Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/52

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
42
Caib. XV. 10
MAITIÚ

10Agus do ghlaoidh sé chuige an pobul, agus dubhairt sé leó: Cloisidh agus tuigidh: 11Ní h‑é an rud a théigheann isteach sa bhéal a shailigheann an duine, ach an rud a thagann amach as an mbéal, siné a shailigheann an duine.[* 1] 12Ansan do tháinig a dheisgiobuil chuige, agus dubhradar leis. An eol duit go bhfuil sgannal glacaithe ag na Fairisínigh ó airigheadar an focal san? 13Ach d'fhreagair seisean: Gach curadóireacht nár chuir m'Athair neamhdha-sa, stracfar as a phréacaibh é. 14Sgaoilidh leó san; giollaí dalla ag dallaibh iseadh iad; agus má dheineann dall giollacht ar dhall, tuitfid said araon sa díg. 15Agus d'fhreagair Peadar agus dubhairt: Mínig dúinn an tsoluíd úd. 16Agus dubhairt seisean: Agus an bhfuil sibh-se féin gan tuisgint fós? 17Ná tuigeann sibh, gach nídh a théigheann isteach sa bhéal, go dtéigheann sé síos sa bholg, agus go n‑imthigheann sé sa bhfiailteach? 18Ach na neithe a thagann as an mbéal, is ó'n gcroidhe a thagaid siad; agus isiad a shailigheann an duine. 19Óir is amach as an gcroidhe a thagaid droch-smuínte, dún-mharbhadh, adhaltranas, striapachas, gadaidheacht, leabhair éithigh, diamhasla; 20Siniad a shailigheann an duine; Agus ní bia a dh'ithe gan lámha do níghe a shailigheann an duine.

    aitheanta na h‑Eagailse Naomhtha, mar gheall ar trosgadh agus ar laethantaibh saoire, ⁊rl., ní’l aon rud i gcoinnibh dlíghe Dé ionta san, ach a mhalairt. Neithe iseadh iad atá taithneamhach le toil naomhtha Dé agus ana-thairbhtheach do chráibhtheacht na gCríostaidhthe. Agus ní féidir “aitheanta daoine” thabhairt ortha, óir ní h‑ó úghdarás daoine a thánadar ach ó’n úghdarás a thug Críost féin dá Eaglais nuair a chuir sé ar bun í, agus nuair órduigh sé dhúinn bheith úmhal d’á cléir díreach mar a bheimís umhal dó féin.

  1. Ver. 11. "Ní h‑é an rud a théigheann isteach sa bhéal," ⁊rl. Ní féidir d'aon tsalachar bídh, 'ná d' aon tsalachar lámh le linn an bhídh a dh'ithe, salachar, nú truailliú, do chur ar an anam. Ní'l chun é sin do dhéanamh ach an peaca amháin, .i., easúmhluígheacht i n‑aghaidh dlíghe Dé. Nuair a dh' ith Ádhamh ubhal na h‑aithne ní h‑é an t‑ubhal a thruailligh é ach an easumhluígheacht a dhein sé i n‑aghaidh dlíghe Dé. B'é an sgéal céadna é do'n Iúdach dá n‑itheadh sé muic-fheóil fé'n seandlígh, nú ag an gCríostaídhe i n‑aimsir na n‑Asbol, dá n‑itheadh sé fuil, nú ag aon Chríostaídhe anois dá mbriseadh sé aithne na h‑Eagailse le gan trosgadh dhéanamh lá trosgaidh. Ins na cásanaibh sin go léir ní leis an mbia do truailleófí an t‑anam ach leis an bpeaca a déanfí nuair a brisfí go toiltheanach dlígh Dé, nú an dlígh a dheinenn an Eaglais agus úghdarás ó Dhia aici chuige.