Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/18

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
8
Caib. IV. 7
MAITIÚ

7Dubhairt Íosa leis: Tá rud eile sgríobhtha, leis: [1]Ná dein fromhadh ar do Thighearna Dia. 8Ansan do rug an t‑Áirseóir leis é go mullach cnuic a bhí ana-árd, agus thaisbeáin sé dhó rígheachta an domhain go léir, agus a ngradam;[* 1] 9Agus dubhairt sé leis: Tabharfad iad san go léir duit ach sléachtadh dhom agus mé dh’adhradh. 10Ansan dubhairt Íosa leis: Imthigh, a Shátain; Óir tá sgríobhtha: [2]Adharfaidh tú do Thighearna Dia, agus beidh tú umhal dó san amháin. 11Ansan d’imthigh an t‑Áirseóir uaidh, agus féach, tháinig na h‑aingil agus dheineadar frithálamh air.


12Agus nuair airigh Íosa Eóin a bheith ’n‑a phríosúnach d’imthigh sé go Gaililí; 13Agus d’fhág sé Nasaret, agus chuaidh sé chun cómhnuighthe i gCapharnaum i n‑aice na faraige, i gcríoch Sabulon agus Nephtalim. 14Ionus go gcómhlíonfaí an nídh adubhairt Isáias fáidh: 15[3]Talamh Sabulon agus talamh Nephtalim, fan na faraige lastall de Iórdan, Gaililí na ngeinte: 16Pobul a bhí suidhte i ndorchadas, chonacadar solus mór, agus d’eirigh solus do’n mhuintir a bhí suidhte sa n‑áit ar a raibh sgamall an bháis. 17As san amach do thusnuigh Íosa ar sheanmóin, agus ar a rádh: Deinidh aithrighe, óir tá rígheacht na bhflathas buailte libh.

18Agus bhí Íosa ag siubhal i n‑aice mara Ghaililí, agus [4]chonaic sé beirt drithár, Símón, ar a dtugtar Peadar, agus Aindrias, a dhritháir, agus iad ag cur lín amach sa bhfaraige (mar iasgairí ab eadh iad), 19Agus dubhairt sé leó: Tagaidh am’ dhiaidh-se, agus déanfad iasgairí ar dhaoinibh dhíbh. 20Agus gan mhoill dh’fhágadar ansan na líonta, agus do leanadar é. 21Agus ag imtheacht ó’n áit sin dó, do chonaic sé beirt eile drithár, Séamus mac Sebedé agus a dhritháir Eóin, agus iad sa bhád i dteannta a n‑athar Sebedé, ag deisiú a líonta; agus do ghlaoidh sé

  1. Deut. vi. 16.
  2. Deut. vi. 13.
  3. Isáias ix. 1.
  4. Marc. i. 16; Lúc. v. 2.
  1. Ver. 8. “Thaisbeáin sé dhó,” ⁊rl.—Do thaisbeáin sé dhó an treó baill i n‑a raibh gach rígheacht, agus d’innis sé dhó na maitheasaí agus an t‑eirdhearcas a bhí ins gach rígheacht díobh. Nú, ’n‑a theannta san, do chuir sé os a chómhair macshamhail gach rígheachta dhíobh, fé mar a bheidís ar mhapa mhór leathan.