Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/70

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
60
Caib. XXI. 31
MAITIÚ

eile, agus dubhairt sé an rud céadna. Agus d’fhreagair seisean agus dubhairt: Raghad; agus níor chuaidh. 31Cia ’cu de’n bheirt a dhein toil a athar? Dubhradar-san: An chéad fhear. Dubhairt Íosa leó: Go deimhin adeirim-se libh-se, raghaid na puibliocánaigh agus na striapacha isteach i bhflathas Dé rómhaibh-se. 32Óir thaínig Eóin chughaibh i slígh na fíoraontachta, agus níor chreideabhair é; ach do chreid na puibliocánaigh agus na striapacha é; ach do chonacabhair-se, agus níor dheineabhair aithrighe ’n‑a dhiaidh san ionus go gcreidfeadh sibh é.

33Éistidh le soluíd eile. [1]Bhí fear tighe ann agus chuir sé fíonghort, agus chuir fé fál tímpal air, agus dhéin sé fásgadóir ann, agus chuir sé suas túr ann, agus chuir sé chun lucht saothruighthe é, agus d’imthigh sé go dúthaigh iasachta. 34Agus nuair a bhí aimsir na dtorthaí ag teacht, chuir sé a sheirbhísigh ag triall ar an lucht saothruighthe go nglacfaidís an toradh dhó. 35Ac do rug an lucht saothruighthe ar na seirbhísigh, agus ghabhadar ar dhuine acu, agus mharbhuigheadar duine acu, agus ghabhadar do chlocaibh i nduine acu. 36Ansan do chuir sé seirbhísigh eile ag triall ortha airís, níba mhó ’ná au chéad chuid agus thugadar an cor céadna ortha. 37Fé dheire, ámhthach, do chuir sé a mhac féin ag triall ortha, agus dubhairt sé: Beidh uraim acu do m’ mhac. 38Nuair a chonaic an lucht saothruighthe an mac, dubhradar eatartha féin: Sidé an t‑oighre; téanam agus marbhuighmís é, agus beidh an oighreacht againn. 39Agus do rugadar air, agus chuireadar amach as an bhfíonghort é, agus mharbhuigheadar é. 40D’á bhrígh sin, nuair a thiocfaidh tighearna an fhíonghuirt, cad a dhéanfaidh sé leis an lucht saothruighthe sin? 41Deirid siad leis: Tabharfaidh sé droch-íde ar na cuirptheachaibh sin, agus cuirfidh sé a fhíonghort chun lucht saothruighthe eile, a thabharfaidh toradh dhó i n‑aimsir na dtorthaí.

42Dubhairt Íosa leó: Nár léigheabhair riamh sa sgríbhinn: [2]An chloch d’ár diúltuigh na saoir, isí atá ’n‑a cloich cinn chúinne: Isé an Tighearna do dhein é sin, agus is iongantach é i n‑ár súilibh-ne. 43D’á bhrígh sin adeirim libh go dtógfar uaibh-se rígheacht Dé, agus go dtabharfar í do

  1. Isáias v. i; Ierem. ii. 21.
  2. 2 Salm cxvii. 22.