Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/69

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. XXI. 19
59
MAITIÚ

ocras air; 19Agus chonaic sé crann fíge i n‑aice an bhóthair, agus tháinig sé chuige, agus ní bhfuair sé aon nídh air ach duilleabhar, agus dubhairt sé leis: Nár fhásaidh toradh ar so amach go bráth ort-sa. Agus d’fheóch an crann fíge láithreach. 20Agus chonaic na deisgiobuil san, agus bhí iongnadh ortha, agus deiridís: Conus a d’fheóch sé chómh tapaidh? 21Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt sé leó: Go deimhin adeirim libh, má bhíonn creideamh agaibh, agus ná staonfaidh sibh, déanfaidh sibh, ní h‑amháin an nídh seo an chrainn fíge, ach má deireann sibh leis an gcnoc so, Tóg agus caith thu féin isteach sa bhfaraige, déanfar é. 22Agus gach nídh ar bith a dh’iarrfaidh sibh i n‑úrnuighthe, má bhíonn creideamh agaibh, gheobhaidh sibh é.


23Agus nuair a tháinig sé isteach sa teampul, agus bhí sé ag teagasg, tháinig chuige uachtaráin na sagart agus seanóirí na ndaoine, agus dubhradar: Cad é an t‑úghdarás atá agat-sa chun na neithe seo a dhéanamh? agus cé thug duit an t‑úghdarás? 24D’fhreagair Íosa agus dubhairt sé leó: Cuirfad-sa, leis, aon cheist amháin chughaibh-se, agus má réidhtigheann sibh dom í, neósfad-sa dhaoibh-se, leis, cad é an t‑úghdarás atá agam chun na neithe seo dhéanamh. 25Cá dtáinig an baiste a dhein Eóin? an ó neamh a tháinig sé, nó an ó dhaoinibh? Agus dheineadar-san machtnamh eatartha féin, agus dubhradar: 26Má abraimíd gur ó neamh é, déarfaidh sé, Má ’seadh, cad ’n‑a thaobh nár chreideabhair é? Ach má abraimíd gur ó dhaoinibh, is baoghal dúinn na daoine; mar [1]fáidh ab eadh Eóin acu. 27Agus d’fhreagradar Íosa agus dubhradar, Ní fheadramair. Agus dubhairt seisean leó: Ní lúgha ’ná mar a neósfad-sa dhaoibh-se cad é an t‑úghdarás atá agam chun na neithe seo dhéanamh.

28Ach cad é bhúr dtuairim? Bhí beirt mhac ag fear áirithe, agus tháinig sé chun an chéad mhic, agus dubhairt sé leis: A mhic, imthigh indiu agus dein obair am’ fhíonghort. 29Agus d’fhreagair seisean agus dubhairt: Ní h‑áil liom. I n‑a dhiaidh san áin, tháinig aithreachas air, agus do chuaidh sé. 30Ansan tháinig [2]sé chun an mhic

  1. Supra xiv. 5.
  2. .i. an t‑athair.