do thóg sé an chailís agus ghaibh sé buidheachas: agus thug sé dhóibh, agus dubhairt: Ólaidh go léir as so.[* 2] 28Óir is í mo chuidh fola, fuil au tiomna nua, í seo a doirtfar ar son a lán chun peacaí do mhaitheamh.[* 3] 29Deirim libh, ámhthach: Ní ólfad airís de’n toradh so na fíneamhna go dtí an lá san ’n‑a n‑ólfad é go nua mar aon libh-se i rígheacht m’Athar.[* 4]

30Agus tar éis himna do rádh dhóibh, chuadar amach go cnoc Olibhet.

31Ansan dubhairt Íosa leó: Glacfaidh sibh go léir sgannal umam-sa anocht. Óir tá sgríobhtha: [1]Buailfad an t‑aodhaire agus sgaipfar caoire an tréada.[* 5] 32Ach tar éis aiseirighthe dhom raghad rómhaibh sa nGaililí. 33Agus dubhairt Peadar ’ghá fhreagra: Bíodh go nglacfaidh an uile dhuine sgannal umat, ní ghlacfad-sa sgannal

  1. Zach. xiii. 7.
  1. Ver. 26. “Isé mo chorp é seo.”—Ní deir sé, “figiúir mo chuirp é seo,” ac “Isé mo chorp é seo.” (An tarna Cómhairle ag Níce, acht a 6.) Ná ní deir sé “sa nídh seo atá mo chorp,” ná “ag an nídh séo atá mo chorp,” ach lom díreach, “Isé mo chorp é seo,” caint a thugann transubstantiátio le tuisgin go soiléir.
  2. Ver. 27. “Ólaidh go léir as so," Do labhradh an chaint sin leis an daréag Asbol, mar bhíodar go léir láithreach, agus d’óladar go léir as, mar adeir, Marc. xiv. 23. Ach ní thaisbeánann san go bhfuil ar na Críostaidhthibh go léir ól as an gcailís; ach chómh beag agus a thaisbeánann sé go bhfuil ceangailte ortha go léir an chonsecrátio do déanamh, nú an Corp Naomhtha do raint ar an bpobul, de bhrígh gur órduigh Críost dos na h‑Asboil an uair chéadna an nídh sin do dhéanamh, nuair adubhairt sé (Lúc. xxii. 19) “déinidh an nídh seo mar chuímhneamh ormsa.”
  3. Ver. 28. “Fuil an tiomna nua.”—Fé mar a thiodhnaic Maoís an seana-thiomna le fuil na neithe a h‑ídhbireadh, nuair adubhairt se: “fuil an tiomna an fhuil seo,” ⁊rl. (Eabhraigh. ix. 20.), ar an gcuma gcéadna, tíodhnactar agus curtar ar bun, an tiomna nua anso, i bhfuil Chríost, dá dortadh go rúndiamharach, leis na focalaibh seo “Isí mo chuid fola í seo, fuil an tiomna nua,” ⁊rl.
  4. Ver. 29. “Toradh na fíneamhna.”—Do réir chúntais Lúcáis, xxii. 18, ní h‑ar chailís an tsácramínt do labhradh na focail sin ach ar an bhfíon a h‑óladh leis an uan cásga. Ach d’fhéadfí “toradh na fíneamhna” do thabhairt ar chailís an tsácramínt leis, oír is ó fhíon do coisreacadh é agus do lean air gné an fhíona agus cáilídheachtaí eile an fhíona.
  5. Ver 31. “Sgannal umam-sa,” .i., de bhrígh go gcuirfidh mo ghabháil fhéachaint oraibh go léir teithe agus me thréigean.