Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/51

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. XV. 1
41
MAITIÚ


CAIBIDIOL XV.

Na Sgríbhneóirí d’á n‑imdheargadh ag Críost. Inghean na mná ó Chanaan, agus a lán eile d’á leigheas aige agus bia aige ’á thabhairt do cheithre mhíle duine le seacht mbológaibh.


1Ansan do tháinig Sgríbhneóirí agus Fairisínigh ag triall air ó Ierúsalem, agus dubhradar: 2Cad chuige go mbrisid do dheisgiobhuil-se nósa na sean? Óir ní níghid siad a lámha nuair a chaithid siad bia. 3Agus d’fhreagair sé iad, agus dubhairt: Cad chuige go mbriseann sibh-se dlígh Dé ar son bhúr sean-nós? Óir deir Dia: [1]4Tabhair do t’ athair agus do d’ mháthair onóir; agus, [2]An t‑é déanfaidh easgaine ar a athair nó ar a mháthair curtar chun báis é. 5Deir sibh-se, ámhthach, Pé duine adeir le n‑a athair nó le n‑a mháthair, Gach tabharthas d’á dtugaim-se uaim, [3]beidh a thairbhe agat-sa;[* 1] 6Agus ní onórfaidh sé a athair ná a mháthair; agus tá aithne Dé curtha agaibh ar neamhnídh ar son bhur sean-nós. 7A chluanaidhthe, is maith a thargair Isáias i nbhúr dtaobh nuair adubhairt sé: [4]8Onóraid na daoine seo mé le n‑a mbéal, ach is fada uaim atá a gcroidhe. 9Agus is onóir gan bunús a thugaid siad dom, ag múineadh teagaisg agus aitheanta daoine.[* 2]

  1. Exod. xx. 12; Deut. v. 16.
  2. Exod. xxi. 17; Lebhit. xx. 9.
  3. .i. Nuair a bhronnaim ar Dia é bronnaim ort-sa é.
  4. Isáias xxix. 13.
  1. Ver. 5. “Gach tabharthas,” ⁊rl., .i., an ofráil a dhéanfadsa chun Dé beidh sí i n‑inead an chostais a chaithfinn a dhéanamh chun do thairbhthe-se. Nós é sin a bhí ag na Fairisínigh, .i., dá dtugadh an chlann do’n teampall agus dos na sagairt an chuid a bhí ortha a thabhairt d’á n‑athair agus d’á mháthair do shaorfadh san iad ó n‑a thuille de dhuadh athar ’ná máthar fághail; d’fhág san ag na Fairisínigh an saidhbhreas ba cheart a thabhairt do n athair agus do’n mháthair. Bhí san i gcoinnidh dlíghe Dé agus i gcoinnibh dlíghe nádúra, agus dubhairt ár Slánuightheóir go raibh.
  2. Ver. 9. “Aitheanta daoine.”—Na teagaisg agus na h‑aitheanta do lochtuighthear anso, is neithe i gcoinnibh dlíghe Dé iad (mar atá faillighe i n‑athair agus i máthair agus an chuid ’á thabhairt do Dhia mar dh’eadh), nú is neithe gan bhrígh gan tairbhthe iad, gan aon chonghnamh chun deagh-mhóideachta, mar atá, níghe lámh, ⁊rl., gan suim i nglaine an chroidhe. Ach i dtaobh riaghalta agus